Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Fiontraíocht i measc na hóige a chur chun cinn chun cuimsiú sóisialta daoine óga a chothú

Fiontraíocht i measc na hóige a chur chun cinn chun cuimsiú sóisialta daoine óga a chothú

Cumhdaíonn conclúidí na Comhairle maidir le fiontraíocht i measc na hóige a chur chun cinn san Aontas Eorpach (AE) roinnt gnéithe.

GNÍOMH

Conclúidí na Comhairle ón 20 Bealtaine 2014 maidir le fiontraíocht i measc na hóige a chur chun cinn chun cuimsiú sóisialta na ndaoine óga a chothú (2014/C 183/04) (Iris Oifigiúil C 183, 14.6.2014, lgh. 18-21).

ACHOIMRE

Cumhdaíonn conclúidí na Comhairle maidir le fiontraíocht i measc na hóige a chur chun cinn san Aontas Eorpach (AE) roinnt gnéithe.

  • 1.

    Glactar leis sna conclúidí go bhfuil méadú tagtha ar leibhéal na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta i measc daoine óga toisc an t-ardleibhéal dífhostaíochta stairiúla in AE, dífhostaíocht a bhfuil an ghéarchéim airgeadais ina cúis léi. Bhí ar a lán daoine a dtíortha dúchais a fhágáil ag iarraidh deiseanna níos fearr.

  • 2.

    Deimhnítear leis na conclúidí go gcuireann an fhiontraíocht (shóisialta) go mór le poist nua a chruthú agus le nuálaíocht shóisialta, toisc go gcuireann sí le hinfhostaitheacht daoine óga. Ba cheart cabhair speisialta a thabhairt do ghrúpaí faoi ghannionadaíochtar mian leognóthas a thosú, a reáchtáil nó a fhorbairt. Is féidir leis an straitéis Eoraip 2020 agus lena tionscnaimh shuaitheanta cabhrú le dearcadh fiontraíochta (cumais chruthaitheachta agus nuálaíochta) a chothú.

  • 3.

    Moltar sna conclúidí infheistiú san oideachas agus i gcláir a chuireann fiontraíocht (shóisialta) chun cinn i measc daoine óga ionas gur féidir a scileanna agus a gcáilíochtaí trasnaí a fhorbairt, amhail tionscnaíocht, muinín, dul i riosca ríofa, cruthaitheacht, eagrú agus buanseasmhacht.

  • 4.

    Aithnítear pointí comhtheagmhála sna conclúidí chun fiontraíocht i measc na hóige a chur chun cinn, m.sh.:

    • dearcadh agus scileanna fiontraíochta a fhorbairt sna scoileanna agus trí ghníomhaíochtaí oibre don ógra, amhail gníomhaíochtaí deonacha agus múineadh scileanna digiteacha agus feasachta cultúrtha.;
    • fiontraíocht shóisialta a chur chun cinn a chuireann san áireamh luachanna inbhuanaithe agus comhshaoil agus a chuireann le cuimsiú sóisialta trína thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha bheith rannpháirteach.
  • 5.

    Iarrtar sna conclúidí ar thíortha AE:

    • an tábhacht a aithint a bhaineann le hoideachas iomlánaíoch thrasearnála sa bhfiontraíocht a chur chun cinn ó aois óg, chun cabhrú le dífhostaíocht i measc an ógra a chomhrac;
    • torthaí a aithint nó a bhailíochtú a leanann as an obair don óige agus as foghlaim fhoirmiúil/neamhfhoirmiúil (.i. foghlaim lasmuigh den seomra ranga, atá bunaithe ar thaithí go minic);
    • treoir a thabhairt d’óg-eagraíochtaí;
    • cabhrú le tionscnaimh ghnó agus le fiontair shóisialta bacainní a shárú chun seirbhísí tacaíochta agus maoiniú a rochtain, lena n-áirítear trí Chiste Sóisialta na hEorpa agus tríd an gclár um athrú sóisialta agus um nuálaíocht shóisialta.
  • 6.

    Tugtar cuireadh sna conclúidí don Choimisiún agus do thíortha AE (ag brath ar cibé acu is féidir na torthaí is éifeachtaí a bhaint amach):

    • infheictheacht na fiontraíochta sóisialta a fheabhsú;
    • oiliúint ag an obair agus gníomhaíochtaí foghlama eile a chur chun cinn chun fiontraíocht a chothú;
    • forbairt acmhainní a chur ar fáil dóibh siúd a oibríonn le daoine óga; agus
    • cabhrú le fiontraithe óga a smaointe a scaipeadh go héasca thar teorainneacha agus thar earnálacha.
  • 7.

    Iarrtar sna conclúidí ar an gCoimisiún:

    • feasacht a mhéadú agus dea-chleachtais fiontraíochta i measc na hóige a chur chun cinn trí ardáin amhail an Tairseach Eorpach don Óige;
    • taighde a dhéanamh ar an méid a chuireann obair don óige le fiontraíocht fheabhsaithe i measc na hóige;
    • comhar idir na fiontraithe óga agus na páirtithe leasmhara gaolmhara a fheabhsú trí chláir amhail Erasmus+Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

Nuálaíochtaí sóisialta: smaointe nua (táirgí, seirbhísí agus samhlacha) a chomhlíonann riachtanais shóisialta (níos fearr ná réitigh mhalartacha) agus a chuireann caidreamh nó comhoibrithe nua sóisialta ar bun.

Fiontraíocht shóisialta: réitigh nuálacha chun déileáil le saincheisteanna sóisialta.

Obair don óige: gníomhaíochtaí nó tionscadail oideachasúla, áineasa nó shóisialta ina nglacann daoine óga páirt.

Nuashonraithe 24.02.2015

Top