Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Doiciméad 62021CJ0554
Judgment of the Court (Grand Chamber) of 11 July 2024.#Financijska agencija v Hann-Invest d.o.o. and Others.#Requests for a preliminary ruling from the Visoki trgovački sud.#References for a preliminary ruling – Second subparagraph of Article 19(1) TEU – Effective legal protection in the fields covered by Union law – Independence of the judiciary – Tribunal previously established by law – Fair hearing – Case-law Registration Service – National legislation providing for a registrations judge to be established in courts of second instance having, in practice, the power to stay the delivery of a judgment, to give instructions to judicial panels and to request that a section meeting be convened – National legislation providing for the power, for meetings of a section or of all judges of a court, to put forward binding ‘legal positions’, including for cases which have already been deliberated.#Joined Cases C-554/21, C-622/21 and C-727/21.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2024 Iúil 11.
Financijska agencija agus UDRUGA KHL MEDVEŠČAK ZAGREB v HANN-INVEST d.o.o. agus MINERAL-SEKULINE d.o.o.
Tarchur chun réamhrialú – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Cosaint dlí éifeachtach sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais – Neamhspleáchas na mbreithiúna – Cúirt arna bunú roimh ré le dlí – Triail chóir – Seirbhís clárúcháin cinntí cúirte – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do bhreitheamh clárúcháin a bhunú, sna cúirteanna dara céime a bhfuil an chumhacht sa chleachtas aige fógairt breithiúnais a chur ar fionraí, chun treoracha a thabhairt do ghnáthfhoirmithe na cúirte agus chun tionól cruinnithe rannóige a iarraidh – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear don chumhacht atá ag cruinnithe rannóige nó ag cruinnithe breithiúna uile cúirte ‘seasaimh dhlíthiúla’ cheangailteacha a eisiúint, lena n‑áirítear i gcásanna ar a ndearnadh plé cheana.
Cásanna uamtha C-554/21, C-622/21 agus C-727/21.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2024 Iúil 11.
Financijska agencija agus UDRUGA KHL MEDVEŠČAK ZAGREB v HANN-INVEST d.o.o. agus MINERAL-SEKULINE d.o.o.
Tarchur chun réamhrialú – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Cosaint dlí éifeachtach sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais – Neamhspleáchas na mbreithiúna – Cúirt arna bunú roimh ré le dlí – Triail chóir – Seirbhís clárúcháin cinntí cúirte – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do bhreitheamh clárúcháin a bhunú, sna cúirteanna dara céime a bhfuil an chumhacht sa chleachtas aige fógairt breithiúnais a chur ar fionraí, chun treoracha a thabhairt do ghnáthfhoirmithe na cúirte agus chun tionól cruinnithe rannóige a iarraidh – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear don chumhacht atá ag cruinnithe rannóige nó ag cruinnithe breithiúna uile cúirte ‘seasaimh dhlíthiúla’ cheangailteacha a eisiúint, lena n‑áirítear i gcásanna ar a ndearnadh plé cheana.
Cásanna uamtha C-554/21, C-622/21 agus C-727/21.
Aitheantóir ECLI: ECLI:EU:C:2024:594
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
11 Iúil 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE – Cosaint dlí éifeachtach sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais – Neamhspleáchas na mbreithiúna – Cúirt arna bunú roimh ré le dlí – Triail chóir – Seirbhís clárúcháin cinntí cúirte – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do bhreitheamh clárúcháin a bhunú, sna cúirteanna dara céime a bhfuil an chumhacht sa chleachtas aige fógairt breithiúnais a chur ar fionraí, chun treoracha a thabhairt do ghnáthfhoirmithe na cúirte agus chun tionól cruinnithe rannóige a iarraidh – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear don chumhacht atá ag cruinnithe rannóige nó ag cruinnithe breithiúna uile cúirte ‘seasaimh dhlíthiúla’ cheangailteacha a eisiúint, lena n‑áirítear i gcásanna ar a ndearnadh plé cheana)
I gCásanna Uamtha C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Visoki trgovački sud (an Chúirt Achomhairc Tráchtála, an Chróit), trí bhreitheanna an 3 Lúnasa 2021 (C‑554/21), an 21 Meán Fómhair 2021 (C‑622/21) agus an 10 Samhain 2021 (C‑727/21), a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 8 Meán Fómhair 2021, an 7 Deireadh Fómhair 2021 agus an 30 Samhain 2021 faoi seach, sna himeachtaí idir
Financijska agencija
v
HANN-INVEST d.o.o. (C‑554/21),
MINERAL-SEKULINE d.o.o. (C‑622/21),
agus
UDRUGA KHL MEDVEŠČAK ZAGREB (C‑727/21)
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, C. Lycourgos, F. Biltgen agus N. Piçarra, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, I. Jarukaitis (Rapóirtéir), N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele, J. Passer, D. Gratsias agus M. L. Arastey Sahún, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,
Cláraitheoir: M. Longar, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 5 Meitheamh 2023,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Financijska agencija, ag S. Pejaković, saineolaí, |
|
– |
Rialtas na Cróite, ag G. Vidović Mesarek, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag K. Herrmann, M. Mataija agus P.J.O. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 26 Deireadh Fómhair 2023,
an breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann na hiarrataí ar réamhrialú leis an léiriú atá le déanamh ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). |
|
2 |
Rinneadh na hiarrataí le trí shraith imeachtaí, an chéad dá chuid acu idir Financijska agencija (an Ghníomhaireacht Airgeadais, an Chróit) agus HANN-INVEST d.o.o. (C‑554/21) agus MINERAL-SEKULINE d.o.o. (C‑622/21) maidir le haisghabháil chostais na gníomhaireachta sin i ndáil lena gníomhaíochtaí in imeachtaí dócmhainneachta, agus an tríú cuid acu a bhain le hiarraidh arna déanamh ag UDRUGA KHL MEDVEŠČAK ZAGREB ar imeachtaí riaracháin arna bhfeighil ag cúirt a thionscnamh (C‑727/21). |
An creat dlíthiúil
An Dlí maidir le hEagrú na gCúirteanna
|
3 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 14 den Zakon o sudovima (Dlí maidir le hEagrú na gCúirteanna) (Narodne novine, br. 28/13, 33/15, 82/15, 82/16, 67/18, 126/19, 130/20): ‘1. Sa Chróit, sna gnáthchúirteanna, sna cúirteanna speisialaithe agus sa Vrhovni sud [an Chúirt Uachtarach, an Chróit] a fheidhmítear an chumhacht bhreithiúnach. [...] 3. Is iad na cúirteanna speisialaithe: na Trgovački sudovi [na Cúirteanna Tráchtála, an Chróit], na Upravni sudovi [na Cúirteanna Riaracháin, an Chróit], an Visoki trgovački sud [an Chúirt Achomhairc Tráchtála, an Chróit], an Visoki upravni sud [an Chúirt Achomhairc Riaracháin, an Chróit], an Visoki prekršajni sud [an Chúirt Achomhairc Oilghnímh, an Chróit] agus an Visoki kazneni sud [an Chúirt Achomhairc Choiriúil, an Chróit]. 4. Is é an Vrhovni sud [an Chúirt Uachtarach] an chúirt is airde sa Chróit. [...]’ |
|
4 |
De réir fhoclaíocht Airteagal 24 den Dlí sin: ‘Déanann Visoki trgovački sud (an Chúirt Achomhairc Tráchtála) seo a leanas: 1. cinneadh maidir le hachomhairc in aghaidh cinntí céadchéime ó na Trgovački sudovi (na Cúirteanna Tráchtála), 2. díospóidí maidir le dlínse chríochach idir na Trgovački sudovi (na Cúirteanna Tráchtála) a réiteach agus cinneadh maidir le dlínse a tharmligean idir na cúirteanna sin, [...]’ |
|
5 |
Foráiltear le hAirteagal 38 den Dlí sin: ‘1. Dírítear cruinnithe rannóige ar scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna atá ábhartha d’obair na rannóige sin, eadhon, go háirithe, eagrú a gníomhaíochta inmheánaí, na saincheisteanna dlíthiúla conspóideacha, comhaontú an chásdlí agus saincheisteanna atá ábhartha do chur i bhfeidhm na rialacha i ngach réimse dlí agus faireachán a dhéanamh ar obair agus ar oiliúint breithiúna, comhairleoirí cúirte agus breithiúna faoi oiliúint a chuirtear chun na rannóige sin. 2. Pléitear saincheisteanna leasa choitinn do chúirteanna íochtaracha laistigh dá ndlínse chomh maith ag cruinnithe rannóige den Županijski sud [an Chúirt Chontae, an Chróit], den Visoki trgovački sud [an Chúirt Achomhairc Tráchtála], den Visoki upravni sud [an Chúirt Achomhairc Riaracháin], den Visoki kazneni sud [an Chúirt Achomhairc Choiriúil] agus den Visoki prekršajni sud [an Chúirt Achomhairc Oilghnímh]. 3. Dírítear cruinnithe rannóige Vrhovni sud (an Chúirt Uachtarach) ar scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna is comhleas do roinnt cúirteanna nó do na cúirteanna uile atá i gcríoch Phoblacht na Cróite agus ar thuairim a phlé agus a cheapadh maidir le dréachtrialacháin i réimse áirithe dlí.’ |
|
6 |
De réir Airteagal 39 den Dlí sin: ‘1. Déanfaidh cathaoirleach rannóige, nó cathaoirleach na cúirte lena mbaineann, cruinniú den rannóg sin a ghairm aon uair is gá agus uair sa ráithe ar a laghad; stiúrfaidh sé an obair. I gcás ina nglacann an cathaoirleach cúirte sin páirt in imeachtaí chruinniú na rannóige sin, beidh sé ina chathaoirleach ar an gcruinniú sin agus glacfaidh sé páirt sa phróiseas cinnteoireachta. 2. Ní mór cruinniú de bhreithiúna uile cúirte a ghairm ar iarraidh ó rannóg den chúirt sin nó den cheathrú cuid de bhreithiúna uile na cúirte sin. 3. Ag cruinnithe de bhreithiúna cúirte nó ag cuid de na cruinnithe sin, is le vóta tromlaigh bhreithiúna na cúirte sin nó bhreithiúna na cúirte sin a ghlacfar cinntí. 4. Scríobhfar miontuairiscí ar imeachtaí an chruinnithe lena mbaineann. 5. Féadfaidh Uachtarán cúirte, nó cuid di, cuireadh a thabhairt freisin do lucht léinn suntasach i réimse áirithe dlí freastal ar chruinniú de bhreithiúna uile na cúirte nó na rannóige sin.’ |
|
7 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 40 den Dlí maidir le hEagrú na gCúirteanna: ‘1. Tionólfar cruinniú de chuid rannóige nó de bhreithiúna i gcás ina bhfaighfear amach nach bhfuil an léiriú céanna á dhéanamh ag na rannóga, dlísheomraí nó breithiúna ar cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí nó i gcás ina gclaonann dlísheomra nó breitheamh rannóige ón seasamh dlíthiúil arna ghlacadh roimhe sin. 2. Tá an seasamh dlíthiúil arna ghlacadh ag cruinniú na mbreithiúna uile nó ag cuid den Vrhovni sud (an Chúirt Uachtarach), den Visoki trgovački sud (an Chúirt Achomhairc Tráchtála), den Visoki upravni sud (an Chúirt Achomhairc Riaracháin), den Visoki kazneni sud (an Chúirt Achomhairc Choiriúil), den Visoki prekršajni sud (an Chúirt Achomhairc Oilghnímh) nó cruinniú de chuid rannóg an Županijski sud (an Chúirt Choiriúil) ina cheangal ar na dlísheomraí uile nó ar bhreithiúna dara céime na rannóige nó na cúirte lena mbaineann. 3. Féadfaidh cathaoirleach rannóige, i gcás inarb iomchuí, cuireadh a thabhairt d’ollúna Dhámh an Dlí, do lucht léinn mór le rá nó do shaineolaithe i réimse an dlí chun páirt a ghlacadh i gcruinniú na rannóige lena mbaineann.’ |
Rialacha Nós Imeachta na gCúirteanna
|
8 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 177(3) de Sudski poslovnik (Rialacha Nós Imeachta na gCúirteanna) (Narodne novine, br. 37/14, 49/14, 8/15, 35/15, 123/5, 45/16, 29/17, 33/17, 34/17, 57/17, 101/18, 119/18, 81/19, 128/19, 39/20, 47/20, 138/20, 147/20, 70/21, 99/21 agus 145/21): ‘Os comhair cúirt dara céime, measfar go bhfuil clabhsúr ar chás ar dáta seolta an chinnidh ó oifig an bhreithimh lena mbaineann, i ndiaidh an cháis a tharchur ar ais ón tseirbhís clárúcháin. Ó dháta fháil an chomhaid lena mbaineann, ní mór don tseirbhís clárúcháin á tharchur ar ais chuig oifig an bhreithimh sin a luaithe is féidir. Seolfar an cinneadh sin ina dhiaidh sin laistigh de thréimhse nua ama d’ocht lá.’ |
Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú
|
9 |
Tugtar trí achomharc os comhair an Visoki trgovački sud (an Chúirt Achomhairc Tráchtála), arb í an chúirt a rinne an tarchur í. I gCásanna C‑554/21-agus C‑622/21, baineann na hachomhairc le horduithe lenar diúltaíodh d’iarratais ón nGníomhaireacht Airgeadais ar aisíocaíocht costas a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann sí i gcomhthéacs imeachtaí dócmhainneachta. I gCás C‑727/21, baineann an t‑achomharc le hordú lena ndiúltaítear don iarraidh ar imeachtaí riaracháin arna bhfeighil ag cúirt a thionscnamh. |
|
10 |
Rinne an chúirt a rinne an tarchur, agus í ina suí i ngnáthfhoirmithe de thriúr breithiúna, scrúdú ar na trí achomharc sin agus dhiúltaigh sí dóibh d’aon toil, rud a deimhníodh leis na cinntí arna dtabhairt ag an gcéad chéim. Shínigh breithiúna na cúirte sin a mbreithiúnais agus ina dhiaidh sin chuir siad iad chuig seirbhís clárúcháin cinntí cúirte, i gcomhréir le hAirteagal 177(3) de Rialacha Nós Imeachta na gCúirteanna. |
|
11 |
Mar sin féin, dhiúltaigh breitheamh na seirbhíse clárúcháin (‘an breitheamh clárúcháin’) na cinntí cúirte sin a chlárú agus tharchuir sé chuig gnáthfhoirmithe na cúirte faoi seach iad, mar aon le litir ina dtugtar le fios nach bhfuil sé féin ar chomh intinn maidir leis na réitigh arna nglacadh sna cinntí thuasluaite sin. |
|
12 |
I gCás C‑554/21, tagraítear sa litir sin do chásanna inar rialaigh an chúirt a rinne an tarchur, in imthosca comhchosúla, ar bhealach éagsúil, ach do chás eile chomh maith inar thug sí rialú atá ar aon dul le rialú fhoirmíocht na cúirte a thug a breith sna príomhimeachtaí. Bhain an breitheamh clárúcháin de thátal as sin gur ghá an cás sna príomhimeachtaí a tharchur ar ais chuig an dlísheomra lena mbaineann agus, dá seasfadh an dlísheomra lena mbaineann lena chinneadh féin, go gcaithfí an cás sin sna príomhimeachtaí a scrúdú ag ‘cruinniú na rannóige’ lena mbaineann. Ar dhéanamh sin dó, chuir an breitheamh clárúcháin clárú an chinnidh bhreithiúnaigh sa phríomhchás sin faoi réir réiteach éagsúil a ghlacadh, agus dá bhrí sin bhí sé i bhfabhar ceann den dá nós malartach a tugadh chun cinn i gcásdlí na cúirte sin, agus soiléiriú á thabhairt aige, i gcás nach ndéanfadh an dlísheomra sin athscrúdú ar an gcás lena mbaineann agus leasú á dhéanamh ar an réiteach a glacadh, go gcuirfeadh sé an cinneadh cúirte sin ar aghaidh lena scrúdú chuig rannóg na ndíospóidí tráchtála agus díospóidí eile na cúirte sin chun ‘seasamh dlíthiúil’ a ghlacadh maidir leis an mbealach chun rialú a thabhairt ar leithéid sin de chásanna. |
|
13 |
I gCás C‑622/21, tugtar údar leis an litir ón mbreitheamh clárúcháin do tharchur an cháis sna príomhimeachtaí chuig an dlísheomra lena mbaineann trí dhá chinneadh a bheith ann ón gcúirt a rinne an tarchur lena nglactar réitigh atá i gcontrárthacht leis an réiteach arna ghlacadh sa chás sin sna príomhimeachtaí. Sonraíonn an chúirt sin, áfach, gur glacadh na cinntí sin tar éis ghlacadh an chinnidh a tugadh sa chás sin sna príomhimeachtaí. I ndáiríre, cuireadh bac ar an nós imeachta clárúcháin don chinneadh deireanach sin agus níor seoladh é go dtí gur seoladh na cinntí sin ina dhiaidh sin, rud a fhágann go bhfuil a mhalairt de dhearcadh dlíthiúil á léiriú. |
|
14 |
I gCás C‑727/21, is léir ó litir an bhreithimh clárúcháin nach n‑aontaíonn an chúirt sin leis an léiriú dlíthiúil arna ghlacadh ag gnáthfhoirmiú na cúirte a thug a breith sna príomhimeachtaí. Ní luaitear cinneadh eile arna thabhairt ag an ngnáthfhoirmiú sin nach mbeadh ar aon dul leis an gcinneadh sin, sa litir sin, áfach. |
|
15 |
Sa chás sin sna príomhimeachtaí, tar éis dhiúltú a chéad chinneadh cúirte a chlárú, tháinig an fhoirmíocht chúirte sin le chéile le haghaidh athphlé, ar lena linn a ndearna sí athscrúdú ar an achomharc agus ar thuairim an bhreithimh clárúcháin sular chinn sí gan an réiteach a ghlac sí roimhe sin a athrú. Dá bhrí sin, d’eisigh sí cinneadh cúirte nua agus chuir sí ar aghaidh chuig an tseirbhís clárúcháin é. |
|
16 |
Agus é ar son réiteach dlíthiúil eile, tharchuir an breitheamh clárúcháin an cás sin chuig rannóg na ndíospóidí tráchtála agus díospóidí eile na cúirte a rinne an tarchur chun go ndéanfaí scrúdú ar an gceist dlí atá i gceist ag cruinniú den rannóg sin. |
|
17 |
Ag an gcruinniú sin, ghlac an rannóg sin ‘seasamh dlíthiúil’, inar ghlac sí an réiteach a raibh an breitheamh clárúcháin ar a shon. Ina dhiaidh sin, tarchuireadh an cás sin sna príomhimeachtaí ar ais chuig an ngnáthfhoirmiú chúirte lena mbaineann chun go rialódh an fhoirmíocht sin i gcomhréir leis an ‘seasamh dlíthiúil’ sin. |
|
18 |
I ngach ceann de na trí chás, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, de bhun Airteagal 177(3) de Rialacha Nós Imeachta na gCúirteanna, nach meastar, i gcás a bhreithnítear ag an dara céim, go bhfuil clabhsúr ar ghnó na cúirte go dtí go gcláraíonn an tseirbhís clárúcháin an cinneadh cúirte lena mbaineann. Ní mheasfar go bhfuil clabhsúr ar an gcás sin nó go ndéanfar an clárú sin agus go seolfar an cinneadh sin chuig na páirtithe ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, de réir na mínithe arna dtabhairt ag an gcúirt a rinne an tarchur, cé gur ghlac gnáthfhoirmiú chúirte an cinneadh cúirte sin ar bhealach comhghleacúil, ní mheastar go bhfuil clabhsúr air ach amháin ar dheimhniú an chlárúcháin don bhreitheamh – atá arna cheapadh ag uachtarán na cúirte lena mbaineann agus é ina dhuine atá ag feidhmiú a dhualgas laistigh de na húdaráis riaracháin bhreithiúnacha, mar chuid den ghnás bliantúil maidir le breithiúna a cheapadh i ndlínsí faoi leith. Sonraíonn an chúirt sin freisin nach raibh a fhios ag na páirtithe faoin idiragairt ná faoi ainm an bhreithimh clárúcháin agus, cé nach bhforáiltear don nós imeachta clárúcháin le dlí mar choinníoll chun cinneadh cúirte a ghlacadh, gur toradh a leithéid d’iarmhairt ar chleachtas na gcúirteanna dara céime, faoi Rialacha Nós Imeachta na gCúirteanna. |
|
19 |
Measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil tionchar suntasach inimeartha ag breitheamh amhail an breitheamh clárúcháin ar neamhspleáchas na mbreithiúna, nach bhfuil aithne ag na páirtithe air, nach bhforáiltear dá ról sna Rialacha Nós Imeachta is infheidhme maidir le hachomhairc agus, gan bheith ina chúirt níos airde, a d’fhéadfadh an fhoirmíocht chúirte atá ag éisteacht an cháis a spreagadh chun a cinneadh a leasú. |
|
20 |
I gCás C‑554/21, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl anuas air sin, in ainneoin an cásdlí a fhreaschur i gcinneadh a rinne ceann dá gnáthfhoirmithe roimhe sin maidir leis an gceist dlí chéanna, nár ghníomhaigh an chúirt chlárúcháin mar a ghníomhaigh sí sa chás sna príomhimeachtaí tráth an fhreaschuir sin agus gur fhormheas agus gur chláraigh sí an cinneadh freaschurtha sin agus, dá bhrí sin, gur cheadaigh sí an cinneadh sin a tharchur chuig na páirtithe, rud a léiríonn, dar leis an gcúirt sin, go bhfuil tionchar suntasach á imirt ag an mbreitheamh clárúcháin ar neamhspleáchas na mbreithiúna a chuirtear i ngnáthfhoirmiú inniúil na cúirte. |
|
21 |
I gCás C‑622/21, leagann an chúirt a rinne an tarchur béim air go léirítear an tionchar sin leis an bhfíoras gur chinn an breitheamh clárúcháin – gan an t‑ábhar a bheith tarchurtha aige chuig cruinniú na rannóige lena mbaineann – glacadh le clárú agus le fógairt cinntí cúirte arna nglacadh ag dlísheomraí eile tar éis an chinnidh a glacadh sna príomhimeachtaí, agus cinneadh á dhéanamh aige moill a chur ar chlárú an chinnidh bhreithiúnaigh sa chás sin sna príomhimeachtaí agus é a tharchur chuig an dlísheomra lena mbaineann, díreach toisc nár aontaigh sé leis an réiteach a glacadh sa chinneadh deireanach sin. |
|
22 |
Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, sa dá chás sin, go raibh údar go dtí seo le sásra a bheith ann chun cinntí cúirte a chlárú mar gheall ar an ngá atá lena áirithiú go mbeadh comhsheasmhacht sa chásdlí. Mar sin féin, tá gnás oibre na seirbhíse clárúcháin tar éis cinneadh cúirte a ghlacadh, dar leis an gcúirt sin, i gcontrárthacht le neamhspleáchas na mbreithiúna. Mar is léir ó na himthosca a bhaineann leis na cásanna sna príomhimeachtaí, roghnaíonn an tseirbhís clárúcháin na cinntí atá le seoladh ag cúirt dara céime agus cinneann sí na cásanna inarbh iomchuí nó nárbh iomchuí breithiúnas lena gclaontar ón gcásdlí a fhoilsiú go poiblí. |
|
23 |
I gCás C‑727/21, luann an chúirt a rinne an tarchur freisin, maidir le cruinnithe rannóige, nach bhforáiltear do na cruinnithe sin i Rialacha Nós Imeachta na gCúirteanna agus nach gcinneann ach breithiúna clárúcháin, uachtaráin rannóige nó uachtaráin chúirte an méid atá le háireamh ar leithéid sin de chlár oibre cruinnithe dá leithéid. Níl na páirtithe sna himeachtaí ar an eolas faoi ról an chruinnithe sin agus ní féidir leo páirt a ghlacadh ann. Faoi Airteagal 40 den Dlí maidir le hEagrú na gCúirteanna, tá na ‘seasaimh dhlíthiúla’ arna nglacadh ag cruinniú de rannóg de chúirt ar chéim níos airde ina gceangal ar bhreithiúna nó ar dhlísheomraí uile na rannóige sin sna himeachtaí sonracha lena mbaineann siad. Measann an chúirt a rinne an tarchur, dá bhrí sin, go bhfuil an ról gar-reachtach atá ag rannóga na cúirte i gcontrárthacht le scaradh trípháirteach na gcumhachtaí agus leis an smacht reachta, chomh maith le prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna. Luaitear ann, áfach, nach bhfuil na ‘seasaimh dhlíthiúla’ a ghlactar ag cruinniú bhreithiúna na gcúirteanna dara céime ceangailteach ar chúirteanna níos airde agus, i mórán cásanna áirithe, ghlac na cúirteanna uachtaracha, i gcomhthéacs scrúdú na n‑achomharc arna dtabhairt os a gcomhair, ‘seasaimh dhlíthiúla’ atá éagsúil ó na seasaimh arna nglacadh ag na cúirteanna dara céime. |
|
24 |
Sna himthosca sin, chinn Visoki trgovački sud (an Chúirt Achomhairc Tráchtála) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú, a leagtar amach i dtéarmaí comhionanna i gCásanna C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21: ‘An bhfuil an riail a leagtar síos sa dara cuid den chéad abairt agus sa dara habairt d’Airteagal 177(3) de [Rialacha Nós Imeachta na gCúirteanna], lena bhforáiltear “[o]s comhair cúirt dara céime, measfar go bhfuil clabhsúr ar chás ar dáta seolta an chinnidh ó oifig an bhreithimh lena mbaineann, i ndiaidh an cháis a tharchur ar ais ón tseirbhís clárúcháin. Ó dháta fháil an chomhaid lena mbaineann, ní mór don tseirbhís clárúcháin á tharchur ar ais chuig oifig an bhreithimh sin a luaithe is féidir. Seolfar an cinneadh sin ina dhiaidh sin laistigh de thréimhse nua ama d’ocht lá.”,, i gcomhréir le hAirteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 47 den [Chairt]?’ |
|
25 |
Ina theannta sin, i gCás C‑727/21, chinn Visoki trgovački sud (an Chúirt Achomhairc Tráchtála) an dara ceist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú: ‘An bhfuil Airteagal 40(2) [den Dlí maidir le hEagrú na gCúirteanna], lena bhforáiltear go bhfuil “an seasamh dlíthiúil arna ghlacadh ag cruinniú na mbreithiúna uile nó ag cuid den Vrhovni sud (an Chúirt Uachtarach), den Visoki trgovački sud (an Chúirt Achomhairc Tráchtála), den Visoki upravni sud (an Chúirt Achomhairc Riaracháin), den Visoki kazneni sud (an Chúirt Achomhairc Choiriúil), den Visoki prekršajni sud Visoki prekršajni sud (an Chúirt Achomhairc Oilghnímh) nó cruinniú de chuid an Županijski sud (an Chúirt Choiriúil) ina cheangal ar na dlísheomraí uile nó ar bhreithiúna dara céime na rannóige nó na cúirte lena mbaineann” i gcomhréir le hAirteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 47 den [Chairt]?’ |
An nós imeachta os comhair na Cúirte
|
26 |
Le cinntí ó Uachtarán na Cúirte an 8 Samhain agus an 15 Samhain 2021, cuireadh Cásanna C‑554/21 agus C‑622/21 ar fionraí go dtí go dtugtar an cinneadh lena gcuirfear clabhsúr ar na himeachtaí i gCás-C‑361/21, PET-PROM. |
|
27 |
Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 4 Feabhra 2022, cuireadh Cás C‑727/21 ar fionraí go dtí go bhfaighfí freagra ón gcúirt a rinne an tarchur i gCás C‑361/21 PET-PROM maidir le staid na bpríomhimeachtaí sa chás sin, ag féachaint don fhaisnéis arna cur ar fáil ag an gcúirt a rinne an tarchur i gCás C‑727/21. |
|
28 |
Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 14 Márta 2022, cuireadh tús in athuair leis na himeachtaí i gCásanna C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21, ós rud é gurbh ábhar amhrais é go raibh ann don díospóid sna príomhimeachtaí a bhí ina cúis le Cás C‑361/21. Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an lá céanna, rinneadh Cásanna C‑554/21, C‑622/21 agus C‑727/21 a uamadh chun críocha na gcodanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus den bhreithiúnas. |
Dlínse na Cúirte
|
29 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt chun cuimhne, de réir cásdlí comhsheasmhach, gur faoin gCúirt féin atá sé scrúdú a dhéanamh ar imthosca tharchur an cháis chuig ag an gcúirt náisiúnta, chun a chinneadh an bhfuil dlínse aici nó an bhfuil an t‑iarratas a cuireadh faoina bráid inghlactha (breithiúnas an 22 Márta 2022, Prokurator Generalny (Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán), C‑508/19, EU:C:2022:201, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
30 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, ar an gcéad dul síos, i gcomhthéacs tarchur chun réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, nach féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais léiriú a dhéanamh ar dhlí an Aontais ach amháin laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar di (breithiúnas an 19 Samhain 2019A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Chúirt Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
31 |
Sainmhínítear raon feidhme na Cairte, maidir le gníomhaíocht na mBallstát, in Airteagal 51(1) di, ar dá réir a dhírítear forálacha na Cairte chuig na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, agus an fhoráil sin ina deimhniú an chásdlí shocair ar dá réir atá na cearta bunúsacha a ráthaítear i ndlíchóras an Aontais infheidhme i ngach cás a rialaítear le dlí an Aontais, ach nach bhfuil infheidhme lasmuigh de na cásanna sin (breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
32 |
Sa chás seo, maidir le hAirteagal 47 den Chairt, go sonrach, níor thug an chúirt a rinne an tarchur le fios go mbaineann na díospóidí sna príomhimeachtaí le léiriú nó le cur i bhfeidhm rialacha de dhlí an Aontais a chuirtear chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. |
|
33 |
Dá bhrí sin, sna cásanna seo, níl dlínse ag an gCúirt léiriú a dhéanamh ar Airteagal 47 den Chairt as a stuaim féin. |
|
34 |
Ar an dara dul síos, ní mór a thabhairt chun cuimhne, faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, go gcuirfidh na Ballstáit leighis ar fáil a bheidh leordhóthanach chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú do dhaoine aonair sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, is faoi na Ballstáit atá sé foráil a dhéanamh maidir le córas leigheasanna agus nósanna imeachta dlíthiúla lena n‑áirithítear athbhreithniú breithiúnach éifeachtach sna réimsí sin (breithiúnas an 26 Márta 2020, Miasto Łowicz agus Prokurator Generalny, C‑558/18 agus C‑563/18, EU:C:2020:234, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
35 |
Maidir le raon feidhme ratione materiae an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, baineann an fhoráil sin leis ‘na réimsí atá folaithe le dlí an Aontais’, gan beann ar an gcás ina bhfuil an dlí úd á chur chun feidhme ag na Ballstáit (féach, chuige sin, breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 29, agus an 26 Márta 2020, Miasto Łowicz agus Prokurator Generalny, C‑558/18 agus C‑563/18, EU:C:2020:234, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
36 |
Tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, go háirithe, maidir le haon údarás náisiúnta a fhéadfaidh rialú, mar chúirt nó binse, ar cheisteanna a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus a thagann, dá bhrí sin, faoi na réimsí atá folaithe le dlí an Aontais (breithiúnas an 26 Márta 2020, Miasto Łowicz agus Prokurator Generalny, C‑558/18 agus C‑563/18, EU:C:2020:234, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
37 |
Is amhlaidh atá i gcás na cúirte a rinne an tarchur, a bhféadfaí a iarraidh uirthi, go deimhin, rialú a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léiriú dhlí an Aontais agus atá ina ‘cúirt nó binse’, de réir bhrí an dlí sin, faoi chóras leigheasanna na Cróite sna ‘réimsí atá folaithe le dlí an Aontais’, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, sa chaoi nach mór don chúirt sin na ceanglais maidir le cosaint dlí éifeachtach a chomhlíonadh (féach, de réir analaí, breithiúnas an 26 Márta 2020, Miasto Łowicz agus Prokurator Generalny, C‑558/18 agus C‑563/18, EU:C:2020:234, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
38 |
Dá réir sin, tá dlínse ag an gCúirt an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léiriú sna cásanna seo. |
Inghlacthacht na n‑iarrataí ar réamhrialú
|
39 |
De réir cásdlí socair, is ionstraim chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta é an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, trína soláthraíonn an Chúirt Bhreithiúnais do na cúirteanna náisiúnta na hábhair chun léiriú a dhéanamh ar dhlí an Aontais atá de dhíth orthu chun na díospóidí atá os a gcomhair a réiteach. Ní as gnáthfhoirmiú tuairimí comhairleacha maidir le ceisteanna ginearálta nó hipitéiseacha a eascraíonn an t‑údar atá le tarchur chun réamhrialú, ach as an ngá atá ina dhlúthchuid de réiteach éifeachtach díospóide (breithiúnas an 22 Márta 2022, Prokurator Generalny (Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán), C‑508/19, EU:C:2022:201, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
40 |
Mar is léir ó fhoclaíocht Airteagal 267 CFAE, ní mór ‘gá’ a bheith leis an réamhrialú a iarrtar ionas go bhféadfadh an chúirt a rinne an tarchur ‘breithiúnas a thabhairt’ sa chás atá os a comhair (breithiúnas an 22 Márta 2022, Prokurator Generalny (Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán), C‑508/19, EU:C:2022:201, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
41 |
Sa chás seo, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil na trí fhoirmíocht cúirte atá freagrach as na cásanna sna príomhimeachtaí, i gCásanna C‑554/21 agus C‑622/21, faoi réir ag treoracha an bhreithimh clárúcháin agus, i gCás C‑727/21, faoi réir ag an oibleagáid rialú a thabhairt i gcomhréir le ‘seasamh dlíthiúil’ ó chruinniú na rannóige díospóidí tráchtála agus díospóidí eile de chuid na cúirte sin. Sonraíonn sí go mbaineann na treoracha sin agus an ‘seasamh dlíthiúil’ sin le hábhar na gcinntí arna nglacadh cheana féin ag na trí fhoirmíocht sin den Chúirt agus go bhfuil comhlíonadh na gcinntí sin ina choinníoll chun clabhsúr críochnaitheach a chur ar na cásanna sna príomhimeachtaí agus chun na cinntí sin a chlárú agus a chur in iúl do na páirtithe. Lena ceisteanna le haghaidh réamhrialú, féachann sí go sonrach lena fháil amach an gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar ‘cur isteach’, amhail an cur isteach atá i gceist sna príomhimeachtaí, i ngníomhaíocht bhreithiúnach gnáthfhoirmiú na cúirte nó binse ag daoine eile a fheidhmíonn oifig laistigh den chúirt sin. Dá bhrí sin, tá gá le freagra na Cúirte ar na ceisteanna sin chun go mbeadh an chúirt a rinne an tarchur in ann na trí chás sna príomhimeachtaí a dhúnadh go cinntitheach. |
|
42 |
I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, ní mór a mheas go bhfuil na hiarrataí ar réamhrialú inghlactha. |
Na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú
|
43 |
Lena ceisteanna, ar ceart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar an dlí náisiúnta foráil a dhéanamh do shásra inmheánach cúirte náisiúnta ar dá réir, ar an gcéad dul síos, nach cinneadh cúirte a sheoladh chuig na páirtithe chun clabhsúr a chur leis an gcás lena mbaineann ach amháin má fhormheasann breitheamh clárúcháin, nach cuid d’fhoirmíocht na cúirte a ghlac an cinneadh sin é, ábhar an chinnidh sin agus, ar an dara dul síos, an bhfuil sé de chumhacht ag cruinniú rannóige den chúirt náisiúnta sin ‘seasaimh dhlíthiúla’ a ghlacadh atá ceangailteach ar dhlísheomraí nó ar bhreithiúna uile na cúirte sin. |
|
44 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt chun cuimhne, cé go dtagann eagrú an cheartais sna Ballstáit, go háirithe, bunú, comhdhéanamh, cumhachtaí agus feidhmiú na gcúirteanna náisiúnta faoi inniúlacht na Stát sin, ní lú an ceangal atá ar na Stáit sin, agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, a n‑oibleagáidí atá orthu faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh agus, go háirithe, faoi Airteagal 19 CAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna), C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
45 |
I ndáil leis sin, is prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE atá cumhdaithe, go háirithe, in Airteagal 6(1) den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘ECHR’), a gcomhfhreagraítear dó leis an dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, mír 219 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ní mór, dá bhrí sin, aird chuí a thabhairt ar an bhforáil sin chun an dara fomhír d’Airteagal 19(1) úd a léiriú (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Athbhreithniú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán), C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 102 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
46 |
Thairis sin, a mhéid a leagtar amach sa Chairt na cearta lena gcomhfhreagraítear do na cearta a ráthaítear faoi ECHR, is é is aidhm d’Airteagal 52(3) den Chairt an chomhsheasmhacht is gá a áirithiú idir na cearta atá sa Chairt agus na cearta comhfhreagracha a ráthaítear faoi ECHR, gan dochar a dhéanamh dá bhrí sin d’uathriail dhlí an Aontais. De réir na mínithe a bhaineann leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17), freagraítear leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt d’Airteagal 6(1) ECHR. Dá bhrí sin, ní mór don Chúirt Bhreithiúnais a áirithiú go n‑áirithítear, lena léiriú sna cásanna sin leibhéal cosanta ar dá réir nach dtugtar neamhaird ar an leibhéal cosanta a ráthaítear le hAirteagal 6(1) ECHR leis, arna léiriú ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Athbhreithniú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán), C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 123 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
47 |
É sin ráite, ní mór a thabhairt chun cuimhne nach mór d’aon Bhallstát, faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, a áirithiú go gcomhlíonann údaráis a n‑iarrtar orthu, mar ‘chúirt nó binse’ de réir dhlí an Aontais, rialú a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léiriú dhlí an Aontais agus a thagann, dá bhrí sin, faoina chóras leigheasanna sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais, na ceanglais maidir le cosaint dlí éifeachtach, lena n‑áirítear an neamhspleáchas (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht breithiúnas cúirte bunreachtúla), C‑430/21, EU:C:2022:99, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
48 |
Dá réir sin, aon bheart nó cleachtas náisiúnta atá ceaptha éagsúlachtaí sa chásdlí a sheachaint nó a leigheas agus, ar an gcaoi sin, an deimhneacht dhlíthiúil is gné dhílis de phrionsabal an tsmachta reachta a áirithiú, ní mór go gcomhlíonfaí na ceanglais a eascraíonn as an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE leis. |
|
49 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an ceanglas maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna, atá ina dhlúthchuid den chúram chun breithniú a dhéanamh ar an gcás, mar chuid de bhunbhrí an chirt chun cosaint dlí éifeachtach agus an chirt bhunúsaigh chun triail chóir a fháil, a bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint leo mar ráthaíochtaí chun na cearta uile a eascraíonn ó dhlí an Aontais a chosaint agus chun na luachanna is coiteann do na Ballstáit a chaomhnú, a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, go háirithe luach an tsmachta reachta (breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna), C‑791/19, EU:C:2021:596, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
50 |
De réir cásdlí socair, tá dhá ghné ag baint leis an gceanglas neamhspleáchais sin. Ceanglaítear leis an gcéad ghné, atá seachtrach, go bhfeidhmeoidh an t-údarás lena mbaineann a fheidhmeanna go hiomlán neamhspleách, gan bheith faoi réir aon srian ordlathach ná faoi réir aon údarás eile agus gan orduithe ná treoracha a ghlacadh ó aon fhoinse ar bith, agus cosaint á tabhairt dá bhrí sin ar idiragairtí seachtracha nó ar bhrú seachtrach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do bhreithiúnas neamhspleách a chomhaltaí agus tionchar a imirt ar a gcinntí (breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 121). |
|
51 |
Tá an dara gné, ar gné inmheánach í, nasctha le ‘neamhchlaontacht’ agus féachtar léi lena áirithiú go gcoimeádtar comhfhad idir na páirtithe sna himeachtaí agus a leasanna faoi seach maidir le hábhar na n‑imeachtaí sin. Éilíonn an ghné sin oibiachtúlacht agus easpa leasa i dtoradh an cháis seachas cur i bhfeidhm docht an smachta reachta (breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 122). |
|
52 |
Glactar leis, trí na ráthaíochtaí neamhspleáchais agus neamhchlaontachta sin, go bhfuil rialacha ann a bhaineann, go háirithe, le comhdhéanamh an údaráis lena mbaineann, lena bhféadfar deireadh a chur le haon amhras dlisteanach, in aigne daoine aonair, maidir le seasmhacht an údaráis sin i gcoinne tosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna atá os a chomhair (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí), C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 123). |
|
53 |
I ndáil leis sin, is gá breithiúna a chosaint ar chur isteach seachtrach nó ar bhrú seachtrach lena bhféadfaí a neamhspleáchas a chur i mbaol. Leis na rialacha is infheidhme maidir le stádas na mbreithiúna agus comhlíonadh a ndualgas, ní mór a bheith in ann, go háirithe, ní hamháin aon tionchar díreach a eisiamh, i bhfoirm treoracha, ach cineálacha tionchair atá níos indírí a bhfuil tionchar inimeartha aige ar chinntí na mbreithiúna lena mbaineann chomh maith agus, ar an gcaoi sin, aon easpa neamhspleáchas nó neamhchlaontacht dealraitheach a chur as an áireamh a bhainfeadh an bonn den mhuinín nach mór do na breithiúna a spreagadh i ndaoine aonair i sochaí dhaonlathach agus sa smacht reachta (breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna), C‑791/19, EU:C:2021:596, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
54 |
Cé go bhfuil sé i gceist le gné ‘sheachtrach’ an neamhspleáchais, go bunúsach, neamhspleáchas na gcúirteanna ón reachtas agus ón bhfeidhmeannas a chaomhnú i gcomhréir le prionsabal scaradh na gcumhachtaí, atá ina shaintréith d’fheidhmiú an smachta reachta, ní mór a thuiscint mar sin féin go gcumhdaítear leis an ngné sin freisin cosaint breithiúna ar thionchar míchuí ón dlínse lena mbaineann (féach, chuige sin, ECtHR, an 22 Nollaig 2009, Parlov-Tkalčić v an Chróit, CE:ECHR:2009:1222JUD002481006, § 86). |
|
55 |
Ar an dara dul síos, ag féachaint do na naisc dhoscartha idir ráthaíochtaí neamhspleáchais agus neamhchlaontachta breithiúna agus rochtain ar bhinse arna bhunú roimhe sin le dlí (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Krajowa Rada Sądownictwa (Breitheamh a choimeád ag feidhmiú a bhfeidhmeanna), C‑718/21, EU:C:2023:1015, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear), ceanglaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE freisin nach mór cúirt ‘arna bunú roimhe sin le dlí’ a bheith ann’. Baineann an abairt sin, lena léirítear go háirithe prionsabal an smachta reachta, ní hamháin leis an mbunús dlí atá leis an gcúirt lena mbaineann a bheith ann, ach le comhdhéanamh an phainéil ina suitear i ngach cás freisin (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Márta 2020, Athscrúdú Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún, C‑542/18 RX-II agus C‑543/18 RX-II, EU:C:2020:232, mír 73, agus an 22 Márta 2022, Prokurator Generalny (Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán), C‑508/19, EU:C:2022:201, mír 73). Tugtar le tuiscint leis an bprionsabal sin, go háirithe, gurb é gnáthfhoirmiú na cúirte atá i bhfeighil an cháis amháin a ghlacfaidh an cinneadh críochnaitheach. |
|
56 |
Tá sé i gceist leis an bhfrása ‘arna bunú roimh ré le dlí’, inter alia, cosc a chur ar eagrú an chórais bhreithiúnaigh a fhágáil faoi rogha an fheidhmeannais agus a áirithiú go rialófar an t‑ábhar sin le dlí. Thairis sin, i dtíortha a rialaítear leis an dlí códaithe, ní féidir eagrú an chórais bhreithiúnaigh a fhágáil faoi rogha na n‑údarás breithiúnach, rud nach gcuireann cosc orthu, áfach, cumhacht áirithe a thabhairt dóibh chun an reachtaíocht náisiúnta ábhartha a léiriú (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn(Córas araíonachta do bhreithiúna), C‑791/19, EU:C:2021:596, mír 168 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
57 |
Saintréith de ‘bhinse arna bhunú le dlí’ is ea an ról breithiúnach atá aige, is é sin cinneadh a dhéanamh, ar bhonn rialacha dlí agus tar éis nós imeachta eagraithe, maidir le haon ábhar a thagann faoina dhlínse. Ní mór di, dá bhrí sin, chomh maith le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a c/h/omhaltaí, coinníollacha eile a chomhlíonadh freisin, go háirithe, coinníollacha a bhaineann le ráthaíochtaí a bheith ann a dtugtar leis an nós imeachta a leanadh os a comhair (féach, chuige sin, ECtHR, an 22 Meitheamh 2000, Coëme agus páirtithe eile v an Bheilg, CE:ECHR:2000:0622JUD003249296, § 99). |
|
58 |
Áirítear sna ráthaíochtaí sin, sa tríú háit, prionsabal na sáraíochta, atá ina dhlúthchuid den cheart chun triail chóir a fháil agus chun cosaint dlí éifeachtach a fháil (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Nollaig 2009, Athscrúdú M v EMEA, C-197/09 RX-II, EU:C:2009:804, mír 59; an 16 Deireadh Fómhair 2019, Glencore Agriculture Hungary, C‑189/18, EU:C:2019:861, mír 61; an 29 Aibreán 2021, Bank BPH, C‑19/20, EU:C:2021:341, mír 92, agus an 10 Feabhra 2022, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (Tréimhse theorann), C‑219/20, EU:C:2022:89, mír 46). Tugtar le tuiscint leis an bprionsabal sin, go háirithe, nach mór do na páirtithe a bheith in ann gach ábhar fíorais agus dlí atá cinntitheach maidir le toradh na n‑imeachtaí a phlé (breithiúnais an 2 Nollaig 2009, an Coimisiún v Éire agus páirtithe eile, C‑89/08 P, EU:C:2009:742, mír 56, agus an 17 Nollaig 2009, Athscrúdú M v EMEA, C‑197/09 RX-II, EU:C:2009:804, mír 41). |
|
59 |
Ceanglaítear leis na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 47 go 58 den bhreithiúnas seo, go háirithe, go mbeidh rialacha trédhearcacha ann atá ar eolas ag daoine aonair maidir le comhdhéanamh ghnáthfhoirmithe na cúirte, ar rialacha iad lena gcuirtear cosc ar aon chur isteach míchuí, sa phróiseas cinnteoireachta a bhaineann le cás ar leith, ag daoine atá lasmuigh d’fhoirmíocht na cúirte atá i bhfeighil an cháis sin agus nach raibh na páirtithe in ann a n‑argóintí a chur ar aghaidh os a comhair. |
|
60 |
Cé gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé na prionsabail go léir a leagtar amach thuas a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Chúirt, áfach, i gcomhthéacs an chomhair bhreithiúnaigh a bhunaítear le hAirteagal 267 CFAE, ar bhonn na faisnéise sa chomhad, treoir a thabhairt don chúirt sin maidir le léiriú dhlí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith úsáideach di agus measúnú á dhéanamh aici ar éifeachtaí forála áirithe de dhlí an Aontais (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021,W.Ż. (Dlísheomra um Athbhreithniú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán), C-487/19, EU:C:2021:798, mír 133 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
61 |
Maidir le cur isteach na cúirte clárúcháin atá i gceist sna príomhimeachtaí, is léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte nach bhforáiltear le hAirteagal 177(3) de Rialacha Nós Imeachta na gCúirteanna go bhfuil dlínse ag an gcúirt sin athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar cinnidh bhreithiúnaigh ar bhealach ar bith agus cosc a chur ar é a sheachadadh agus a sheirbheáil go foirmiúil ar na páirtithe mura n‑aontaíonn sí lena ábhar. |
|
62 |
Is léir freisin ó na comhaid sin nach bhforáiltear don dlínse sin sa Dlí maidir le hEagrú na gCúirteanna, go háirithe in Airteagal 40(2) de, a bhaineann le cineál ceangailteach na ‘seasamh dlíthiúil’ ó chruinnithe na rannóige. |
|
63 |
Mar sin féin, de réir na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil agus mar a léirítear le himthosca fíorasacha na dtrí chás sna príomhimeachtaí, is cosúil, sa chleachtas, go bhfuil na forálacha sin á gcur i bhfeidhm ar bhealach a bhfágann go dtéitear níos faide ná an fheidhm chlárúcháin le ról an bhreithimh clárúcháin. |
|
64 |
Cé nach féidir leis an gcúirt sin a measúnú féin a chur in ionad mheasúnú fhoirmíocht na cúirte atá i bhfeighil an cháis lena mbaineann, féadfaidh sí, de facto, bac a chur ar chlárú an chinnidh bhreithiúnaigh arna ghlacadh agus, dá bhrí sin, cosc a chur ar thabhairt i gcrích an phróisis cinnteoireachta agus ar fhógra a thabhairt faoin gcinneadh sin do na páirtithe, tríd an gcás a tharchur ar ais chuig an ngnáthfhoirmiú breithiúna sin chun an cinneadh sin a athscrúdú i bhfianaise a barúlacha dlíthiúla féin agus, i gcás easaontas leanúnach leis an ngnáthfhoirmiú breithiúna sin, trína iarraidh ar uachtarán na rannóige lena mbaineann cruinniú rannóige a thionól chun críocha ‘seasamh dlíthiúil’ a ghlacadh, a bheidh ina cheangal, go háirithe, ar an ngnáthfhoirmiú breithiúna chéanna sin. |
|
65 |
Tá sé d’éifeacht ag leithéid sin de cleachtas cead a thabhairt don bhreitheamh clárúcháin cur isteach ar an gcás lena mbaineann, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an réiteach deiridh atá le glacadh sa chás sin. |
|
66 |
Ar an gcéad dul síos, mar is léir ó mhíreanna 61 agus 62 den bhreithiúnas seo, is cosúil nach bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí dá leithéid de chur isteach ón gcúirt chlárúcháin. |
|
67 |
Ar an dara dul síos, déantar an cur isteach sin tar éis d’fhoirmíocht na cúirte ar sannadh an cás lena mbaineann uirthi a cinneadh cúirte a ghlacadh, ag deireadh a pléití, cé nach mbaineann an chúirt sin le gnáthfhoirmiú sin na cúirte agus, dá bhrí sin, nár ghlac sí páirt sna céimeanna níos luaithe den nós imeachta ba chúis leis an gcinneadh sin. Dá bhrí sin, tá tionchar inimeartha ag an mbreitheamh sin ar ábhar cinntí cúirte arna dtabhairt ag gnáthfhoirmiú nach bhfuil sé ina chomhalta di. |
|
68 |
Ar an tríú dul síos, is cosúil nach bhfuil cumhacht cuir isteach na cúirte clárúcháin teorannaithe fiú le critéir oibiachtúla atá sonraithe go soiléir, lena léirítear údar ar leith agus atá in ann feidhmiú cumhachta rogha a sheachaint. Dá bhrí sin, sa díospóid sna príomhimeachtaí ba chúis le Cás C‑554/21, chinn an breitheamh clárúcháin go raibh an cinneadh cúirte os a chomhair i gcomhréir le cinneadh eile a rinneadh roimhe sin, ach ní le dhá chinneadh eile a rinneadh roimhe sin, agus bhí sé ar son ceann amháin den dá réiteach dhlíthiúla éagsúla. Sa díospóid sna príomhimeachtaí ba chúis le Cás C‑622/21, thug an chúirt chlárúcháin údar le tarchur an cháis chuig gnáthfhoirmiú na cúirte lena mbaineann mar gheall ar chinntí a bheith ann a bhí, tar éis an chinnidh atá i gceist sna príomhimeachtaí sa chás sin, i bhfabhar a mhalairte de thuairim. Sna príomhimeachtaí ba chúis le Cás C‑727/21, ba ar an bhforas nár aontaigh sé leis an dearcadh dlí a cuireadh in iúl sa chinneadh atá faoi chonspóid sna príomhimeachtaí gur tharchuir an chúirt chlárúcháin – gan tagairt a dhéanamh d’aon chinneadh a rinneadh roimhe sin – an cás chuig gnáthfhoirmiú bhreithiúnach na cúirte lena mbaineann, a rinne tagairt, mar sin féin, ina cinneadh féin, do chinneadh a rinneadh roimhe sin lenar glacadh réiteach comhchosúil. |
|
69 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, níl cleachtas amhail an cleachtas atá i gceist sna príomhimeachtaí, faoina bhféadfaí an cinneadh cúirte arna ghlacadh ag gnáthfhoirmiú na cúirte atá i bhfeighil an cháis a mheas mar chinneadh críochnaitheach agus a sheoladh chuig na páirtithe ach amháin dá bhformheasfadh breitheamh clárúcháin nach bhfuil a ábhar ina chuid d’fhoirmíocht na cúirte sin, ag luí leis na ceanglais a bhaineann go dlúth leis an gceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil. |
|
70 |
Maidir le cur isteach ó chruinniú rannóige amhail an cruinniú atá i gceist sna príomhimeachtaí, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 40(1) agus (2) den Dlí maidir le hEagrú na gCúirteanna go bhféadfar cruinniú rannóige nó breithiúna cúirte a thionól i gcás ina bhfuil, go háirithe, difríochtaí sa léiriú idir rannóga, dlísheomraí nó breithiúna na cúirte sin maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí agus, ina dhiaidh sin, go dtagtar leis an gcruinniú sin ar ‘sheasamh dlíthiúil’ atá ina cheangal ar gach dlísheomra nó breitheamh den rannóg sin nó den chúirt sin. |
|
71 |
Is léir freisin ó na mínithe arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur go bhféadfaidh cathaoirleach rannóige a leithéid de chruinniú rannóige ar iarraidh sin do bhreitheamh na cúirte clárúcháin i gcás nach dtoilíonn an breitheamh sin le clárú an chinnidh bhreithiúnaigh arna chur ar aghaidh chuige ag gnáthfhoirmiú na cúirte a éisteann an cás lena mbaineann, ar a laghad i gcás ina bhfuil sé ar intinn ag gnáthfhoirmiú sin na cúirte cloí lena cinneadh tar éis an t‑athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin a éilíonn an chúirt sin. |
|
72 |
De réir na mínithe sin, féadfaidh breithiúna uile na rannóige lena mbaineann páirt a ghlacadh sa chruinniú sin, lena n‑áirítear na breithiúna atá ina suí sa chás lena mbaineann agus breitheamh na cúirte clárúcháin. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé, mar is léir ón gcomhad a bhaineann le Cás C‑727/21, go ndealraíonn sé gur ghlac breitheamh nó breithiúna fhoirmíocht na mbreithiúna lena mbaineann páirt sa chruinniú rannóige atá i gceist, gur breithiúna eile ar comhaltaí den chúirt lena mbaineann iad formhór na mbreithiúna a ghlac páirt sa chruinniú rannóige sin, ach nach dtagann laistigh den fhoirmíocht breithiúna sin. Thairis sin, faoi Airteagal 40(3) den Dlí maidir le hEagrú na gCúirteanna, féadfaidh ‘ollúna Dhámh an Dlí, lucht léinn mór le rá nó saineolaithe i réimse sonrach dlí’, ar daoine iad lasmuigh den dlínse lena mbaineann, páirt a ghlacadh, faoi choinníollacha áirithe, i leithéid sin de chruinniú agus, dá bhrí sin, i bpróiseas breithiúnach. |
|
73 |
Is léir freisin ó na mínithe sin nach faoi chruinniú rannóige atá sé cinneadh cinntitheach a dhéanamh maidir leis an gcás ba chúis lena tharchur nó réiteach sonrach a mholadh sa chás sin. Mar sin féin, fiú má dhéantar ‘seasamh dlíthiúil’ den chruinniú rannóige sin a fhoirmliú ar bhealach teibí a bheag nó a mhór agus má tá sé ina cheangal ar na breithiúna uile, déanann an cruinniú sin, chun an seasamh dlíthiúil sin a chur in iúl, an dlí a léiriú i bhfianaise cásanna sonracha. |
|
74 |
De réir Airteagal 40(2) den Dlí maidir le hEagrú na gCúirteanna, ní mór ‘seasamh dlíthiúil’ i gcruinniú rannóige a urramú, go háirithe, d’fhoirmíocht na cúirte a ghlac an cinneadh cúirte sa chás ba chúis lena tharchur mura bhfuil an cinneadh sin cláraithe nó seolta fós. Dá bhrí sin, beidh an breitheamh clárúcháin, a bhfuil sé de chúram air, sa chleachtas, comhlíonadh na ‘seasamh dlíthiúil’ arna nglacadh ag cruinniú na rannóige lena mbaineann a áirithiú, in ann diúltú do chlárúchán cinnidh cúirte ‘nua’ arna ghlacadh ag an dlísheomra sin má imíonn sé ón ‘seasamh dlíthiúil’ sin. |
|
75 |
Le hidiragairt chruinniú na rannóige, is féidir, i ndáiríre, cur isteach ar réiteach críochnaitheach cáis a pléadh roimhe sin agus a chinn gnáthfhoirmiú inniúil na Cúirte, ach nár cláraíodh agus nár seoladh fós, ag grúpa breithiúna atá rannpháirteach sa chruinniú rannóige sin. |
|
76 |
Go deimhin, is é an t‑ionchas, má sheasann an gnáthfhoirmiú le dearcadh dlíthiúil atá in aghaidh dhearcadh an bhreithimh clárúcháin, go mbeidh a chinneadh cúirte faoi réir athbhreithniú ag cruinniú rannóige, mar aon leis an oibleagáid atá ar an bpainéal urramú a dhéanamh, tar éis na bpléití a bheith curtha i gcrích, ar seasamh é a shaineofaí leis an gcruinniú rannóige sin, is de chineál é a dhéanfadh difear d’ábhar críochnaitheach an chinnidh sin. |
|
77 |
Ar an gcéad dul síos, ní cosúil go bhfuil an chumhacht chun idiragairt a dhéanamh i gcruinniú na rannóige atá i gceist sna príomhimeachtaí teoranta go leor de réir critéir oibiachtúla agus go gcuirtear a leithéid i bhfeidhm. Cé gur fíor go bhforáiltear le hAirteagal 40(1) den Dlí maidir le hEagrú na gCúirteanna do chruinniú rannóige a thionól ‘i gcás ina gcinntear go bhfuil difríochtaí sa léiriú idir rannóga, dlísheomraí nó breithiúna maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí nó i gcás ina n‑imíonn dlísheomra nó breitheamh rannóige ón seasamh dlíthiúil a glacadh roimhe sin’, is léir ón tuairisc ar na fíorais a leagtar amach san ordú tarchuir i gCás C‑727/21 gur tionóladh cruinniú na rannóige lena mbaineann ar an bhforas amháin nach raibh dearcadh dlíthiúil fhoirmíocht inniúil na mbreithiúna ag an mbreitheamh clárúcháin, níor luadh aon chinneadh a léireodh éagsúlacht sa dearcadh sin ó chinntí cúirte roimhe sin. |
|
78 |
Ar an dara dul síos, is léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte i gCás C‑727/21, amhail idiragairt an bhreithimh clárúcháin, cruinniú rannóige a thionól agus ‘seasamh dlíthiúil’ ceangailteach a eisiúint, go háirithe, chun an chúirt atá ag éisteacht an cháis sin a chur ar bun, nach gcuirtear ar a súile do na páirtithe ag am ar bith iad. Dá bhrí sin, is cosúil nach bhfuil an deis ag na páirtithe sin a gcearta nós imeachta a fheidhmiú roimh a leithéid de chruinniú rannóige. |
|
79 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní féidir reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do chruinniú rannóige de chúirt náisiúnta iallach a chur, trí ‘sheasamh dlíthiúil’ a eisiúint, ar fhoirmíocht na cúirte atá i bhfeighil an cháis ábhar an chinnidh bhreithiúnaigh a ghlac sí roimhe sin a athrú, cé go n‑áirítear sa chruinniú rannóige sin freisin breithiúna seachas breithiúna ghnáthfhoirmiú na cúirte sin agus, de réir mar a bheidh, daoine lasmuigh den chúirt lena mbaineann nach bhfuil na páirtithe in ann a n‑argóintí a chur ar aghaidh os a comhair, a réiteach leis na ceanglais is gné dhílis den cheart chun cosaint dlí éifeachtach agus chun triail chóir a fháil. |
|
80 |
Ní mór a shonrú freisin, chun éagsúlachtaí sa chásdlí a sheachaint nó a leigheas agus, ar an gcaoi sin, chun an deimhneacht dhlíthiúil is gné dhílis de phrionsabal an smachta reachta a áirithiú, nach sáraítear na ceanglais a eascraíonn as an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE le sásra nós imeachta lena gceadaítear do bhreitheamh de chúirt náisiúnta nach bhfuil ina shuí i ngnáthfhoirmiú na cúirte a bhfuil dlínse aici cás a tharchur chuig dlísheomra ina suí i gcomhdhéanamh leathnaithe na cúirte sin, ar choinníoll nár chinn an dlísheomra a ceapadh ar dtús an cás go fóill, go bhfuil na himthosca ina bhféadfar a leithéid sin de tharchur a dhéanamh leagtha amach go soiléir sa reachtaíocht is infheidhme agus nach gceileann an tarchur sin ar na daoine lena mbaineann an fhéidearthacht a bheith rannpháirteach sna himeachtaí os comhair fhoirmíocht leathnaithe sin na mbreithiúna. Ina theannta sin, féadfaidh gnáthfhoirmiú na cúirte a ceapadh ar dtús cinneadh a dhéanamh i gcónaí maidir lena leithéid de tharchur. |
|
81 |
I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear nach mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar an dlí náisiúnta foráil a dhéanamh do shásra inmheánach do chúirt náisiúnta faoina bhforáiltear:
|
Costais
|
82 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
cuirtear cosc léi ar an dlí náisiúnta foráil a dhéanamh do shásra inmheánach cúirte náisiúnta ar dá réir: |
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Chróitis.