                This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52020XC0609(03)
Information from the Commission concerning the non-application of certain provisions of Regulation (EU) 2020/698 by Germany COVID-19 outbreak (Regulation (EU) 2020/698 of the European Parliament and of the Council of 25 May 2020 laying down specific and temporary measures in view of the COVID-19 outbreak concerning the renewal or extension of certain certificates, licences and authorisations and the postponement of certain periodic checks and periodic training in certain areas of transport legislation (OJ L 165, 27.5.2020, p. 10)) 2020/C 193 I/01
Faisnéis ón gCoimisiún maidir le neamhfheidhmiú forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 ag an nGearmáin Ráig COVID-19 (Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le hathnuachan nó síneadh ama deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe agus cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe mar aon le hoiliúint thréimhsiúil i réimsí áirithe den reachtaíocht maidir le hiompar (IO L 165, 27.5.2020, lch. 10)) 2020/C 193 I/01

         IO C 193I, 9.6.2020, p. 1–1
		 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
         
| 9.6.2020 | GA | Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh | CI 193/1 | 
Faisnéis ón gCoimisiún maidir le neamhfheidhmiú forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 ag an nGearmáin
Ráig COVID-19
(Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le hathnuachan nó síneadh ama deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe agus cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe mar aon le hoiliúint thréimhsiúil i réimsí áirithe den reachtaíocht maidir le hiompar (IO L 165, 27.5.2020, lch. 10))
(2020/C 193 I/01)
Fógra: ón nGearmáin
I gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chuir an Ghearmáin an Coimisiún ar an eolas an 5 Meitheamh 2020 maidir lena cinneadh gan fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 a chur i bhfeidhm.
Forálacha de Rialachán (AE) 2020/698 ar chinn an Ghearmáin gan iad a chur i bhfeidhm:
| — | Airteagal 5(1) maidir le teorainneacha ama i leith na dtástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí faoi Threoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); | 
| — | Airteagal 5(2) maidir le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta faoi Threoir 2014/45/AE; | 
(1) Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródachmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).