Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Doiciméad 62020CJ0134

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Iúil 14.
IR v Volkswagen AG.
Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 – Cineálcheadú mótarfheithiclí – Pointe 10 d’Airteagal 3 – Airteagal 5(1) agus (2) – Feiste sháraithe – Mótarfheithiclí – Inneall díosail – Astaíochtaí truailleán – Córas rialaithe astaíochtaí – Bogearraí atá comhtháite sa ríomhaire rialaithe innill – Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) – Laghdú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) arna theorannú ag “fuinneog theochta” – Toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí – Airteagal 5(2)(a) – Eisceacht ón toirmeasc sin – Treoir 1999/44/CE – Díolachán agus ráthaíochtaí earraí tomhaltais – Airteagal 3(2) – Feiste suiteáilte mar chuid de dheisiúchán feithicle.
Cás C-134/20.

Aitheantóir ECLI: ECLI:EU:C:2022:571

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

14 Iúil 2022 ( *1 )

“Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 – Cineálcheadú mótarfheithiclí – Pointe 10 d’Airteagal 3 – Airteagal 5(1) agus (2) – Feiste sháraithe – Mótarfheithiclí – Inneall díosail – Astaíochtaí truailleán – Córas rialaithe astaíochtaí – Bogearraí atá comhtháite sa ríomhaire rialaithe innill – Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) – Laghdú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) arna theorannú ag “fuinneog theochta” – Toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí – Airteagal 5(2)(a) – Eisceacht ón toirmeasc sin – Treoir 1999/44/CE – Díolachán agus ráthaíochtaí earraí tomhaltais – Airteagal 3(2) – Feiste suiteáilte mar chuid de dheisiúchán feithicle”

I gCás C‑134/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Landesgericht Eisenstadt (Cúirt Réigiúnach, Eisenstadt, an Ostair), trí bhreith an 29 Eanáir 2020, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 11 Márta 2020, sna himeachtaí idir

IR

agus

Volkswagen AG,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, I. Ziemele, agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.‑C. Bonichot, T. von Danwitz, F. Biltgen, P.G. Xuereb (Rapóirtéir), N. Piçarra agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

IR, ag M. Poduschka, Rechtsanwalt,

Volkswagen AG, ag H. Gärtner, F. Gebert, F. Gonsior, C. Harms, N. Hellermann, F. Kroll, M. Lerbinger, S. Lutz‑Bachmann, L.‑K. Mannefeld, K.‑U. Opper, H. Posser, J. Quecke, K. Schramm, W. F. Spieth, J. von Nordheim, K. Vorbeck, B. Wolfers agus B. Wollenschläger, Rechtsanwälte,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus D. Klebs, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag M. Huttunen agus M. Noll-Ehlers, i gcáil Gníomhairí,

agus tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 23 Meán Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar phointe 10 d’Airteagal 3 agus Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO 2007 L 171, lch. 1), agus ar Airteagal 3(2) de Threoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochta gaolmhara (IO 1999 L 171, lch. 12).

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí idir IR agus Volkswagen AG maidir leis an iarraidh ar chealú conartha díolacháin a bhaineann le mótarfheithicil atá feistithe le bogearraí a laghdaíonn athshruthú gás truaillithe ón bhfeithicil sin de réir na teochta agus na hairde a bhraitear.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Treoir 1999/44

3

Rinneadh Treoir 1999/44 a aisghairm le Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO 2019 L 136, lch. 28), le héifeacht ón 1 Eanáir 2022. I bhfianaise dháta fhíorais na díospóide sna príomhimeachtaí, tá feidhm fós ag Treoir 1999/44 maidir leis na príomhimeachtaí sin.

4

Foráiltear le hAirteagal 1(2)(f) de Threoir 1999/44 an méid seo a leanas:

“Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

f)

ciallaíonn ‘deisiú’, i gcás easpa comhréireachta, an t‑earra tomhaltais a chur i gcomhréir leis an gconradh.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Cearta an tomhaltóra”:

“1.   Beidh an díoltóir faoi dhliteanas ag an tomhaltóir i leith aon easpa comhréireachta atá ann tráth ar seachadadh na hearraí.

2.   I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal na hearraí a bheith tugtha chun comhréireachta saor in aisce trí dheisiú nó trí athsholáthar, i gcomhréir le mír 3, nó laghdú iomchuí a fháil ar an bpraghas nó an conradh a sheachaint maidir leis na hearraí sin, i gcomhréir le míreanna 5 agus 6.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán Uimh. 715/2007

6

De réir aithrisí 1 agus 6 de Rialachán Uimh. 715/2007:

“(1)

[...] ba chóir na riachtanais theicniúla a bhaineann le comhchineálú mótarfheithiclí maidir le hastaíochtaí a chomhchuibhiú sa dóigh nach mbeadh riachtanais dhifriúla i mBallstáit áirithe seachas a chéile agus chun ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú.

[...]

(6)

Is gá, go háirithe, laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine ó fheithiclí díosail chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus chun luachanna teorantacha truaillithe a chomhlíonadh. [...]”

7

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 1(1) den Rialachán sin:

“Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais chomhchoiteanna teicniúla maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí (‘feithiclí’) agus páirteanna athsholáthair, ar nós feistí athsholáthair rialaithe truaillithe, i dtaca lena n-astaíochtaí.”

8

Luaitear an méid seo a leanas i bpointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin:

“Chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha a bheart cur chun feidhme, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

10)

ciallaíonn ‘feiste s[h]áraithe’ aon eilimint dearaidh lena mothaítear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadar eile chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú agus lena laghdaítear éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochta i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle.”

9

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán sin:

“1.   Léireoidh déantóirí go bhfuil gach feithicil nua a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís sa Chomhphobal cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme. Léireoidh déantóirí chomh maith go mbeidh gach feiste athsholáthair rialaithe truaillithe nua a mbeidh cineálcheadú riachtanach dóibh a dhíolfar nó a chuirfear i seirbhís sa Chomhphobal cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme.

Áirítear ar na hoibleagáidí sin na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5 a chomhlíonadh.

2.   Cinnteoidh déantóirí go gcomhlíonfar nósanna imeachta cineálcheadaithe chun comhréireacht táirgeachta, marthanacht feistí rialaithe truaillithe agus comhréireacht inseirbhíse a fhíorú.

Chomh maith leis sin, caithfidh na bearta teicniúla a ghlacfaidh an déantóir a áirithiú go gcuirfear srian i gceart le hastaíochtaí sceithphíopa agus galaithe, de bhun an Rialacháin seo, ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí agus iad á dtiomáint faoi ghnáthchoinníollacha úsáide. [...]

[...]”

10

Foráiltear le hAirteagal 5(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 715/2007:

“1.   Feisteoidh an déantóir na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna deartha, déanta agus cóimeáilte ar dhóigh go bhféadfaidh an fheithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme a chomhlíonadh.

2.   Toirmiscfear úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtúlacht na gcóras rialaithe astaíochtaí. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sna cásanna seo a leanas:

a)

i gcás ina mbeidh call leis an bhfeiste chun an t‑inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc agus chun go n‑oibreoidh an fheithicil go sábháilte;

b)

i gcás nach n‑oibreoidh an fheiste ach chun críocha an t‑inneall a dhúiseacht;

c)

i gcás ina bhfolófar go suntasach sna nósanna imeachta tástála coinníollacha chun astaíochtaí galaithe agus meánastaíochtaí ó sceithphíopaí a fhíorú.”

11

Leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, dar teideal “Teorainneacha astaíochtaí”, inter alia na luachanna teorantacha d’astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx).

Rialachán Uimh. 692/2008;

12

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 715/2007 (IO 2008 L 199, lch. 1) a leasú le Rialachán (AE) Uimh. 566/2011 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2011 (IO 2011 L 158, lch. 1) (“Rialachán Uimh. 692/2008”). Ón 1 Eanáir 2022, rinneadh Rialachán Uimh. 692/2008 a aisghairm le Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 715/2007, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán Uimh. 692/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n‑aisghairtear Rialachán Uimh. 692/2008 (IO 2017 L 175 lch. 1). Mar sin féin, i bhfianaise dháta fhíorais na díospóide sna príomhimeachtaí, tá feidhm fós ag Rialachán Uimh. 692/2008 maidir leis na príomhimeachtaí sin.

13

Foráiltear le hAirteagal 1 de Rialachán Uimh. 692/2008 an méid seo a leanas:

“Leagtar síos leis an Rialachán seo na forálacha maidir le cur chun feidhme Airteagail 4, 5 agus 8 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht i bpointe 18 d’Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 692/2008:

“Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

18.

Ciallaíonn ‘córas rialaithe astaíochtaí’, i gcomhthéacs chóras DAB [(córais dhiagnóiseacha ar bord)], an córas leictreonach bainistíochta innill agus aon chomhpháirt a bhaineann le hastaíochtaí an sceithchórais nó le hastaíochtaí galaithe lena soláthraítear sonraí ionchuir don ríomhaire sin nó a fhaigheann sonraí aschuir ón ríomhaire sin.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

15

Foráladh le hAirteagal 3(9) den Rialachán sin:

“Ní bheidh feidhm ag an tástáil a bhaineann le hastaíochtaí ísealteochta de Chineál 6 atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII maidir le feithiclí díosail.

Mar sin féin, nuair a iarrfar cineálcheadú, soláthróidh déantóirí sonraí don údarás ceadaithe lena dtaispeánfar go mbaineann an fheiste iarchóireála [ocsaíd nítrigine (NOx)] teocht sách ard amach d’oibriú éifeachtúil laistigh de 400 soicind tar éis fuarthosú ag – 7 [gcéim Celsius] mar atá tuairiscithe i dtástáil Chineál 6.

Ina theannta sin, tabharfaidh an déantóir faisnéis don údarás ceadaithe maidir le straitéis oibriúcháin an chórais athshruthaithe gáis sceite (AGS), lena n-áirítear a fheidhmiú ag teocht íseal.

Áireofar san fhaisnéis sin freisin tuairisc ar aon éifeachtaí ar astaíochtaí.

Ní dheonóidh an t‑údarás ceadaithe cineálcheadú i gcás nach leor an fhaisnéis a sholáthraítear chun a léiriú go mbaineann an fheiste iarchóireála teocht sách ard amach lena hoibriú go héifeachtach laistigh den tréimhse ainmnithe.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16

Foráiltear le hAirteagal 10 den Rialachán sin, dar teideal “Bearta chun truailliú a chomhrac”, i mír 1:

“Áiritheoidh an déantóir go mbeidh cineálcheadú CE faighte ag feistí athsholáthair rialaithe truaillithe atá ceaptha lena bhfeistiú ar fheithiclí a bhfuil cineálcheadú CE faighte acu agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 mar aonad teicniúil ar leith de réir bhrí Airteagal 10(2) de Threoir 2007/46/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí, a leantóirí agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe do na feithiclí sin (Treoir Réime) (IO 2007 L 263, lch. 1)], i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 agus le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

17

Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 692/2008, dar teideal “Forálacha riaracháin do chineálcheadú CE”, i bpointe 3.3, dar teideal “Síntí a bhaineann le marthanacht feistí rialaithe truaillithe (Tástáil Chineál 5)”:

“3.3.1.

Leathnófar an cineálcheadú chuig cineálacha éagsúla feithiclí, ar choinníoll gurb ionann na paraiméadair feithicle, innill nó córais rialaithe truaillithe a shonraítear thíos nó go bhfanfaidh siad laistigh de na lamháltais fhorordaithe:

3.3.1.1.

Feithicil:

[...]

3.3.1.2.

Inneall:

[...]

3.3.1.3.

Paraiméadair an chórais rialaithe truaillithe:

[...]

c)

AGS (athshruthú gáis sceite):

le nó gan

cineál (fuaraithe nó neamhfhuaraithe, rialú gníomhach nó éighníomhach, ardbhrú nó brú íseal).

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na hOstaire

18

Foráiltear le hAirteagal 871 den Allgemeines bürgerliches Gesetzbuch (Cód Sibhialta Ginearálta, “ABGB”), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí:

“Más rud é, sa dearbhú a d’eisigh sé nó a fhaigheann an páirtí eile sa chonradh, go ndearna páirtí earráid maidir leis an gcuspóir iarbhír nó le cáilíocht riachtanach de, i gcás ina ndíríodh go háirithe ar an aidhm sin agus dearbhaíodh é, ní thiocfaidh sé faoi aon oibleagáid más é an páirtí eile sa chonradh ba chúis leis an earráid nó más rud é, mar gheall ar na himthosca, gur cheart go mbeadh an páirtí eile sa chonradh ar an eolas faoi nó i gcás inar braitheadh an earráid sin in am trátha.”

Na príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur

19

In 2013 thug an tomhaltóir, IR, conradh díolacháin i gcrích maidir le mótarfheithicil de bhranda Volkswagen, múnla Touran Comfortline BMT TDI, atá feistithe le cineál innill díosail EA 189 de ghlúin Euro 5, ina bhfuil toilleadh sorcóra 1,6 lítear agus cumhacht 77 kW.

20

Thug IR caingean os comhair Landesgericht Eisenstadt (Cúirt Réigiúnach, Eisenstadt, an Ostair), an chúirt a rinne an tarchur, ag iarraidh an conradh díolacháin sin a chur ar neamhní, ar bhonn Airteagal 871 de ABGB.

21

Is léir ón tarchur chun réamhrialú go bhfuil an fheithicil atá i gceist feistithe le feiste inmheánach laghdaithe astaíochtaí, eadhon, comhla athshruthaithe gáis sceite (“comhla AGS”) agus go bhfuil córas iarchóireála gáis sceite aici trí úsáid a bhaint as scagaire cáithníní, ach ní fholaíonn sé aon chóras cóireála d’ocsaíd nítrigine (NOx).

22

De réir na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, is é a bhí san fheithicil i dtosach ná bogearraí atá comhtháite sa ríomhaire rialaithe innill a oibríonn an córas athshruthaithe gáis sceite in dhá mhodh (“an córas lasctha”), eadhon, modh 0, a ghníomhachtaítear nuair a úsáidtear an fheithicil sin ar an mbóthar, agus modh 1, a oibríonn le linn na tástála cineálcheadaithe a bhaineann le hastaíochtaí truailleán, ar a dtugtar “Sraith Nua Eorpach Tiomána” (New European Driving Cycle, “NEDC”), a dhéantar sa tsaotharlann. Nuair a cuireadh modh 0 i bhfeidhm, laghdaíodh ráta athshruthaithe an gháis sceite. Faoi ghnáthchoinníollacha úsáide, bhí an fheithicil sin i modh 0 amháin beagnach agus níor chomhlíon sí na luachanna teorantachta d’astaíochtaí d’ocsaíd nítrigine (NOx) a leagtar síos i Rialachán Uimh. 715/2007.

23

I litir dar dáta an 8 Deireadh Fómhair 2015, chuir allmhaireoir fheithiclí VW san Ostair, in iúl do IR go raibh gá le ceartúcháin ar a fheithicil agus go n‑iompródh an déantóir na costais go léir a bhaineann leis na deisiúcháin is gá ina leith sin. Ina dhiaidh sin, iarradh ar IR nuashonrú ar na bogearraí sin a shuiteáil, a dhíghníomhachtaigh an córas lasctha, rud a ghlac sé leis.

24

Bhí sé d’éifeacht ag an nuashonrú sin an chomhla AGS a shocrú chun ráta athshruthaithe an gháis sceite a rialú sa chaoi is nach n‑áirithíonn an chomhla modh oibríochta íseal truaillithe ach nuair a bhí an teocht lasmuigh idir 15 agus 33 chéim Celsius agus an airde tiomána níos lú ná 1 000 méadar (“fuinneog theochta”), agus, lasmuigh den fhuinneog theochta sin, go laghdaítear an ráta sin go líneach go 0, as a dtagann méadú ar na hastaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx), a sháraíonn na luachanna teorantacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 715/2007.

25

Dheonaigh an Kraftfahrt-Bundesamt (Oifig Chónaidhme um Thrácht Mótarfheithiclí, an Ghearmáin), an t‑údarás cineálcheadaithe sa Ghearmáin, údarú le haghaidh modhnú teicniúil, eadhon, na bogearraí atá i gceist a nuashonrú, agus dá bhrí sin níor tharraing sé siar an cineálcheadú CE. Chinn an t‑údarás sin, inter alia, nach raibh ann d’aon fheiste sháraithe toirmiscthe de réir bhrí Rialachán Uimh. 715/2007. De réir na cúirte a rinne an tarchur, áfach, ní raibh aon fhaisnéis ag an údarás sin maidir leis na bogearraí a úsáideadh don nuashonrú, toisc nár iarr sé go gcuirfí é sin in iúl.

26

Measann an chúirt a rinne an tarchur nár chomhlíon an córas lasctha, lenar feistíodh an fheithicil atá i gceist i dtosach, ceanglais Rialachán Uimh. 715/2007, go háirithe na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 de. Maidir leis sin, cuireann sí in iúl, ar an gcéad dul síos, gur lean sé ón gcóras sin gur socraíodh an chomhla AGS ar bhealach nár chomhlíon an úsáid sin ceanglais an Rialacháin sin ná a bhearta cur chun feidhme nuair a úsáideadh an fheithicil sin faoi ghnáthchoinníollacha agus, ar an dara dul síos, nár fheiste sháraithe dleathach í de réir bhrí Airteagal 5(2) den Rialachán sin.

27

Tugann an chúirt sin faoi deara freisin gur léir ó fhíorais na díospóide atá os a comhair gur cheap IR gur cheannaigh sé feithicil a chomhlíon na ceanglais sin agus nach gceannódh sé í dá mbeadh sé ar an eolas nárbh amhlaidh a bhí an cás.

28

Sonraíonn an chúirt sin, áfach, go bhféadfadh, faoi dhlí na hOstaire, comhpháirtí conarthach de dhuine a ndearnadh a thoiliú a chur ó bhail mar gheall ar earráid shubstaintiúil iarmhairtí dlíthiúla na hearráide sin a sheachaint tríd an duine sin a chur sa staid chéanna ina mbeadh sé murar tharla an earráid sin. Ní bheadh leas a thuilleadh, mar sin, ag an duine lena mbaineann in imeachtaí a thionscnamh.

29

Áitíonn Volkswagen gur tugadh sásamh do IR trí nuashonrú na mbogearraí i gceist agus, dá bhrí sin, gur mbaineadh a leas chun imeachtaí a thionscnamh, rud a chonspóideann sé.

30

Dá bhrí sin, chun rialú a thabhairt, measann an chúirt a rinne an tarchur nach mór di a chinneadh an réiteach teicniúil é an fhuinneog theochta a chomhlíonann ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe na ceanglais sin atá leagtha síos le Rialachán Uimh. 715/2007 agus Rialachán Uimh. 692/2008. Más ea, ní bheadh an conradh díolacháin arna thabhairt i gcrích ag IR faoi réir neamhniú agus níor mhór, dá bhrí sin, a chaingean a dhíbhe.

31

Tugann an chúirt sin faoi deara go bhfuil an teocht san Ostair faoi bhun 15 chéim Celsius den chuid is mó den bhliain. Deir sí nach féidir a chinneadh an bhfuil an fhuinneog theochta riachtanach chun an t‑inneall a chosaint ar dhamáiste. Níorbh fhéidir ach oiread a chinneadh, dá gcuirfí an nuashonrú i gcrích gan foráil a dhéanamh don fhuinneog sin, an gcomhlíonfaí na ceanglais a bhaineann le marthanacht na bhfeistí rialaithe truaillithe dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 715/2007.

32

Sna himthosca sin, chinn Landesgericht Eisenstadt (Cúirt Réigiúnach, Eisenstadt, an Ostair) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun réamhrialú a fháil:

“1)

An gcaithfear Airteagal 5(1) de [Rialachán Uimh. 715/2007] a léirmhíniú sa chaoi is go bhfuil trealamh feithicle, dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 715/2007, neamhdhleathach i gcás ina bhfuil an [chomhla AGS], is é sin le rá, comhpháirt a bhféadfadh éifeacht a bheith aici ar na hastaíochtaí, deartha sa chaoi is go ndéanfar ráta athshruthaithe an gháis sceite, eadhon, an cion den ghás sceite a atreoraítear isteach san inneall[,] socraithe ionas nach gcinntíonn an chomhla sin modh oibríochta íseal truaillithe ach [san fhuinneog theochta] [agus], lasmuigh den fhuinneog theochta sin, laistigh de chorrlach 10 gcéim Celsius, agus os cionn 1 000 méadar ar airde, laistigh d’eatramh de 250 méadar, go laghdaíonn an ráta sin go líneach go 0, rud a fhágann go bhfuil méadú ar astaíochtaí [d’ocsaíd nítrigine (NOx)] os cionn na luachanna teorantacha a leagtar síos le Rialachán Uimh. 715/2007?

2)

An bhfuil sé ábhartha do mheasúnú [na chéad cheiste] cé acu an bhfuil gá leis an trealamh feithicle dá dtagraítear [sa chéad cheist] chun an t-inneall a chosaint ar dhamáiste nó nach bhfuil?

3)

Thairis sin, an bhfuil sé ábhartha do mheasúnú [an dara ceist] cé acu an í an chuid den inneall atá le cosaint ar dhamáiste [an chomhla AGS] nó nach í?

4)

An bhfuil sé ábhartha do mheasúnú [na chéad cheiste] cé acu an ndearnadh an trealamh feithicle dá dtagraítear [sa chéad cheist] a shuiteáil tráth mhonarú na feithicle nó an bhfuil cumraíocht [chomhla AGS], a thuairiscítear [sa chéad cheist], le déanamh ar an bhfeithicil mar dheisiú de réir bhrí Airteagal 3(2) de [Threoir 1999/44]?”

Na ceisteanna a tarchuireadh

An chéad cheist

33

Mar réamhphointe, ní mór a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, sa nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di, agus lena gcuirfear ar a cumas, chun cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá os a comhair. Dá bhrí sin, fiú más rud é, go foirmiúil, go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur tar éis a ceist a theorannú do léirmhíniú ar fhoráil áirithe de dhlí an Aontais Eorpaigh, ní chuireann sé sin cosc ar an gCúirt Bhreithiúnais gach gné den léirmhíniú ar dhlí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ina cúnamh chun an cás atá os a comhair lena mheas a thabhairt di, bíodh nó ná bíodh gur thagair an chúirt sin dóibh i bhfoclaíocht a ceisteanna. I ndáil leis sin, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé na gnéithe den dlí sin a éilíonn léirmhíniú i bhfianaise ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí a bhaint as an bhfaisnéis ar fad a chuir an chúirt náisiúnta ar fáil, go háirithe as forais an ordaithe tagartha [breithiúnas an 15 Iúil 2021, DocMorris, C‑190/20, EU:C:2021:609, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear].

34

Sa chás seo, tagraítear sa chéad cheist d’Airteagal 5(1) de Rialachán Uimh. 715/2007. Mar sin féin, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhféachann an chúirt a rinne an tarchur lena chinneadh an ionann an fhuinneog theochta agus “feiste sháraithe” de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin, a bhfuil a húsáid toirmiscthe, i bprionsabal, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin.

35

Ba cheart a thabhairt faoi deara go n‑áitíonn Volkswagen ina chuid bharúlacha i scríbhinn go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur mícheart sa chaoi ina gcuireann sí feidhmiú na mbogearraí i gceist i láthair. Go deimhin, bheadh laghdú ar ráta athshruthaithe gáis sceite mar thoradh ar na bogearraí sin i gcás nach mbeadh teocht an aeir ionraoin san inneall, agus ní teocht na comhthimpeallachta, faoi 15 chéim Celsius. Ba choitianta, ó thaobh na teicneolaíochta de, go bhfuil teocht an aeir ionraoin san inneall, ar an meán, 5 chéim Celsius níos airde ná an teocht chomhthimpeallachta. Dá bhrí sin, dhéanfaí an gás sceite ar fad a athshruthú fad agus a bhfuil an teocht chomhthimpeallach ní 15 chéim Celsius ach 10 gcéim Celsius, nó níos airde, is é sin le rá, laistigh de raon na meánteochta comhthimpeallachta bliantúla sa Ghearmáin, eadhon, 10.4 céim Celsius. Ina theannta sin, níor chuir an chúirt sin in iúl, nuair a bhíonn an teocht chomhthimpeallachta faoi 10 gcéim Celsius, gur de réir a chéile a laghdófaí an ráta athshruthaithe gáis sceite go líneach ansin go 0, agus é sin go dtí teocht chomhthimpeallach de – 5 chéim Celsius.

36

Mar sin féin, ní mór a mheabhrú, in imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE, atá bunaithe ar dheighilt shoiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, go bhfuil dlínse eisiach ag an gcúirt náisiúnta fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a chinneadh agus a mheas agus an dlí náisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm (breithiúnas an 9 Iúil 2020, Raiffeisen Bank agus BRD Groupe Société Générale, C‑698/18 agus C‑699/18, EU:C:2020:537, mír 46).

37

Sna himthosca sin, d’fhonn freagra úsáideach a thabhairt ar an gcúirt a rinne an tarchur, ní mór a mheas, go n-iarrann an chúirt sin, trína céad cheist, go bunúsach, an gcaithfear pointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1) den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chiall gur “feiste sháraithe” de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 atá i gceist le feiste nach n‑áirithíonn go gcomhlíontar na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos leis an Rialachán sin ach san fhuinneog theochta.

38

Sainmhínítear i bpointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007 “feiste sháraithe” mar “aon eilimint dearaidh lena mothaítear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadar eile chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú agus lena laghdaítear éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochta i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle”.

39

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais go dtugtar le sainmhíniú den sórt sin ar fheiste sháraithe raon feidhme leathan maidir leis an gcoincheap “eilimint dearaidh”, lena gcumhdaítear codanna meicniúla agus comhpháirteanna leictreonacha lena rialaítear gníomhachtú codanna den sórt sin araon, ós rud é go mbaineann siad le hoibriú an chórais rialaithe astaíochtaí agus go laghdaíonn siad a éifeachtacht [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 64].

40

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais freisin go gcumhdaítear leis an gcoincheap “córas rialaithe astaíochtaí”, de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, na teicneolaíochtaí agus an straitéis “iarchóireála gáis sceite” araon, lena laghdaítear astaíochtaí iartheachtacha, eadhon, tar éis a bhfoirmithe, agus iad siúd, amhail córas AGS, lena laghdaítear astaíochtaí réamhtheachtacha, eadhon, le linn a bhfoirmithe [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 90].

41

Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go bhfuil an fheithicil i gceist feistithe le comhla EGR agus bogearraí atá comhtháite sa ríomhaire rialaithe innill. Tá an chomhla sin ar cheann de na teicneolaíochtaí a úsáideann déantóirí gluaisteán chun astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) ó dhóchán neamhiomlán breosla a rialú agus a laghdú. Tá éifeachtacht an díthruaillithe nasctha le hoscailt na comhla AGS, atá á rialú ag na bogearraí thuasluaite. Lasmuigh den fhuinneog theochta arna bunú le nuashonrú na mbogearraí sin agus dá dtagraítear i mír 24 den bhreithiúnas seo, laghdaítear an ráta athshruthaithe gáis sceite go líneach go 0, as a dtagann sárú ar na luachanna teorantacha astaíochta d’ocsaíd nítrigine (NOx) a leagtar síos le Rialachán Uimh. 715/2007.

42

Dá bhrí sin, braitheann na bogearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, arna ríomhchlárú de réir na fuinneoige teochta, an teocht aeir agus an airde tiomána “chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú”, de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007.

43

Dá bhrí sin, ós rud é go mbaineann siad le hoibriú an chórais rialaithe astaíochtaí agus go laghdaíonn siad a éifeachtacht, is “eilimint dearaidh” iad na bogearraí sin de réir bhrí na forála sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 66].

44

Chun a chinneadh cibé an fheiste sháraithe iad na bogearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, is gá scrúdú a dhéanamh freisin an laghdaíonn na bogearraí sin éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí “i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle”.

45

Le Rialachán Uimh. 715/2007, ní shainítear an coincheap “gnáthoibriú agus […] gnáthúsáid feithicle” agus ní dhéantar aon tagairt do dhlí na mBallstát chun críocha a bhrí agus a raon feidhme a chinneadh.

46

Dá bhrí sin, is éard atá sa choincheap sin ná coincheap de dhlí an Aontais Eorpaigh nach mór, ar fud an Aontais Eorpaigh, léirmhíniú neamhspleách agus aonfhoirmeach a fháil air agus nach mór a aimsiú ag cur san áireamh ní hamháin téarmaí na bhforálacha ina bhfuil sé ach, chomh maith leis sin, comhthéacs na bhforálacha sin agus an chuspóra atá á shaothrú leo [féach, de réir analaí, breithiúnas an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk, C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2021:63, mír 45].

47

Mar is léir ó fhoclaíocht phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, tagraíonn an coincheap “gnáthoibriú agus […] gnáthúsáid feithicle” d’fheithicil atá á húsáid faoi ghnáthchoinníollacha tiomána, eadhon, ní hamháin, mar a áitíonn Volkswagen, go bunúsach, ina bharúlacha i scríbhinn, dá húsáid faoi na coinníollacha a leagtar síos don tástáil cineálcheadaithe dá dtagraítear i mír 22 den bhreithiúnas seo, is infheidhme ag an am ábhartha sna príomhimeachtaí, a dhéantar i saotharlann agus arb é atá ann ceithre thimthriall uirbeacha a athdhéanamh agus timthriall seach-uirbeach ina dhiaidh sin. Mar sin, tagraíonn an coincheap sin d’úsáid na feithicle sin i bhfíorchoinníollacha tiomána, mar a bhíonn siad de ghnáth i gcríoch an Aontais Eorpaigh [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, míreanna 96 agus 101]. Go deimhin, níl na timthriallta tástála le haghaidh astaíochtaí ó fheithiclí le linn an nós imeachta cineálcheadaithe bunaithe ar fhíorchoinníollacha tiomána [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, mír 92].

48

Tacaíonn an comhthéacs ina bhfuil pointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007 leis an léirmhíniú sin. De réir Airteagal 4(2) den Rialachán sin, caithfidh na bearta teicniúla a ghlacfaidh an déantóir a áirithiú go gcuirfear srian ceart le hastaíochtaí ón sceithphíopa ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí agus iad á dtiomáint faoi ghnáthchoinníollacha úsáide. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 5(1) den Rialachán sin nach mór don déantóir na feithiclí a fheistiú sa chaoi is nach mór do na comhpháirteanna a ghníomhaíonn ar astaíochtaí, amhail na bogearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, feithiclí a chumasú, sa ghnáthúsáid, chun na teorainneacha astaíochtaí a leagtar síos sa Rialachán sin agus i mbearta cur chun feidhme an Rialacháin sin a chomhlíonadh [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 97].

49

Mar sin féin, ní nochtar leis na forálacha sin aon fhianaise lena bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir oibriú feiste amhail na bogearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí le linn chéim na tástála cineálcheadaithe agus le linn na tiomána faoi ghnáthchoinníollacha úsáide feithiclí. Os a choinne sin, dá ndéanfaí feiste a shuiteáil lena bhféadfaí a áirithiú go gcomhlíonfaí na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos le Rialachán Uimh. 715/2007 le linn na céime tástála cineálcheadaithe, agus lena linn sin amháin, cé nach féidir gnáthchoinníollacha úsáide feithicle a atáirgeadh leis an gcéim tástála sin, shárófaí an oibleagáid a áirithiú go gcuirfí srian éifeachtach ar astaíochtaí faoi na coinníollacha úsáide sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, míreanna 97 agus 98]. Is amhlaidh atá maidir le feiste a shuiteáil nach féidir an comhlíonadh sin a áirithiú léi ach i gcomhthéacs fuinneoige teochta, cé go gcumhdaítear na coinníollacha ina ndéantar an chéim tástála cineálcheadaithe, nach bhfreagraíonn do ghnáthchoinníollacha tiomána, mar atá sainmhínithe i mír 47 den bhreithiúnas seo.

50

Maidir leis an léirmhíniú i mír 47 den bhreithiúnas seo, ar dá réir a thagraíonn an coincheap “gnáthoibriú agus […] gnáthúsáid” feithicle dá húsáid i bhfíorchoinníollacha tiomána, mar is iondúil i gcríoch an Aontais Eorpaigh, tugtar tacaíocht freisin leis sin leis an gcuspóir atá á shaothrú le Rialachán Uimh. 715/2007, arb é atá ann, mar is léir ó aithrisí 1 agus 6 de, leibhéal ard cosanta don chomhshaol a áirithiú agus, go sonrach, astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) ó fheithiclí díosail a laghdú go substaintiúil chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus na luachanna teorantachta truaillithe a chomhlíonadh [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, míreanna 6786 agus 87].

51

Maidir le cibé an laghdaítear éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí faoi ghnáthchoinníollacha tiomána le bogearraí den sórt sin atá i gceist sna príomhimeachtaí, is coiteann gur gnách teocht chomhthimpeallachta atá níos lú ná 15 chéim Celsius agus tiomáint ar bhóithre ag airde níos mó ná 1 000 méadar i gcríoch an Aontais Eorpaigh.

52

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhforáiltear leis an dara fomhír d’Airteagal 3(9) de Rialachán Uimh. 692/2008, is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí, ina leagtar síos, de bhun Airteagal 1 de, na forálacha maidir le cur chun feidhme Airteagail 4, 5 agus 8 de Rialachán Uimh. 715/2007, go soláthróidh déantóirí don údarás ceadaithe sonraí lena léirítear go mbaineann feiste iarchóireála ocsaíde nítrigine (NOx) a bhfeithiclí teocht sách ard amach le hoibriú go héifeachtúil laistigh de 400 soicind tar éis fuarthosú ag – 7 gcéim Celsius. De réir an chúigiú fomhír d’Airteagal 3(9), ní fhéadfaidh an t‑údarás ceadaithe cineálcheadú a dheonú i gcás nach leor an fhaisnéis arna cur isteach chun a léiriú go mbaineann an fheiste iarchóireála teocht amach go hiarbhír lena bhféadfadh sí oibriú go héifeachtach ar feadh tréimhse sonraithe ama. Dearbhaítear leis an bhforáil dheireanach sin an léirmhíniú nach mór na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos i Rialachán Uimh. 715/2007 a chomhlíonadh i gcás ina léir go bhfuil an teocht faoi 15 chéim Celsius.

53

Dá réir sin, ní mór a mheas go laghdaíonn bogearraí, amhail na bogearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí “i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle”, de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, agus gurb ionann é, dá bhrí sin, agus feiste sháraithe de réir bhrí na forála sin.

54

Dá bhrí sin, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór pointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1) den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chaoi is gur “feiste sháraithe” de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin í feiste nach n‑áirithítear léi go gcomhlíontar na luachanna teorantacha astaíochta dá bhforáiltear leis an Rialachán sin ach san fhuinneog theochta.

An dara agus an tríú ceist

Inghlacthacht

55

Maíonn IR go bhfuil an dara ceist — trína n-iarrann an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil tionchar ag an ngá le feiste, amhail an fhuinneog theochta, chun an t‑inneall a chosaint ar dhamáiste, ar dhlíthiúlacht feiste den sórt sin — hipitéiseach sa mhéid gur luaigh an chúirt sin nach raibh sí in ann a chinneadh an raibh gá leis an bhfuinneog theochta chun inneall na feithicle lena mbaineann a chosaint ar dhamáiste.

56

Ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur don chúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte araon a chinneadh. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh le léirmhíniú dhlí an Aontais, tá sé de cheangal ar an gCúirt Bhreithiúnais, i bprionsabal, rialú a thabhairt [breithiúnas an 24 Samhain 2020, Openbaar Ministerie (Brionnú doiciméad), C‑510/19, EU:C:2020:953, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57

Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnas diúltú do rialú a thabhairt ar iarraidh arna déanamh ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léirmhíniú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi [breithiúnas an 24 Samhain 2020, Openbaar Ministerie (Brionnú doiciméad), C‑510/19, EU:C:2020:953, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

58

Sa chás seo, is fíor go luann an chúirt a rinne an tarchur, san iarraidh ar réamhrialú, nach féidir a chinneadh an bhfuil gá leis an bhfuinneog theochta chun inneall na feithicle lena mbaineann a chosaint ar dhamáiste.

59

Mar sin féin, is léir ón iarraidh sin freisin go gcuireann an chúirt sin, trína dara agus tríú ceist, arb iomchuí a scrúdú le chéile, amhras in iúl faoin léirmhíniú atá le tabhairt ar Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007, lena bhforáiltear nach mbeidh feidhm ag an toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí “i gcás ina mbeidh call leis an bhfeiste chun an t‑inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc agus chun go n‑oibreoidh an fheithicil go sábháilte”.

60

Sna himthosca sin, ní léir nach bhfuil aon bhaint ag an léirmhíniú ar Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007, arna iarraidh ag an gcúirt sin, le fíricí iarbhír nó cuspóir na bpríomhimeachtaí nó go mbaineann sé le fadhb hipitéiseach.

61

Dá bhrí sin, tá an dara agus an tríú ceist inghlactha.

An tsubstaint

62

Trína dara agus tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is nach féidir feiste sháraithe, nach n‑áirithítear léi comhlíonadh na luachanna teorantachta astaíochta a leagtar síos leis an Rialachán sin ach san fhuinneog theochta, teacht faoin eisceacht ón toirmeasc ar úsáid feistí den sórt sin, a leagtar síos san fhoráil sin, má beartaíodh an fheiste sin chun an chomhla AGS a chosaint.

63

A mhéid a leagtar síos leis an bhforáil sin eisceacht ón toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí, ní mór í a léirmhíniú go docht (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, míreanna 111 agus 112).

64

Maidir leis an gcoincheap “inneall”, ar an gcéad dul síos, atá le fáil in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i míreanna 118 agus 119 dá Thuairim, déantar idirdhealú sainráite idir an t‑inneall agus an córas rialaithe truaillithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 692/2008. Tá na ceanglais a bhaineann leis an “[i]nneall” leagtha amach i bpointe 3.3.1.2 den Iarscríbhinn sin, agus tá na ceanglais a bhaineann le “[p]araiméadair an chórais rialaithe truaillithe” leagtha amach i bpointe 3.3.1.3 den Iarscríbhinn sin. Áirítear go sainráite sa phointe deireanach sin, faoi c), athshruthú an gháis sceite. Dá bhrí sin, is comhpháirt ar leith den inneall an chomhla AGS, a ligeann do na gáis sceite dul tríd an ilphíobán ionraoin le linn a oscailte d’fhonn iad a dhó den dara huair. Go deimhin, tá sé suite ag asraon an innill, tar éis an ilphíobáin sceite.

65

Ina dhiaidh sin, maidir leis na coincheapa “tionóisc” agus “damáistí” in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, d’fhonn údar a bheith leis i gcomhréir leis an bhforáil sin, nach mór go mbeifí in ann, le feiste sháraithe lena laghdaítear éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí, an t‑inneall a chosaint i gcoinne damáiste tobann agus eisceachtúil (breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 109).

66

Dá bhrí sin, ní féidir, in aon chás, breathnú ar luchtú agus aosú an innill mar “thionóisc” nó “damáiste” de réir bhrí na forála sin, ós rud é, i bprionsabal, go bhfuil na teagmhais sin intuartha agus intuigthe i ngnáthoibriú feithicle [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, mír 110).

67

Tacaíonn an cuspóir atá á shaothrú le Rialachán Uimh. 715/2007 leis an léirmhíniú sin, ar cuspóir é, mar a tugadh le fios i mír 50 den bhreithiúnas seo, ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú laistigh den Aontas Eorpach, rud a chiallaíonn nach mór astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) a laghdú go héifeachtach i gcaitheamh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí. An toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 5(2) den Rialachán sin, ní bheadh brí leis agus bhainfí aon éifeacht phraiticiúil de dá mbeadh údarás ag déantóirí mótarfheithiclí a fheistiú le feistí sáraithe den sórt sin chun an t‑inneall a chosaint ar luchtú agus ar aosú, agus chun na críche sin amháin [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, mír 113].

68

Ní féidir, dá bhrí sin, ach na rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall, as a n‑eascródh contúirt shonrach agus feithicil á tiomáint, amháin údar cuí a thabhairt le feiste sháraithe a úsáid faoi Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007.

69

Ní thugtar an léirmhíniú ar an téarma “damáiste” a thug an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail) (C‑693/18, EU:C:2020:1040) faoi cheist le hargóint Rialtas na Gearmáine agus Volkswagen go leanann as na leaganacha Béarla (‘damage’) agus Gearmáinise (‘Beschädigung’) den téarma sin nach gclúdaíonn an téarma sin imeachtaí tobanna agus dothuartha amháin.

70

Ar an gcéad dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 115 dá Thuairim, cé, murab ionann agus sainmhíniú an téarma chéanna sa Fhraincis, nach gá go dtabharfaí le tuiscint leis na sainmhínithe dó sin i mBéarla agus i nGearmáinis gur teagmhas “tobann” is cúis le damáiste, ní chuirtear léirmhíniú an téarma “damáiste” a ghlac an Chúirt Bhreithiúnais ó bhail. Ar an dara dul síos, ba cheart a mheabhrú go bhfuil an léirmhíniú docht a ghlac an Chúirt Bhreithiúnais bunaithe ar na forais atá leagtha amach i míreanna 63 agus 67 den bhreithiúnas seo.

71

Mar sin féin, maíonn Rialtas na Gearmáine agus Volkswagen go bhfuil údar leis an bhfeiste sháraithe atá i gceist ós rud é, i gcás teocht ró-íseal nó ró-ard, go bhféadfadh fosuithe a fhorbairt, le linn an athshruthaithe de gháis sceite, agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh drochshuíomh na comhla AGS a bheith mar thoradh air sin, eadhon, mar shampla, comhla nach n‑osclaíonn a thuilleadh nó nach ndúnann i gceart, nó fiú blocáil iomlán den chomhla sin. D’fhéadfadh comhla AGS, atá millte nó atá suite go dona, damáiste a dhéanamh don inneall féin agus d’fhéadfadh, go háirithe, caillteanas cumhachta san fheithicil a bheith mar thoradh air sin. Ina theannta sin, bheadh sé dodhéanta a thuar agus a ríomh cathain a shroichfí tairseach teipe na comhla AGS, ós rud é go bhféadfaí an tairseach sin a shárú go tobann agus gan choinne, fiú dá ndéanfaí cothabháil rialta ar an gcomhla sin. Chuirfeadh caillteanais thobanna gan choinne i gcumhacht feithicle isteach ar oibriú sábháilte na feithicle, mar shampla trí mhéadú substaintiúil a dhéanamh ar an gcontúirt go dtarlódh tionóisc thromchúiseach tiomána le linn ainliú chun scoite.

72

Ina theannta sin, dar le Volkswagen, is dócha gurb é an toradh a bheadh ar luchtú chomhpháirteanna an chórais athshruthaithe gáis sceite, trí mhífheidhmiú na comhla AGS a spreagadh sa chaoi is go bhféadfadh blocáil a bheith mar thoradh air, ná go ndófaí an scagaire cáithníní agus go rachadh an t‑inneall trí thine nó, fiú, mar thoradh air sin, go rachadh an fheithicil ina hiomláine trí thine, a chuirfeadh oibriú sábháilte na feithicle i mbaol.

73

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur léir ón bhfoclaíocht atá in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 gur cheart, d’fhonn teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear san fhoráil sin, chun údar a bheith le feiste sháraithe, gá a bheith ann léi ní hamháin chun an t‑inneall a chosaint ar dhamáiste nó ar thionóisc, ach freisin chun an fheithicil a oibriú go sábháilte. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 106 dá Thuairim, ag féachaint d’úsáid an chónaisc “agus” san fhoráil sin, ní foláir a léiriú gur coinníollacha carnacha iad na coinníollacha a leagtar síos ann.

74

Dá réir sin, agus i bhfianaise an léirmhínithe dhocht nach mór a thabhairt don eisceacht sin, mar a cuireadh in iúl i mír 63 den bhreithiúnas seo, ní féidir bonn cirt a thabhairt le feiste sháraithe amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi chuimsiú na heisceachta sin ach amháin sa mhéid go suitear go gcomhlíonann an fheiste go docht an gá atá ann rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall a sheachaint, arbh é ba chúis leis sin mífheidhmiú de chomhpháirt den chóras athshruthaithe gáis sceite, atá chomh tromchúiseach go mbaineann contúirt shonrach leis sin agus an fheithicil feistithe á tiomáint. Mar a léirigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 126 dá Thuairim, áfach, sa díospóid sna príomhimeachtaí is don mheasúnú ar na fíorais atá faoin gcúirt a rinne an tarchur an fíorú sin amháin.

75

Ina theannta sin, cé gur fíor nach bhforchuirtear go foirmiúil le hAirteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 coinníollacha eile maidir le cur i bhfeidhm na heisceachta dá bhforáiltear san Airteagal sin, is fíor fós gur léir go rachadh feiste sháraithe, ar cheart di, i ngnáthchoinníollacha tiomána, a oibriú ar feadh an chuid is mó den bhliain chun an t‑ineall a chosaint ar dhamáiste nó ar thionóisc agus oibriú sábháilte na feithicle a áirithiú, i gcoinne an chuspóra atá á shaothrú leis an Rialachán sin, agus nach gceadaítear leis an Airteagal sin maolú uaidh sin ach amháin i gcúinsí an-sonrach, agus go n‑eascródh dochar díréireach don phrionsabal féin maidir le teorannú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) ó fheithiclí.

76

I bhfianaise an léirmhínithe dhocht atá le tabhairt d’Airteagal 5(2)(a), ní féidir, dá bhrí sin, bonn cirt a thabhairt d’fheiste sháraithe den sórt sin faoin bhforáil sin.

77

Chun glacadh leis go bhféadfadh feiste sháraithe, mar a thuairiscítear i mír 75 den bhreithiúnas seo, teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007, bheadh an eisceacht sin infheidhme den chuid is mó den bhliain sna fíorchoinníollacha tiomána atá i réim i gcríoch an Aontais Eorpaigh, sa chaoi is go mbeadh, go praiticiúil, prionsabal an toirmisc ar fheistí sáraithe den sórt sin, a leagtar síos san Airteagal 5(2) sin, curtha i bhfeidhm níos lú minice ná an eisceacht féin sin.

78

Thairis sin, maíonn Volkswagen agus Rialtas na Gearmáine nach bhfuil an teicníocht is fearr atá ar fáil ag teastáil leis an gcoincheap “call” le feiste sháraithe agus nach mór aird a thabhairt ar staid na teicníochta ar dháta chineálcheadú CE d’fhonn a chinneadh an bhfuil údar maith leis an gcall sin ó thaobh an t‑inneall a chosaint agus oibriú sábháilte na feithicle de, de réir bhrí Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007. Níl aon díospóid ann go gcomhfhreagraíonn úsáid chóras AGS a fheidhmíonn de réir fuinneoige teochta, go pointí éagsúla ag brath ar dháta an chineálcheadaithe, do staid na teicníochta. Thairis sin, le léirmhíniú an téarma “call” san fhoráil sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh an call atá le leasanna comhshaoil a chothromú le leasanna eacnamaíocha déantóirí.

79

I ndáil leis sin, ní mór a chur in iúl, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 129 dá Thuairim, ar thaobh amháin, gur léir ó aithris 7 de Rialachán Uimh. 715/2007 gur cuireadh san áireamh leasanna eacnamaíocha na ndéantóirí agus, go háirithe, na costais a gcuirfear ar ghnóthais de bharr an ghá na luachanna sin a chomhlíonadh nuair a chinn reachtóir an Aontais Eorpaigh na luachanna teorantacha astaíochta. Dá bhrí sin, is faoi dhéantóirí é iad féin a chur in oiriúint agus feistí teicniúla atá in ann na luachanna sin a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm, ós rud é nach gá teicneolaíocht áirithe a úsáid faoin Rialachán chun é sin a dhéanamh.

80

Ar an taobh eile, mar atá luaite i mír 67 den bhreithiúnas seo, ciallaíonn an cuspóir atá á shaothrú le Rialachán Uimh. 715/2007, eadhon, ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú laistigh den Aontas Eorpach, nach mór astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) a laghdú go héifeachtach ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 113]. Dá ndéanfaí feiste sháraithe a údarú faoi Airteagal 5(2)(a) den Rialachán sin ar an aon fhoras amháin go bhfuil, mar shampla, na costais taighde ard, an fheiste theicniúil chostasach nó cothabháil na feithicle níos minice agus níos costasaí don úsáideoir, thabharfaí an cuspóir sin faoi cheist.

81

Sna himthosca sin, agus ós rud é nach mór an fhoráil sin, mar a tugadh le fios i míreanna 63 agus 74 den bhreithiúnas seo, a léirmhíniú go docht, ní mór a mheas nach ann don “chall” le feiste sháraithe, de réir bhrí na forála sin, ach amháin i gcás, tráth chineálcheadú CE na feiste sin nó na feithicle atá feistithe léi, nach bhfuil ann d’aon réiteach teicniúil eile chun cosc a chur ar rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall is cúis le contúirt ar leith le linn an fheithicil a thiomáint.

82

Dá bhrí sin, is é an freagra ar an dara agus ar an tríú ceist nach mór Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is nach féidir le feiste sháraithe, nach n‑áirithítear léi comhlíonadh na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos sa Rialachán sin ach san fhuinneog theochta, teacht faoin eisceacht ón toirmeasc ar úsáid feistí den sórt sin, dá bhforáiltear san fhoráil sin, toisc amháin go bhfuil an fheiste ceaptha chun an chomhla AGS a chosaint, mura suitear go bhfreagraíonn an fheiste chéanna sin go docht don chall rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall a eascraíonn as mífheidhmiú an bhaill sin, ar mhífheidhmiú é a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le contúirt shonrach agus an fheithicil ina bhfuil an fheiste sin á tiomáint, a sheachaint. Maidir le feiste sháraithe nach mór, faoi ghnáthchoinníollacha tiomána, oibriú den chuid is mó den bhliain chun go gcosnófar an t‑inneall ar dhamáiste nó ar thionóisc agus chun go n‑áiritheofar oibriú sábháilte na feithicle, ní fhéadfaidh sí i gcás ar bith teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007.

An ceathrú ceist

83

I gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 33 den bhreithiúnas seo agus i bhfianaise na faisnéise atá san iarraidh ar réamhrialú, is iomchuí, d’fhonn freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, a mheas, go n‑iarrann an chúirt sin, trína ceathrú ceist, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 715/2007, arna léamh i gcomhar le pointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil sé ábhartha gur suiteáladh feiste sháraithe, de réir bhrí na forála deiridh sin, tar éis feithicil a chur i seirbhís, le linn deisithe, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Threoir 1999/44, chun a mheas an bhfuil cosc ar úsáid na feiste sin de bhun Airteagal 5(2).

Inghlacthacht

84

Measann Rialtas na Gearmáine go bhfuil an cheist seo do-ghlactha ós rud é nach leagtar amach san ordú tarchuir na cúiseanna a mbeadh gá leis an bhfreagra ar cheist den sórt sin chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach.

85

Sa chás seo, ní léir go mbaineann an ceathrú ceist le ceann de na cásanna, atá liostaithe i mír 57 den bhreithiúnas seo, ina bhféadfaidh an Chúirt diúltú do rialú a thabhairt ar cheist a tharchuirtear chun réamhrialú.

86

A mhalairt ar fad, is léir ón iarraidh ar réamhrialú, ar an gcéad dul síos, gurbh é an cuspóir a bhí leis an bhfeiste sháraithe i gceist a shuiteáil neamhdhleathacht an chórais lasctha a leigheas agus ceanglais Rialachán Uimh. 715/2007 a chomhlíonadh trí bhíthin deisiúcháin agus, ar an dara dul síos, go measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil gá a chinneadh, i gcás nach raibh an fheiste sháraithe i gceist san fheithicil nuair a cuireadh i seirbhís í, an raibh tionchar aige sin ar an measúnú ar chomhréireacht na feiste sin leis an Rialachán sin.

87

Dá bhrí sin, tá an ceathrú ceist inghlactha.

An tsubstaint

88

Ní léir ó fhoclaíocht Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, ina bhforáiltear go bhfuil toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht córas rialaithe astaíochtaí, faoi réir eisceachtaí áirithe, ná ó fhoclaíocht phointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin, ina sainmhínítear an coincheap “feiste sháraithe”, go gcaithfear idirdhealú a dhéanamh idir cás ina suitear feiste den sórt sin agus feithicil á monarú agus cás nach ndéantar é ach amháin tar éis an fheithicil sin a chur i seirbhís, go háirithe, i ndiaidh deisithe, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Threoir 1999/44, chun a mheas an bhfuil toirmeasc ar úsáid na feiste sin.

89

Tá tacaíocht leis an léirmhíniú sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 137 agus 138 dá Thuairim, ó chomhthéacs na bhforálacha sin de Rialachán Uimh. 715/2007 agus an cuspóir atá á shaothrú leis an Rialachán sin.

90

Ar an gcéad dul síos, maidir le comhthéacs na bhforálacha sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir leis an dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 715/2007, go léireoidh déantóirí go mbeidh gach feiste athsholáthair rialaithe truaillithe nua a mbeidh cineálcheadú riachtanach dóibh a dhíolfar nó a chuirfear i seirbhís san Aontas cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin agus lena bhearta cur chun feidhme. Sonraítear sa dara fomhír d’Airteagal 4(1) go n‑áirítear san oibleagáid sin comhlíonadh na dteorainneacha astaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán céanna sin.

91

Thairis sin, faoi Airteagal 10(1) de Rialachán Uimh. 692/2008, “[á]iritheoidh an déantóir go mbeidh cineálcheadú CE faighte ag feistí athsholáthair rialaithe truaillithe atá ceaptha lena bhfeistiú ar fheithiclí a bhfuil cineálcheadú CE faighte acu agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán [Uimh. 715/2007] mar aonad teicniúil ar leith de réir bhrí Airteagal 10(2) de Threoir [2007/46] i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 agus le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo”.

92

Leanann as na forálacha sin de Rialachán Uimh. 715/2007 agus de Rialachán Uimh. 692/2008 nach mór d’fheistí rialaithe truaillithe na hoibleagáidí a leagtar síos le Rialachán Uimh. 715/2007 a chomhlíonadh, bíodh sin agus iad suiteáilte ón tús nó tar éis d’fheithicil a bheith curtha i seirbhís.

93

Ar an dara dul síos, i dtaobh ligean do dhéantóirí feithiclí, tar éis feithicil a chur i seirbhís, feiste sháraithe nach gcomhlíonann na hoibleagáidí sin a shuiteáil, bheadh sé sin contrártha don chuspóir atá á shaothrú le Rialachán Uimh. 715/2007, dá dtagraítear i mír 50 den bhreithiúnas seo, agus é sin ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú agus, go sonrach, astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) ó fheithiclí díosail a laghdú go substaintiúil chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus na luachanna teorantachta a chomhlíonadh i dtéarmaí truaillithe.

94

Dá bhrí sin, is é an freagra ar an gceathrú ceist nach mór Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 715/2007, arna léamh i gcomhar le pointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil sé ábhartha go ndearnadh feiste sháraithe, de réir bhrí na forála sin, a shuiteáil tar éis feithicil a chur i seirbhís, le linn deisithe de réir bhrí Airteagal 3(2) de Threoir 1999/44, chun a chinneadh an bhfuil cosc ar úsáid na feiste sin de bhun Airteagal 5(2) den Treoir sin.

Costais

95

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór pointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1) den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chaoi is gur “feiste sháraithe” de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 í feiste nach n‑áirithítear léi go gcomhlíontar na luachanna teorantacha astaíochta dá bhforáiltear leis an Rialachán sin ach amháin nuair a bhíonn an teocht lasmuigh idir 15 agus 33 chéim Celsius agus an airde tiomána níos lú ná 1 000 méadar.

 

2.

Ní mór Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is nach féidir feiste sháraithe, nach n‑áirithítear léi comhlíonadh na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos sa Rialachán sin ach amháin nuair a bhíonn an teocht lasmuigh idir 15 agus 33 chéim Celsius agus an airde tiomána níos lú ná 1 000 méadar, teacht faoin eisceacht ón toirmeasc ar úsáid feistí den sórt sin, dá bhforáiltear san fhoráil sin, toisc amháin go bhfuil an fheiste ceaptha chun an chomhla athshruthaithe gáis sceite a chosaint, mura suitear go bhfreagraíonn an fheiste sin go docht don chall rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall a eascraíonn as mífheidhmiú an bhaill sin, ar mhífheidhmiú é a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le contúirt shonrach agus an fheithicil ina bhfuil an fheiste chéanna sin á tiomáint, a sheachaint. Maidir le feiste sháraithe nach mór, faoi ghnáthchoinníollacha tiomána, oibriú den chuid is mó den bhliain chun go gcosnófar an t-inneall ar dhamáiste nó ar thionóisc agus chun go n‑áiritheofar oibriú sábháilte na feithicle, ní fhéadfaidh sí i gcás ar bith teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007.

 

3.

Ní mór Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 715/2007, arna léamh i gcomhar le pointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chaoi is nach bhfuil sé ábhartha go ndearnadh feiste sháraithe, de réir bhrí na forála sin, a shuiteáil tar éis feithicil a chur i seirbhís, le linn deisithe de réir bhrí Airteagal 3(2) de Threoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltais agus na ráthaíochtaí gaolmhara, chun a chinneadh an bhfuil cosc ar úsáid na feiste sin de bhun Airteagal 5(2).

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Barr