This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52021XG1213(02)
Council conclusions on increasing the availability and competitiveness of European audiovisual and media content 2021/C 501 I/02
Conclúidí ón gComhairle maidir le hinfhaighteacht agus iomaíochas ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán a mhéadú 2021/C 501 I/02
Conclúidí ón gComhairle maidir le hinfhaighteacht agus iomaíochas ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán a mhéadú 2021/C 501 I/02
ST/14543/2021/INIT
IO C 501I, 13.12.2021, pp. 7–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
13.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 501/7 |
Conclúidí ón gComhairle maidir le hinfhaighteacht agus iomaíochas ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán a mhéadú
(2021/C 501 I/02)
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
AITHNÍONN SÍ AN MÉID SEO A LEANAS:
|
1. |
Tá infhaighteacht agus inrochtaineacht éifeachtach an ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán ag éirí níos tábhachtaí i dtaca le forbairt inbhuanaithe earnáil Eorpach na meán agus tá dlúthbhaint acu le cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha agus teanga [...] mar phríomhshócmhainn de chuid a hiomaíochais. |
|
2. |
Chun an sprioc sin a bhaint amach, ba cheart do bhearta beartais earnála agus cothrománacha a áirithiú go mbeidh tosaíocht leordhóthanach ag saothair Eorpacha closamhairc agus ag ábhar Eorpach meán agus ba cheart dóibh foinsí maoiniúcháin agus samhlacha dáileacháin nua a spreagadh i bhfianaise láithreacht mhéadaitheach na soláthraithe seirbhísí agus na n-ardán domhanda closamhairc agus meán. |
|
3. |
Is tábhachtaí fós na bearta sin mar gheall ar an tionchar mór a bhí ag paindéim COVID-19 ar leibhéal agus ar struchtúr an mhaoinithe le haghaidh ábhar Eorpach san earnáil closamhairc. Tá luas curtha aige le treochtaí margaidh maidir le méadú ar sholáthar agus éileamh ar ábhar ó sholáthraithe ar líne a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas de shaothair chineamatagrafacha agus saothair chlosamhairc eile atá ag teacht as margaí náisiúnta difriúla, leis an ngaol idir scaoileadh rathúil amharclannaíochta agus scaoileadh físeán ar éileamh (VOD) , agus le hinfheictheacht mhíchothrom na saothar sin ar fud na margaí difriúla (1). |
|
4. |
Mar gheall ar an éileamh méadaithe ar ábhar ar líne, tháinig samhlacha gnó forbartha chun cinn maidir le hinfheistíochtaí maoiniúcháin arna ndéanamh ag soláthraithe VOD agus maidir le ceadúnú, cé gur gníomhaithe traidisiúnta, amhail cuideachtaí meán poiblí agus príobháideacha agus léiritheoirí neamhspleácha a bhfuil sé d’acmhainn acu tionscadail nua agus oirfidigh nua a thabhairt chun cinn, a tháirgeann fós formhór an ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán [...]. Cé gur tábhachtaí an maoiniú poiblí i roinnt earnálacha i gcomparáid le hearnálacha eile, tá difríochtaí fós ann idir na córais agus na cumais i dtíortha difriúla. |
|
5. |
Ina theannta sin, chuir paindéim COVID-19 leis an mbearna idir an t-ioncam ón bhfógraíocht idirlín agus an t-ioncam ón bhfógraíocht thraidisiúnta. Cé gur choinnigh an fhógraíocht teilifíse a áit iomaíochta gan mheath i gcomparáid le húsáid na fógraíochta idirlín go dtí gur thosaigh géarchéim COVID-19, tháinig méadú ar chóimheas na fógraíochta ar líne in 2021 (2). |
|
6. |
Is minice anois dáileadh ábhair closamhairc agus meán ag tarlú ar líne, go háirithe trí ardáin ar líne, agus is cuid thábhachtach de shruth ioncaim na gcuideachtaí meán. Ós rud é gur mór an acmhainneacht eacnamaíoch le haghaidh na hEorpa atá ag ábhar cruthaitheach agus cultúrtha, idir ar líne agus as líne, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom uirthi chun an díospóireacht dhaonlathach, iolrachas na meán agus an éagsúlacht chultúrtha agus teanga a choimirciú. |
|
7. |
Chun infhaighteacht agus iomaíochas ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán a mhéadú, ba cheart tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh maidir leis na tosaíochtaí seo a leanas:
|
A. AN ÉAGSÚLACHT CHULTÚRTHA
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
ADMHAÍONN SÍ AN MÉID A LEANAS:
|
8. |
Ós rud é go bhfuil an éagsúlacht chultúrtha agus an chruthaitheacht i gcroílár na n-earnálacha Eorpacha closamhairc agus meán, agus iad in iomaíocht le hábhar eile atá ar fáil go forleathan ar an margadh idirnáisiúnta, tá sé tábhachtach borradh a chur faoi chumais na n-earnálacha sin dul i gcion ar lucht féachana is mó, cúrsaíocht an ábhair a mhéadú, agus léirithe éagsúla, nuálaíocht agus oirfidigh an ábhair a chur chun cinn, agus ár sócmhainní cultúrtha straitéiseacha á gcaomhnú ag an am céanna. |
|
9. |
Is féidir inrochtaineacht níos mó a éascú trí réitigh dhigiteacha, agus is féidir mórthionchar a bheith ag comhléiriúcháin, tacaíocht don dáileadh trasteorann, earnáil amharclannaíochta agus dáileacháin neamhspleách bhríomhar, cur chun cinn éagsúlachta teanga agus saoirse cruthaíochta maidir le infhaighteacht mhéadaithe an ábhair agus iomaíochas feabhsaithe a bhaint amach don earnáil closamhairc. |
LEAGANN SÍ BÉIM AR AN MÉID A LEANAS:
|
10. |
Le comhléiriúcháin, chomh maith le comhoibriú idirnáisiúnta idir gairmithe ar gach leibhéal den slabhra luacha (cruthú, oiliúint, forbairt, táirgeadh, cur chun cinn, agus dáileadh), éascaítear dáileadh trasteorann saothar closamhairc, cuirtear le forbairt na hearnála i dtíortha comhpháirtíochta, agus cuidítear le feabhas a chur ar mhalartuithe cultúrtha agus eacnamaíocha. |
|
11. |
I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, bíonn comhléiriúcháin idirnáisiúnta faoi réir córais chistiúcháin agus acmhainneachtaí closamhairc éagsúla sna Ballstáit, agus bíonn cóimheasa difriúla maidir le hábhar Eorpach ilchineálach laistigh de mhargaí Eorpacha agus idirnáisiúnta. |
|
12. |
Ionas go n-éireoidh le saothair Eorpacha san earnáil closamhairc i margaí Eorpacha agus margaí idirnáisiúnta araon, tá sé ríthábhachtach go mbeidh an t-ábhar ar ardchaighdeáin i dtéarmaí ardcháilíochta agus nuálaíochta, go léireofar leis éagsúlacht chultúrtha agus théamach i sochaí na hEorpa, agus go mbeidh achomharc idirnáisiúnta ann i gcás inarb ábhartha. |
|
13. |
Is sócmhainn thábhachtach san earnáil sin, lena ngabhann luach stairiúil cultúrtha, na cartlanna closamhairc agus ní mór é a choimirciú chun scaipeadh agus athúsáid fhéideartha an ábhair a éascú ar mhaithe le leas an phobail. |
|
14. |
I dtéarmaí saoirse cruthaíochta, tá sé tábhachtach saoirse cainte, iolrachas na meán agus ilchineálacht tuairimí agus smaointe, atá ar luachanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a choimirciú. |
|
15. |
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar inrochtaineacht ábhair do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine aosta. |
|
16. |
Tá ról suntasach ag meáin na seirbhíse poiblí san Eoraip maidir le leas an phobail a chosaint, éagsúlacht tuairimí a spreagadh, ábhar agus smaointe nua agus nuálacha a chruthú agus bréagaisnéis agus mífhaisnéis a chomhrac. |
|
17. |
Ar mhaithe lena saoirse cruthaíochta agus lena neamhspleáchas eacnamaíoch, agus ar mhaithe freisin le hinbhuanaitheacht, úrnuacht agus iomaíochas earnáil na meán, tá sé den bhunriachtanas luach saothair cóir a bheith á fháil ag údair, táirgeoirí agus sealbhóirí cirt eile. |
|
18. |
Cuirfear le cáilíocht ábhair Eorpaigh closamhairc agus meán agus le fairsinge na ndeiseanna a bhaineann leis sin ach rannpháirtíocht atá inscnechothrom agus cuimsitheach go sóisialta a bheith ann. |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
19. |
Comhléiriúcháin a éascú, go háirithe trí shamhail Eorpach comhléiriúcháin a chur chun cinn, agus a gcúrsaíocht a chur chun cinn sna tíortha lena mbaineann agus níos faide i gcéin, agus comhthéacs athraitheach na n-infheistíochtaí arna ndéanamh ag soláthraithe VOD (3) á chur san áireamh ag an am céanna. |
|
20. |
Malartú fios gnó maidir le comhléiriúcháin a spreagadh, agus comhoibriú a chothú go luath i bhforbairt comhléiriúchán agus i measc gairmithe ar fud an tslabhra luacha iomláin. |
|
21. |
Beartais fheabhsaithe a cheapadh chun borradh a chur faoi iomaíochas na hearnála closamhairc Eorpaí trí chruthú ábhair Eorpaigh ardcháilíochta, a d’fhéadfadh a bheith tarraingteach do phobal níos leithne, a chothú, agus trí thacaíocht a thabhairt d’údair mar phríomhchruthaitheoirí ábhair agus do chomhléiriúcháin agus, chomh maith leis sin, do dháileadh ábhair úrnua. |
|
22. |
Tuilleadh infhaighteachta ar ábhar úrnua i leaganacha teanga difriúla a spreagadh agus tacú le forbairt na réiteach digiteach lena gcumasófar éagsúlacht teanga agus lena n-áiritheofar go bhféadfar breathnú ar an ábhar sa bhunteanga. |
|
23. |
Ceapadh uirlisí margaíochta éifeachtúla agus straitéisí lucht féachana scannán a chur chun cinn agus litearthacht meán agus scannán a neartú, agus anailís agus ionchais lucht féachana á meas ag an am céanna. |
|
24. |
Cothromaíocht inscne agus éagsúlacht shóisialta a chur chun cinn i gcruthú ábhair trí dhreasachtaí a thabhairt isteach chun geallsealbhóirí san earnáil closamhairc a spreagadh chun an comhionannas, an éagsúlacht agus an chuimsitheacht a shaothrú, agus an tsaoirse cruthaíochta á hurramú ag an am céanna. |
|
25. |
Iarracht a dhéanamh a áirithiú go ndéanfar ábhar na gcartlann náisiúnta agus na n-institiúidí scannán oidhreachta a choimirciú agus a chur chun cinn, agus go mbeidh sé ar fáil ar scála níos leithne, agus urraim do na cearta maoine intleachtúla lena mbaineann á háirithiú ag an am céanna. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
26. |
Leanúint de bheith ag tacú le líonraí sheirbhísí VOD Eorpacha neamhspleácha den chlár Eoraip na Cruthaitheachta MEDIA ag a bhfuil cóimheas ard d’ábhar Eorpach iontu agus an t-ábhar sin a dhéanamh infheicthe trí ghníomhaíochtaí tosaíochta. |
|
27. |
An próiseas comhairliúcháin leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile a choinneáil trí Fhóram Scannán na hEorpa maidir le conas borradh a chur faoi chúrsaíocht fhadtéarmach ábhair Eorpaigh dar bun leis comhléiriúcháin agus cineálacha eile comhair trasteorann, agus, ag an am céanna, toradh an idirphlé leis an tionscal closamhairc a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta na Meán maidir le conas feabhas a chur ar rochtain trasteorann ar ábhar closamhairc agus ar infhaighteacht an ábhair sin á chur san áireamh. |
B. ÁBHAR EORPACH A CHUR CHUN CINN AGUS TOSAÍOCHT A THABHAIRT DÓ
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
ADMHAÍONN SÍ AN MÉID A LEANAS:
|
28. |
Tá sé thar a bheith tábhachtach rochtain a bheith le fáil ar ábhar agus faisnéis éagsúil chlosamhairc i dteangacha uile an Aontais, agus ar ábhar údarásach iontaofa lena chois. |
|
29. |
Bíonn ról suntasach ag meáin na seirbhíse poiblí san Eoraip maidir le luachanna daonlathacha a choimirciú, éagsúlacht tuairimí a spreagadh agus infhaighteacht agus iomaíochas ábhair Eorpaigh a fheabhsú, go háirithe nuair a bhíonn uirlisí teicneolaíochta nuálacha á n-úsáid. |
|
30. |
Tá sé i gceist go mbeidh ról tábhachtach ag na rialacháin maidir le hábhar Eorpach a chur chun cinn agus tosaíocht a thabhairt don ábhar closamhairc agus meán sin in iolrachas sna meáin a áirithiú, éagsúlacht chultúrtha a fheabhsú, iomaíochas idirnáisiúnta a neartú agus táirgeadh neamhspleách a chur chun cinn. |
|
31. |
Is féidir leis a bheith doiligh do thomhaltóirí saothair Eorpacha a aimsiú ar ardáin VOD i gcomparáid le bealaí dáileacháin traidisiúnta. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, anailís a dhéanamh ar an margadh agus éifeachtacht na mbeart tosaíochta a mheas. |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
32. |
Dlús a chur leis an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc athbhreithnithe (4) a thrasuí ós rud é go gcuirfidh cur chun feidhme éifeachtach na treorach le feabhas a chur ar rochtain ar líne ar shaothair Eorpacha. |
|
33. |
An plé ar na réitigh atá ann cheana agus atá beartaithe maidir le cur chun cinn saothar Eorpach a chothú agus malartú dea-chleachtas maidir le bearta tosaíochta na saothar Eorpach a chumasú i gcomhréir leis na samhlacha éagsúla gnó. |
|
34. |
Malartú dea-chleachtas a fhorbairt agus comhar idir rialtóirí closamhairc agus eagraíochtaí cistiúcháin scannán a fheabhsú. |
|
35. |
Infhionntacht ábhar cruthaitheach ar líne atá ar fáil go dlíthiúil i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus a éascú, go háirithe trí uirlisí ar líne amhail Agorateka (5), agus é mar aidhm é a shainaithint go héasca i measc raon leathan ábhair eile. |
|
36. |
Forbairt bunachar sonraí amhail Lumiere VOD (6) a spreagadh chun seiceáil a dhéanamh ar thír thionscnaimh saothar Eorpach. |
|
37. |
Tacaíocht leanúnach a chothú do dháileadh amharclannaíochta de shaothair Eorpacha, lena n-áirítear tacaíocht do dháileoirí beaga neamhspleácha chun éagsúlacht mhór de scannáin Eorpacha a chur i gcúrsaíocht, agus tacú le féilte mar asraonta éifeachtacha d’ábhar bunaidh éagsúil, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. |
|
38. |
Measúnú agus plé a dhéanamh ar staid reatha na saothar Eorpach san Aontas Eorpach, agus seasamh na ngeallsealbhóirí éagsúla agus na dtosca ábhartha eile go léir á gcur san áireamh (cothrom na Féinne, sainiúlachtaí closamhairc agus teanga i dtíortha éagsúla, an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar shaothair Eorpacha (7), etc.), agus é mar aidhm margadh éagsúil, cothrom agus cóir a áirithiú do shaothair Eorpacha. |
|
39. |
Machnamh a dhéanamh ar cheannasacht dhigiteach theicneolaíoch na hEorpa, agus soláthraithe Eorpacha atá ann cheana á gcur san áireamh, agus anailís a dhéanamh ar an mbreisluach a bheadh ag ardán Eorpach a d’fhéadfadh a bheith ann, i gcomhar le meáin na seirbhíse poiblí, lena n-áireofaí ábhar Eorpach ó na Ballstáit a chuirfí ar fáil don oiread saoránach den Aontas agus is féidir, agus urraim á háirithiú do chearta maoine intleachtúla lena mbaineann agus do rialacháin maidir le hiomaíocht agus státchabhair atá i bhfeidhm faoi láthair. |
|
40. |
Meáin na seirbhíse poiblí a spreagadh chun deiseanna nua a chur ar fáil do tháirgeoirí neamhspleácha maidir le hábhar Eorpach a chruthú agus a chur chun cinn. |
|
41. |
Scéimeanna nua a fhorbairt agus a spreagadh chun táirgeadh agus dáileadh saothar closamhairc Eorpach, lena ndírítear ar leanaí agus ar dhaoine fásta óga, a chur chun cinn. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
42. |
Leanúint de ról gníomhach a ghlacadh chun cur chun feidhme rianúil AVMSD a éascú trí fhaireachán cruinn, gníomhaíochtaí tuairiscithe agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit. |
|
43. |
Anailís a dhéanamh ar staid an mhargaidh closamhairc Eorpaigh, ag díriú ar na príomhdhúshláin agus ar na míchothromaíochtaí ó thaobh an Aontais de agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann. |
C. INBHUANAITHEACHT
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
CUIREANN SÍ I dTREIS AN MÉID A LEANAS:
|
44. |
Chun a forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, ní mór d’earnáil na meán tógáil ar a cuid sócmhainní (amhail cruthaitheacht agus éagsúlacht chultúrtha); an t-ábhar a chur ar fáil agus é a dhéanamh infheicthe; agus oiriúnú do na dúshláin agus do na deiseanna a eascraíonn as an gclaochlú digiteach. |
|
45. |
Tá ról tábhachtach ag ardáin agus soláthraithe ar líne, mar ghníomhaithe domhanda sa gheilleagar digiteach, maidir le hinfhaighteacht, inrochtaineacht agus dáileadh ábhair a áirithiú. An tráth céanna, tá siad ag éirí níos ábhartha don díospóireacht dhaonlathach, don éagsúlacht chultúrtha, don urraim do chearta agus luachanna bunúsacha, do mhionaoisigh a chosaint ar ábhar díobhálach, agus do chearta maoine intleachtúla a chosaint. |
|
46. |
Tá ceadúnú críochach agus eisiach fós fíor-riachtanach don tsaoirse cruthaitheachta, d’inbhuanaitheacht agus do mhaoiniú na hearnála, agus chun bunús a sholáthar d’fhorbairt samhlacha nua gnó. |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
47. |
Cleachtais cheadúnúcháin a chur chun cinn lena ndírítear ar chaidreamh níos cothroime a áirithiú idir soláthraithe VOD, ardáin, táirgeoirí neamhspleácha agus sealbhóirí cirt eile ar fud an tslabhra luacha, agus forbairt beart a chothú atá deartha chun faisnéis thrédhearcach agus chuimsitheach a chumasú maidir le húsáid saothar closamhairc i seirbhísí ar líne, lena n-áirítear an fhéidearthacht rochtain a fháil ar shonraí maidir leis na hamhairc agus na críocha foriomlána. |
|
48. |
Iomaíochas na hearnála closamhairc Eorpaí a chur chun cinn, agus an ról atá ag ceadúnú críochach agus eisiach na gceart sa chóras cistiúcháin do shaothair Eorpacha á chur san áireamh. Ba cheart ceist an cheadúnúcháin a chur san áireamh freisin mar chuid den idirphlé a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta na Meán maidir le cúrsaíocht saothar closamhairc. |
|
49. |
Cineálacha cur chuige cistiúcháin a chur chun cinn agus tacú leo, ar cur chuige iad lena ndírítear ar nuálaíocht, ar fhás, ar theicneolaíochtaí agus ar struchtúr an tionscail. |
|
50. |
Na gníomhaíochtaí ábhartha faoi Phlean Gníomhaíochta na Meán a chur chun cinn a thuilleadh, lena gcothófar claochlú agus athléimneacht na gcuideachtaí neamhspleácha closamhairc agus na meán neamhspleách, go háirithe MediaInvest, atá dírithe ar bhorradh a chur faoi infheistíochtaí i dtáirgeadh agus i ndáileadh closamhairc, chomh maith leis an uirlis idirghníomhach lena dtreoraítear cuideachtaí meán trí ionstraimí éagsúla tacaíochta. |
|
51. |
Méadú ar líon na saothar closamhairc Eorpach sna catalóga ar éileamh a spreagadh ina mbeidh scannáin ar ardchaighdeán lena gcumhdófar raon leathan i dtéarmaí ábhar agus aoisghrúpaí, agus measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a bhunú chun ábhar ardcháilíochta a scaipeadh ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. |
|
52. |
Díriú ar infheistíocht a dhéanamh in athléimneacht na saoránach trí bhearta don litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin chun sealbhú eolais agus smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas na n-úsáideoirí ábhar neamhdhleathach agus bréagaisnéis a shainaithint, chomh maith le tuiscint a fháil ar fheidhmiú uirlisí molta algartam agus tairbhe a bhaint as infhionntacht an ábhair. |
|
53. |
Oiliúint ar ghairmithe agus ar chuideachtaí a fheabhsú chun cuidiú leo oiriúnú don tsamhail athraitheach cruthaíochta agus dáileacháin i gcomhthéacs córais atá á spreagadh ag an intleacht shaorga (IS), agus na próisis athscilithe agus uas-scilithe a chothú. |
|
54. |
Na féidearthachtaí nua a chuireann an geilleagar digiteach ar fáil chun ábhar a dháileadh a chur chun cinn agus tacú leo agus aird ar leith á tabhairt ar chothromaíocht chóir idir forbairt na gcóras IS agus an úsáid a bhaineann siad as an ábhar chun iomaíochas na hearnála IS agus earnáil an chlosamhairc agus earnáil na meán araon a ráthú. Sa chomhthéacs sin, cothrom na Féinne a áirithiú idir na geallsealbhóirí ábhartha, agus cabhrú le borradh a chur faoi earnáil an chlosamhairc agus earnáil na meán gan bac a chur ar dhinimic na nuálaíochta. |
|
55. |
Gach beart is gá a dhéanamh chun rochtain ar ábhar closamhairc neamhdhleathach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chosc, agus chun forfheidhmiú éifeachtach ar líne i gcoinne sárú ar scála tráchtála a bhunú. |
|
56. |
Na bearta is gá a dhéanamh chun go mbeidh earnáil na meán in ann na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus an Dlí Aeráide Eorpach a thapú. |
|
57. |
Plé a dhéanamh ar na tionscnaimh bheartais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann leis an gcreat don fhógraíocht ar líne chun rialacha cothroma fógraíochta a áirithiú don fhógraíocht ar líne agus don fhógraíocht thraidisiúnta i ndáil le hábhar closamhairc agus meán. |
|
58. |
Neamhspleáchas eagraíochtaí meán a choimirciú agus bearta a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, chun trédhearcacht agus iolrachas a ráthú in earnáil na meán. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
59. |
An t-ualach riaracháin a bhaineann le rochtain ar chistiú d’ábhar Eorpach a éascú, agus ceanglais an Rialacháin Airgeadais á n-urramú go hiomlán ag an am céanna. |
(1) Yearbook 2020/2021 Key Trends [Bliainiris 2020/2021 Príomhthreochtaí], an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc (Comhairle na hEorpa), Strasbourg 2021, lch. 20-21.
(2) Yearbook 2020/2021 Key Trends [Bliainiris 2020/2021 Príomhthreochtaí], an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc (Comhairle na hEorpa), Strasbourg 2021, lch. 46.
(3) Sa chomhthéacs sin beidh tábhacht shuntasach ag an tuarascáil maidir le comhléiriúcháin ón Meitheal um Modh Oscailte Comhordúcháin.
(4) An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (féach an tagairt san Iarscríbhinn).
(5) Tairseach uile-Eorpach Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO): https://agorateka.eu/ea/About
(6) An chéad eolaire ar líne de scannáin Eorpacha atá ar fáil ar VOD, a sheol an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc an 16 Aibreán 2019 ag Comhairle na hEorpa.
(7) Mar a fhoráiltear sa Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32010L0013&from=EN
IARSCRÍBHINN
Conclúidí ón gComhairle
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le hábhar Eorpach sa gheilleagar digiteach a neartú (IO C 457, 19.12.2018, lch. 2). |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le cúrsaíocht trasteorann saothar closamhairc Eorpach a fheabhsú, go mór mór comhléiriúcháin (IO C 192, 7.6.2019, lch. 11). |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le córas meán atá saor agus iolraíoch a chosaint (IO C 422, 7.12.2020, lch. 8). |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le litearthacht sna meáin i ndomhan atá ag síorathrú 2020/C 193/06 (IO C 193, 9.6.2020, lch. 23). |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú leis an Téarnamh agus leis an gClaochlú, 2021/C 210/01 (IO C 210, 3.6.2021, lch. 1). |
|
— |
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2019-2022 (IO C 460, 21.12.2018, lch. 12). |
Gníomhartha reachtacha
|
— |
Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, AVMSD) (L 303, 28. 11. 2018, lch. 69). |
|
— |
Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013, (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34). |
Teachtaireachtaí agus moltaí ón gCoimisiún
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Europe’s Media in the Digital Decade: An Action Plan to Support Recovery and Transformation [Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú leis an Téarnamh agus leis an gClaochlú], COM(2020) 784 final. |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal On the European democracy action plan [Maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach], COM(2020) 790 final. |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Shaping Europe’s digital future [Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú], COM(2020) 67 final. |
|
— |
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Making the most of the EU’s innovative potential An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais]. COM(2020) 760 final. |
Tionscnaimh Pharlaimint na hEorpa
|
— |
Tuarascáil maidir leis an intleacht shaorga san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc (2020/2017(INI)). |
Staidéir ón bhFaireachlann Eorpach Closamhairc
|
— |
Yearbook 2020/2021 Key Trends [Bliainiris 2020/2021 Príomhthreochtaí], an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc (Comhairle na hEorpa), Strasbourg. |
Comhairle na hEorpa
|
— |
European Convention on Cinematographic Co-production [An Coinbhinsiún Eorpach maidir le Comhléiriúchán Cineamatagrafach], 1992. |