A Eoraip Dhomhanda — an Ionstraim AE um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2021/947 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Bunaítear leis an rialachán an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda (NDICI-An Eoraip Dhomhanda). Tá sé deartha chun seasamh le luachanna, prionsabail agus leasanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh (AE) agus iad a chur chun cinn ar fud an domhain d’fhonn tabhairt faoi chuspóirí agus faoi phrionsabail ghníomhaíochtaí seachtracha AE, chun an tsolúbthacht a thabhairt don Aontas Eorpach chun freagairt níos gasta ar ghéarchéimeanna agus ar dhúshláin nua, éifeachtacht agus infheictheacht bheartais sheachtracha AE a mhéadú agus a gcomhordú le beartais inmheánacha a neartú agus an tsolúbthacht a thabhairt don Aontas Eorpach. Tá sé mar aidhm leis:
- cur le laghdú ar an mbochtaineacht agus, go fadtéarmach, deireadh a chur leis an mbochtaineacht;
- an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a chomhdhlúthú, tacú leo agus iad a chur chun cinn;
- forbairt inbhuanaithe agus an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide a chur chun cinn;
- aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta agus ar easáitiú éigeantais, lena n–áirítear a mbunchúiseanna;
- cur le hiltaobhachas a chur chun cinn agus leis na gealltanais agus cuspóirí idirnáisiúnta ar chomhaontaigh an tAontas Eorpach leo a bhaint mach, go háirithe na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna), clár oibre 2030 agus Comhaontú Pháras;
- comhpháirtíochtaí níos láidre a chur chun cinn le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, lena n–airítear le comharsanacht na hEorpa, bunaithe ar chomhleasanna agus comhúinéireacht, d’fhonn cobhsaíocht, dea–rialachas agus athléimneacht a chothú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ionstraim aonair
Cruthaítear leis an rialachán ionstraim aonair, ina dtugtar le chéile 10 n–ionstraim ar leith ón gcreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 (CAI) agus ó Chiste Forbraíochta na hEorpa, a bhí lasmuigh de bhuiséad AE roimhe seo.
Cuspóirí
Tá roinnt cuspóirí sonracha leis an rialachán:
- tacú le hidirphlé agus comhar le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus le réigiún i gcomharsanacht na hEorpa, san Afraic fho–Shahárach, san Áise agus san Aigéan Ciúin, agus i Meiriceá agus sa Mhuir Chairib;
- comhpháirtíochtaí neartaithe speisialta agus comhar polaitiúil feabhsaithe le comharsanacht na hEorpa a fhorbairt;
- ar an leibhéal domhanda:
- cearta an duine a chosaint, a chothú agus a chur chun cinn, comhionannas inscne agus cosaint cosantóirí chearta an duine san áireamh,
- tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta,
- cobhsaíocht agus síocháin a chur chun cinn tuilleadh agus coinbhleacht a chosc, agus ar an gcaoi sin cur le cosaint sibhialtach,
- aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda eile amhail an t–athrú aeráide, cosaint na bithéagsúlachta agus an chomhshaoil, agus imirce agus soghluaisteacht;
- freagairt go tapa ar:
- cásanna géarchéime, éagobhsaíochta agus coinbhleachtaí — iad siúd a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar shreafaí imirce agus easáitiú éigeantach ina measc — agus bagairtí hibrideacha,
- dúshláin maidir le hathléimneacht, lena n–áirítear tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine, agus gníomh cabhrach daonnúla agus forbartha agus riachtanais agus tosaíochtaí chomhbheartas eachtrach agus slándála AE a nascadh.
Struchtúr
Tá an ionstraim eagraithe timpeall 3 cholún.
- Geografach — lena gcuirtear comhpháirtíochtaí a chun cinn trí chomhar le tíortha comhpháirtíochta agus trí dhíriú ar shaincheisteanna amhail:
- dea–rialachas;
- fás cuimsitheach;
- cuspóirí aeráide agus comhshaoil;
- deireadh a chur leis an mbochtaineacht; agus
- cosc coinbhleachtaí.
- Téamach — gníomhaíochtaí a mhaoiniú a bhaineann leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar an leibhéal domhanda agus a dhírítear ar shaincheisteanna amhail cearta an duine agus an daonlathas, an tsochaí shibhialta, cobhsaíocht agus síocháin, mar aon le dúshláin dhomhanda ar nós:
- an tsláinte,
- oideachas agus oiliúint;
- mná agus leanaí;
- cultúr;
- imirce; agus
- an t–athrú aeráide.
- Mearfhreagairt.
Tosaíochtaí
Tá roinnt spriocanna leis an ionstraim, lena n–áirítear:
- go gcomhlíonfaidh 93 % ar a laghad den chaiteachas faoin Ionstraim na critéir maidir le cúnamh oifigiúil forbartha, arna bhunú ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD);
- 20 % ar a laghad den chaiteachas oifigiúil a dhíriú ar chúnamh forbartha maidir le forbairt an duine;
- 30 % a thabhairt don chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide;
- 10 % a thabhairt ar bhonn táscach i leith gníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce,
- a áirithiú go mbeidh comhionannas inscne ina phríomhchuspóir nó ina chuspóir suntasach le 85 % ar a laghad de na gníomhaíochtaí, agus comhionannas inscne ina phríomhchuspóir le 5 % ar a laghad dóibh sin.
Creat infheistíochta
Cuimsítear creat infheistíochta san ionstraim, bunús chun gníomhaíochtaí seachtracha a mhaoiniú ón gcolún geografach chun cistí breise a thiomsú i gcomhair forbairt inbhuanaithe ón earnáil phoiblí agus phríobháideach. Cuimsítear ann:
- an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+); agus
- an ráthaíocht do ghníomhaíochtaí seachtracha.
Buiséad
Clúdaítear i maoiniú na hionstraime an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, tréimhse an CAI. Tá buiséad EUR 79.462 billiún ag gabháil leis, atá miondealaithe mar a leanas:
- cláir gheografacha; EUR 60.388 billiún
- cláir théamacha: EUR 6.358 billiún
- oibríochtaí mearfhreagartha: EUR 3.182 billiún
le cúlchiste breise de €9.534 i gcomhair dúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn.
Gníomh forlíontach
Bhí Rialachán (AE) 2021/947 forlíonta le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1530 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2021.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.
CÚLRA
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lgh. 1-78)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/947 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 02.08.2021