This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2013/193A/01
Notice of open competitions — Conference interpreters (EN/FR/RO/SL)
Fógra comórtas oscailte — Ateangairí comhdhála i mBéarla (EN), Fraincise (FR), Rómáinise (RO) agus Slóivéinise (SL)
Fógra comórtas oscailte — Ateangairí comhdhála i mBéarla (EN), Fraincise (FR), Rómáinise (RO) agus Slóivéinise (SL)
IO C 193A, 4.7.2013, pp. 1–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
4.7.2013 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE
Ateangairí comhdhála i mBéarla (EN), Fraincise (FR), Rómáinise (RO) agus Slóivéinise (SL)
(2013/C 193 A/01)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéil a thiomsú chun ateangairí (1) comhdhála a earcú.
Ateangairí comhdhála
|
|
Béarla (EN): EPSO/AD/256/13 (AD 5) |
|
|
Fraincise (FR): EPSO/AD/257/13 (AD 5 agus AD 7) |
|
|
Rómáinise (RO): EPSO/AD/258/13 (AD 7) |
|
|
Slóivéinise (SL): EPSO/AD/259/13 (AD 5 agus AD 7) |
Is é is aidhm do na comórtais seo painéal a thiomsú chun poist fholmha in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh, go háirithe i bParlaimint na hEorpa, sa Choimisiún Eorpach agus sa Chúirt Bhreithiúnais.
Ní bhaineann Parlaimint na hEorpa ach leis an gcomórtas Fraincise AD 7 agus, ar an ábhar sin, is as liosta an chomórtais sin amháin a earcóidh sí daoine.
Roimh duit iarratas a chur isteach, ní mór na treoracha do chomórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.
Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus cuideoidh sí leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.
AN CLÁR ÁBHAR
|
I. |
CÚLRA |
|
II. |
DUALGAIS |
|
III. |
INCHÁILITHEACHT |
|
IV. |
RÉAMHTHRIAIL ATEANGAIREACHTA |
|
V. |
TRIALACHA ATEANGAIREACHTA |
|
VI. |
IONAD MEASÚNAITHE |
|
VII. |
PAINÉAL |
|
VIII. |
CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH |
I. CÚLRA
|
Cuirfear na hiarrthóirí a ghnóthaigh an pasmharc i ngach ceann de na trialacha ar an bpainéal. |
||||||||||||
|
Aon ghrád amháin a bheidh sa chomórtas Béarla agus sa chomórtas Rómáinise agus rogha amháin nó dhá rogha i gceist leo. Dhá ghrád a bheidh sa chomórtas Fraincise agus sa chomórtas Slóivéinise agus rogha amháin nó dhá rogha i gceist leo de réir an ghráid. Ní fhéadfaidh tú clárú ach d'aon chomórtas amháin, d'aon ghrád amháin agus d'aon rogha amháin. Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir é a athrú i ndiaidh duit d'iarratas a dhearbhú agus a bhailíochtú ar líne. |
||||||||||||
|
|
Féadfaidh na hiarrthóirí a bheidh cláraithe do chomórtas ghrád AD 7 sa chomórtas Fraincise agus sa chomórtas Slóivéinise aistriú a fháil (2) chuig comórtas ghrád AD 5 trí bhíthin ceann amháin nó níos mó de na droichid a bhfuil cur síos orthu thíos. An chéad droichead: Tá tú cláraithe do chomórtas ghrád AD 7 agus i ndiaidh na coinníollacha cáilíochta a bheith seiceáilte ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú san iarratas ar líne,
féadfaidh an bord roghnúcháin, má thoilíonn tú chuige, d'iarratas a aistriú chuig an gcomórtas céanna ag grád AD 5. An dara droichead: Tá tú cláraithe do chomórtas ghrád AD 7 agus ag deireadh na dtrialacha ateangaireachta,
féadfaidh an bord roghnúcháin, má thoilíonn tú chuige, d'iarratas a aistriú chuig an gcomórtas céanna ag grád AD 5. An tríú droichead: Tá tú cláraithe do chomórtas ghrád AD 7, agus ag deireadh thrialacha an ionaid mheasúnaithe, i ndiaidh na coinníollacha incháilitheachta a bheith seiceáilte ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a chuir tú isteach nuair a chuaigh tú chun an ionaid mheasúnaithe agus roimh thiomsú an phainéil,
féadfaidh an bord roghnúcháin, má thoilíonn tú chuige, d'ainm a chur ar phainéal an chomórtais chéanna ag grád AD 5. |
||||||||||||
|
|
Tá an comórtas seo dírithe ar iarrthóirí a bhfuil eolas foirfe acu (3) ar theanga an chomórtais, idir scríobh agus labhairt (leibhéal máthairtheanga nó a chomhchothrom). Mura bhfuil an leibhéal sin agat, moltar go mór duit gan clárú. |
II. DUALGAIS
Is éard a dhéanann ateangairí comhdhála ateangaireacht bheacht, isteach i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh, ar a ndeirtear le linn cruinnithe. Is féidir an ateangaireacht sin a bheith comhuaineach nó leantach. Bíonn réamhstaidéar ar ábhair agus ar théarmaíocht na gcruinnithe ina chuid den obair.
Chun ateangaireacht a dhéanamh mar is ceart, ní mór bheith in ann athrú de réir na gcúinsí (bíonn cruinnithe ann go minic, ar ábhair an-éagsúil agus bíonn an clár ama ag síorathrú), agus bheith in ann fadhbanna atá éagsúil agus ar minic casta iad a thuiscint mar is ceart, athruithe móra sna cúinsí a láimhseáil agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach. Ní mór duit bheith in ann chuig dianobair rialta, leat féin agus i bhfoireann, agus tú féin a oiriúnú do thimpeallacht oibre ilchultúrtha. Fad is a bheidh tú i mbun oibre caithfidh tú féachaint chuige go dtiocfaidh feabhas ar do chuid scileanna oibre, scileanna teicneolaíocha san áireamh. Lena chois sin, is féidir go n-iarrfar ort cur le do theaglaim teangacha de réir riachtanais na seirbhíse (4).
Sna hinstitiúidí uile, bheadh sáreolas ar theangacha seachas na teangacha a iarrtar san fhógra comórtais seo ina bhuntáiste (fiú féin mura bhfuil siad ar theangacha oifigiúla an AE).
Lena chois sin, is féidir go n-iarrfar ar ateangairí atá ina n-oifigigh cáilíocht obair na ngníomhairí atá ina n-ateangairí comhdhála (AIC) a mheas agus cúraimí riaracháin a bhaineann leis an ateangaireacht a dhéanamh.
Is féidir go mbeidh ar an ateangaire comhdhála taisteal go minic chun a chuid oibre a dhéanamh (seachas ateangairí na Cúirte Breithiúnais, a mbeidh a gcuid oibre i Lucsamburg den chuid is mó).
Chun post a fháil sa Chúirt Bhreithiúnais, teastaíonn eolas maith ar an bhFraincis scríofa.
Tá eolas breise ar na seirbhísí ateangaireachta ar fáil ar shuíomh gréasáin na dtrí institiúid i gceist: http://europa.eu/interpretation/index_fr.htm
III. INCHÁILITHEACHT
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||
|
2.1. |
Cáilíochtaí |
|||||||||||||||||
|
(a) |
Oiliúint iomlán mar ateangaire comhdhála is comhionann cúrsa ollscoile ceithre bliana agus an cháilíocht is ábhartha bainte amach ag a deireadh. |
|||||||||||||||||
|
(b) |
Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh AGUS oiliúint mar ateangaire comhdhála agus dearbhú nó teastas a léiríonn gur éirigh an oiliúint sin leis an iarrthóir. |
|||||||||||||||||
|
nó (c) |
Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh AGUS taithí oibre aon bhliana amháin mar ateangaire comhdhála agus fianaise chuí ina leith i ndoiciméid tacaíochta a léiríonn go soiléir líon na laethanta a caitheadh i mbun ateangaireachta comhdhála. |
|||||||||||||||||
|
2.2. |
Taithí oibre |
|||||||||||||||||
|
Grád AD 5 |
Ní theastaíonn aon taithí oibre ach amháin i gcás iarrthóirí a mbaineann Roinn III.2.1(c) leo. Is ón gcéad cháilíocht tríú leibhéal nó ón gcéad chéim ollscoile a iarrtar sa phointe sin ar aghaidh a dhéanfar an taithí sin a áireamh. |
|||||||||||||||||
|
Grád AD 7 |
Taithí oibre ceithre bliana ar a laghad ar leibhéal céimí, taithí a áireofar ón gcéad chéim ollscoile nó ón gcéad dioplóma ar aghaidh. Ní mór 100 lá oibre d'ateangaireacht chomhdhála ar a laghad ón dáta a comhlíonadh an choinníoll atá leagtha síos i Roinn III.2.1(a), (b) nó (c) a bheith ina gcuid den taithí oibre sin. Oiliúint mar ateangaire comhdhála nó taithí oibre aon bhliana amháin mar ateangaire comhdhála ar cuireadh fianaise chuí ina leith ar fáil (critéir atá ina gcuid de na coinníollacha iontrála atá luaite i Roinn III.2.1(b) nó (c) (thuas), ní áireofar í mar chuid de na ceithre bliana sin. |
|||||||||||||||||
|
2.3. |
Eolas ar theangacha I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) uaithi i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v Coimisiún, tá sé de cheanglas ar institiúidí an AE a shonrú cé hiad na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an AE. Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí. Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánacha, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ina theannta sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is mó i bhfad amach a roghnaíonn na hiarrthóirí sna comórtais, nuair is fúthu a bhíonn roghnú an dara teanga. Is léiriú é sin ar an leibhéal oideachais agus ar na hinniúlachtaí gairme ar féidir bheith ag súil leo ó na hiarrthóirí ar na poist laistigh d'institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh sáreolas ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin ar leibhéal teanga oibre. Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, an triail sin a dhéanamh sa dara teanga, teanga a bheidh le roghnú as na trí theanga sin. Mar sin, tugann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha deis d'institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá na bearta seo gan dochar d'fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45, mír 2 de na Rialacháin Foirne. |
|||||||||||||||||
|
|
Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: |
|||||||||||||||||
|
BG (Bulgáiris) CS (Seicis) DA (Danmhairgis) DE (Gearmáinis) EL (Gréigis) EN (Béarla) ES (Spáinnis) ET (Eastóinis) |
FI (Fionlainnis) FR (Fraincis) GA (Gaeilge) HR (Cróitis) HU (Ungáiris) IT (Iodáilis) LT (Liotuáinis) LV (Laitvis) |
MT (Máltais) NL (Ollainnis) PL (Polainnis) PT (Portaingéilis) RO (Rómáinis) SK (Slóvaicis) SL (Slóivéinis) SV (Sualainnis) |
||||||||||||||||
|
Sa bhreis ar theangacha oifigiúla an AE, is féidir an Rúisis (RU) agus an Mhandairínis (ZH) a roghnú do chomórtas EPSO/AD/257/13 (AD 7) — Ateangairí comhdhála (FR). Is éard is brí leis an téarma “teaglaim teangacha” na teangacha a úsáideann an t-ateangaire agus é i mbun oibre. Tá na teangacha oibre roinnte idir teangacha “gníomhacha” agus teangacha “éighníomhacha” agus tá teangacha “A”, “B” agus “C” tugtha orthu thíos. |
||||||||||||||||||
|
Teangacha gníomhacha |
Teanga “A” Príomhtheanga an ateangaire (máthairtheanga nó a comhchothrom) a bhfuil eolas foirfe aige uirthi agus a ndéanann sé ateangaireacht isteach inti ó na teangacha oibre uile, bíodh sé go comhuaineach nó go leantach. Teanga “B” Teanga a bhfuil eolas fíormhaith ag an ateangaire uirthi, cé nach í a mháthairtheanga í, agus a ndéanann sé ateangaireacht isteach inti ó na teangacha oibre uile, bíodh sé go comhuaineach nó go leantach. |
|||||||||||||||||
|
Teanga éighníomhach |
Teanga “C” Teanga a n-oibríonn an t-ateangaire amach aisti agus atá ar a thoil aige. |
|||||||||||||||||
|
N.B. |
Tabhair do d'aire go dtástálfar inniúlachtaí ginearálta an ionaid mheasúnaithe sa Bhéarla (EN), sa Fhraincis (FR) nó sa Ghearmáinis (DE), i dteanga nach ionann í agus teanga ghníomhach A. |
|||||||||||||||||
|
2.4. |
Na teaglamaí teangacha a theastaíonn sna comórtais seo a leanas: |
|||||||||||||||||
|
|
EPSO/AD/256/13 — Béarla (EN) Grád AD 5 |
|||||||||||||||||
|
Rogha 1(a) (A+CC) |
Teanga ghníomhach A: Béarla Teangacha éighníomhacha C:
|
|||||||||||||||||
|
|
EPSO/AD/257/13 — Fraincis (FR) Grád AD 5 |
|||||||||||||||||
|
Rogha 1(a) (A+CC) |
Teanga ghníomhach A: Fraincis Teangacha éighníomhacha C:
Má roghnaíonn an t-iarrthóir Béarla in C1, ní mór teanga C2 a bheith ar na teangacha seo a leanas: Bulgáiris, Seicis, Gréigis, Eastóinis, Fionlainnis, Ungáiris, Liotuáinis, Laitvis, Máltais, Polainnis, Rómáinis, Slóvaicis nó Slóivéinis. |
|||||||||||||||||
|
|
Grád AD 7 |
|||||||||||||||||
|
Rogha 1(b) (A+CCC) |
Teanga ghníomhach A: Fraincis Teangacha éighníomhacha C:
|
|||||||||||||||||
|
Rogha 2(b) (A+B+C2) |
Teanga ghníomhach A: Fraincis Teanga ghníomhach B:
Teanga éighníomhach C2:
|
|||||||||||||||||
|
|
EPSO/AD/258/13 — Rómáinis (RO) Grád AD 7 |
|||||||||||||||||
|
Rogha 1(b) (A+CCC) |
Teanga ghníomhach A: Rómáinis Teangacha éighníomhacha C:
|
|||||||||||||||||
|
Rogha 2(b) (A+B+C2) |
Teanga ghníomhach A: Rómáinis Teanga ghníomhach B:
Teanga éighníomhach C2:
|
|||||||||||||||||
|
|
EPSO/AD/259/13 — Slóivéinis (SL) Grád AD 5 |
|||||||||||||||||
|
Rogha 1(a) (A+CC) |
Teanga ghníomhach A: Slóivéinis Teangacha éighníomhacha C:
|
|||||||||||||||||
|
|
Grád AD 7 |
|||||||||||||||||
|
Rogha 1(b) (A+CCC) |
Teanga ghníomhach A: Slóivéinis Teangacha éighníomhacha C:
|
|||||||||||||||||
|
Rogha 2(b) (A+B+C2) |
Teanga ghníomhach A: Slóivéinis Teanga ghníomhach B:
Teanga éighníomhach C2:
|
|||||||||||||||||
IV. RÉAMHTHRIAIL ATEANGAIREACHTA (5)
Is d'iarrthóirí i gcomórtais ghrád AD 5 agus i gcomórtas ghrád AD 7 nach bhfuil creidiúnú idirinstitiúideach mar ghníomhaire ateangaireachta comhdhála acu a reáchtálfar an triail seo, agus do na hiarrthóirí sin amháin (6).
|
Tabharfar cuireadh chun na réamhthrialach duit:
|
||||||
|
Is éard atá sa triail seo, ateangaireacht chomhuaineach ar chaint thaifeadta. Is féidir go n-úsáidfear gléas closamhairc chuige sin, in ionad scrúdúcháin sna Ballstáit. Fad: tuairim is 10 nóiméad Marcálfar an triail seo as 20 pointe An pasmharc: 10 bpointe Ní chuirfear pointí na trialach seo le pointí na dtrialacha ateangaireachta. |
||||||
|
C1 i gcás na roghanna 1(a) agus 1(b) B i gcás rogha 2(b) |
V. TRIALACHA ATEANGAIREACHTA (5)
|
Tabharfar cuireadh duit dul faoi mheasúnú ar d'inniúlachtaí sonracha trí bhíthin trialacha ateangaireachta a bheidh ar siúl sa Bhruiséil:
|
||||||||||
|
Triail ateangaireachta leantaí agus triail ateangaireachta comhuainí i gcás gach teanga a roghnaigh an t-iarrthóir. Is féidir go n-úsáidfear cainteanna taifeadta ar ghléas chlosamhairc sna trialacha ateagaireachta comhuainí. Beidh na trialacha ateangaireachta leantaí bunaithe ar chaint 6 nóiméad ar a mhéad. Beidh na trialacha ateangaireachta comhuainí bunaithe ar chaint 12 nóiméad ar a mhéad. Marcálfar gach triail as 20 pointe Pasmharc in aghaidh na trialach: 10 bpointe Ag deireadh na dtrialacha ateangaireachta:
ní thabharfar cuireadh duit chun na chéad trialach eile nó chun na chéad chéime eile den chomórtas agus cuirfear na torthaí chugat ar leithligh. |
||||||||||
|
Inniúlachtaí sonracha 75 % den mharc foriomlán |
VI. IONAD MEASÚNAITHE
|
Tabharfar cuireadh duit chun an ionaid mheasúnaithe má ghnóthaigh tú an pasmharc san trialacha ateangaireachta (féach Roinn 1.2, an dara droichead). Cuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna thrialacha an ionaid mheasúnaithe. |
|||||||||||||||||||||
|
Déanfar dhá chineál measúnaithe ort:
measúnófar d'inniúlachtaí réasúnaíochta leis na trialacha seo a leanas:
Déanfar na trialacha seo ar ríomhaire agus is é EPSO a bheidh ina mbun. Is é an bord roghnúcháin a shocróidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhormheasfaidh an t-ábhar iontu ar bhonn mholtaí EPSO. measúnófar d'inniúlachtaí ginearálta (10) leis na trialacha (11) seo a leanas:
Measúnófar thú sa Bhruiséil. Maireann an measúnú aon lá amháin, de ghnáth. Measúnófar gach inniúlacht ghinearálta dhá uair mar atá léirithe sa tábla seo thíos: |
|||||||||||||||||||||
|
|
Agallamh struchtúrtha |
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Cur i láthair labhartha |
|||||||||||||||||||
|
Anailísiú agus réiteach fadhbanna |
|
x |
x |
|||||||||||||||||||
|
Cumarsáid |
x |
|
x |
|||||||||||||||||||
|
Cáilíocht agus torthaí |
x |
|
x |
|||||||||||||||||||
|
Foghlaim agus forbairt |
x |
x |
|
|||||||||||||||||||
|
Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán |
|
x |
x |
|||||||||||||||||||
|
Buanseasmhacht |
x |
|
x |
|||||||||||||||||||
|
Obair bhuíne |
x |
x |
|
|||||||||||||||||||
|
Cumas ceannaireachta |
x |
x |
|
|||||||||||||||||||
|
trialacha (a), (b) agus (c): teanga ghníomhach A trialacha (d), (e) agus (f): Béarla, Fraincis, nó Gearmáinis, teanga nach ionann í agus teanga ghníomhach A |
|||||||||||||||||||||
|
Inniúlachtaí réasúnaíochta:
Trialacha díbeartha atá i dtrialacha (a), (b) agus (c), ach ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna thrialacha eile an ionaid mheasúnaithe. Inniúlachtaí ginearálta Marcálfar iad seo as 80 pointe d'iomlán na n-inniúlachtaí ginearálta (10 bpointe in aghaidh na hinniúlachta) an pasmharc: 40 pointe d'iomlán na 8 n-inniúlacht ghinearálta ualú: 25 % den mharc foriomlán |
|||||||||||||||||||||
VII. PAINÉAL
|
Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal
Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe a rinne iarrthóir san iarratas ar líne ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas. |
||||||
|
Is in ord aibítre a liostófar ainmneacha an phainéil. |
VIII. CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH
|
Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárú go háirithe. Spriocdháta (an bailíochtú san áireamh): 6 Lúnasa 2013 ag 12.00 (meán lae), am na Bruiséile. |
||
|
Má tá tú ar na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun an ionaid mheasúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d'iarratas a thabhairt leat (12) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chuig an ionad measúnaithe. Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 de na treoracha do chomórtais oscailte. |
(1) Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.
(2) Agus tú ag clárú ar líne, ní mór duit do rogha teangacha a dhearbhú agus toiliú a thabhairt aistriú a fháil.
(3) Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha —
(http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp) — an t-íosleibhéal: teanga A nó B = C2, teangacha eile = C1.
(4) I gcás na n-iarrthóirí a fhostóidh Parlaimint na hEorpa, measfar sin a bheith ina oibleagáid seirbhíse.
(5) An Bord Roghnúcháin a fhormheasfaidh ábhar na trialach.
(6) Is é “Inter-Institutional Test Office” na seirbhísí ateangaireachta a bheidh i mbun chreidiúnú idirinstitiúideach an Aontais Eorpaigh.
(7) Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VII.1 agus Roinn VIII.2).
(8) Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VII.1 agus Roinn VIII.2).
(9) I gcás iarrathóir a aistriú go painéal ghrád AD 5 (féach Roinn I.2), ní chuirfear san áireamh ach torthaí na dtrialacha a bhaineann le pasmharc ghrád AD 5.
(10) Tá an sainmhíniú ar na hinniúlachtaí sin ar fáil i bpointe 1.2 den treoir do chomórtais ghinearálta.
(11) An Bord Roghnúcháin a fhormheasfaidh ábhar na trialach.
(12) Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.