This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0510
Case T-510/22: Action brought on 22 August 2022 — Sastela v EUIPO — Zenergo (Tante Mitzi Caffè CAFFÈ — STRUDEL — BARETTO)
Cás T-510/22: Caingean arna tabhairt an 22 Lúnasa 2022 – Sastela v EUIPO – Zenergo (Tante Mitzi Caffè – STRUDEL – BARETTO)
Cás T-510/22: Caingean arna tabhairt an 22 Lúnasa 2022 – Sastela v EUIPO – Zenergo (Tante Mitzi Caffè – STRUDEL – BARETTO)
IO C 380, 3.10.2022, p. 25–26
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
3.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 380/25 |
Caingean arna tabhairt an 22 Lúnasa 2022 – Sastela v EUIPO – Zenergo (Tante Mitzi Caffè – STRUDEL – BARETTO)
(Cás T-510/22)
(2022/C 380/31)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sastela, proizvodnja peciva in tort, d.o.o. (Ljutomer, an tSlóivéin) (ionadaí: U. Pogačnik, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Zenergo d.o.o. (Zgornja Polskava, an tSlóivéin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: An t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Tante Mitzi Caffè CAFFÈ – STRUDEL – BARETTO – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 11 425 394
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Meitheamh 2022 i gCás R 1413/2021-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
seasamh leis an iarratas sa chás seo, leasú a dhéanamh ar an gCinneadh a chonspóidtear chun seasamh lena achomharc chuig an mBórd Achomhairc agus cinneadh an Rannáin Cúlghairme a athchóiriú chun cúlghairm an trádmhairc a chonspóidtear a chur ar ceal; |
— |
mar mhalairt air sin, an Cinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní agus an cás a tharchur chuig EUIPO le go ndéanfar tuilleadh plé ina leith. |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí
— |
Sárú ar Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |