This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1339
Commission Implementing Decision (EU) 2021/1339 of 11 August 2021 amending Implementing Decision (EU) 2018/2048 as regards the harmonised standard for websites and mobile applications (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1339 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2048 a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán comhchuibhithe i ndáil le suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1339 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2048 a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán comhchuibhithe i ndáil le suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/5908
IO L 289, 12.8.2021, p. 53–55
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32018D2048 | Scriosadh | iarscríbhinn tábla Téacs | 12/02/2022 | |
Modifies | 32018D2048 | Cur le | iarscríbhinn tábla Téacs | 12/08/2021 |
12.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 289/53 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1339 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Lúnasa 2021
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2048 a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán comhchuibhithe i ndáil le suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), inneachar maidir le suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó leis na codanna sin díobh agus a leagtar amach in Airteagal 4 den Treoir sin. |
(2) |
Ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2017) 2585, leasaigh CEN, Cenelec agus ETSI caighdeán comhchuibhithe EN 301549 v2.1.2 (2018-08), caighdeán a gcuimsítear na tagairtí dó san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2048 ón gCoimisiún (3). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh an caighdeán Eorpach comhchuibhithe leasaitheach, EN301549 v3.2.1 (2021-03).Leagtar amach i gcaighdeán Eorpach comhchuibhithe EN 301549 v3.2.1 (2021-03), i measc nithe eile, ceanglais theicniúla maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach agus tá mapáil ann ar na forálacha ábhartha ón gcaighdeán go dtí na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/2102. |
(3) |
Le caighdeán comhchuibhithe EN 301549 v3.2.1 (2021-03), nuashonraítear, i measc nithe eile, na mapálacha i dtáblaí A.1 agus A.2 d’Iarscríbhinn A lena dtugtar toimhde comhréireachta le Treoir (AE) 2016/2102. Áirítear sa chaighdeán freisin treoraíocht maidir lena úsáid in Iarscríbhinn E agus soláthraítear leis faisnéis bhreise maidir le hathruithe in Iarscríbhinn F. |
(4) |
Forálacha ábhartha an chaighdeáin Eorpaigh chomhchuibhithe EN 301549 v3.2.1 (2021-03) a chuir CEN, Cenelec agus ETSI ar fáil, rinne an Coimisiún, in éineacht le CEN, Cenelec agus ETSI measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2017) 2585. |
(5) |
Is é toradh an mheasúnaithe go gcomhlíonann forálacha ábhartha an chaighdeáin Eorpaigh chomhchuibhithe EN 301549 v3.2.1 (2021-03) na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2017) 2585. Is iomchuí dá réir sin an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(6) |
Dá réir sin, ní mór na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301549 v2.1.2 (2018-08) a tharraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é go bhfuil sé leasaithe ag caighdeán Eorpach comhchuibhithe EN 301549 v3.2.1 (2021-03). |
(7) |
Chun dóthain ama a thabhairt chun ullmhú do chur i bhfeidhm an chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301549 V3.2.1 (2021-03), is gá cur i bhfeidhm aistarraingt an chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301549 v2.1.2 (2018-08) a chur siar. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2048 a leasú dá réir. |
(9) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2048 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe (1) den Iarscríbhinn ón 12 Feabhra 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2048 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2018 maidir leis an gcaighdeán comhchuibhithe i ndáil le suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha arna dhréachtú chun tacú le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 327, 21.12.2018, lch. 84).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2018/2048 mar a leanas:
(1) |
Scriostar ró 1 |
(2) |
Cuirtear isteach ró 2 seo a leanas:
|