Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe

Ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2024/1781 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2024/1781 feabhas suntasach a chur ar chiorclaíocht1, ar fheidhmíocht fuinnimh agus ar ghnéithe inbhuanaitheachta comhshaoil eile na dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tagann an creat-rialachán seo in ionad na treorach éicidhearthóireachta reatha (Treoir 2009/125/CE – féach an achoimre) agus méadaítear leis raon feidhme na treorach sin. Déantar an bunús dlí de ansin chun ceanglais éicidhearthóireachta2 a mheasúnú agus a shocrú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. D’fhéadfaí ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú do ghrúpa táirgí ar leith nó go cothrománach (níos mó ná grúpa táirgí amháin) ar bhonn plean oibre ilbhliantúil a nuashonraítear go rialta.
  • Tá an rialachán seo ina chuid de phacáiste beart atá lárnach maidir le cuspóirí an phlean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach 2020 a bhaint amach, ceann de na colúin lárnacha sa Chomhaontú Glas don Eoraip.
  • D’fhéadfaí, más oiriúnach, aon earra fisiceach a chuirtear i seirbhís nó a chuirtear ar mhargadh an Aontais a chumhdach leis na ceanglais éicidhearthóireachta le roinnt eisceachtaí, amhail bia agus beatha, mar aon le táirgí íocshláinte agus gnéithe feithicle atá cumhdaithe cheana faoi reachtaíocht earnáil–sonrach an Aontais. Ní thabharfar aghaidh ar tháirgí nach táirgí dé–úsáide iad a bhaineann le cosaint agus slándáil náisiúnta trí cheanglais éicidhearthóireachta.
  • Déantar foráil ann i leith measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar fhéidearthacht ceanglas éicidhearthóireachta agus ar a socrú ina dhiaidh sin a dheartar chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • feabhas a chur ar mharthanacht, indeisitheacht, in–uasghrádaitheacht nó in-athúsáidteacht táirgí;
    • táirgí a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh agus acmhainní de;
    • dul i ngleic le substaintí lena gcuirtear cosc ar chiorclaíocht;
    • ábhar athchúrsáilte a mhéadú;
    • á dhéanamh níos éasca táirgí a athmhonarú agus a athchúrsáil;
    • lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú;
    • feabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise maidir le hinbhuanaitheacht táirgí;
    • aghaidh a thabhairt ar scriosadh táirgí tomhaltais neamhdhíolta.

Pas táirge digiteach

Tugtar isteach leis an rialachán chomh maith pas táirge digiteach, cárta aitheantais digiteach do tháirgí, do chomhpháirteanna agus d’ábhair.

  • Stóráiltear faisnéis ábhartha sa phas táirge digiteach chun tacú le hinbhuanaitheacht na dtáirgí, a gciorclaíocht a chur chun cinn agus comhlíonadh dlíthiúil a neartú.
  • Is féidir an fhaisnéis a rochtain go leictreonach, rud a dhéanann níos éasca é do thomhaltóirí, do mhonaróirí agus do na húdaráis (custam san áireamh) measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht, ar chiorclaíocht agus ar chomhlíonadh rialála.
  • Braithfidh an fhaisnéis a bheidh sa phas táirge digiteach ar an táirge sonrach lena mbaineann ach féadfaidh an méid seo a leanas a bheith inti:
    • feidhmíocht theicniúil;
    • ábhair agus a dtionscnaimh;
    • gníomhaíochtaí deisiúcháin;
    • cumais athchúrsála;
    • tionchair chomhshaoil saolré.

Soláthar poiblí glas

Cuimsítear leis an rialachán an fhéidearthacht go socrófaí íoscheanglais éigeantacha atá le comhlíonadh ag na húdaráis phoiblí laistigh den Aontas agus táirgí arna gcumhdach faoin rialachán á gceannach acu trí chritéir um sholáthar poiblí glas.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis an rialachán ón . Éascaítear leis bearta breise táirgeshonracha a ghlacadh ón i leith.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Ciorclaíocht. A mhéid is féidir, nuair a shroicheann táirge deireadh a shaoil, a chuid ábhar a úsáid go táirgiúil arís agus arís eile, rud a chruthaíonn luach breise.
  2. Éicidhearthóireacht. Comhtháthú breithnithe inbhuanaitheachta comhshaoil i saintréithe táirge agus na próisis a tharlaíonn feadh shlabhra luacha an táirge.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n–aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, ).

an nuashonrú is déanaí

Top