Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ceanglais éicidhearthóireachta — trealamh tathúcháin

Ceanglais éicidhearthóireachta — trealamh tathúcháin

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/2019 — lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh trealamh tathúcháin

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis ceanglais éicidhearthóireachta* ceanglais maidir le trealamh tathúcháin a oibríonn ar phríomhlíonra leictreachais a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Liostaítear ann na próisis tathúcháin a bhfuil feidhm ag an rialachán maidir leo agus nach bhfuil feidhm ag an rialachán maidir leo.
  • Tá na ceaglais éicidhearthóireachta leagtha amach in Iarscríbhinn II, agus áirítear leo:
    • íosleibhéil éifeachtúlachta don fhoinse chumhachta a úsáidtear;
    • ídiú cumhachta uasta sa “staid dhíomhaoin” (cosúil le fuireachas);
    • Ceanglais nach mbaineann le fuinneamh ionas go mbeidh sé níos éasca trealamh tathúcháin agus na comhpháirteanna a dheisiú, a díchóimeáil, a saolré a fhadú agus iad athúsáid, lena n–áirítear
      • páirteanna spártha a chur ar fáil do dheisitheoirí gairmiúla ar feadh 10 mbliana ar a laghad
      • faisnéis shonrach maidir le deisiúcháin agus cothabháil a chur ar fáil go héasca do dheisitheoirí gairmiúla trí shuíomh gréasáin mhonaróir an trealaimh tathúcháin, an dáileora nó ionadaí údaraithe.
  • Leagtar amach leis an rialachán an nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, agus in Iarscríbhinn III leagtar amach na modhanna tomhais agus na ríomhanna atá le leanúint bunaithe ar chaighdeáin chomhchuibhithe, má tá siad ar fáil, arna nglacadh ag na heagraíochtaí Eorpach um chaighdéanú.
  • Ní mór do na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a chur i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.
  • Ní chóir do mhonaróirí, allmhaireoirí nó a n–ionadaithe údaraithe táirgí a thairiscint lena ndíol atá ábalta a bhrath nuair atá siad á dtástáil agus a bhfeidhmíocht a athrú dá réir sin.
  • In Iarscríbhinn V leagtar amach tagarmharcanna táscacha maidir leis na táirgí agus na teicnící is fearr feidhmiú atá ar fáil ar an margadh i gcomhthéacs éifeachtúlacht foinse cumhachta agus ídiú cumhachta uasta sa staid dhíomhaoin.
  • Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán i bhfianaise an dul chun cinn teicneolaíochta agus na torthaí as a chur i láthair, lena n–áirítear, más cuí, dréacht-togra um athbhreithniú tráth nach déanaí ná an 14 Samhain 2024.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

Le Treoir 2009/125/EC bunaítear creat chun ceanglais maidir le héicidhearthóireacht le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos. Ní mór don Choimisiún iad sin a leagan síos le haghaidh táirgí a dhíoltar agus a thrádáiltear go forleathan in AE agus a mbaineann tionchar suntasach comhshaoil leo.

Chun tuileadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Éicidhearthóireacht: Beartas maidir le feabhas, trí dhearadh níos fearr, a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí le linn a saolré, go háirithe a n–éifeachtúlacht fuinnimh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2019/1784 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le trealamh tathúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 25.10.2019, lgh. 121-135)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Plean Oibre Éicidhearthóireachta 2016-2019 (COM(2016) 773 final, 30.11.2016)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An lúb a dhúnadh — Plean Gníomhaíochta AE don Gheilleagar Ciorclach (COM(2015) 614 final, 2.12.2015)

Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoir 94/9/CE, Treoir 94/25/CE, Treoir 95/16/CE, Treoir 97/23/CE, Treoir 98/34/CE, Treoir 2004/22/CE, Treoir 2007/23/CE, Treoir 2009/23/CE agus Treoir 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lgh. 12-33)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1025/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lgh. 38-71)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10-35)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 29.01.2020

Top