An tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE)
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear an tÚdarás Baincéireachta Eorpach
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Leis an Rialachán bunaítear an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a oibríonn lena áirithiú go ndéanfar rialú agus maoirseacht atá éifeachtach, comhsheasmhach agus stuama ar an earnáil baincéireachta Eorpach.
- Is iad cuspóirí foriomlána an ÚBE cobhsaíocht airgeadais a choimeád in AE agus sláine, éifeachtacht agus feidhmiú ordúil na hearnála baincéireachta a chosaint.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlí AE
Maidir leis an ÚBE:
- dréachtaíonn sé caighdeáin theicniúla rialála chun an dlí um baincéireacht a ghlacfaidh an Coimisiún Eorpach a shainiú, i gcás go dtarmligean Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh an chumhacht sin chuig an gCoimisiún;
- tá an chumhacht ag an údarás treoirlínte agus moltaí a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm reachtaíocht ábhartha AE agus, faoi Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2175, tugtar níos mó cumhachtaí leathana i dtaobh sáruithe a bhaineann le sciúradh airgid.
Tástálacha struis
Tá ról tábhachtach ag ÚBE maidir le cleachtadh tástálacha struis ar fud AE lena scrúdaítear teacht aniar na mbanc i dtaca le forbairtí díobhálacha margaidh agus rioscaí córasacha ar bith i gcóras airgeadais AE.
- Déanann sé tástálacha struis a thionscnamh agus a chomhordú in AE leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainc a mhaoirsiú.
- I gcomhar leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCoimisiún, sainíonn ÚBE modheolaíocht chomhchoiteann le haghaidh gach eagráin den tástáil struis.
- Déantar monatóireacht agus measúnú ar mhargaí agus treochtaí creidmheasa chomh maith.
Sáruithe ar dhlí AE
- Tá an chumhacht ag ÚBE imscrúdú a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm mícheart líomhnaithe ag maoirseoir náisiúnta reachtaíocht AE maidir le baincéireacht agus airgeadas (go háirithe i gcás go dteipeann air a áirithiú go gcomhlíonann banc na ceanglais atá leagtha síos sa reachtaíocht sin).
- Féadfaidh ÚBE moladh a thabhairt don maoirseoir náisiúnta faoi leith. Mura gcloíonn an maoirseoir leis sin, d’fhéadfadh an Coimisiún tuairim fhoirmiúil a eisiúint agus moladh ÚBE á chur san áireamh.
- Má leanann an maoirseoir náisiúnta gan cloí leis an dlí, féadfaidh ÚBE cinntí a dhírítear go díreach ar an mbanc a ghlacadh. Ní fhéadfar an chumhacht sin a úsáid ach i gcúinsí eisceachtúla.
- Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2175 tugtar an chumhacht don ÚBE beart láithreach a dhéanamh i gcás go mbristear rialacha frithsciúrtha airgid ar an leibhéal náisiúnta (féach thíos).
Maoirseacht airgeadais Eorpach
Tá ÚBE ina chuid den chóras Eorpach um maoirseacht airgeadais a cruthaíodh in 2010, ina bhfuil dhá eagraíocht maoirseachta sa bhreis ar BERS:
Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2175 treisítear sainorduithe, rialáil agus maoiniú na dtrí údarás maoirseachta Eorpach agus, maidir leis an ÚBE:
- neartaítear a ról maoirseachta agus a chumhachtaí d’fhonn sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac agus, maidir leis seo, ní mór:
- faisnéis a bhailiú ó na húdaráis náisiúnta inniúla,
- caighdeáin úra a fhorbairt chun an cháilíocht mhaoirseachta a fheabhsú,
- measúnuithe riosca a dhéanamh,
- comhar le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a éascú i dtaca le cásanna trasteorann;
- neartaítear a chumhachtaí sa réimse cosanta tomhaltóirí trí thrédhearcacht agus soiléireacht níos fearr a chur chun cinn maidir le táirgí agus seirbhísí airgeadais trí:
- monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí i gcostais agus táillí táirgí airgeadais miondíola,
- táscairí riosca miondíola a fhorbairt do thomhaltóirí;
- a acmhainní a mhéadú lena chur ar a chumas a chúraimí nua a dhéanamh.
Seirbhísí íocaíochta
Maidir le seirbhísí íocaíochta in AE, le Treoir leasaitheach (AE) 2015/2366 neartaítear ról an ÚBE (féach an achoimre) agus ní mór:
- lárchlár a bheidh inrochtana go poiblí a fhorbairt d’institiúidí íocaíochta údaraithe, agus ní mór do na húdaráis náisiúnta é a choinneáil cothrom le dáta;
- cuidiú a thabhairt chun díospóidí a réiteach idir údaráis náisiúnta;
- treoirlínte a fhorbairt agus a eisiúint agus caighdeáin rialála theicniúla a dhréachtú maidir le:
- fíordheimhniú láidir custaiméirí agus bealaí cumarsáide slána nach mór do gach soláthróir seirbhíse íocaíochta cloí leo,
- comhar agus malartú faisnéise idir údaráis mhaoirseachta.
Ceanncheathrú
Faoi Rialachán (AE) leasaitheach 2018/1717, i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE, athlonnaíodh suíochán ÚBE ó Londain go Páras ón 30 Márta 2019 i leith.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
- Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ón 01 Eanáir 2011.
- Tá feidhm ag Treoir leasaitheach (AE) 2015/2366 ón 12 Eanáir 2016 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i mBallstáit AE faoin 13 Eanáir 2018.
- Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2175 ón 1 Eanáir 2020.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lgh. 12–47).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349–496).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle an 17 Samhain 2010 lena dtugtar tascanna sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lgh. 162–164).
Nuashonraithe 29.11.2021