Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Doiciméad 62020TJ0004
Judgment of the General Court (First Chamber) of 27 April 2022.#Sieć Badawcza Łukasiewicz – Port Polski Ośrodek Rozwoju Technologii v European Commission.#Arbitration clause – Grant agreement concluded in the context of the Seventh Framework Programme for research, technological development and demonstration activities (2007-2013) – Eligible costs – Request for reimbursement – Financial audit – OLAF investigation – Conflict of interest on account of family or emotional ties – Principle of good faith – Principle of non-discrimination on grounds of marital status – Legitimate expectations – Action for annulment – Debit notes – Acts inseparable from the contract – Act not open to challenge – Right to effective judicial review – Inadmissibility.#Case T-4/20.
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (An Chéad Dlísheomra) 2022 Aibreán 27.
Sieć Badawcza Łukasiewicz – Port Polski Ośrodek Rozwoju Technologii v An Coimisiún Eorpach.
Clásal eadrána – Comhaontú deontais arna thabhairt i gcrích mar chuid den Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007 – 2013) – Costais incháilithe – Iarratas ar aisíocaíocht – Iniúchadh airgeadais – Imscrúdú OLAF – Coinbhleacht leasa de bhun nasc teaghlaigh nó mothúchán – Prionsabal an mheoin mhacánta – Prionsabal an neamh‑idirdhealaithe bunaithe ar stádas pósta – Ionchais dhlisteanacha – Caingean le haghaidh neamhniú – Nótaí dochair – Gníomhartha nach bhfuil inscartha ón gconradh – Gníomh nach bhféadfaí agóid a dhéanamh ina choinne – Ceart chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fháil – Do‑ghlacthacht.
Cás T-4/20.
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (An Chéad Dlísheomra) 2022 Aibreán 27.
Sieć Badawcza Łukasiewicz – Port Polski Ośrodek Rozwoju Technologii v An Coimisiún Eorpach.
Clásal eadrána – Comhaontú deontais arna thabhairt i gcrích mar chuid den Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007 – 2013) – Costais incháilithe – Iarratas ar aisíocaíocht – Iniúchadh airgeadais – Imscrúdú OLAF – Coinbhleacht leasa de bhun nasc teaghlaigh nó mothúchán – Prionsabal an mheoin mhacánta – Prionsabal an neamh‑idirdhealaithe bunaithe ar stádas pósta – Ionchais dhlisteanacha – Caingean le haghaidh neamhniú – Nótaí dochair – Gníomhartha nach bhfuil inscartha ón gconradh – Gníomh nach bhféadfaí agóid a dhéanamh ina choinne – Ceart chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fháil – Do‑ghlacthacht.
Cás T-4/20.
Tuarascálacha cúirte - ginearálta - an rannán ‘Eolas faoi bhreitheanna neamhfhoilsithe’
Aitheantóir ECLI: ECLI:EU:T:2022:242
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Chéad Dlísheomra)
an 27 Aibreán 2022 ( *1 )
(Clásal eadrána – Comhaontú deontais arna thabhairt i gcrích mar chuid den Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007–2013) – Costais incháilithe – Iarratas ar aisíocaíocht – Iniúchadh airgeadais – Imscrúdú OLAF – Coinbhleacht leasa de bhun nasc teaghlaigh nó mothúchán – Prionsabal an mheoin mhacánta – Prionsabal an neamh‑idirdhealaithe bunaithe ar stádas pósta – Ionchais dhlisteanacha – Caingean le haghaidh neamhniú – Nótaí dochair – Gníomhartha nach bhfuil inscartha ón gconradh – Gníomh nach bhféadfaí agóid a dhéanamh ina choinne – Ceart chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fháil – Do‑ghlacthacht)
I gCás T-4/20,
Sieć Badawcza Łukasiewicz – Port Polski Ośrodek Rozwoju Technologii, bunaithe in Wroclaw (an Pholainn), arna ionadú ag Ł. Stępkowski, Dlíodóir,
iarratasóir,
v
An Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag B. Araujo Arce agus J. Estrada de Solà, i gcáil Gníomhairí)
cosantóir,
tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Chéad Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: H. Kanninen, Uachtarán, M. Jaeger (Rapóirtéir) agus M. Stancu, Breithiúna,
Cláraitheoir: P. Cullen, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn, go háirithe:
|
– |
an t-iarratas ar fhaisnéis áirithe a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí arna dhéanamh ag an iarratasóir trí dhoiciméad ar leith an 3 Eanáir 2020 faoi Airteagal 66 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta; |
|
– |
an chosaint arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte an 20 Bealtaine 2020, ina sonraíonn an Coimisiún nach gcuireann sé i gcoinne an iarratais a rinne an t‑iarratasóir faoi Airteagal 66 de na Rialacha Nós Imeachta; |
i ndiaidh éisteacht an 5 Deireadh Fómhair 2021,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Lena chaingean, iarrann an t‑iarratasóir, Sieć Badawcza Łukasiewicz – Port Polski Ośrodek Rozwoju Technologii, go príomha, ar bhonn Airteagal 272 CFAE, dearbhú nach ann d’éileamh conarthach an Choimisiúin Eorpaigh, a leagtar amach i sé nóta dochair dar dáta an 13 Samhain 2019 de mhéid comhiomlán de EUR 180 893.90, déanta as príomhshuim EUR 164449 agus damáistí agus ús EUR 16 444.90, agus a ordú go n‑aisíocfaidh an Coimisiún na suimeanna a áirítear sna nótaí dochair sin, agus, mar mhalairt air sin, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, litir ón gCoimisiún an 12 Samhain 2019, a cuireadh chuig an iarratasóir, a chur ar neamhní. |
I. Cúlra na díospóide
|
2 |
Is institiúid taighde é an t‑iarratasóir a d’aontaigh do thrí chomhaontú deontais faoin Seachtú Clár Réime de chuid an Chomhphobail um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007–2013) (‘FP7’), mar thairbhí. |
|
3 |
Idir mí na Nollag 2007 agus mí Iúil 2010, thug an Coimisiún líon comhaontuithe deontais i gcrích, inter alia na comhaontuithe sin ar a bhfuil na huimhreacha 215669-EUWB, 248577-C2POWER agus 257626-ACROPOLIS (‘comhaontú deontais EUWB’, ‘comhaontú deontais C2POWER’ agus ‘comhaontú deontais ACROPOLIS’, faoi seach, nó, dá ngairtear le chéile, ‘na comhaontuithe deontais atá i gceist’) le trí chuibhreannas comhdhéanta de chomhlachtaí taighde ó Bhallstáit éagsúla, agus gach cuibhreannas á threorú ag comhordaitheoir. Cé gurb iad comhordaitheoirí na gcuibhreannas príomh‑chontrapháirtithe conarthacha an Choimisiúin, bhí stádas de pháirtí sna comhaontuithe deontais i gceist ag gach tairbhí. |
|
4 |
D’aontaigh an t‑iarratasóir, ar a dtugtaí Wrocławskie Centrum Badań EIT+, do na comhaontuithe deontais a bhí i gceist mar thairbhí. |
|
5 |
Idir an 12 agus an 14 Lúnasa 2013, bhí an comhaontú deontais C2POWER – mar aon le comhaontuithe deontais eile a tugadh i gcrích faoin FP7 (tionscadal SAPHYRE agus FIVER) – ina ábhar iniúchta a rinne gnólacht iniúchóireachta seachtraí a ghníomhaigh mar ionadaí údaraithe don Choimisiún. |
|
6 |
An 11 Deireadh Fómhair 2013, chuir an t‑iarratasóir an fhaisnéis bhreise a d’iarr na hiniúchóirí ar fáil ag cruinniú deiridh a tionóladh an 14 Lúnasa 2013. |
|
7 |
An 17 Feabhra 2014, sheol na hiniúchóirí an dréacht‑tuarascáil iniúchóireachta tosaigh chuig an iarratasóir. Le litir an 7 Márta 2014, chuir an t‑iarratasóir a bharúlacha maidir leis an tuarascáil sin faoi bhráid. |
|
8 |
Le litir an 22 Aibreán 2014, sheol an Coimisiún chuig an iarratasóir an tuarascáil iniúchta deiridh an 21 Márta 2014 (Uimh. 13‑BA 222‑030) maidir leis an gcomhaontú deontais C2POWER agus leis na tionscadail SAPHYRE agus FIVER (‘an tuarascáil iniúchóireachta deiridh’) agus chuir sé in iúl don iarratasóir gur mheas sé go raibh an t‑iniúchadh dúnta. |
|
9 |
An 15 Meán Fómhair 2014, i gcomhthéacs imscrúdaithe OF/2013/0325/A 3, sheol an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) iarraidh chuig an iarratasóir, mar dhuine lena mbaineann, chun doiciméid a thabhairt ar aird a bhaineann leis na huaireanta arna dtuairisciú ag duine dá fhostaithe (‘an fostaí i gceist’) i ndáil lena thionscadail arna maoiniú ag an Aontas Eorpach. An 8 Deireadh Fómhair 2014, sheol an t‑iarratasóir na doiciméid iarrtha chuig OLAF. |
|
10 |
Le litir an 10 Deireadh Fómhair 2014, d’iarr OLAF ar an iarratasóir doiciméid tacaíochta eile a bhaineann le beirt fhostaithe eile a thabhairt ar aird. Le litir an 6 Samhain 2014, chuir an t‑iarratasóir na doiciméid a iarradh ar fáil. |
|
11 |
An 15 Eanáir 2015, chuir OLAF in iúl don iarratasóir, mar dhuine lena mbaineann an t‑imscrúdú, faoin iompar a líomhnaítear ina choinne, is é sin a chomhpháirteachas sna dearbhuithe bréagacha a rinneadh ar chláir ama an fhostaí i gceist agus beirt eile dá fhostaithe. |
|
12 |
An 27 Eanáir 2015, sheol an t‑iarratasóir a bharúlacha chuig OLAF, inar chuir sé i gcoinne líomhaintí OLAF. |
|
13 |
An 1 Meitheamh 2015, chuir OLAF an t‑iarratasóir ar an eolas faoi dhúnadh an imscrúdaithe agus faoi na moltaí a cuireadh chuig údaráis bhreithiúnacha na Polainne agus chuig seirbhísí inniúla an Choimisiúin. |
|
14 |
An 25 Meitheamh 2015, sheol an t‑iarratasóir litir chuig OLAF ina raibh líon áirithe iarrataí ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid tacaíochta agus inar iarr sé ar OLAF, inter alia, cóip dá tuarascáil imscrúdaithe a chur ar fáil dó. |
|
15 |
An 10 Lúnasa 2015, chuir OLAF an fhaisnéis a iarradh ar fáil don iarratasóir, seachas an fhaisnéis a bhí faoi réir rialacha dochta rúndachta agus cosanta sonraí pearsanta agus inar áiríodh a thuarascáil imscrúdaithe. Mar sin shonraigh OLAF na fíorais i gceist, an tréimhse agus na tionscadail lena mbaineann na fíorais sin (eadhon na comhaontuithe deontais i gceist, an tionscadal SAPHYRE agus an tionscadal ONEFIT), chomh maith leis na moltaí a cuireadh chuig an Ard‑Stiúrthóireacht inniúil maidir leis an aisghabháil den mhéid lena mbaineann. |
|
16 |
Le litir an 1 Meán Fómhair 2015, d’iarr an t‑iarratasóir ar OLAF faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil dó chomh maith leis na forálacha dlí ábhartha a bhaineann lena imscrúdú. D’fhreagair OLAF an 9 Samhain 2015 é. |
|
17 |
An 7 Lúnasa 2018, chuir an Coimisiún an t‑iarratasóir ar an eolas go raibh sé ar intinn aige dhá nóta dochair a eisiúint, le haghaidh príomhshuime EUR 374188 agus le haghaidh suime de EUR 30200 mar dhamáistí, ar bhonn chonclúidí OLAF maidir leis na comhaontuithe deontais i gceist, an tionscadal SAPHYRE agus an tionscadal ONEFIT. |
|
18 |
An 26 Deireadh Fómhair 2018, sheol an t‑iarratasóir litir chuig an gCoimisiún inar chuir sé i gcoinne chonclúidí OLAF agus d’iarr sé ar an gCoimisiún roinnt imthosca fíorasacha agus dlíthiúla a chur san áireamh sula nglacfar bearta aisghabhála. |
|
19 |
Le litir an 22 Iúil 2019, chuir an Coimisiún in iúl don iarratasóir go raibh athrú tagtha ar a sheasamh tosaigh de bharr cuid dá bharúlacha. Go sonrach, glacadh le costais phearsanra na beirte fostaithe eile ar deireadh agus níor diúltaíodh ach costais phearsanra an fhostaí i gceist, a bhain leis an tréimhse idir Lúnasa 2010 agus Deireadh Fómhair 2012, agus mar thoradh air sin, b’ionann méid iomlán an éilimh agus EUR 180 895.90. |
|
20 |
An 29 Lúnasa 2019, sheol an t‑iarratasóir dara litir agóide chuig an gCoimisiún ina d’iarr sé ar an gCoimisiún a bharúlacha breise a chur san áireamh i leith na mbeart a bhí beartaithe aige a ghlacadh. |
|
21 |
Le litir an 12 Samhain 2019, d’fhreagair an Coimisiún an t‑iarratasóir ag coinneáil a sheasamh agus é a chur ar an eolas faoi eisiúint nótaí dochair (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’). Cuireadh an litir sin i gceangal le ríomhphost an 13 Samhain 2019, chomh maith le nótaí dochair Uimh. 3241913641 (comhaontú deontais ACROPOLIS, príomhshuim, suim de EUR 72592), Uimh. 3241913642 (comhaontú deontais EUWB, damáistí, suim de EUR 7 259.20), Uimh. 3241913643 (comhaontú deontais EUWB, príomhshuim, suim de EUR 64818), Uimh. 3241913644 (comhaontú deontais C2POWER damáistí, suim de EUR 6 481.80), Uimh. 3241913645 (comhaontú deontais C2POWER, príomhshuim, suim de EUR 27039) agus Uimh. 3241913647 (comhaontú deontais ACROPOLIS, damáistí, suim de EUR 2 703.90), is iníoctha an 30 Nollaig 2019. |
|
22 |
An 23 Nollaig 2019, d’íoc an t‑iarratasóir go hiomlán na méideanna a d’éiligh an Coimisiún. |
|
23 |
Le litir an 24 Nollaig 2019, cheistigh an t‑iarratasóir ábhar an chinnidh atá faoi chonspóid, ríomhphost an Choimisiúin an 13 Samhain 2019 agus na nótaí dochair a bhí ag gabháil leis an ríomhphost sin, agus chuir sé i gcoinne na nótaí dochair sin. |
II. Saghas ordaithe atá á lorg
|
24 |
Iarrann an t‑iarratasóir, go bunúsach, ar an gCúirt Ghinearálta:
|
|
25 |
Iarrann an Coimisiún go bunúsach ar an gCúirt:
|
III. An dlí
A. Iarratas ar fhaisnéis a fhágáil ar lár
|
26 |
Trí dhoiciméad ar leith arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte an 3 Eanáir 2020, thíolaic an t‑iarratasóir iarratas ar fhaisnéis áirithe a fhágáil ar lár i leith an phobail, i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, d’fhonn a áirithiú, ar an gcéad dul síos, cosaint sonraí pearsanta agus, ar an dara dul síos, cosaint rún gnó. |
|
27 |
Leis an iarratas sin, iarrann an t‑iarratasóir, go bunúsach, na cineálacha faisnéise seo a leanas a fhágáil ar lár:
|
|
28 |
Ina theannta sin, iarrann an t‑iarratasóir, i gcás go bhfoilseofar an breithiúnas seo, nach bhfoilseofar ach sleachta nach féidir na daoine lena mbaineann na himeachtaí seo a shainaithint nó nach féidir sonraí a bhaineann le struchtúr eagraíochtúil an iarratasóra, a chleachtais bhainistíochta nó a iompar mar fhostóir a nochtadh. |
|
29 |
Sa chéad áit, ba cheart a mheabhrú, agus an gá atá le cinntí breithiúnacha a dhéanamh poiblí á réiteach, ar thaobh amháin, agus an ceart chun sonraí pearsanta agus rúin ghnó a chosaint, ar an taobh eile, nach mór don chúirt, in imthosca gach cáis ar leith, cothromaíocht chóir a bhaint amach, ag féachaint freisin do cheart rochtana an phobail, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 15 CFAE, maidir le cinntí breithiúnacha (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 2020, Broughton v Eurojust, T‑87/19, nár foilsíodh, EU:T:2020:464, mír 49). |
|
30 |
Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, ní chuimsítear sa bhreithiúnas seo ainmneacha na ndaoine a bhí fostaithe ag an iarratasóir agus atá fostaithe faoi láthair aige, ná ainmneacha tríú páirtithe ná faisnéis eile atá san iarratas nó sna hiarscríbhinní a d’fhéadfadh ligean don phobal duine a shainaithint. |
|
31 |
Ina dhiaidh sin, níl aon chuspóir ag an iarratas a bhaineann le tuarascáil OLAF ós rud é nár cuireadh an tuarascáil sin ar aird. |
|
32 |
Ar deireadh, maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann le hábhar na gconarthaí fostaíochta, le struchtúr eagraíochtúil an iarratasóra, lena chleachtais bhainistíochta agus lena iompar mar fhostóir, ní chuimsítear sa bhreithiúnas seo ach faisnéis, dá mba rud é go bhfágfaí ar lár í, d’fhéadfadh drochthionchar a bheith ag an bhfágáil ar lár sin ar rochtain an phobail ar bhreithiúnais agus ar thuiscint an phobail orthu. |
|
33 |
Sa dara háit, ba cheart a thabhairt faoi deara gur tíolacadh agus gur pléadh an fhaisnéis atá sa bhreithiúnas seo ag an éisteacht a seoladh i gcúirt oscailte an 5 Deireadh Fómhair 2021 nó gur faisnéis í nach bhfuil údar sách maith lena fágáil ar lár, ionas nach bhfuil aon chúis dhlisteanach ann le hiarratas an iarratasóra a dheonú (féach, chuige sin, orduithe an 21 Iúil 2017, Polskie Górnictwo Naftowe i Gazownictwo v an Coimisiún, T‑130/17 R, EU:T:2017:541, mír 62, agus an 21 Iúil 2017, PGNiG Supply & Trading v an Coimisiún, T‑849/16 R, EU:T:2017:544, mír 57). |
B. An chaingean arna tionscnamh faoi Airteagal 272 CFAE
1. An iarraidh ar dhearbhú nach ann don éileamh conarthach agus gur costais incháilithe iad na costais phearsanra, agus an t‑éileamh ar aisíocaíocht na suimeanna a íocadh
|
34 |
Mar thaca lena phríomhchinn éilimh a leagtar amach ina gcaingean arna tionscnamh faoi Airteagal 272 den CFAE, cuireann an t‑iarratasóir ceithre shaincheist dlí chun cinn, lena líomhnaítear sárú ar fhorálacha na gcomhaontuithe deontais atá i gceist, ar dhlí na Beilge agus ar dhlí fostaíochta agus saothair na Polainne, agus sárú ar phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint. |
(a) An chéad saincheist dlí, lena líomhnaítear sárú ar fhorálacha na gcomhaontuithe deontais atá i gceist
|
35 |
Cuireann an t‑iarratasóir trí ghearán chun cinn mar thaca lena chéad saincheist dlí. |
(1) An chéad ghearán, lena líomhnaítear sárú ar Airteagal II.22(1) agus (6) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist de bharr aisghabháil aontaobhach na gcistí agus na ndamáistí leachtaithe.
|
36 |
Lena chéad ghearán, cuireann an t‑iarratasóir i gcoinne dhlíthiúlacht na haisghabhála a rinne an Coimisiún agus forchur an Choimisiúin i leith damáistí leachtaithe i bhfianaise na bhforálacha conarthacha lena rialaítear an inniúlacht sin. |
|
37 |
Tá sé den tuairim, cé go gceadaítear le hAirteagal II.22(6) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist don Choimisiún bearta a ghlacadh amhail orduithe aisghabhála a eisiúint nó smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, nach mór an chumhacht sin a fheidhmiú ar bhonn na gconclúidí d’iniúchadh de réir bhrí Airteagal II.22(1) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe sin. |
|
38 |
Ar dtús, áfach, d’éiligh an Coimisiún íocaíocht ón iarratasóir gan brath ar chonclúidí iniúchta maidir le comhaontuithe deontais EUWB agus ACROPOLIS agus, maidir leis an gcomhaontú deontais C2POWER, contrártha le conclúidí an iniúchta, na conclúidí a bhí glactha aige, áfach. |
|
39 |
Ar an dara dul síos, bhí an Coimisiún ag brath ar thuarascáil imscrúdaithe OLAF, nach iniúchadh airgeadais é de réir bhrí Airteagal II.22(1) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist. Chuige sin, áitíonn an t‑iarratasóir, cé go gceadaítear le hAirteagal II.22(8) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist don Choimisiún dul ar iontaoibh OLAF chun seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, nach dtugtar cumhacht dó leis an bhforáil sin maolú ar fhorálacha Airteagal II.22(6) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe sin. |
|
40 |
Dá bhrí sin, tagann an t‑iarratasóir ar an tátal nár ceadaíodh leis na forálacha conarthacha is infheidhme don Choimisiún an beart a ghlac sé a ghlacadh, is é sin cistí agus damáistí leachtaithe a aisghabháil go haontaobhach in ionad éileamh ar íocaíocht a thabhairt os comhair na cúirte a bhfuil dlínse aici, agus é féin a theorannú d’agóid a dhéanamh i gcoinne fíoras gan aon fhianaise a thabhairt ar aird chun tacú leis an agóid sin. |
|
41 |
Luann an t‑iarratasóir freisin, contrártha le héilimh an Choimisiúin, nach ndeonaítear le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO 2002 L 248, lch. 1; ‘an Rialachán Airgeadais’) ná le hAirteagal 317 CFAE ann féin cumhacht chonarthach fhéinsheasmhach don Choimisiún chun aisghabháil a éileamh d’éagmais aon tuarascáil iniúchóireachta deiridh nó contrártha le conclúidí tuarascála den sórt sin i gcomhréir leis na comhaontuithe deontais atá i gceist. |
|
42 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
43 |
Ar an gcéad dul síos, i Roinn 3, dar teideal ‘Rialuithe agus smachtbhannaí’, d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, áirítear Airteagal II.22, dar teideal ‘Iniúchtaí agus rialuithe airgeadais’, lena bhforáiltear do nósanna imeachta iniúchóireachta, ar thaobh amháin, agus nósanna imeachta rialaithe, ar an taobh eile. |
|
44 |
Maidir le nósanna imeachta iniúchóireachta, foráiltear le hAirteagal II.22(1) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist ‘go bhféadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith le linn chur chun feidhme an tionscadail agus suas le 5 bliana tar éis dheireadh an tionscadail, socrú a dhéanamh maidir le hiniúchtaí airgeadais atá le déanamh ag iniúchóirí seachtracha, nó ag seirbhísí an Choimisiúin iad féin, lena n‑áirítear OLAF’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] Foráiltear leis an Airteagal sin freisin ‘go measfar go gcuirfear tús leis an nós imeachta iniúchóireachta ar an dáta a bhfaighfear an litir ábhartha a sheol an Coimisiún’, ‘go bhféadfadh iniúchtaí den sórt sin gnéithe airgeadais, sistéamacha agus eile (amhail prionsabail chuntasaíochta agus bainistíochta) a chumhdach maidir le forghníomhú cuí an chomhaontaithe deontais’, agus ‘go gcuirfear i gcrích iad ar bhonn rúnda’. |
|
45 |
In Airteagal II.22(6) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, sonraítear freisin ‘ar bhonn chonclúidí an iniúchta, déanfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí uile a mheasann sé is gá, lena n‑áirítear orduithe aisghabhála a eisiúint maidir leis na híocaíochtaí uile nó cuid díobh a rinne sé agus aon smachtbhanna is infheidhme a chur i bhfeidhm’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
46 |
Maidir le nósanna imeachta rialaithe, foráiltear le hAirteagal II.22(8) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, maidir leis an bhféidearthacht bearta imscrúdaithe a ghlacadh, go bhféadfaidh an Coimisiún, ‘de bhreis air sin’, ‘seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag [OLAF] [agus] Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag [OLAF]’. |
|
47 |
Leanann sé ón méid sin thuasluaite gur bearta iad na nósanna imeachta rialaithe, dá bhforáiltear sna comhaontuithe deontais atá i gceist, a thagann faoin gcreat conarthach a nascann na páirtithe atá neas‑suite leis na nósanna imeachta iniúchta mar nósanna imeachta neamhspleácha. |
|
48 |
Ar an dara dul síos, ionas go bhféadfar na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal II.22 d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist a chur i gcrích, foráiltear le hAirteagal II.3(g) den iarscríbhinn sin ‘go dtabharfaidh gach tairbhí an fhaisnéis go léir a iarrtar faoi chuimsiú na rialuithe agus na n‑iniúchtaí go díreach don Choimisiún lena n‑áirítear [OLAF] agus [an] Chúirt Iniúchóirí’. |
|
49 |
Leis an litir ó OLAF an 15 Meán Fómhair 2014 inar iarradh ar an iarratasóir doiciméid áirithe a thabhairt ar aird (féach mír 9 thuas) saothraítear an cuspóir sin go sonrach, rud a thugann údar maith don bheart imscrúdaithe ar bhonn Airteagal II.3(g) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist. |
|
50 |
Mar sin is cuid den chreat conarthach arna bhunú ag na páirtithe é an nós imeachta a dhéanann OLAF. |
|
51 |
Ar an tríú dul síos, is suntasach é nach bhfuil an iarraidh ar dhoiciméid a thabhairt ar aird an 15 Meán Fómhair 2014 bunaithe ar Airteagal II.22(3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, lena bhforáiltear: ‘Coinneoidh na tairbhithe na bunchóipeanna nó, i gcásanna eisceachtúla, cóipeanna fíordheimhnithe go cuí – lena n‑áirítear cóipeanna leictreonacha – de na doiciméid go léir a bhaineann leis an gcomhaontú deontais ar feadh suas le cúig bliana ó dheireadh an tionscadail. Cuirfear iad sin ar fáil don Choimisiún i gcás ina n‑iarrfar sin le linn aon iniúchta faoin gcomhaontú deontais.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
52 |
Cé gur féidir an toradh céanna a bhaint amach le hiarraidh atá bunaithe ar an bhforáil sin agus le hiarraidh arna déanamh faoi Airteagal II.3(g) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, níl feidhm ag Airteagal II.22(3) den iarscríbhinn sin ach amháin maidir le nósanna imeachta iniúchóireachta agus ní nósanna imeachta rialaithe. Ina theannta sin, tá an réasúnaíocht chéanna infheidhme chun críocha sainmhíniú a thabhairt ar raonta feidhme Airteagal II.22(3) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist agus Airteagal II.22(8) den iarscríbhinn sin faoi seach. |
|
53 |
Dá bhrí sin, tagann an nós imeachta arna dhéanamh ag OLAF sa chás seo faoi na nósanna imeachta rialaithe dá bhforáiltear i bhforálacha na gcomhaontuithe deontais atá i gceist. |
|
54 |
Ar an gceathrú dul síos, i gcomhthéacs an nós imeachta rialaithe a cuireadh i gcrích sa chás seo, d'aithin an Coimisiún neamhrialtachtaí arna ndéanamh ag an iarratasóir a d'fhág nach raibh costais áirithe incháilithe. |
|
55 |
Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal II.21(1) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, ‘i gcás ina bhfuil méid atá dlite don [Aontas Eorpach] ag tairbhí le haisghabháil tar éis aon chomhaontú deontais faoi FP7 a fhoirceannadh nó a thabhairt chun críche, iarrfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ordú aisghabhála arna eisiúint i gcoinne an tairbhí lena mbaineann, go ndéanfar an méid atá dlite a aisíoc’. |
|
56 |
I gcomhréir leis an bhforáil sin, ar a bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe go sainráite, bhí an Coimisiún i dteideal conclúidí a bhaint as toradh an nós imeachta rialaithe trí aisghabháil na suimeanna a bhí dlite a iarraidh ar an iarratasóir. |
|
57 |
Dá bhrí sin, contrártha d’éilimh an iarratasóra, ar an gcéad dul síos, nach dtugtar le hAirteagal II.22(8) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, de chumhacht don Choimisiún maolú ar Airteagal II.22(6) den iarscríbhinn sin agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil aon chumhacht ag an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh ar thuarascáil iniúchóireachta deiridh faoi na comhaontuithe deontais atá i gceist, tá an nós imeachta a leantar sa chás seo neamhspleách ar an nós imeachta iniúchóireachta dá dtagraítear ag an iarratasóir. |
|
58 |
I dtaca leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go sonraítear go sainráite sa chéad mhír d’Airteagal 9 de na comhaontuithe deontais atá i gceist go mbeidh na comhaontuithe sin ‘á rialú ag […] an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an mbuiséad ginearálta agus lena rialacha cur chun feidhme […]’. |
|
59 |
Foráiltear le hAirteagal 119 den Rialachán Airgeadais an méid seo a leanas: ‘1. Ní shocrófar méid an deontais go dtí go nglacfaidh an institiúid leis na tuarascálacha deiridh agus leis na cuntais deiridh, gan dochar do sheiceálacha a dhéanfaidh an institiúid ina dhiaidh sin. 2. Má theipeann ar an tairbhí a chuid nó a cuid oibleagáidí dlíthiúla nó conarthacha a chomhlíonadh, déanfar an deontas a fhionraí agus a laghdú nó a fhoirceannadh sna cásanna dá bhforáiltear leis na rialacha cur chun feidhme tar éis deis a bheith tugtha don tairbhí a chuid nó a cuid barúlacha a thabhairt.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
60 |
I dtaca leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach bhforchuirtear le hAirteagal 119 den Rialachán Airgeadais, sa leagan is infheidhme an tráth ábhartha, aon cheanglas nós imeachta ar leith agus sonrach maidir leis an gcaoi a ndéanfar neamhrialtachtaí a shainaithint sa chomhthéacs de nósanna imeachta rialaithe arna dtionscnamh tar éis glacadh leis na tuarascálacha deiridh agus leis na cuntais. |
|
61 |
Ina dhiaidh sin, níl aon cheanglas ach an oiread i dtaca leis sin sna rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na forála sin, atá i bhfeidhm an tráth ábhartha. Le hAirteagal 183(1)(a) agus (2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme [an Rialacháin Airgeadais] (IO 2002 L 357, lch. 1) tugtar cead don oifigeach údarúcháin atá freagrach, inter alia, aisíocaíocht pro rata a éileamh ar an tairbhí i gcás nach gcuirfear an clár oibre arna chomhaontú i gcrích i gceart. |
|
62 |
Ar deireadh, mar fhreagra ar cheist a ardaíodh ag an éisteacht, d’admhaigh an t‑iarratasóir go bhfuil Airteagal 119 den Rialachán Airgeadais infheidhme maidir leis an gcreat conarthach, faoi réir shainaithint neamhrialtachta. |
|
63 |
Dá bhrí sin, is de thoradh an méid sin thuasluaite nach féidir an Coimisiún a cháineadh nár chomhlíon sé na ceanglais nós imeachta is infheidhme i gcomhthéacs an nós imeachta rialaithe a cuireadh i gcrích sa chás seo. |
|
64 |
Ar an gcúigiú dul síos, tá comhthuiscint ann, tar éis na barúlacha a chuir an t‑iarratasóir ar fáil ina litir an 26 Deireadh Fómhair 2018, gur laghdaigh an Coimisiún méid na suimeanna a bhí á éileamh aige ar an iarratasóir. Agus é ag cur i gcoinne chonclúidí na tuarascála OLAF a raibh éilimh an Choimisiúin bunaithe orthu, bhí an t‑iarratasóir ag brath, inter alia, ar an tuarascáil iniúchóireachta dheiridh. Dá bhrí sin, chun críocha na horduithe aisghabhála a tharraingt suas, chuir an Coimisiún san áireamh na measúnuithe a tháinig as an nós imeachta iniúchóireachta agus as an nós imeachta rialaithe. Ar an mbonn sin, ghníomhaigh an Coimisiún faoi chuimsiú na gcumhachtaí a thugtar dó le hAirteagal II.22(6) agus leis an dara fomhír d’Airteagal II.21(1) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, rud atá á léiriú sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
65 |
Dá bhrí sin, ní sárú ar na forálacha conarthacha é an nós imeachta a lean an Coimisiún chun a iarraidh go n‑aisíocfar suimeanna a mheas sé a bheith dlite. Dá réir sin, ní mór diúltú don chéad ghearán. |
(2) An dara gearán, lena líomhnaítear gur sáraíodh Airteagal II.14(1)(a) agus (b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist mar gheall ar an éileamh ar íocaíocht i dtaca le costais iarbhír.
|
66 |
Lena dara gearán, áitíonn an t‑iarratasóir gur ceanglaíodh ar an gCoimisiún glacadh leis gur costais iarbhír iad costais phearsanra an fhostaí i gceist, ós rud é gur deimhníodh go sonrach sa tuarascáil iniúchóireachta dheiridh go raibh siad fíor, conclúid a d’fhormhuinigh an Coimisiún ina litir an 22 Aibreán 2014. |
|
67 |
Baineann an t‑iarratasóir de thátal as an méid sin, trí imeacht ó chonclúidí na n‑iniúchóirí gan, mar sin féin, aon rud a chur ar aghaidh chun tacú leis an bhféidearthacht é sin a dhéanamh nó mínithe a thabhairt maidir le hábharthacht chonclúidí OLAF nuair a dhiúltaigh sé go páirteach iad, gur sháraigh an Coimisiún Airteagal II.14(1)(a) agus (b) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist agus go ndearna sé mar sin earráid fhíorais. |
|
68 |
Cuireann an t‑iarratasóir in iúl nach mbaineann le hábhar seasamh an Choimisiúin maidir le leithdháileadh an dualgas cruthúnais maidir le hincháilitheacht na gcostas arna dtabhú ag tairbhí an deontais agus maidir lena chumas cistiú a aisghabháil. I ndáil leis sin, áitíonn sé, sa chás seo, ós rud é gur seachadadh an tuarascáil iniúchóireachta dheiridh ina ndearbhaítear gur costais iarbhír na costais a bhí i gceist, gur ar an gCoimisiún a luíonn an dualgas a chruthú go raibh an tuarascáil sin mícheart agus gur costais neamh‑incháilithe iad costais phearsanra áirithe. |
|
69 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
70 |
Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara gurb éard atá in argóint an iarratasóra, i gcomhthéacs an dara gearán dá chéad phléadáil, ná líomhain gur sháraigh an Coimisiún na forálacha conarthacha mar gheall ar mhainneachtain cineál líomhainte ceangailteach na tuarascála iniúchóireachta deiridh a chomhlíonadh. |
|
71 |
Mar sin féin, ar an gcéad dul síos, ní léir ó fhorálacha na gcomhaontuithe deontais atá i gceist go bhfuil a leithéid de luach le cur i leith iniúchtaí. Os a choinne sin, dearbhaítear cineál sealadach dá luach fianaise in Airteagal II.22(1) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, lena n‑aithnítear go bhféadfaí iniúchtaí nua a dhéanamh le linn na gcúig bliana tar éis an tionscadal lena mbaineann a chur i gcrích. Ar an gcaoi chéanna, le hAirteagal II.22(8) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist ceadaítear don Choimisiún imscrúduithe a thionscnamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag [OLAF] (IO 1999 L 136, lch. 1), a aisghairtear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag [OLAF] agus lena n‑aisghairtear Rialachán [Uimh. 1073/1999] agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO 2013 L 248, lch. 1). |
|
72 |
Ar an dara dul síos, mar is léir ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 58 go 62 thuas, tagann an cinneadh atá faoi chonspóid faoi chuimsiú Airteagal 119 den Rialachán Airgeadais, agus sonraítear go sainráite i mír 1 de go bhfuil an glacadh ag an institiúid le tuarascálacha deiridh agus cuntais dheiridh ‘gan dochar do sheiceálacha a dhéanfaidh an institiúid ina dhiaidh sin’. |
|
73 |
Dá bhrí sin, ní féidir a mheas go bhfuil an tuarascáil iniúchóireachta deiridh, fiú tar éis don Choimisiún í a bhailíochtú, a bheith ceangailteach agus do‑athraithe maidir leis an gCoimisiún. Is iomchuí, dá bhrí sin, diúltú d’argóint an iarratasóra, gur ceanglaíodh ar an gCoimisiún, ionas nach ndéanfaidh sé earráid fhíorais arb ionann í agus sárú ar Airteagal II.14(1)(a) agus (b) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, glacadh leis go raibh costais phearsanra an fhostaí i gceist fíor ós rud é gur admhaíodh le hiniúchadh – a d’fhormhuinigh sé a chuid chonclúidí – gurbh ionann iad seo agus costais iarbhír. |
|
74 |
Ar na cúiseanna céanna, ní bhaineann le hábhar argóint an iarratasóra nár thug an Coimisiún aon fhianaise ar aird go raibh an tuarascáil iniúchóireachta dheiridh mícheart. Is léir ó na breithnithe a leagtar amach i mír 72 thuas, i bhfianaise fhorálacha conarthacha an cháis seo, nach bhfuil an Coimisiún faoi cheangal ag torthaí iniúchadh airgeadais i gcás ina gcaitear amhras ar thorthaí an iniúchta sin de bharr seiceála ina dhiaidh sin. |
|
75 |
I bhfianaise an méid sin thuasluaite, ní mór diúltú don dara gearán. |
(3) An tríú gearán, lena líomhnaítear sárú ar an gcéad dul síos ar Airteagal II.3(n) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist mar thoradh ar riosca coinbhleachta leasa de bhun nasc teaghlaigh arna shainaithint ag an gCoimisiún agus, ar an dara dul síos, d'Airteagail 7 agus 9 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh mar thoradh ar idirdhealú bunaithe ar stádas pósta
|
76 |
Ar an gcéad dul síos, tá an t‑iarratasóir den tuairim nach raibh an Coimisiún i dteideal a chinneadh go raibh an baol ann go mbeadh coinbhleacht leasa ann de réir bhrí Airteagal II.3(n) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, rud a d’fhág gur caitheadh amhras ar iontaofacht na dtaifead ar líon na n‑uaireanta a d’oibrigh an fostaí mar gheall ar an rochtain a bhí ag a bhean chéile ar na taifid sin. |
|
77 |
Ina leith sin, áitíonn an t‑iarratasóir, d’ainneoin gur cuireadh ar an eolas é, gur theip ar an gCoimisiún a chur san áireamh, ar an gcéad dul síos, an t‑athbhreithniú a raibh an fostaí i gceist agus a bhean chéile faoina réir ag a gceannairí ordlathacha faoi seach, a rinne seiceáil go raibh obair an fhostaí i gceist fíor, agus, ar an dara dul síos, easpa nasc feidhmiúil, ordlathach nó eagraíochtúil idir na céilí. Chuige sin, sonraíonn an t‑iarratasóir go ndéanann an Coimisiún earráid fhíorais trína ghlacadh leis go raibh baint shubstaintiúil ag bean chéile an fhostaí atá i gceist nuair, i ndáiríre, gur rochtain de chineál riaracháin amháin a bhí i rochtain na mná céile ar bhileoga ama an fhostaí sin agus nach raibh aon chumhacht ag a bhean chéile na doiciméid sin a leasú. Ina theannta sin, tugann an t‑iarratasóir dá aire gur fhíoraigh agus gur dheimhnigh na hiniúchóirí an córas um am oibre a thaifeadadh. Sa bhreis air sin, áitíonn an t‑iarratasóir nach raibh aon riosca coinbhleachta leasa ann, mar a léirítear ag an bhfíoras nár aithin ceannairí ordlathacha na gcéilí faoi seach aon teagmhas calaoise féideartha maidir leis na bileoga ama. |
|
78 |
Ina dhiaidh sin, tugann an t‑iarratasóir faoi deara nach bhfuil aon riail dlí ann lena gceanglaítear go gcoimeádtar céilí go docht óna chéile i dtimpeallacht oibre. Chuige sin, tugann sé dá aire gur modh nach bhfuil chomh hionsáite céanna iad na bearta a cuireadh i bhfeidhm sa chás seo (athbhreithniú dúbailte neamhspleách, sannadh do ranna éagsúla) chun fíorcharachtar na mbileog ama a chinntiú a raibh rochtain ag bean chéile an fhostaí orthu ina cáil riaracháin. |
|
79 |
Ar deireadh, tá an t‑iarratasóir den tuairim gurb ionann seasamh an Choimisiúin agus idirdhealú bunaithe ar stádas pósta, contrártha d’Airteagal 7 agus d’Airteagal 9 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), ós rud é gurb ionann an ceanglas ar chéilí a bheith coinnithe ar leithligh ag an obair toisc gur céilí iad, d’éagmais fíorchúis le bheith in amhras faoina n‑ionracas, agus cóireáil mhíchothrom ag an obair agus/nó idirdhealú. I dtaca leis sin, cuireann an t‑iarratasóir i gcoinne seasamh an Choimisiúin lena samhlaítear go n‑athrófar cúraimí bhean chéile an fhostaí i dtrácht chun coinbhleacht leasa a sheachaint, ós rud é gur idirdhealú bunaithe ar stádas pósta a bheadh i mbeart den sórt sin. |
|
80 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
81 |
Foráiltear le hAirteagal II.3(n) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist nach mór do gach tairbhí gach réamhchúram is gá a ghlacadh chun aon riosca coinbhleachta leasa a sheachaint a bhaineann le leasanna eacnamaíocha, cleamhnais pholaitiúla nó náisiúnta, naisc theaghlaigh nó mhothúchánacha nó aon leasanna eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmíocht neamhchlaonta agus oibiachtúil an tionscadail. |
|
82 |
Mar sin, mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, contrártha d’áitiú an Choimisiúin, nach léir ó Airteagal II.3(n) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist go bhfuil naisc eacnamaíocha, mhothúchánacha nó theaghlaigh ann as a dtagann toimhde go bhfuil riosca coinbhleachta leasa ann a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmíocht neamhchlaonta agus oibiachtúil an tionscadail. |
|
83 |
Tá an toimhde a d’fhéadfadh éirí as naisc eacnamaíocha, mhothúchánacha nó theaghlaigh a bheith ann teoranta do bhaol coinbhleachta leasa a bheith ann. Mar sin, eascraíonn toimhde infhrisnéise as an bhfoclaíocht d’Airteagal II.3(n) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, maidir le riosca den sórt sin a bheith ann i gcás, go háirithe, daoine a bhfuil naisc theaghlaigh nó mhothúchánacha acu a bhfuil baint ar bhealach éigin acu leis an tionscadal céanna. Sa chás seo, de bharr an caidreamh pósta idir an fostaí atá i gceist agus a bhean chéile, tagann an toimhde sin chun cinn. |
|
84 |
Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh an Coimisiún leas a bhaint as an toimhde sin, tá sé de cheangal mar sin féin an fhianaise ar fad a thaispeánann go bhféadfaí feidhmíocht neamhchlaonta agus oibiachtúil an tionscadail lena mbaineann a bheith i mbaol. |
|
85 |
Mar sin, mar chéad chéim, is iomchuí an fhianaise a thug an t‑iarratasóir ar aird a scrúdú chun an toimhde a fhrisnéis maidir le riosca coinbhleachta leasa a bheith ann, toisc nach gcuirtear i gcoinne chomhlíonadh an choinníll go bhfuil naisc mhothúchánacha agus teaghlaigh ann. |
|
86 |
Chuige sin, ní amhlaidh atá argóintí an iarratasóra atá bunaithe ar easpa caidrimh ordlathais agus ar easpa nasc eagraíochtúil chun go gcuirfí as an áireamh riosca coinbhleachta leasa, ós rud é, i gcomhthéacs an cháis reatha, inar d’fhormheas bean chéile an fhostaí atá i gceist a bhileoga ama, ní féidir tionchar staid an teaghlaigh a chur as an áireamh toisc nach raibh gaol d’fho‑ordú riaracháin sa timpeallacht oibre. |
|
87 |
Dá bhrí sin, is riosca coinbhleachta leasa é an staid sa chás seo de réir bhrí Airteagal II.3(n) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist. |
|
88 |
Dá réir sin, agus mar dhara céim, is iomchuí scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a thug an Coimisiún ar aird lena léireofar go bhféadfaí feidhmíocht neamhchlaonta agus oibiachtúil an tionscadail lena mbaineann a bheith i mbaol. |
|
89 |
Chuige sin, a mhéid a bhaineann le cineál na ngníomhaíochtaí a rinne bean chéile an fhostaí i gceist thar ceann an iarratasóra, is léir ó na doiciméid os comhair na Cúirte go raibh sí, ag an tráth ábhartha, fostaithe ag an iarratasóir ina roinn airgeadais agus go raibh an post de ‘phríomhfhostaí do thionscadail FP7’ aici, ar a dtugtar ‘príomhfhostaí riaracháin atá freagrach as deontais FP7’ freisin. De bhua an phoist sin, mar a admhaíonn an t‑iarratasóir, ‘bhí rochtain riaracháin [aici] ar bhileoga ama a fir chéile arna dtuairisciú maidir leis na deontais FP7 agus shínigh sí iad suas go dtí mí na Samhna 2012’. |
|
90 |
Sa chéad áit, maidir leis na freagrachtaí a bhí ar bhean chéile an fhostaí atá i gceist maidir lena bhileoga ama, ní mór a thabhairt faoi deara, cé go maíonn an t‑iarratasóir go ndearna bean chéile an fhostaí i gceist obair chléireachais agus go raibh sí freagrach, inter alia, as doiciméadú a bhaineann le deontais FP7 a bhailiú agus a chothabháil, is léir ó bhileoga ama an fhostaí i gceist, a thug an t‑iarratasóir ar aird in Iarscríbhinn A.16 a ghabhann leis an iarratas, gur fhormheas a bhean chéile a n‑ábhar, agus an focal ‘formheasta’ le feiceáil ar na doiciméid sin in aice le síniú bhean chéile an fhostaí atá i gceist. |
|
91 |
Sa dara háit, maidir le héileamh an iarratasóra go raibh sé dodhéanta do bhean chéile an fhostaí i gceist an doiciméadú oifigiúil a athrú, le héileamh den sórt sin, tá sé níos sochreidte fós go bhféadfaí feidhmíocht chuí an tionscadail lena mbaineann a bheith i mbaol, toisc cé gur fhormheas sí – mar a léirítear i mír 90 thuas – bileoga ama a fir chéile, ní bheadh sí ábalta iad a athrú fiú dá mbeidís míchruinn. |
|
92 |
Dá bhrí sin, ní mór teacht ar an gconclúid go bhfuil sé cruthaithe ag an gCoimisiún de réir an chaighdeáin dhlíthiúil riachtanaigh go bhféadfadh feidhmíocht chuí an tionscadail lena mbaineann a bheith i mbaol. |
|
93 |
Ní chaitear amhras ar an gconclúid sin le héileamh an iarratasóra go raibh gníomhaíochtaí bhean chéile an fhostaí i gceist faoi réir athbhreithniú dúbailte ag a ceannairí ordlathacha. Ní mór an fhianaise a raibh sé mar aidhm aici a léiriú go bhfuil féidearthacht ann go bhféadfaí feidhmíocht chuí an tionscadail lena mbaineann a bheith i mbaol a mheasúnú i bhfianaise nár éirigh leis an iarratasóir a bhréagnú nach ann do chás as a n‑eascródh riosca coinbhleachta leasa (féach mír 87 thuas). Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, contrártha le héilimh an iarratasóra, go bhfuil nasc feidhmiúil idir an fostaí atá i gceist agus a bhean chéile. Is leor an fíoras go raibh sí freagrach as bileoga ama a fir chéile a fhormheas gan a bheith ábalta iad a athrú, agus í le feiceáil go soiléir mar ‘mhaoirseoir’ ar na taifid sin, chun go measfaí nach raibh an córas athbhreithnithe a chuir an t‑iarratasóir i bhfeidhm ag comhlíonadh an cheanglais go nglacfaidh sé gach réamhchúram is gá chun aon riosca coinbhleachta leasa maidir le naisc theaghlaigh nó mhothúchánacha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmíocht neamhchlaonta agus oibiachtúil an tionscadail lena mbaineann a sheachaint, i gcomhréir le hAirteagal II.3(n) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an deontas comhaontuithe i gceist. |
|
94 |
Dá réir sin, níor sháraigh an Coimisiún Airteagal II.3(n) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais a bhí i gceist nuair a bhí sé den tuairim nár ghlac an t‑iarratasóir gach réamhchúram is gá chun aon riosca coinbhleachta leasa maidir le naisc theaghlaigh nó mhothúchánacha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmíocht neamhchlaonta agus oibiachtúil an tionscadail lena mbaineann a sheachaint. |
|
95 |
Thairis sin, ar an gcéad dul síos, maidir le breithnithe an iarratasóra maidir leis an bhfíoras go raibh an córas um am oibre a thaifeadadh bailíochtaithe ag na hiniúchóirí i láthair an fhostaí atá i gceist agus a mhná chéile, déantar tagairt do na conclúidí, atá leagtha amach i míreanna 73 agus 74 thuas, maidir le luach na measúnuithe atá sa tuarascáil iniúchóireachta deiridh. |
|
96 |
Ina dhiaidh sin, maidir le hagóidí an iarratasóra i ndáil le heaspa fianaise nithiúla ar an riosca coinbhleachta leasa, is leor a thabhairt faoi deara nach gceanglaítear le foclaíocht iarbhír Airteagal II.3(n) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais go gcruthófar go raibh tionchar ag an gcoinbhleacht sin ar fheidhmíocht an chonartha nó ar a chostais. |
|
97 |
Ar deireadh, maidir leis an éileamh gur idirdhealú bunaithe ar stádas pósta é seasamh an Choimisiúin, contrártha d’Airteagal 7 agus d’Airteagal 9 den Chairt, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbaineann an sárú líomhainte le cur chun feidhme míchuí na bhforálacha conarthacha. |
|
98 |
Mar sin féin, ní mór a mheabhrú go raibh deis ag an gCúirt Ghinearálta a bhreith a thabhairt cheana féin go bhforáiltear sa Chairt, atá ina cuid den dlí príomhúil, in Airteagal 51(1), gan eisceacht, go bhfuil a cuid forálacha ‘dírithe ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le hurraim chuí do phrionsabal na coimhdeachta’ agus, dá bhrí sin, go bhfuil cearta bunúsacha ceaptha chun bheith i gceannas ar fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar d’institiúidí an Aontais, lena n‑áirítear in ábhair chonarthacha (breithiúnais an 3 Bealtaine 2018, Sigma Orionis v an Coimisiún, T‑48/16, EU:T:2018:245, míreanna 101 agus 102, agus an 3 Bealtaine 2018, Sigma Orionis v REA, T‑47/16, nár foilsíodh, EU:T:2018:247, míreanna 79 agus 80; féach, freisin, mutatis mutandis, breithiúnas an 13 Bealtaine 2020, Talanton v an Coimisiún, T‑195/18, nár foilsíodh, EU:T:2020:194, mír 73). |
|
99 |
Ar an gcaoi chéanna, nuair a chuireann institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh conradh i gcrích, fanann siad faoi réir a n‑oibleagáidí faoin gCairt agus faoi phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, ADR Center v an Coimisiún, C‑584/17 P, EU:C:2020:576, mír 86). Tá sé sonraithe ag an gCúirt freisin, má chinneann na páirtithe, ina gconradh, dlínse ar dhíospóidí a bhaineann leis an gconradh sin a thabhairt do bhreithiúnacht an Aontais, trí bhíthin clásal eadrána, go mbeidh dlínse ag an mbreithiúnacht sin, neamhspleách ar an dlí is infheidhme a shonraítear sa chonradh sin, scrúdú a dhéanamh ar aon sárú ar an gCairt nó ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais (breithiúnas an 16 Iúil 2020, Inclusion Alliance for Europe v an Coimisiún, C‑378/16 P, EU:C:2020:575, mír 81). |
|
100 |
Sa chás seo, tá an ceanglas chun aon choinbhleacht leasa a sheachaint mar gheall ar naisc theaghlaigh nó mhothúchánacha beartaithe chun sárú tromchúiseach agus follasach ar an gceanglas maidir le neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht a chosc (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Aibreán 2006, Camós Grau v an Coimisiún, T‑309/03, EU:T:2006:110, mír 141), ina bhfuil, go háirithe, an duine atá freagrach as bileoga ama na dtaighdeoirí atá ag obair ar thionscadal arna mhaoiniú ag an Aontais a dheimhniú, ina ábhar don chás sin. Dá bhrí sin, fiú dá bhféadfadh riail atá beartaithe chun a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann, amhail an ceann atá i gceist anseo, difear a dhéanamh do na cearta a chosnaítear le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 9 den Chairt, ní dhéanfaí difear do na cearta sin ó thaobh a n‑ábhar de; ina ionad sin, ar a mhéad, bheidís faoi réir teorann ar a bhfeidhmiú. Mar sin féin, faoi Airteagal 52(1) den Chairt, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a chur leis na cearta agus na saoirsí arna aithint sa Chairt ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí eile leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas Eorpach nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint |
|
101 |
Is amhlaidh a bheadh anseo. Sa chás sin, ar an gcéad dul síos, maidir le cuspóir leasa ghinearálta atá aitheanta ag an Aontas Eorpach a bheith ann, d’fhéachfadh teorannú den sórt sin lena áirithiú go gcloífí le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, mar atá cumhdaithe in Airteagal 317 CFAE. Ina dhiaidh sin, bheadh gá leis an teorannú sin, ós rud é nach bhfuil aon mhodh eile ag an gCoimisiún, nach finné díreach é ar chomhlíonadh cúraimí ag tairbhí deontais, chun cruinneas na gcostas pearsanra a dhearbhaíonn tairbhí an deontais sin a sheiceáil seachas na cinn ba cheart a bheith ginte trí, inter alia, bileoga ama iontaofa a tháirgeadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2015, Amitié v an Coimisiún, T‑234/12, nár foilsíodh, EU:T:2015:601, mír 210 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ar deireadh, ní bheadh an teorannú sin díréireach, ós rud é, ar an gcéad dul síos, nach ndéanfaí difear do na cearta a chosnaítear le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 9 den Chairt i dtéarmaí a n‑ábhar iarbhír, mar a luaitear i mír 100 thuas, agus, ar an dara dul síos, mar a thugann an Coimisiún faoi deara, d’fhéadfaí an ceanglas chun aon choinbhleacht leasa a sheachaint mar gheall ar naisc theaghlaigh nó mhothúchánacha a shásamh trí bhíthin mionchoigeartuithe eagraíochtúla. Dá réir sin, ní mór diúltú d’éilimh an iarratasóra maidir le hidirdhealú a bheith ann, a mhéid, ar an gcéad dul síos, go bhfuil siad bunaithe ar shárú ar Airteagail 7 agus 9 den Chairt a bheith ann agus, ar an dara dul síos, nár léiríodh sárú den sórt sin, ag glacadh leis gur sárú é i bhfianaise chur i bhfeidhm conspóideach na rialach ar choinbhleachtaí leasa. |
|
102 |
I bhfianaise an mhéid sin thuasluaite, ba cheart diúltú don tríú gearán, agus mar sin, mar is gá, an chéad saincheist dlí ina hiomláine. |
(b) An dara saincheist dlí, lena líomhnaítear sárú ar dhlí na Beilge
|
103 |
Mar réamhphointe, tugann an t‑iarratasóir dá aire go bhfuil tagairt do dhlí na Beilge sna comhaontuithe deontais atá i gceist. |
|
104 |
Dá réir sin, ag brath ar dhlí sibhialta na Beilge, ardaíonn an t‑iarratasóir trí ghearán chun tacú lena dara saincheist dlí. |
|
105 |
Ar an gcéad dul síos, tá an t‑iarratasóir den tuairim gurb ionann seasamh an Choimisiúin sa chás seo agus toimhde go bhfuil an t‑iarratasóir ag gníomhú de mheon mímhacánta, toimhde a spreag an Coimisiún a dhearbhú go haontaobhach go raibh sárú conartha ann cé nach raibh aon fhionnachtain den sórt sin sa tuarascáil iniúchta deiridh agus, maidir le comhaontú deontais C2POWER, gníomhú contrártha le conclúidí an iniúchta. Dá réir sin, sháraigh an Coimisiún prionsabal chomhlíonadh na gconarthaí de mheon macánta atá cumhdaithe in Airteagail 1134 agus 1135 den code civil belge (Cód Sibhialta na Beilge). |
|
106 |
Ina dhiaidh sin, líomhnaíonn an t‑iarratasóir gur bhunaigh an Coimisiún a éileamh ar aisíocaíocht chostais phearsanra an fhostaí i dtrácht ar thuarascáil imscrúdaithe a dhréachtaigh OLAF lasmuigh den chreat conarthach agus a bhfuil amhras ann faoina luach fianaiseach. Chinn an Coimisiún é féin gan leanúint le conclúidí uile na tuarascála sin agus níor mhínigh sé na cúiseanna a thug air ní amháin imeacht ó thorthaí na tuarascála iniúchóireachta deiridh, gan, áfach, aon éagóir ar thaobh an iarratasóra a léiriú, ach freisin i ndeireadh na dála gan na costais a mheastar a bheith ‘i bhfad níos mó’ a chur san áireamh a thuilleadh, eadhon na costais sin a théann thar tairseach nach bhfuil aon bhunús lena socrú i bhforálacha na gcomhaontuithe deontais atá i gceist. Dá bhrí sin, sháraigh an Coimisiún an riail maidir leis an dualgas cruthúnais a leagadh síos in Airteagal 1315 de Chód Sibhialta na Beilge, nach mór, dá bhun, don pháirtí atá ag iarraidh comhlíonadh oibleagáide a chruthú go bhfuil an oibleagáid ann. |
|
107 |
Ar deireadh, tá an t‑iarratasóir den tuairim go ndearna sé na híocaíochtaí a d’éiligh an Coimisiún nuair nach raibh an Coimisiún i dteideal éileamh a ardú. Dá bhrí sin, sháraigh an Coimisiún Airteagail 1235, 1376 agus 1377 de Chód Sibhialta na Beilge nuair nár aisíoc sé na méideanna a íocadh leis agus a fuair sé go héagórach toisc nach raibh aon fhiach ann. |
|
108 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
109 |
Is gá déileáil leis an gcéad dá ghearán den dara saincheist dlí le chéile. |
|
110 |
Sa chéad áit, ba cheart a thabhairt faoi deara, contrátha le héilimh an iarratasóra, nach bhfuil iarratas an Choimisiúin ar aisíocaíocht, mar a thángthas ar an gconclúid i mír 65 thuas, bunaithe ar thuarascáil imscrúdaithe a tarraingíodh suas lasmuigh den chreat conarthach. Ina theannta sin, ní mór a mheabhrú gur baineadh de thátal as freisin nach raibh an Coimisiún faoi cheangal ag torthaí na tuarascála iniúchóireachta deiridh (féach míreanna 73 agus 74 thuas). |
|
111 |
Sa dara háit, is iomchuí scrúdú a dhéanamh ar an gceist maidir leis an mbunús atá le hiarratas an Choimisiúin ar aisíocaíocht chun a chinneadh ar sháraigh an Coimisiún prionsabal chomhlíonadh na gconarthaí de mheon macánta, trí ghlacadh leis go bhfuil an t‑iarratasóir de mheon mímhacánta, agus an riail maidir leis an dualgas cruthúnais araon, gan fianaise a thabhairt chun tacú leis an iarraidh sin. |
|
112 |
Chuige sin, ar dtús, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le prionsabal dlí a nglactar leis go ginearálta, gur cheart d’aon chúirt a rialacha nós imeachta féin a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear rialacha dlínse (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Aibreán 1992, an Coimisiún v Feilhauer, C‑209/90, EU:C:1992:172, mír 13). Mar sin féin, ní chumhdaítear leis an bprionsabal sin, rialacha atá ceaptha chun dualgas cruthúnais, inghlacthacht fianaise, neart agus luach promhaidh na fianaise a rialú ós rud é nach bhfuil siad ina rialacha nós imeachta ó nádúr ach go bhfuil siad ina rialacha substainteacha, sa chiall go gcinnfear leis na rialacha sin na coinníollacha faoina bhfuil cearta an duine aonair agus cén réimse a bhfuil siad ann, agus na forais lena ndíothú. Dá bhrí sin baineann rogha an dlí is infheidhme a rinneadh sna comhaontuithe iniúchta le rialacha na fianaise freisin (breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2015, Amitié v anCoimisiún, T‑234/12, nár foilsíodh, EU:T:2015:601, mír 115). |
|
113 |
Mar sin, sa chás seo, tá leithdháileadh an dualgas cruthúnais maidir le hincháilitheacht na gcostas arna dtabhú ag an tairbhí deontais á rialú ag Airteagal 1315 de Chód Sibhialta na Beilge, lena bhforáiltear nach mór don pháirtí a lorgaíonn go ndéanfaí oibleagáid a chomhlíonadh an oibleagáid a chruthú agus, os a choinne sin, nach mór do pháirtí a mhaíonn go bhfuil sé fuascailte ó oibleagáid a chruthú go ndearna sé nó sí an íocaíocht nó go ndearna sé nó sí an gníomh ba chúis le dul in éag a oibleagáide nó a hoibleagáide. |
|
114 |
Ar an dara dul síos, is cásdlí socair é, i gcomhthéacs comhaontaithe ina bhfuil clásal eadrána de réir bhrí Airteagal 272 CFAE, gur faoin bpáirtí a dhearbhaigh costais don Choimisiún maidir le dámhachtain ranníocaíocht airgeadais ag an Aontas Eorpach fianaise a thabhairt ar aird go gcomhlíonann na costais atá i gceist coinníollacha airgeadais na gcomhaontuithe deontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Eanáir 2017, ANKO v an Coimisiún, T‑771/14, nár foilsíodh, EU:T:2017:27, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
115 |
Ar an tríú dul síos, mar a tugadh faoi deara i mír 101 thuas, níl aon mhodh eile ag an gCoimisiún, nach finné díreach é ar chomhlíonadh cúraimí ag tairbhí deontais, chun cruinneas na gcostas pearsanra a dhearbhaíonn tairbhí an deontais sin a sheiceáil seachas na cinn ba cheart a bheith ginte trí, inter alia, bileoga ama iontaofa a tháirgeadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2015, Amitié v an Coimisiún, T‑234/12, nár foilsíodh, EU:T:2015:601, mír 210 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
116 |
Ar an gceathrú dul síos, is léir ó chásdlí gur forais leordhóthanacha chun na costais sin go léir a dhiúltú í mainneachtain chomhlíonadh na hoibleagáide bileoga ama iontaofa a chur isteach chun údar maith a thabhairt leis na costais phearsanra a dhearbhaítear (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Technion and Technion Research & Development Foundation v an Coimisiún, T‑216/12, EU:T:2015:746, mír 82 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ina theannta sin, mura bhfuil na costais arna ndearbhú ag tairbhí an deontais incháilithe faoin gcomhaontú deontais ábhartha toisc gur measadh iad a bheith dofhíoraithe agus/nó neamhiontaofa, níl aon rogha ag an gCoimisiún ach méid an deontais atá comhionann leis na méideanna gan bunús a aisghabháil, ós rud é, de bhun an bhunúis dlí dá bhforáiltear leis an gcomhaontú deontais sin, nach féidir leis an gCoimisiún ach suimeanna a bhfuil bunús cuí leo a íoc as buiséad an Aontais (féach breithiúnas an 16 Iúil 2020, ADR Center v an Coimisiún, C‑584/17 P, EU:C:2020:576, mír 102 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
117 |
Sa chás seo, baineadh de thátal as, i mír 92 thuas, nár áirithíodh iontaofacht riachtanach na mbileog ama i gceist toisc go raibh riosca coinbhleachta leasa ann a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmíocht neamhchlaonta agus oibiachtúil an tionscadail lena mbaineann. |
|
118 |
I dtaca leis sin, ar an gcéad dul síos, féadfar a thabhairt faoi deara gur staid neamhghnách é riosca coinbhleachta leasa inar dócha nach costais iarbhír iad na costais a thabhaítear nó nach mbeidís tabhaithe ag an tairbhí féin, ná fiú amháin, de réir mar a bheidh, a bheith úsáidte chun cuspóirí an tionscadail lena mbaineann de réir bhrí Airteagal II.14(1)(a), (b) agus (e) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist a bhaint amach agus chuige sin amháin. Dá bhrí sin, is feidhmíocht mhíchuí dá oibleagáidí conarthacha é neamh‑chomhlíonadh na hoibleagáide conarthaí a fhorchuirtear le hAirteagal II.3(n) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist chun gach réamhchúram is gá a ghlacadh chun aon riosca coinbhleachta leasa a sheachaint. Tugtar údar maith leis mar sin le costais a aisghabháil de bhun Airteagal 183 de Rialachán Uimh. 2342/2002 (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Eanáir 2019, EKETA v an Coimisiún, T‑198/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:27, mír 91). Ar an dara dul síos, i gcás ina dtugann an Coimisiún fianaise nithiúil ar aird go bhfuil riosca ann nach gcomhlíonann an t‑am oibre a dhearbhaítear na critéir incháilitheachta, agus is amhlaidh é sin agus an cás ina sainaithnítear riosca coinbhleachta leasa, toimhdítear neamh‑incháilitheacht agus is faoin tairbhí atá sé, a thaispeáint – le fianaise chruthúnais – gur comhlíonadh, ar a mhalairt, na critéir incháilitheachta sin go deimhin (féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Deireadh Fómhair 2020, EKETA v an Coimisiún, C‑273/19 P, EU:C:2020:852, míreanna 74 go 77, agus an 22 Eanáir 2019, EKETA v an Coimisiún, T‑166/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:26, mír 61). |
|
119 |
Dá bhrí sin, de bharr nár tugadh fianaise nach raibh aon bhaol coinbhleachta leasa ann agus, dá bhrí sin, mainneachtain ar chomhlíonadh na hoibleagáide bileoga ama iontaofa a thíolacadh chun údar maith a thabhairt do na costais phearsanra arna ndearbhú, theip ar an iarratasóir a oibleagáid a chomhlíonadh faoi na rialacha maidir le leithdháileadh an dualgas cruthúnais. Dá réir sin, bhí an Coimisiún i dteideal na suimeanna a mheas sé a d’íoc sé go héagórach a éileamh, is é sin costais phearsanra uile an fhostaí i gceist atá le feiceáil ar na bileoga ama arna bhformheas ag a bhean chéile, gan sárú a dhéanamh ar phrionsabal chomhlíonadh na gconarthaí de mheon macánta de réir bhrí Airteagail 1134 agus 1135 de Chód Sibhialta na Beilge, nó na rialacha maidir leis an dualgas cruthúnais atá leagtha síos in Airteagal 1315 den chód sin. |
|
120 |
Maidir leis an bhfíoras gur sainíodh na prionsabail atá leagtha síos sa chásdlí i gcomhthéacs mainneachtain an oibleagáid a chomhlíonadh, le linn iniúchta airgeadais, bileoga ama iontaofa a chur isteach chun údar maith a thabhairt do na costais phearsanra arna ndearbhú agus, sa chás seo, san iniúchadh airgeadais as ar eascair dréachtú na tuarascála iniúchóireachta nár cuireadh i gcoinne iontaofacht na mbileog ama a chuir an t‑iarratasóir isteach maidir leis an bhfostaí i gceist, níl aon tionchar aige ar ábharthacht chur i bhfeidhm na bprionsabal sin i gcomhthéacs na caingne reatha. Mar a tugadh faoi deara i míreanna 73 agus 74 thuas, níl an Coimisiún faoi cheangal ag fionnachtana na tuarascála sin. |
|
121 |
Ina theannta sin, toisc nár chloígh an Coimisiún i ndeireadh na dála le conclúidí uile thuarascáil imscrúdaithe OLAF, ní hionann sin agus luach fianaiseach na tuarascála sin a cheistiú. Is léir ó aithris 31 de Rialachán Uimh. 883/2013, lena n‑aisghairtear Rialachán Uimh. 1073/1999 agus Rialachán Uimh. 1074/1999, dá dtagraítear in Airteagal II.22(8) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist, gur faoi institiúidí an Aontais atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta ba cheart a dhéanamh maidir le himscrúduithe críochnaithe ar bhonn na dtuarascálacha imscrúdaithe deiridh arna ndréachtú ag OLAF. Ina theannta sin, sonraítear go soiléir in Airteagal 11(1) de Rialachán Uimh. 883/2013 go mbeidh moltaí maidir le cibé ar cheart nó nár cheart beart a dhéanamh ag gabháil leis an tuarascáil imscrúdaithe. Mar sin, níl an Coimisiún i dteideal ach cuid de na torthaí atá i dtuarascáil imscrúdaithe OLAF a chur san áireamh, gan luach fianaiseach na bhfionnachtana sin a cheistiú. |
|
122 |
Ar deireadh, a mhéid a bhí an Coimisiún i dteideal na costais go léir a thabhaigh an fostaí i dtrácht a éileamh, ní féidir leis an iarratasóir agóid a dhéanamh i gcoinne an fhíorais gur chinn an Coimisiún tairseach a chur i bhfeidhm agus nár éiligh sé, de thoradh air sin, ach cuid de na costais sin a éileamh, de bharr go bhfuil easpa leasa dhlíthiúil aige in imeachtaí a thionscnamh. |
|
123 |
I bhfianaise an méid sin thuasluaite, ní mór teacht ar an gconclúid go bhfuil an chéad agus an dara gearán den dara saincheist dlí gan bhunús. |
|
124 |
Mar thoradh air sin, níl aon chuspóir ag an tríú gearán agus mar sin ní mór é a dhiúltú. |
|
125 |
Dá réir sin, ní mór diúltú don dara saincheist dlí ina hiomláine. |
(c) An tríú saincheist dlí, lena líomhnaítear sárú ar dhlí na Polainne
|
126 |
Sa chéad áit, tugann an t‑iarratasóir dá aire go ndéantar tagairt shonrach in Airteagal II.15(1) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist don dlí náisiúnta lena rialaítear conarthaí fostaíochta arna ndéanamh ag na tairbhithe deontais. Dá réir sin, tá sé den tuairim gur cheart a mheas go raibh dlí fostaíochta agus saothair na Polainne infheidhme maidir lena chaidreamh fostaíochta leis an bhfostaí atá i gceist, ar thaobh amháin, agus lena bhean chéile, ar an taobh eile. |
|
127 |
Ar an gcéad dul síos, líomhnaíonn sé sáruithe ar Airteagal 140 de Kodeks pracy (Cód Saothair na Polainne), i gcomhar le hAirteagal 18(2) de, lena gceadaítear do ‘córas fostaíochta tascbhunaithe’ (system zadaniowego czasu pracy), sa mhéid is go maíonn an Coimisiún nach mór don fhostaí atá i gceist ‘líon iomarcach uaireanta’ a bheith oibrithe aige agus ‘am míréasúnta a chaitheamh’ i dtrí chaidreamh fostaíochta comhthreomhar, lena n‑áirítear an caidreamh fostaíochta a rinne sé leis an iarratasóir i gcomhthéacs córais fostaíochta tascbhunaithe. I dtuairim an iarratasóra, ní cheanglaítear leis an gcóras sin, atá dleathach sa Pholainn, láithreacht fhisiceach leanúnach ag an obair agus dá bhrí sin áirithítear leis solúbthacht agus an fhéidearthacht d’iltascáil, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an fostaí a chuid nó a cuid dualgas. |
|
128 |
Ar an dara dul síos, líomhnaíonn an t‑iarratasóir sárú ar Airteagal 113 de Chód saothair na Polainne, arna chur i bhfeidhm i gcomhar le hAirteagail 7 agus 9 den Chairt, lena dtoirmisctear ar an iarratasóir ag an tráth ábhartha an fostaí i gceist agus a bhean chéile a scaradh óna gcéile ag a n‑ionad oibre mar gheall go raibh siad pósta agus ar an gcúis sin amháin, toisc gurb ionann an scaradh sin agus idirdhealú bunaithe ar stádas pósta. |
|
129 |
Sa dara háit, tugann an t‑iarratasóir dá aire nár chuir an Coimisiún aon chúiseanna sonracha ar aghaidh maidir leis an bhfáth ar chuir sé i gcoinne chostais phearsanra an fhostaí i gceist don tréimhse ó mhí Lúnasa 2010 go mí Dheireadh Fómhair 2012, agus ag an am céanna ag glacadh le costais phearsanra an fhostaí sin do mhí na Samhna 2012, cé go raibh rochtain ag a bhean chéile ar a bileoga ama do mhí na Samhna 2012 freisin. |
|
130 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
131 |
Sa chéad áit, ba cheart a thabhairt faoi deara, fiú dá seasfaí leis an tríú saincheist dlí, gur fíor fós é go leanfadh na bileoga ama de bheith neamhiontaofa, toisc nach ndéanann an fíoras go raibh an fostaí i gceist in ann líon mór uaireanta a oibriú mar gheall ar a rannpháirtíocht i dtionscadail éagsúla difear don fhíoras go raibh na huaireanta sin ina n‑ábhar do nós imeachta bailíochtaithe a chuir an t‑iarratasóir i bhfeidhm de shárú ar Airteagal II.3(n) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na comhaontuithe deontais atá i gceist. |
|
132 |
Sa chomhthéacs sin, meabhraítear go gcumhdaítear leis na costais a mheastar a bheith neamh‑incháilithe an tréimhse ó mhí Lúnasa 2010 go mí Dheireadh Fómhair 2012. Dheimhnigh bean chéile an fhostaí a bhí i gceist na bileoga ama ar fad don tréimhse sin. Chuige sin, a mhéid a athdhearbhaíonn an t‑iarratasóir a chuid agóidí maidir le hábharthacht an chásdlí a bhaineann leis an dualgas cruthúnais i ndáil le hiontaofacht na mbileog ama, déantar tagairt do mhír 92 thuas. |
|
133 |
Sa dara háit, maidir leis an líomhain i ndáil le sárú ar Airteagal 113 de Chód Saothair na Polainne, déantar tagairt do mhír 101 thuas, inar thángthas ar an gconclúid nach féidir aon idirdhealú bunaithe ar stádas pósta a shainaithint. |
|
134 |
Ina theannta sin, ina argóint maidir le sárú ar Airteagal 140 de Chód Saothair na Polainne, tugann an t‑iarratasóir dá aire neamhréireacht ar thaobh an Choimisiúin, a cháineann an rochtain a bhí ag bean chéile an fhostaí i gceist ar bhileoga ama a fir chéile ar feadh na tréimhse iomláine atá i gceist, ach a ghlacann leis na himthosca sin don tréimhse ó mhí na Samhna go mí na Nollag 2012, cé nár scoir sí de bheith ina ball d’fhoireann an iarratasóra ach ó mhí Eanáir 2013 ar aghaidh. |
|
135 |
Chuige sin, chun argóint an iarratasóra a dhiúltú, is leor tagairt a dhéanamh do mhír 122 thuas, inar cinneadh nach bhfuil aon leas dlíthiúil aige imeachtaí a thionscnamh. |
|
136 |
Dá réir sin, ar na cúiseanna atá leagtha amach thuas agus a mhéid nach bhfuil tionchar ar bith ag argóintí an iarratasóra le toradh na díospóide, ní mór diúltú don tríú saincheist dlí mar shaincheist dlí neamhéifeachtach. |
(d) An ceathrú saincheist dlí, lena líomhnaítear sárú ar an bprionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint i gcomhthéacs chomhlíonadh comhaontuithe de mheon macánta agus i gcomhthéacs an toirmisc ar chur i bhfeidhm mí‑úsáideach téarmaí conarthacha
|
137 |
Lena cheathrú saincheist dlí, tá an t‑iarratasóir den tuairim, go bunúsach, nach mór urraim a thabhairt don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint i gcomhthéacs na gcaidreamh conarthach a dhéanann an Coimisiún. Sa chás seo, trí fhormheas a dhéanamh sa chéad chéim ar chonclúidí uile na tuarascála deiridh iniúchóireachta a bhaineann, inter alia, le hincháilitheacht chostais phearsanra an fhostaí i gceist, agus ansin trí na costais sin a dhiúltú sa dara céim, sháraigh an Coimisiún an prionsabal sin, ós rud é go bhféadfadh an t‑iarratasóir glacadh go dlisteanach le hionchas dlisteanach, go háirithe, maidir le hincháilitheacht chostais phearsanra an fhostaí atá i gceist. |
|
138 |
Sonraíonn an t‑iarratasóir freisin nach bhfuil aon bhunús dlí leis na hargóintí a chuir an Coimisiún ar aghaidh chun a chur as an áireamh go bhféadfaí ionchas dlisteanach a bheith aige ar bhonn iniúchadh a bheith ann nár nochtadh aon neamhrialtacht ann. |
|
139 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
140 |
Ba cheart a mheabhrú gur baineadh de thátal as i míreanna 73 agus 74 thuas gur léir ó na forálacha conarthacha nach raibh an tuarascáil iniúchóireachta dheiridh ina gceangal ar an gCoimisiún. Dá réir sin, ní fhéadfadh an t‑iarratasóir aon ionchas dlisteanach a bheith aige, in ainneoin an aontaithe a thug an Coimisiún maidir le fionnachtana an iniúchta sin. |
|
141 |
Ina theannta sin, is léir ón tuarascáil iniúchóireachta dheiridh gur luaigh na hiniúchóirí go sainráite gurb é cuspóir a gcuid oibre ‘gan aon dearbhú ábhartha a thabhairt maidir le leordhóthanacht fhoriomlán an chórais [de] rialuithe inmheánacha é féin’. Cé – le linn a gcuid oibre – nár shainaithin na hiniúchóirí aon laigí ar leith i gcóras rialaithe inmheánaigh an iarratasóra maidir le hullmhú agus cur i láthair na ráiteas airgeadais a bhaineann le comhaontú deontais C2POWER, is leor an forchoimeádas simplí maidir le cuspóir na hoibre sin i bhfianaise na ndearbhuithe is féidir a sholáthar maidir le leordhóthanacht an chórais sin, chun neamhchinnteacht a thabhairt isteach a sheachnóidh aon ionchas dlisteanach ina leith sin. |
|
142 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don cheathrú saincheist dlí, agus, dá bhrí sin, ní mór na cinn éilimh trína n‑iarrtar dearbhú nach ann d’éileamh conarthach an Choimisiúin ann agus gur costais incháilithe iad na costais phearsanra a éilítear sna nótaí dochair maidir leis na méideanna príomhshuime a bhaineann leis an gcomhaontú deontas atá i gceist agus trína n‑iarrtar aisíocaíocht na suimeanna a íocadh. |
2. An t‑éileamh gur cheart ordú don Choimisiún ús mainneachtana a íoc
|
143 |
Ós rud é gur thángthas ar an gconclúid gur iomchuí diúltú do na saincheisteanna dlí a bhí mar thaca leis na cinn éilimh trína n‑iarrtar dearbhú nach ann d’éileamh conarthach an Choimisiúin ann agus gur costais incháilithe iad na costais phearsanra a éilítear sna nótaí dochair maidir leis na méideanna príomhshuime a bhaineann leis an gcomhaontú deontas atá i gceist agus trína n‑iarrtar aisíocaíocht na suimeanna a íocadh, ní mór diúltú don éileamh gur cheart a ordú don Choimisiún ús mainneachtana a íoc de bharr easpa cuspóra. |
|
144 |
I bhfianaise an méid sin thuasluaite, ós rud é gur diúltaíodh do na saincheisteanna dlí agus na héilimh go léir a ardaíodh chun tacú leis an gcaingean arna tionscnamh faoi Airteagal 272 CFAE, ní mór an chaingean sin a dhíbhe. |
C. An chaingean arna tionscnamh faoi Airteagal 263 CFAE
|
145 |
Mar mhalairt air sin, tá caingean á tionscnamh ag an iarratasóir ar bhonn Airteagal 263 CFAE, toisc go bhfuil sé den tuairim gur gníomh a bhféadfaí agóid a dhéanamh ina choinne é an cinneadh atá faoi chonspóid chun críche na forála sin. |
|
146 |
Áitíonn an Coimisiún go bhfuil an chaingean arna tionscnamh faoi Airteagal 263 CFAE doghlactha go follasach. |
|
147 |
Ina leith sin, is léir ó chásdlí socair nach bhféadfar, i gcás ina bhfuil conradh idir an t‑iarratasóir agus ceann de na hinstitiúidí, caingean a thionscnamh os comhair bhreithiúnacht an Aontais ar bhonn Airteagal 263 CFAE ach amháin i gcás ina bhfuil sé d’aidhm ag an mbeart atá faoi chonspóid éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a bheith aige a thagann lasmuigh den chaidreamh conarthach idir na páirtithe agus a bhaineann le feidhmiú shainchumais údaráis phoiblí a thugtar don institiúid chonarthach a ghníomhaíonn ina cháil mar údarás riaracháin (féach breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2015, Lito Maieftiko Gynaikologiko kai Cheirourgiko Kentro v an Coimisiún, C‑506/13 P, EU:C:2015:562, mír 20 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
148 |
Sna himthosca sin, is gá, dá bhrí sin, a mheas cibé an bhfuil nó nach bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid, a ghabhann le ríomhphost ón gCoimisiún an 13 Samhain 2019 mar aon leis na nótaí dochair atá i gceist, i measc na mbeart a fhéadfaidh breithiúnacht an Aontais a chur ar neamhní faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE nó cibé an bhfuil nó nach bhfuil, ar mhalairt air sin, de chineál conarthach (féach ordú an 14 Meitheamh 2012, Technion and Technion Research & Development Foundation v an Coimisiún, T‑546/11, nár foilsíodh, EU:T:2012:303, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
149 |
Sa chás seo, is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid, ar dtús, gur ardaigh an Coimisiún éileamh agus gur léirigh sé méid an éilimh sin trí roinnt nótaí dochair a eisiúint agus, ar an dara dul síos, gur thug an Coimisiún trácht ar agóidí an iarratasóra. Mar sin, níl aon rud a thagann lasmuigh den chreat conarthach nó a léiríonn feidhmiú shainchumais údaráis phoiblí. |
|
150 |
Chuige sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an t‑iarratasóir den tuairim go dtiocfadh athrú ar leith ar a sheasamh dlíthiúil mar gheall ar an gcinneadh atá faoi chonspóid, toisc gur cheangail an Coimisiún air suim airgid a íoc. Mar is léir ó mhír 65 thuas, áfach, tagann an t‑iarratas ar aisíocaíocht faoi raon feidhme fhorálacha na gcomhaontuithe deontais atá i gceist. |
|
151 |
Fiú má rinne an t‑iarratasóir iarracht cur i gcoinne na nótaí dochair, ní mór a shonrú nach gníomhartha a bhféadfaí agóid a dhéanamh ina gcoinne iad na doiciméid sin chun críocha Airteagal 263 CFAE. |
|
152 |
Ní féidir nóta dochair arna eisiúint ag an gCoimisiún maidir le suimeanna atá dlite faoi chomhaontú deontais a aicmiú mar bheart cinntitheach atá oscailte do chaingean le haghaidh neamhniú toisc go bhfuil faisnéis ann maidir leis an ús a fhabhróidh ar an bhfiachas arna shuíomh mar ús infhála mura bhfuil sé íoctha faoin dáta deiridh le haghaidh íocaíochta, an aisghabháil fhéideartha trí fhritháireamh nó trí ghlaoch isteach aon ráthaíocht a soláthraíodh roimhe sin, chomh maith leis an bhféidearthacht d’fhorfheidhmiú agus cuimsiú i mbunachar sonraí a mbeidh rochtain ag oifigigh údarúcháin bhuiséad an Aontais air, fiú má tá an fhaisnéis sin dréachtaithe ar bhealach a d'fhéadfadh a thabhairt le tuiscint gur gníomh cinntitheach de chuid an Choimisiúin an nóta dochair ina bhfuil sí. Ní fhéadfadh faisnéis den sórt sin, in aon chás agus de réir a chineál, a bheith ina faisnéis ach amháin má sholáthraítear í mar ullmhúchán do ghníomh de chuid an Choimisiúin a bhaineann le forfheidhmiú an fhiaigh arna bhunú mar fhiach infhála, ós rud é nach nglacann an Coimisiún seasamh sa nóta dochair maidir leis na modhanna a bheartaíonn sé a úsáid chun an fiach sin a aisghabháil, arna mhéadú trí ús mainneachtana a fhabhróidh ón dáta deiridh le haghaidh íocaíochta a bheidh socraithe sa nóta dochair sin. Tá an fheidhm chéanna aige sin freisin maidir le faisnéis faoi mhodhanna aisghabhála féideartha (féach, chuige sin, ordú an 20 Aibreán 2016, Mezhdunaroden tsentar za izsledvane na maltsinstvata i kulturnite vzaimodeystvia v an Coimisiún, T‑819/14, EU:T:2016:256, míreanna 46, 47, 49 agus 52 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
153 |
Dá bhrí sin ní fhéadtar caingean i gcoinne na nótaí dochair atá i gceist a thionscnamh go bailí os comhair bhreithiúnacht an Aontais ar bhonn Airteagal 263 CFAE, ós rud é go dtagann na nótaí dochair sin faoi chreat conarthach amháin óna bhfuil siad doscartha agus nach mbíonn éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha ag baint leo a théann thar na cinn a eascraíonn ó na comhaontuithe deontais atá i gceist agus a bhaineann le feidhmiú shainchumais údaráis phoiblí arna dtabhairt don Choimisiún ina cháil mar údarás riaracháin. |
|
154 |
Ní bheadh sé sin amhlaidh dá mbeadh cinneadh glactha ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 299 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Iúil 2017, ADR Center v an Coimisiún, T‑644/14, EU:T:2017:533, mír 207 agus mír 208). Sa chás seo, áfach, níl gníomh den sórt sin glactha ag an gCoimisiún. |
|
155 |
Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ós rud é go ndearnadh aisíocaíocht, nár ceanglaíodh ar an gCoimisiún gníomh den sórt sin a ghlacadh tar éis na nótaí dochair a eisiúint. Bheadh sé contrártha leis an gceart chun riarachán fónta iarratasóir a spreagadh gan na méideanna a leagtar amach i nóta dochair a íoc ionas go nglacfar cinneadh a bhféadfaí agóid a dhéanamh ina leith ar bhonn an cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE tar éis an nóta sin a bheith eisithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Deireadh Fómhair 2018, Terna v an Coimisiún, T‑387/16, EU:T:2018:699, mír 35). |
|
156 |
Sa chás seo, áfach, níor sáraíodh ceart an iarratasóra chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fháil ós rud é nár cuireadh cosc ar chumas an iarratasóra agóid a dhéanamh i gcoinne na suimeanna a aisíocadh. |
|
157 |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir leis an gceart chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fháil a bhaint den chontrapháirtí lena mbaineann de bharr doghlacthachta caingne le haghaidh neamhniú, ós rud é go bhfuil sé i dteideal a sheasamh a chosaint, má mheasann sé go bhfuil bunús maith leis an seasamh sin, laistigh de réim caingne arna tionscnamh ar bhonn conarthach de bhun Airteagal 272 CFAE (féach, chuige sin, ordú an 20 Aibreán 2016, Mezhdunaroden tsentar za izsledvane na maltsinstvata i kulturnite vzaimodeystvia v an Coimisiún, T‑819/14, EU:T:2016:256, míreanna 46, 47, 49 agus 52). |
|
158 |
Sa chás seo, tá an t‑iarratasóir tar éis caingean a thionscnamh faoi Airteagal 272 CFAE agus tá scrúdú déanta ag an gcúirt a bhfuil dlínse aici ar na saincheisteanna dlí a ardaíodh mar thaca leis an gcaingean sin (féach, chuige sin, mír 144 thuas). |
|
159 |
Dá bhrí sin, ní dhéanfaí difear do cheart an iarratasóra chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fháil trína dhearbhú go bhfuil an chaingean arna tionscnamh faoi Airteagal 263 CFAE doghlactha. |
|
160 |
Dá bhrí sin, ní mór an chaingean arna tionscnamh ar bhonn Airteagal 263 CFAE a dhíbhe mar chaingean doghlactha. |
|
161 |
I bhfianaise an méid sin roimhe seo, ní gá breith a thabhairt ar na hiarratais arna ndéanamh ag an iarratasóir faoi Airteagal 88(1) agus Airteagal 89(3)(a) agus (d) de na Rialacha Nós Imeachta. |
IV. Costais
|
162 |
De réir théarmaí Airteagal 134(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór a ordú don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. |
|
163 |
Toisc nár éirigh leis an iarratasóir, ní mór a ordú dó na costais a íoc i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
Kanninen Jaeger Stancu Arna thabhairt i gcúirt oscailte i Lucsamburg, an 27 Aibreán 2022. [Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.