This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0626(01)
Council Decision of 24 June 2020 adopting the Council’s position on draft amending budget No 5 of the European Union for the financial year 2020 2020/C 212 I/02
Cinneadh ón gComhairle an 24 Meitheamh 2020 lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 2020/C 212 I/02
Cinneadh ón gComhairle an 24 Meitheamh 2020 lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 2020/C 212 I/02
ST/8855/2020/INIT
IO C 212I, 26.6.2020, pp. 7–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 212/7 |
CINNEADH ÓN GCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2020
lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020
(2020/C 212 I/02)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
— |
glacadh buiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2020 go cinntitheach an 27 Samhain 2019 (2); |
|
— |
thíolaic an Coimisiún togra, an 3 Meitheamh 2020, ina raibh dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5 a ghabhann leis an mbuiséad ginearálta don bhliain airgeadais 2020; |
|
— |
is tábhachtach glacadh gasta dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2020 a chumasú le go mbeifear in ann leanúint de thacaíocht dhaonnúil a thabhairt do dhídeanaithe san Iordáin, sa Liobáin agus sa Tuirc gan bhriseadh. Dá bhrí sin, tá bonn cirt le giorrú a dhéanamh ar an tréimhse ocht seachtaine maidir leis an bhfaisnéis do Pharlaimintí náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Rinneadh an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 a ghlacadh an 24 Meitheamh 2020.
Is féidir breathnú ar an téacs iomlán nó é a íoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: http://www.consilium.europa.eu/.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ