Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir AE agus an Astráil

Comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir AE agus an Astráil

ACHOIMRE AR:

Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus an Astráil

Cinneadh 99/510/CE — tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe lena leasaítear an Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus an Astráil

Cinneadh 94/457/AE — tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le comhar eolaíoch agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus an Astráil

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

Bunaítear leis an gcomhaontú creat foirmiúil maidir le comhar i réimsí comhleasa i gcás go bhfuil na páirtithe ag tacú le gníomhaíochtaí forbartha agus taighde chun an eolaíocht agus/nó an teicneolaíocht a bhaineann leis na réimsí leasa sin a chur chun cinn. Leasaíodh an comhaontú uair amháin in 1999 agus go sonrach a Airteagal 4(2), i.e. raon feidhme.

Trína cinntí, d’fhaomh an Chomhairle tabhairt i gcrích an chomhaontaithe, agus a leasaithe ina dhiaidh sin, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (an tAontas Eorpach — AE anois).

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcomhaontú bunaithe ar shraith prionsabal:

  • comhshochar;
  • malartú tráthúil faisnéise a d’fhéadfaidh dul i bhfeidhm ar ghníomhartha rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí comhoibritheacha;
  • cosaint éifeachtach agus dáileadh cothrom ceart maoine intleachtúla;;agus
  • tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta um ghníomhaíochtaí comhoibritheacha a bhaint amach do AE agus don Astráil.

Raon feidhme

Is é seo a leanas mar a shainítear na réimsí um chomhar:

  • Do AE, d’fhéadfadh sé go n–áireofaí leo gach gníomhaíocht maidir le taighde agus forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh atá clúdaithe in Airteagal 180(a) (Cur chun feidhme clár maidir le taighde agus forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh, trí chomhar a chur chun cinn idir gnóthais, ionaid taighde agus ollscoileanna) agus in Airteagal 180(d) (Spreagadh oiliúna agus soghluaisteachta taighdeoirí in AE) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus sa dara cás a mhéid is a bhaineann sé le líonraí idir oibreoirí bonneagair agus tionscadail taighde ghaolmhara amháin.
  • Don Astráil, d’fhéadfadh sé go n–áireofaí leo gníomhaíochtaí eolaíochta nó teicneolaíochta ar bith arna maoiniú nó arna bhfeidhmiú ag Rialtais na hAstráile, Rialtais Stáit agus Críocha, údaráis neamhrialtasacha lena n–áirítear taighde na hearnála príobháidí agus earnálacha gnó agus eintitis leasmhara taighde ar bith.

Gníomhaíochtaí

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheith i gceist le gníomhaíochtaí comhoibritheacha:

  • rannpháirtíocht daoine agus eintiteas dlíthiúil1, institiúidí taighde, agus comhlachtaí eile, lena n–áirítear na páirtithe iad féin, i dtionscadail taighde arna ndéanamh ag an Astráil nó ag AE, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm do gach páirtí;
  • úsáid chomhroinnte saoráidí taighde chun comhar maidir le tionscadail taighde a bhaint amach;
  • cuairteanna agus malartuithe eolaithe, innealtóirí agus pearsanra cuí eile chun páirt a ghlacadh i seimineáir, i siompóisiamaí agus i gceardlanna a bhaineann le comhar faoin gcomhaontú seo;
  • malartú faisnéise amhail cleachtais, dlíthe, rialacháin agus cláir a bhaineann le comhar faoin gcomhaontú seo; agus
  • gníomhaíochtaí eile arna gcinneadh go frithpháirteach ag Comhchoiste um Chomhar Eolaíochta agus Teicneolaíochta AE–na hAstráile.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an agus tháinig an comhaontú lena leasaítear é i bhfeidhm an . Tá fad éiginnte leis agus féadfaidh ceachtar páirtí é a fhoirceannadh am ar bith le fógra scríofa 12 mhí.

CÚLRA

Ba é an Comhaontú um Eolaíocht agus um Theicneolaíocht (E&T) de 1994 an chéad chomhaontú um chomhar E&T a chuir an Comhphobal Eorpach i gcrích le tír thionsclaithe lasmuigh den Eoraip. Tá sé ina chuid den chaidreamh déthaobhach níos leithne idir AE agus an Astráil atá bunaithe faoi láthair ar Chreat Comhpháirtíochta 2008 idir AE agus an Astráil. Síníodh Creat-Chomhaontú nua atá níos cuimsithí in 2017 agus tá sé i bhfeidhm go sealadach ar earnálacha áirithe ón .

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi chomhar Taighde agus Nuálaíochta (T&N) leis an Astráil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Eintitis dlíthiúla: cuideachtaí, eagraíochtaí agus daoine aonair a bhfuil cearta agus oibleagáidí dlíthiúla acu.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus an Astráil (IO L 188, , lgh. 18-25)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 99/510/CE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe lena leasaítear an Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus an Astráil (IO L 195, , lch. 31)

Cinneadh 94/457/CE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le comhar eolaíoch agus teicniúil idir an Comhphobal Eorpach agus an Astráil (IO L 188, , lch. 17)

nuashonrú is deireanaí

Top