Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tAontas don Réigiún Meánmhuirí

An tAontas don Réigiún Meánmhuirí

Is ionann an tAontas don Réigiún Meánmhuirí agus institiúid idir–rialtasach ina dtugtar le chéile tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) agus 15 thír ó chósta thoir na Meánmhara chun idirphlé agus comhar a chur chun cinn.

Bhí sé mar aidhm ag an gcomhpháirtíocht Eora-Mheánmhara (Euromed), a seoladh in 1995, cobhsaíocht agus fás a bhaint amach sa Mheánmhuir, agus cumhdaíodh comhar polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta ann.

In 2008, tugadh spreagadh nua do Euromed tríd an Aontas iltaobhach don Réigiún Meánmhuirí. Cuireadh tionscadail réigiúnacha ar bun inar tugadh aghaidh ar réimsí amhail an geilleagar, an comhshaol, fuinneamh, agus imirce. Soláthraítear príomhthreoir an Aontais don Réigiún Meánmhuirí le treochlár le haghaidh gníomhaíochta a glacadh ar leibhéal na n–airí in 2017.

Mar aon le 27 tír AE, tá 15 pháirtí ina mbaill den Aontas don Réigiún Meánmhuirí: An Ailgéir, an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Éigipt, an Iordáin, Iosrael, an Liobáin, Monacó, Montainéagró, Maracó, an Mháratáin, an tSiria, an Túinéis, an Tuirc agus Údarás na Palaistíne.

Is tíortha is iarrthóirí nó tíortha is iarrthóirí ionchasacha le haghaidh aontachas AE iad roinnt de na tíortha sin anois, agus tá tosaíochtaí comhpháirtíochta déthaobhaí nó pleananna gníomhaíochta ag roinnt eile díobh trí bheartas comharsanachta na hEorpa (BCE). Dírítear in athbhreithniú BCE 2015 ar chobhsaíocht na comharsanachta, ar chur chuige difreálaithe maidir le tíortha comhpháirtíochta agus ar úinéireacht fheabhsaithe ag na páirtithe leasmhara uile ar an mbeartas. Soláthraíonn an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta 2021-2027 tacaíocht airgeadais do BCE agus tá buiséad €19 milliún inti don chomharsanacht faoin gcolún geografach féin.

FÉACH FREISIN

Top