Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0304(07)

    Fógra do ghnóthais a bhfuil sé beartaithe acu substaintí rialaithe a ídíonn an ciseal ózóin a allmhairiú nó a onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach nó ón Aontas Eorpach in 2023 agus gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu na substaintí sin a tháirgeadh nó a allmhairiú le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse in 2023 2022/C 104/14

    PUB/2022/159

    IO C 104, 4.3.2022, p. 46–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    4.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 104/46


    Fógra do ghnóthais a bhfuil sé beartaithe acu substaintí rialaithe a ídíonn an ciseal ózóin a allmhairiú nó a onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach nó ón Aontas Eorpach in 2023 agus gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu na substaintí sin a tháirgeadh nó a allmhairiú le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse in 2023

    (2022/C 104/14)

    1.   

    Dírítear an fógra seo chuig gnóthais lena mbaineann Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (1) (an Rialachán) agus a bhfuil sé beartaithe acu an méid seo a leanas a dhéanamh in 2023:

    a)

    substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán a allmhairiú nó a onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach nó ón Aontas Eorpach, nó

    b)

    na substaintí sin a tháirgeadh nó a allmhairiú le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse san Aontas Eorpach.

    Foráiltear leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (2) go bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann. Ciallaíonn sé sin nach mór a thuiscint le tagairtí don Aontas san fhógra seo go gcuimsítear Tuaisceart Éireann.

    2.   

    Baineann an méid sin leis na substaintí seo a leanas:

    Grúpa I

    :

    CFC 11, 12, 113, 114 nó 115

    Grúpa II

    :

    CFCanna lán-hailiginithe eile

    Grúpa III

    :

    halón 1211, 1301 nó 2402

    Grúpa IV

    :

    teitreaclóiríd charbóin

    Grúpa V

    :

    1,1,1-tríchlóireatán

    Grúpa VI

    :

    bróimíd mheitile

    Grúpa VII

    :

    hidreabrómafluaracarbóin

    Grúpa VIII

    :

    hidreaclórafluaracarbóin

    Grúpa IX

    :

    brómaclóraimeatán

    3.   

    Tá gá le ceadúnas ón gCoimisiún maidir le substaintí rialaithe a allmhairiú nó a onnmhairiú (3), ach amháin i gcásanna nós imeachta idirthurais, nós imeachta stórála sealadaí, nós imeachta stórasaithe custaim nó nós imeachta saorchreasa dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (4), nach maireann níos faide ná 45 lá. Tá gá le réamhúdarú maidir le substaintí rialaithe a tháirgeadh le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse.

    4.   

    Thairis sin, tá na gníomhaíochtaí seo a leanas faoi réir teorainneacha cainníochtúla:

    a)

    Táirgeadh agus allmhairiú le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse,

    b)

    Allmhairiú le haghaidh saorchúrsaíocht san Aontas i ndáil le húsáidí criticiúla (halóin),

    c)

    Allmhairiú le haghaidh saorchúrsaíocht san Aontas i ndáil le húsáidí bunábhair,

    d)

    Allmhairiú le haghaidh saorchúrsaíocht san Aontas i ndáil le húsáidí oibreán próisis.

    Leithdháileann an Coimisiún cuótaí le haghaidh a), b), c) agus d). Cinntear na cuótaí ar bhonn na n-iarratas ar chuótaí agus:

    i gcomhréir le hAirteagal 10(6) den Rialachán agus le Rialachán (AE) Uimh. 537/2011 ón gCoimisiún (5) i gcás a) thuas

    i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán i gcásanna b), c) agus d) thuas.

    Maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear i mír 4

    5.

    Aon ghnóthas ar mian leis in 2023 substaintí rialaithe a allmhairiú nó a tháirgeadh le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse, nó substaintí rialaithe a allmhairiú le haghaidh úsáidí criticiúla (halóin), le haghaidh úsáidí bunábhair, nó le haghaidh úsáidí oibreán próisis, ní mór dó an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i míreanna 6 go 9 a leanúint.

    6.

    Aon ghnóthas nach bhfuil cláraithe go fóill i gCóras Ceadúnúcháin substaintí ídithe ózóin (ODS) (https://webgate.ec.europa.eu/ods2) ní mór dó an méid sin a dhéanamh faoin 23 Bealtaine 2022.

    7.

    Ní mór don ghnóthas an fhoirm iarratais ar chuótaí atá le fáil ar líne i gCóras Ceadúnúcháin ODS a líonadh isteach agus a chur isteach.

    Beidh an fhoirm iarratais ar chuótaí le fáil ar líne ón 23 Bealtaine 2022 ar aghaidh i gCóras Ceadúnaithe ODS.

    8.

    Ní mheasfaidh an Coimisiún ach foirmeacha iarratais ar chuótaí atá líonta isteach go cuí agus saor ó earráidí agus a fhaightear faoin 23 Meitheamh 2022 a bheith bailí.

    Moltar do ghnóthais a bhfoirmeacha iarratais ar chuótaí a chur isteach a luaithe agus is féidir agus roimh an sprioc-am chun gur féidir ceartúcháin féideartha a dhéanamh agus an t-iarratas a chur isteach arís faoin sprioc-am.

    9.

    Ní thugtar leis an bhfoirm iarratas ar chuótaí a chur isteach aon cheart chun substaintí rialaithe a allmhairiú ná a tháirgeadh le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse, ná substaintí rialaithe a allmhairiú le haghaidh úsáidí criticiúla (halóin), úsáidí bunábhair, ná le haghaidh úsáidí oibreán próisis. Sula ndéanfar allmhairiú nó táirgeadh den sórt sin in 2023, ní mór do ghnóthais iarratas a dhéanamh ar cheadúnas trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar cheadúnas atá le fáil ar líne i gCóras Ceadúnúcháin ODS.

    Maidir le hallmhairiú le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí sin a liostaítear i mír 4 agus maidir le honnmhairiú

    10.

    Aon ghnóthas ar mian leis in 2023 substaintí rialaithe a onnmhairiú nó substaintí rialaithe a allmhairiú le haghaidh úsáidí eile seachas na cinn sin a liostaítear i mír 4, ní mór dó an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i míreanna 11 agus 12 a leanúint.

    11.

    Aon ghnóthas nach bhfuil cláraithe go fóill i gCóras Ceadúnúcháin ODS, ní mór dó an méid sin a dhéanamh a luaithe agus is féidir.

    12.

    Sula ndéanfar allmhairiú le haghaidh úsáidí seachas na cinn sin a liostaítear i mír 4 nó sula ndéanfar onnmhairiú in 2023, ní mór do ghnóthais iarratas a dhéanamh ar cheadúnas trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar cheadúnas atá le fáil ar líne i gCóras Ceadúnúcháin ODS.

    (1)  IO L 286, 31.10.2009, lch. 1.

    (2)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A12020W/TXT#d1e32-102-1

    (3)  Tabhair do d’aire nach gceadaítear ach allmhairiú nó onnmhairiú atá díolmhaithe ón toirmeasc ginearálta allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin de bhun Airteagail 15 agus 17.

    (4)  IO L 145, 4.6.2008, lch. 1.

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2011 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2011 maidir leis an sásra le haghaidh leithdháileadh na gcainníochtaí substaintí rialaithe a cheadaítear le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse san Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 147, 2.6.2011, lgh. 4).


    Top