Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2016/131A/01

    Glao ar léiriú spéise — Gníomhairí conarthacha — Grúpa feidhme I — Tiománaithe (fear/bean) — EP/CAST/S/16/2016

    IO C 131A, 14.4.2016, p. 1–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    14.4.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE — GNÍOMHAIRÍ CONARTHACHA

    GRÚPA FEIDHME I — TIOMÁNAITHE (FEAR/BEAN)

    EP/CAST/S/16/2016

     

    I.   RÉAMHRÁ

    Tá an glao seo ar léiriú spéise á sheoladh ag Parlaimint na hEorpa chun bunachar sonraí a chruthú d’iarrthóirí a d’fhéadfaí a earcú mar ghníomhairí conarthacha, Grúpa Feidhme I (GF I), Tiománaithe (Fear/Bean).

    Tá an próiseas roghnúcháin á eagrú le tacaíocht theicniúil ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO).

    Úsáidfidh Parlaimint na hEorpa an bunachar sonraí. Is sa Bhruiséil go príomha a bheidh na poist bunaithe.

    Is é líon na bpost a bheidh ar fáil ná thart ar 110. Maidir leis na hiarrthóirí a dtairgfear post dóibh, ceapfar iad faoi mar a shonraítear i Roinn IX den ghlao seo ar léiriú spéise.

    Is le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CSE) a rialaítear coinníollacha oibre gníomhairí conarthacha (1).

    Is é EUR 1 907,24 an buntuarastal míosúil (GF I, grád 1, céim 1). Féadfaidh liúntais agus sochair a leagtar síos in CSE a bheith ag gabháil leis an mbuntuarastal. Tá an tuarastal faoi réir cáin Chomhphobail agus asbhaintí eile a leagtar síos in CSE. Tá an tuarastal díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta.

    Earcófar na gníomhairí conarthacha ar an mbonn geografach is leithne is féidir i measc náisiúnaigh na mBallstát.

    Aon tagairt sa ghlao seo ar léiriú spéise do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann nó a mhalairt.

    II.   CÚRAIMÍ AN PHOIST

    Beidh sé de chúram ar an ngníomhaire conarthach, faoi mhaoirseacht oifigigh nó gníomhaire shealadaigh, dualgais tiománaí a dhéanamh. Mar threoir, d’fhéadfadh na cúraimí seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

    daoine ceannasacha mar aon le hoifigigh nó gníomhairí eile de Pharlaimint na hEorpa a iompar – go príomha sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg agus freisin i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha;

    cuairteoirí (an cór taidhleoireachta agus daoine ceannasacha eile) a iompar;

    earraí agus doiciméid a iompar;

    litreacha agus beartáin a iompar;

    a áirithiú go ndéantar an fheithicil, agus go háirithe uirlisí teicniúla na feithicle, a úsáid mar is ceart;

    sábháilteacht na ndaoine agus na n-earraí a áirithiú le linn an iompair agus déanamh de réir rialacha an bhóthair sa tír ina mbítear;

    feithiclí a luchtú agus a dhíluchtú, de réir mar is gá;

    obair riaracháin a dhéanamh agus tacaíocht phraiticiúil a thabhairt, de réir mar is gá.

    Cuirfidh Parlaimint na hEorpa éide oifigiúil ar fáil do na tiománaithe. Beidh feathail na hinstitiúide ar an éide sin.

    Féadfar go n-éileofar ar an ngníomhaire conarthach, de réir mar a bheidh, a bheith ag obair tráthnónta nó ar dheirí seachtaine, de réir uaireanta oibre solúbtha a bhaineann le riachtanais na seirbhíse.

    III.   CLÁR AMA TÁSCACH MAIDIR LEIS AN NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

    Déanfaidh Parlaimint na hEorpa an nós imeachta a riar i gcomhar le EPSO. Bunófar coiste roghnúcháin a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa. Is é seo a leanas an clár ama táscach:

    Céimeanna

    Dátaí táscacha

    Iarratas a dhéanamh go leictreonach

    14 Aibreán-18 Bealtaine 2016

    Roghnú ar bhonn cáilíochtaí

    Meitheamh 2016

    Na torthaí a chur in iúl

    Iúil 2016

    IV.   INCHÁILITHEACHT

    Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail bunadh cine nó eitneach, creideamh polaitiúil, fealsúnach nó reiligiúnach, aois nó míchumas, gnéas nó gnéaschlaonadh agus gan spleáchas do stádas pósta nó do stádas teaghlaigh.

    Ní fhéadfar daoine a earcú mar ghníomhairí conarthacha ach amháin sa chás, ag an dáta deiridh chun iarratais a dhéanamh go leictreonach, go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta ag na hiarrthóirí:

    A.

    Na coinníollacha ginearálta

    (a)

    Beidh siad ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

    (b)

    Beidh a lánchearta mar shaoránach á dteachtadh acu.

    (c)

    Beidh dualgais i ndáil leis na hoibleagáidí míleata is infheidhme de réir dlí comhlíonta acu.

    (d)

    Beidh teistiméireachtaí carachtair acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

    (e)

    Beidh an leibhéal corpacmhainne acu atá riachtanach chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh.

    B.

    Íoschoinníollacha sonracha – Oiliúint/taithí

    An oiliúint íosta a éilítear

    An t-oideachas éigeantach a bheith tugtha chun críche.

    Ceadúnas tiomána bailí de chatagóir B a bheith acu.

    Taithí ghairmiúil

    Faoin dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar líne, ní mór do na hiarrthóirí, chun go nglacfar leo don phróiseas roghnúcháin seo, cruthúnas a thabhairt go bhfuil taithí ghairmiúil de 2 bhliain ar a laghad acu mar thiománaí i réimse an iompair paisinéirí agus go bhfuarthas an taithí sin tar éis an t-oideachas éigeantach a bheith tugtha chun críche.

    C.

    Eolas ar theangacha

    (a)

    Teanga 1 (T1)

    agus

    (b)

    Teanga 2 (T2)

    Príomhtheanga: sár-eolas (leibhéal C1 (2) ar a laghad) ar cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh (3).

    Eolas sásúil (leibhéal B2) ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis. Ní mór do theanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1 thuasluaite.

    I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gcás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, ní mór do Pharlaimint na hEorpa, faoi chuimsiú an ghlao seo ar léiriú spéise, a lua cad iad na cúiseanna atá aici chun rogha an dara teanga a theorannú go dtí líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

    Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh na trí theanga a luaitear le haghaidh teanga 2 sa ghlao seo ar léiriú spéise ar mhaithe le leas na seirbhíse a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh siad in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach san obair laethúil a bhíonn acu.

    I bhfianaise an chleachtais sheanbhunaithe atá ag Parlaimint na hEorpa a mhéid a bhaineann le teangacha na cumarsáide inmheánaí, agus riachtanais na seirbhísí a mhéid a bhaineann le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear i gcónaí. Thairis sin, is léir ó na tuarascálacha foirne i 2013 go bhfuil sé dearbhaithe ag 92 % d’fhoireann iomlán na Parlaiminte go bhfuil eolas ar an mBéarla acu, go bhfuil sé dearbhaithe ag 84 % d’fhoireann iomlán na Parlaiminte go bhfuil eolas ar an bhFraincis acu agus go bhfuil sé dearbhaithe ag 56 % d’fhoireann iomlán na Parlaiminte go bhfuil eolas ar an nGearmáinis acu. Maidir leis na teangacha oifigiúla eile, níl an tairseach 50 % bainte amach ag an líon foirne a dhearbhaíonn go bhfuil eolas sásúil acu orthu.

    Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an roghnúcháin seo á chur san áireamh, tá údar maith le heolas ar cheann amháin de na trí theanga sin a éileamh chun a áirithiú go mbeidh máistreacht ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga oifigiúil atá acu, ar cheann amháin ar a laghad de na trí theanga oifigiúla sin chun í a úsáid mar theanga oibre.

    Sa bhreis air sin, chun cóir chomhionann a áirithiú, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann amháin de na trí theanga sin ina príomhtheanga oifigiúil aige, eolas sásúil a bheith aige ar an dara teanga de na trí theanga sin.

    Mar sin, tugann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha teanga deis do Pharlaimint na hEorpa cumas na n-iarrthóirí a mheas trína gcur láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina mbeidh siad ag obair amach anseo.

    Agus iarratas á chur isteach acu, ní fhéadfaidh na hiarrthóirí a roghnú mar phríomhtheanga (T1) ach ceann amháin de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Ní fhéadfar an rogha teangacha sin a athrú tar éis an fhoirm iarratais leictreonach a bheith bailíochtaithe.

    V.   INNIÚLACHTAÍ

    A bheith coinsiasach agus taitneamh a bhaint as a bheith ag obair ar fhoireann ilchultúrtha;

    a bheith poncúil, ar fáil agus solúbtha;

    scileanna maithe idirphearsanta agus taidhleoireacht, cuirtéiseacht agus discréid a léiriú;

    tionscnamh, solúbthacht agus cumas eagraíochtúil a léiriú.

    VI.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH AGUS AN DÁTA DEIRIDH CHUN IARRATAIS A CHUR ISTEACH

    Ní mór do na hiarrthóirí iarratas a chur isteach ar líne ar láithreán gréasáin EPSO ag an seoladh seo a leanas: http://europa.eu/epso/apply/jobs/index_en.htm; agus na treoracha atá ansin a leanúint, go háirithe sa treoirleabhar maidir le hiarratais a dhéanamh ar líne.

    Is ar na hiarrthóirí iad féin atá an mhortabháil an fhoirm iarratais leictreonach a bheith líonta isteach faoin spriocdháta. Moltar gan fanacht go dtí an nóiméad deiridh chun iarratas a chur isteach, de bhrí go bhféadfadh sé go mbeadh ar dhuine an fhoirm iarratais leictreonach a chomhlánú arís má bhíonn na línte róghnóthach nó má chliseann an nasc idirlín, agus ní féidir triail a bhaint as an athuair tar éis don dáta deiridh a bheith dulta in éag.

    A luaithe a bheidh an t-iarratas bailíochtaithe, ní bheifear in ann é a athrú a thuilleadh mar go ndéanann Parlaimint na hEorpa, i gcomhar le EPSO, na sonraí a phróiseáil láithreach ar mhaithe le dea-eagar an nós imeachta roghnúcháin.

    AN DÁTA DEIRIDH CHUN IARRATAIS A CHUR ISTEACH (lena n-áirítear an bailíochtú):

    An 18 Bealtaine 2016 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.

    VII.   NA CÉIMEANNA ROGHNÚCHÁIN

    ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

    Eagraítear an nós imeachta roghnúcháin seo go huile agus go hiomlán bunaithe ar cháilíochtaí, rud a dhéantar trí scrúdú na bhfreagraí mionsonraithe a thugann an t-iarrthóir ar na ceisteanna sa “Scagthóir Buanna” atá san fhoirm iarratais:

    tá gach ceann de na ceisteanna ualaithe ar scála a théann ó 1 go 3 ag brath ar an tábhacht a thugtar don chritéar lena mbaineann.

    nuair is freagra deimhneach a thugtar ar na ceisteanna sin, scrúdóidh an painéal roghnúcháin na freagraí a thabharfaidh na hiarrthóirí agus tabharfaidh siad marc idir 0 agus 4 phointe do gach ceann díobh; déanfar na pointí ansin a mhéadú faoi chomhéifeacht ar leith a ghabhann le gach critéar lena mbaineann.

    Ceapadh na ceisteanna bunaithe ar na critéir seo a leanas:

    1.

    taithí ghairmiúil mar thiománaí i réimse an iompair paisinéirí le linn na gcúig bliana roimhe seo;

    2.

    taithí ghairmiúil de bhliain amháin ar a laghad mar thiománaí in iompar daoine ceannasacha oifigiúla (mar shampla: tiománaí limisín, tiománaí don chór taidhleoireachta, d’airí rialtais, d’fheidhmeannaigh shinsearacha, etc.);

    3.

    teastas nó cáilíocht eile lena gceadaítear a bheith mar thiománaí tacsaí, ar teastas nó cáilíocht é nó í atá eisithe ag údarás inniúil aitheanta;

    4.

    oiliúint i dtiomáint airdeallach feithiclí;

    5.

    oiliúint in dtiomáint éiceolaíoch;

    6.

    oiliúint agus/nó taithí ghairmiúil i réimse na slándála daoine;

    7.

    imréiteach slándála náisiúnta agus/nó Eorpach, nó a choibhéis, a bheith ina seilbh acu;

    8.

    deimhniú i réimse na garchabhrach arna eisiúint ag údarás inniúil aitheanta;

    9.

    taithí ghairmiúil mar thiománaí a fuarthas in eagraíochtaí Eorpacha nó idirnáisiúnta nó i dtimpeallacht ilchultúrtha nó ilnáisiúnta;

    10.

    eolas (leibhéal A2 ar a laghad) (4) ar theanga amháin nó níos mó de chuid an Aontais Eorpaigh, is teanga atá éagsúil le teanga 1 agus le teanga 2 a luaitear i Roinn IV C den ghlao seo ar léiriú spéise.

    Déanfar an roghnú go huile agus go hiomlán bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh curtha ar fáil ag an iarrthóir sa réimse “scagathóir buanna” atá san foirm iarratais.

    VIII.   TORTHAÍ AN ROGHNÚCHÁIN

    Foilseofar torthaí an roghnúcháin i gcuntas EPSO na n-iarrthóirí.

    Cuirfear isteach sa bhunachar sonraí ainmneacha na 300 iarrthóir a fuair an líon is airde pointí (5) faoi dheireadh an roghnúcháin agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta agus na coinníollacha sonracha a shonraítear faoi Roinn IV A agus B den ghlao seo ar léiriú spéise agus ní fhoilseofar faoi fhoirm ar bith eile iad. Beidh teacht ag Parlaimint na hEorpa ar an mbunachar sonraí.

    Beidh an bunachar sonraí bailí go dtí an 31 Nollaig 2019.

    IX.   EARCÚ

    Ní ráthú ar phost é ainm duine a bheith curtha isteach sa bhunachar sonraí.

    I gcás ina mbeidh conradh le dámhachtain, féachfaidh na seirbhísí earcaíochta ar an mbunachar sonraí agus tabharfaidh siad cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí is fearr a gcomhfhreagraíonn a bpróifíl le riachtanais an phoist lena mbaineann.

    Cuirfear na hiarrthóirí sin faoi agallamh chun a mheas an bhfreagraíonn a bpróifíl don phost atá ar fáil. Le linn an agallaimh sin, déanfar eolas na n-iarrthóirí ar theanga 1 agus ar theanga 2 a mheas chomh maith. Féadfar an t-eolas atá ag na hiarrthóirí ar theangacha eile atá luaite acu a thástáil freisin.

    D’fhéadfadh tástálacha teoirice agus/nó praiticiúla a bheith ann freisin sa bhreis ar an agallamh.

    Ag brath ar thoradh an agallaimh agus, más ann dóibh, toradh na dtástálacha teoirice agus/nó praiticiúla, féadfar go dtairgfear post dóibh.

    Don agallamh, caithfidh na hiarrthóirí a mbeidh cuireadh chun agallaimh faighte acu na doiciméid tacaíochta go léir lena bhfianaítear go gcomhlíonann siad coinníollacha uile an ghlao seo ar léiriú spéise a chur ar fáil, agus mura ndéanann siad amhlaidh, ní thairgfear post dóibh. Ar an gcaoi chéanna, má fhaightear amach gur thug iarrthóir faisnéis atá míchruinn, déanfar an t-iarrthóir sin a eisiamh ón nós imeachta roghnúcháin agus bainfear a ainm den bhunachar sonraí.

    Déanfar an conradh a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 3a, le hAirteagal 84 agus le hAirteagal 85 de CSE. Tréimhse d’aon (1) bhliain amháin a bheidh ann. Féadfar é a athnuachan ar feadh tréimhse d’aon (1) bhliain amháin, agus ina dhiaidh sin féadfar an conradh a athnuachan arís go ceann tréimhse neamhchinntithe.

    Féadfaidh athnuachan conartha a bheith faoi réir na nithe seo a leanas:

    deimhniú slándála arna eisiúint ag seirbhísí Pharlaimint na hEorpa a bheith faighte, agus/nó

    rannpháirtíocht in oiliúint éigeantach as a leanfaidh scrúdú, agus pas a bheith faighte sa scrúdú sin, arna heagrú ag Parlaimint na hEorpa, agus/nó

    imréiteach slándála arna eisiúint ag na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith faighte.

    Féadfar gach conradh a scor, áfach, i gcás nach gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha thuasluaite.

    X.   CUMARSÁID

    Rachaidh Parlaimint na hEorpa i dteagmháil leis na hiarrthóirí trína gcuntas EPSO nó tríd an ríomhphost. Is faoi na hiarrthóirí atá sé dul chun cinn an nós imeachta a leanúint agus an fhaisnéis a bhaineann leo a sheiceáil trí fhéachaint go tráthrialta, ar a laghad 2 uair sa tseachtain, ar a gcuntas EPSO agus ar a ríomhphost pearsanta. Más rud é, mar gheall ar fhadhb theicniúil, nach bhfuil na hiarrthóirí in ann an fhaisnéis sin a sheiceáil, is orthu féin atá an mhortabháil é sin a chur in iúl láithreach trí ríomhphost a sheoladh chuig bosca poist feidhme an nós imeachta:

    ACdrivers2016@ep.europa.eu

    Ba cheart an bosca poist feidhme sin a úsáid le haghaidh gach cumarsáid eile a bhaineann leis an nós imeachta.

    XI.   FORAIS EISIAIMH A BHAINEANN LEIS AN bPRÓISEAS IARRATAIS

    Bíonn Parlaimint na hEorpa an-aireach chun a áirithiú go ndéantar prionsabal na córa comhionainne a urramú. Dá bhrí sin, más rud é go bhfaigheann Parlaimint na hEorpa amach ag aon chéim den nós imeachta gur chruthaigh iarrthóir níos mó ná cuntas EPSO amháin nó go ndearna iarrthóir níos mó ná iarratas amháin don nós imeachta roghnúcháin seo nó go ndearna sé dearbhuithe bréagacha, déanfar é a eisiamh as an nós imeachta roghnúcháin.

    Féadfar pionóis a fhorchur i dtaca le haon chalaois nó iarracht ar chalaois. Ina leith sin, ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire gurb iad na daoine a léiríonn an iontaofacht is airde, agus iad sin amháin, a dhéanann Parlaimint na hEorpa a earcú.

    XII.   SOCRUITHE SPEISIALTA

    Maidir le hiarrthóirí atá faoi mhíchumas nó in imthosca ar leith a bhféadfadh deacrachtaí eascairt astu le linn an agallaimh, ní mór dóibh tic a chur sa bhosca chuige sin atá san fhoirm iarratais agus gach faisnéis ábhartha a thabhairt chun a chur ar chumas lucht riaracháin na Parlaiminte, más féidir é, gach beart is gá a dhéanamh.

    XIII.   NÓSANNA IMEACHTA UM ATHBHREITHNIÚ/ACHOMHARC

    Maidir le hiarrthóirí a mheasann go ndearnadh cinneadh díobhálach ina n-aghaidh, féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh sin, ceann de na nósanna imeachta achomhairc a thionscnamh nó gearán a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach (6).

    Iarrataí ar athbhreithniú

    Ba cheart iarraidh ar athbhreithniú, agus na cúiseanna leis sin á lua, a sheoladh i bhfoirm ríomhphoist chuig bosca poist feidhme an nós imeachta:

    ACdrivers2016@ep.europa.eu

    agus ní mór é sin a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire ón dáta a fhoilseofar toradh an roghnúcháin i gcuntas EPSO na n-iarrthóirí. Seolfar freagra a luaithe agus is féidir.

    Achomhairc (tá an rogha seo ar fáil ag gach céim den nós imeachta)

    Ba cheart aon ghearán bunaithe ar Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh a dhíriú chuig:

    M. le Secrétaire général

    Parlement européen

    Bât. Konrad Adenauer

    2929 Luxembourg

    LUXEMBOURG

    Tarraingítear aird na n-iarrthóirí ar an bhfíoras go bhfuil cumhacht leathan ag coistí roghnúcháin a mbreithiúnas féin a thabhairt, agus gur go neamhspleách a dhéanann siad a gcinntí agus nach féidir leis an Údarás Ceapacháin na cinntí sin a athrú. Ní féidir srian a chur leis an gcumhacht leathan breithiúnais sin ach amháin sa chás inar léir go ndearnadh sárú soiléir ar na rialacha a rialaíonn a gcuid oibre. I gcás sárú den sórt sin, féadfar cinneadh a dhéanann an choiste a agóid go díreach os comhair Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh fiú amháin mura mbeidh gearán taiscthe cheana féin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne.

    Is féidir achomharc a dhéanamh chuig:

    Tribunal de la fonction publique de l’Union européenne

    2925 Luxembourg

    LUXEMBOURG

    faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

    Níl an rogha seo ar fáil ach amháin maidir le cinntí a ghlacfaidh an coiste roghnúcháin.

    Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chuig Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinntí riaracháin lena ndiúltaítear glacadh le hiarrthóir i nós imeachta roghnúcháin ar fhorais nach bhfuil an t-iarratas ag comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta atá luaite i Roinn IV B den ghlao seo ar léiriú spéise ach amháin sa chás go mbeidh gearán taiscthe ar dtús, de réir mar atá tuairisc thuas air.

    Ní fhéadfar achomharc chuig Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh a dhéanamh ach amháin trí dhlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte i mBallstát den Aontas Eorpach nó sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach.

    Tosaíonn na tréimhsí ama a leagtar síos in Airteagal 90 agus in Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (7) agus a bhfuil feidhm acu maidir leis an dá chineál achomhairc ón dáta a tugadh fógra den chinneadh bunaidh a bhfuil éifeacht dhíobhálach aige ar an iarrthóir nó, sa chás amháin gur iarraidh ar athbhreithniú atá i gceist, ón dáta a tugadh fógra don iarrthóir i dtaobh fhreagra tosaigh an choiste roghnúcháin ar an iarraidh sin.

    Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

    Is féidir le hiarrthóir, faoi mar is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach, gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach:

    Médiateur européen

    1 avenue du Président Robert Schuman – BP 403

    67001 STRASBOURG CEDEX

    FRANCE

    faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir le rialacháin agus coinníollacha ginearálta d’fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman (IO L 113, 4.5.1994).

    Tugtar dá n-aire do na hiarrthóirí nach bhfuil aon éifeacht fhionraitheach ag gearáin a dhéantar leis an Ombudsman ar an tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne maidir le hachomhairc a thaisceadh le Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


    (1)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

    (2)  Féach an creat tagartha ar láithreán gréasáin Europass:

    http://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr

    (3)  Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla (EN), an Bhulgáiris (BG), an Chróitis (HR), an Danmhairgis (DA), an Eastóinis (ET), an Fhionlainnis (FI), an Fhraincis (FR), an Ghaeilge (GA), an Ghearmáinis (DE), an Ghréigis (EL), an Iodáilis (IT), an Laitvis (LV), an Liotuáinis (LT), an Mháltais (MT), an Ollainnis (NL), an Pholainnis (PL), an Phortaingéilis (PT), an Rómáinis (RO), an tSeicis (CS), an tSlóivéinis (SL), an tSlóvaicis (SK), an Spáinnis (ES), an tSualainnis (SV) agus an Ungáiris (HU).

    (4)  Féach an creat tagartha ar láithreán gréasáin Europass:

    http://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr.

    (5)  Má fhaigheann roinnt iarrthóirí an líon céanna pointí don áit dheireanach, glacfaidh an painéal leis na daoine sin go léir a bhfuil comhionannas pointí acu don áit dheireanach sin.

    (6)  Ní dhéanfaidh agóidí, achomhairc ná gearáin chuig an Ombudsman Eorpach aon chur isteach ar obair an phainéil roghnúcháin.

    (7)  Féach fonótá 1.


    Top