Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0304(02)

    Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe 2022/C 104/07

    C/2022/1246

    IO C 104, 4.3.2022, p. 10–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    4.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 104/10


    Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

    (2022/C 104/07)

    1.   Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

    2.   Nós imeachta

    Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidh siad arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.

    3.   Teorainn ama

    Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (Aonad G-1), CHAR 4/39, 1049 An Bhruiséil, an Bheilg (2), an Bhruiséil aon tráth tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.

    4.   Déantar an fógra seo a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036.

    Táirge

    Tír thionscnaimh nó tír is onnmhaireoir

    Bearta

    Tagairt

    Dáta éaga (3)

    Trucailí pailléide láimhe

    Daon-Phoblacht na Síne

    An Téalainn

    Dleacht frithdhumpála

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2206 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí trucailí pailléide láimhe agus a bpríomhpháirteanna de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (IO L 314, 30.11.2017, lch. 12)

    1.12.2022


    (1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu

    (3)  Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo.


    Top