EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010R1233

Rialachán (AE) Uimh. 1233/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh

IO L 346, 30.12.2010, p. 5–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1233/oj

30.12.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/5


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1233/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Nollaig 2010

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (c) d’Airteagal 194(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2)

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) bunaíodh Clár Fuinnimh Eorpach do Théarnamh (an CFET) chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí imchlúdach airgeadais EUR 3,98 billiún a dheonú do na blianta 2009 agus 2010.

(2)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar don aidhm cibé méid is féidir den imchlúdach airgeadais EUR 3,98 billiún a dheonú faoi dheireadh 2010 ar na fochláir dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 663/2009. Táthar tar éis a shuíomh, áfach, nach ndéanfar gealltanas i leith cuid den mhéid sin faoi na fochláir sin.

(3)

De réir mheon straitéis Eoraip 2020 ar mhaithe leis an bhforás inbhuanaithe agus leis an bhfostaíocht, agus i gcomhréir le pacáiste aeráide agus fuinnimh an AE agus le Plean Gníomhaíochta 2006 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, rannchuideodh forbairt tuilleadh foinsí fuinnimh in-athnuaite agus cur chun cinn éifeachtúlachta fuinnimh le forás glas, le geilleagar iomaíoch inbhuanaithe a thógáil agus le dul i ngleic leis an athrú aeráide. Trí thacú leis na beartais sin, cruthóidh an tAontas poist nua agus deiseanna don mhargadh glas, rud a chothóidh geilleagar a bheidh iomaíoch, daingean agus inbhuanaithe. Tá comhoibriú idir na leibhéil éagsúla rialtais (rialachas il-leibhéil) riachtanach sa chomhthéacs seo.

(4)

Is ionann breis dreasachtaí airgeadais a sholáthar agus eilimint thábhachtach sa phróiseas a ghabhann le hísliú na gconstaicí atá ann mar gheall ar na hardchostais tosaigh agus le spreagadh feabhsúchán i ndáil le fuinneamh inbhuanaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, saoráid airgeadais thiomnaithe (an tsaoráid) a chruthú chun úsáid a bhaint as an gcistiúchán faoi Chaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 nach féidir gealltanas a dhéanamh ina leith faoi dheireadh 2010. Ba cheart go mbreithneofaí cruthú na saoráide i bhfianaise an Tionscnaimh Maoinithe don Fhuinneamh Inbhuanaithe atá molta ag an gCoimisiún. Ba cheart go dtacódh an tsaoráid le forbairt tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite agus go n-éascódh sí maoiniú clár infheistíochta a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite, is é sin, maoiniú ag na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta go háirithe i suímh uirbeacha. Le linn an phróisis seo, ba cheart aird a thabhairt ar shineirgí le hacmhainní airgeadais eile atá ar fáil sna Ballstáit, amhail na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil Fuinnimh (ELENA) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa faoi Rialachán (CE) Uimh. 397/2009 (4) d’fhonn forluí le hionstraimí airgeadais eile a sheachaint.

(5)

Is féidir leis an tacaíocht infheistíochta san fhuinneamh inbhuanaithe a bheith an-éifeachtach agus an-tairbheach nuair a dhírítear í ar an leibhéal áitiúil. I gcásanna cuí-réasúnaithe, áfach, d’fhéadfadh sé a bheith níos éifeachtaí díriú ar an leibhéal náisiúnta, e.g. ar chúiseanna a bhaineann le hinfhaighteacht nó feidhmiú struchtúr riaracháin ábhartha.

(6)

Chun tionchar chistiúchán an Aontais a uasmhéadú sa ghearrthéarma, ba cheart d’idirghabhálaí airgeadais amháin nó níos mó amhail institiúidí airgeadais idirnáisiúnta an tsaoráid a bhainistiú. Ba cheart roghnú na n-idirghabhálaithe airgeadais sin a dhéanamh ar bhonn an chumais atá léirithe acu an cistiúchán a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus é mar chuspóir aige sin ná rannpháirtíocht infheisteoirí poiblí agus infheisteoirí príobháideacha eile a uasmhéadú laistigh den tréimhse is giorra is féidir agus an ghiaráil is airde idir cistiúchán an Aontais agus an infheistíocht iomlán d’fhonn infheistíochtaí suntasacha a bhaint amach san Aontas. Tráth géarchéimeanna airgeadais agus eacnamaíocha a bhfuil éifeacht dhochrach ar leith acu ar chúrsaí airgeadas údarás áitiúil agus údarás réigiúnach, áfach, ba cheart go n-áiritheofaí nach gcuireann staid dheacair bhuiséadach na n-údarás sin bac orthu i dtaca lena gcumas chun rochtain a fháil ar an gcistiúchán.

(7)

I gcomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 663/2009, níor cheart go ndéanfaí tionscadail infheistíochta a mhaoiniú faoin tsaoráid ach amháin i gcás ina mbeadh tionchar tapa, intomhaiste, substaintiúil acu ar théarnamh eacnamaíoch laistigh den Aontas, ar mhéadú slándála fuinnimh agus ar laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Rannchuidíonn tionscadail infheistíochta den sórt sin le forás glas, le forbairt geilleagair iomaíoch, cheangailte, inbhuanaithe agus ghlais chomh maith le rannchuidiú le cosaint fostaíochta, cruthú post agus dul i ngleic le hathrú aeráide, i gcomhréir le cuspóirí «Eoraip 2020».

(8)

Ba cheart na critéir atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 a bheith infheidhme i leith roghnú agus cháilitheacht na dtionscadal a mhaoineofar faoin tsaoráid. Ba cheart cothromaíocht gheografach na dtionscadal a chur san áireamh freisin mar ghné shár-riachtanach, chun tionchar an Rialacháin seo ar théarnamh eacnamaíoch ar fud an Aontais a áirithiú agus mar aitheantas nach bhfuil aon mhaoiniú faighte ag tionscadail, nó nach bhfuil maoiniú faighte ach go páirteach ag tionscadail, i roinnt Ballstát faoi Chaibidil II den Rialachán (CE) Uimh. 663/2009.

(9)

I bhfianaise thionchar gearrthéarmach eacnamaíoch riachtanach an Rialacháin seo, níor cheart gur faide ná sé mhí an tréimhse idir an tráth a bhfaightear iarratas ar thionscadal agus an tráth a ndéantar an cinneadh deiridh faoin iarratas.

(10)

Ba cheart gealltanais dhlíthiúla aonair lena gcuirfí gealltanais bhuiséadacha chun feidhme faoi Chaibidil IIa a dhéanamh faoin 31 Márta 2011.

(11)

Ba cheart nach mbeadh an tsaoráid ina fasach maidir le húsáid bhuiséad ginearálta an Aontais agus maidir le bearta maoiniúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí, lena n-áirítear san earnáil fuinnimh, ach ba cheart go measfaí ina leith gur beart eisceachtúil é arna ghlacadh le linn tréimhse deacrachta eacnamaíche.

(12)

Toisc an ghá phráinnigh atá ann aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch, ba cheart go mbeadh caiteachas arna thabhú faoi Chaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 cáilithe amhail ón 13 Iúil 2009 ós rud é gur iarr cuid mhór iarratasóirí go mbeadh an caiteachas cáilithe ón tráth a thíolactar an t-iarratas ar dheontas i gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (5) (an Rialachán Airgeadais). Ba cheart go mbeadh caiteachas arna thabhú faoi Chaibidil II cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2011.

(13)

Toisc an ghá phráinnigh atá ann aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm láithreach tar éis é a fhoilsiú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 663/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 leis seo mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Leis an Rialachán seo, déantar foráil maidir le cruthú saoráide airgeadais (an tsaoráid) chun tacú le tionscnaimh a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas;

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla aonair faoi Chaibidil II lena ndéanfar na gealltanais bhuiséadacha arna ndéanamh sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010 a chur chun feidhme, déanfar faoin 31 Nollaig 2010 iad. Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla aonair faoi Chaibidil IIa, déanfar faoin 31 Márta 2011 iad.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Féachfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais a thuairiscítear in Iarscríbhinn II leis an gcistiúchán uile a thagann ó ranníocaíocht an Aontais agus atá ar fáil sa tsaoráid do thionscadail infheistíochta agus do chúnamh teicniúil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a leithdháileadh faoin 31 Márta 2014. Ní leithdháilfear cistiúchán ar bith ó ranníocaíocht an Aontais i ndiaidh an dáta sin. Déanfar an cistiúchán uile ó ranníocaíocht an Aontais nach leithdháilfidh na hidirghabhálaithe airgeadais faoin 31 Márta 2014 a thabhairt ar ais do bhuiséad ginearálta an Aontais. Fanfaidh an cistiúchán ó ranníocaíocht an Aontais a leithdháilfear ar thionscadail infheistíochta arna infheistiú ar feadh tréimhse ama shonraithe nach rachaidh thar an 31 Márta 2034. Beidh an tAontas i dteideal fáltais a fháil ar a infheistíocht sa tsaoráid le linn shaolré na saoráide, i gcomhréir lena ranníocaíocht leis an tsaoráid agus i gcomhréir lena chearta scairshealbhóra.”;

(3)

Cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

“CAIBIDIL IIa

SAORÁID AIRGEADAIS

Airteagal 21a

Cistí nach féidir gealltanas a dhéanamh ina leith faoi Chaibidil II

1.   Déanfar an cistiúchán nach féidir, de réir Airteagal 3(2), a bheith faoi réir gealltanas dlíthiúil aonair faoi Chaibidil II, ar cistiúchán é le haghaidh shuim EUR 146 344 644,50 a chur ar fáil don tsaoráid dá dtagraítear sa cheathrú mír d’Airteagal 1, chun ionstraimí oiriúnacha cistiúcháin a fhorbairt i gcomhar le hinstitiúidí airgeadais, ionas go ndéanfar mórspreagadh a thabhairt do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus do thionscadail chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a shaothrú.

2.   Cuirfear an tsaoráid chun feidhme de réir Iarscríbhinn II. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 23(1) maidir leis an tsaoráid.

3.   Beidh an méid a bheidh an tAontas faoi lé na saoráide, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais cháilithe eile, teoranta do mhéid ranníocaíocht an Aontais leis an tsaoráid sin, a shonraítear i mír 1, agus ní bheidh aon dliteanas eile ar bhuiséad ginearálta an Aontais.”;

(4)

Scriostar Airteagal 22;

(5)

Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní chlúdóidh cúnamh CFET ach an caiteachas sin a bhaineann le tionscadail agus a thabhaigh na tairbhithe agus freisin, maidir le tionscadail faoi Airteagal 9, a thabhaigh tríú páirtithe a bhí freagrach as tionscadal a chur chun feidhme. Féadfaidh caiteachas arna thabhú faoi Chaibidil II a bheith cáilithe amhail ón 13 Iúil 2009.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Clúdóidh cúnamh airgeadais arna thabhairt faoi Chaibidil II caiteachas a bhaineann le tionscadail infheistíochta agus le cúnamh teicniúil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus do thionscadail fuinnimh in-athnuaite, ar caiteachas é arna thabhú ag na tairbhithe a thuairiscítear i bpointe 3 de Chuid A d’Iarscríbhinn II. Féadfaidh an caiteachas sin a bheith cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2011.”;

(6)

Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   Faoin 30 Meitheamh 2013, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta lárthéarma a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na bearta arna nglacadh faoi Chaibidil IIa agus díreofar go háirithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

cost-éifeachtúlacht, éifeacht ghiarála agus an bhreisíocht arna léiriú ag an tsaoráid;

(b)

fianaise ar bhainistíocht fhónta airgeadais;

(c)

a mhéid atá na cuspóirí atá leagtha amach sa Rialachán seo bainte amach ag an tsaoráid;

(d)

a mhéid atá gá le tacaíocht leanúnach faoin tsaoráid do thionscadail a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite.

Beidh togra reachtúil chun go leanfaí den tsaoráid ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta lárthéarma, más iomchuí sin, agus go háirithe más meastóireacht dhearfach ar na bearta arna nglacadh faoi Chaibidil IIa atá i meastóireacht an Choimisiúin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún maidir leis na torthaí arna mbaint amach ag an CFET agus i gcomhréir le hAirteagal 27(4) den Rialachán Airgeadais.”;

(7)

in Airteagal 28, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Beidh faisnéis sa tuarascáil faoi na forchostais go léir a bhaineann le bunú agus cur chun feidhme na saoráide arna bunú faoi Chaibidil IIa.”;

(8)

athainmnítear an Iarscríbhinn mar “Iarscríbhinn I” agus cuirtear isteach an Iarscríbhinn seo a leanas:

“IARSCRÍBHINN II

SAORÁID AIRGEADAIS

A.   Cur chun feidhme na saoráide airgeadais le haghaidh tionscadal fuinnimh inbhuanaithe

1.   Raon feidhme na saoráide

Déanfar an tsaoráid airgeadais («an tsaoráid») a úsáid chun tionscadail spárála fuinnimh, éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus éascóidh sé maoiniú infheistíochtaí sna réimsí sin ag údaráis áitiúla, ag údaráis réigiúnacha agus, i gcásanna cuí-réasúnaithe, ag údaráis náisiúnta phoiblí. Cuirfear an tsaoráid chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha maidir le tarmligean na gcúraimí feidhmithe buiséid atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha cur chun feidhme a ghabhann leis.

Úsáidfear an tsaoráid le haghaidh tionscadal fuinnimh inbhuanaithe go háirithe i suímh uirbeacha. I measc na dtionscadal sin, áireofar go háirithe tionscadail a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

foirgnimh phoiblí agus foirgnimh phríobháideacha ina bhfuil réitigh éifeachtúlachta fuinnimh agus/nó fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar úsáid Theicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC);

(b)

infheistíochtaí le haghaidh comhsholáthair teasa agus cumhachta le hardéifeachtúlacht fuinnimh (CTC), lena n-áirítear micrea-chomhghiniúint agus gréasáin téite/fuaraithe ceantair, go háirithe ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite;

(c)

foinsí fuinnimh in-athnuaite díláraithe atá lonnaithe i suímh áitiúla agus na foinsí sin a chomhtháthú in eangacha leictreachais;

(d)

micreaghiniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite;

(e)

iompar uirbeach glan chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus le comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus béim á cur ar iompar poiblí, ar fheithiclí leictreacha agus ar fheithiclí hidrigin agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe;

(f)

bonneagar áitiúil, lena n-áirítear soilsiú éifeachtach an bhonneagair phoiblí allamuigh, amhail soilsiú sráide, réitigh stórála leictreachais, méadrú cliste agus eangacha cliste ina mbaintear leas iomlán as TFC;

(g)

teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite ag a bhfuil poitéinseal nuálaíochta agus eacnamaíoch agus úsáid á baint as na nósanna imeachta is fearr atá ar fáil.

Féadfar an tsaoráid a úsáid freisin chun dreasachtaí agus cúnamh teicniúil a sholáthar chomh maith le feasacht na n-údarás áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a mhéadú, lena áirithiú go mbaintear an leas is fearr as na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, go háirithe sna réimsí a bhaineann le feabhsúcháin ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhuinneamh in-athnuaite i dtithe agus i bhfoirgnimh de chineálacha eile. Cothóidh an tsaoráid tionscadail infheistíochta a léiríonn inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais, chun na hinfheistíochtaí a leithdháilfidh an tsaoráid a aisíoc agus chun infheistíochtaí poiblí agus infheistíochtaí príobháideacha a mhealladh. Dá bhrí sin, féadfaidh an tsaoráid, inter alia, leithdháileadh soláthair agus caipitil i gcomhair iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromais agus táirgí eile airgeadais a áireamh. Ina theannta sin, féadfar suas le 15 % den chistiúchán dá dtagraítear in Airteagal 21a a úsáid chun cúnamh teicniúil a sholáthar d’údaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta maidir le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a chur ar bun agus maidir le céim tosaigh úsáide teicneolaíochta a bhaineann leis na tionscadail sin.

2.   Sineirgí

Nuair atá cúnamh airgeadais nó cúnamh teicniúil á dheonú, tabharfar aird freisin ar shineirgí le hacmhainní airgeadais eile atá ar fáil sna Ballstáit, amhail na Cistí Struchtúracha agus na Cistí Comhtháthaithe agus saoráid ELENA chun forluí le hionstraimí eile a sheachaint.

3.   Tairbhithe

Is iad na húdaráis phoiblí, ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach de rogha, agus eintitis phoiblí nó eintitis phríobháideacha atá ag gníomhú thar ceann na n-údarás poiblí sin a bheidh ina dtairbhithe de chuid na saoráide.

B.   Comhar le hidirghabhálaithe airgeadais

1.   Ceanglais i ndáil le roghnú agus ceanglais ghinearálta, lena n-áirítear costais

Cuirfear an tsaoráid ar bun i gcomhar le hidirghabhálaí airgeadais amháin nó níos mó agus beidh infheisteoirí iomchuí in ann a bheith rannpháirteach inti. Déanfar roghnú na n-idirghabhálaithe airgeadais ar bhonn a gcumais chruthaithe an cistiúchán a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus i gcomhréir leis na rialacha agus na critéir atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo.

Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go bhfanfaidh méid iomlán na bhforchostas a bhainfidh le bunú agus cur chun feidhme na saoráide, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais cháilithe eile, arna sonrascadh ag na hidirghabhálaithe airgeadais, chomh teoranta agus is féidir, i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr le haghaidh ionstraimí comhchosúla agus cáilíocht riachtanach na saoráide á cosaint ag an am céanna.

Déanfaidh an Coimisiún ranníocaíocht an Aontais leis an tsaoráid a chur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 53 agus in Airteagal 54 den Rialachán Airgeadais.

Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais na ceanglais ábhartha a bhaineann le tarmligean na gcúraimí feidhmithe buiséid atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha cur chun feidhme a ghabhann leis, go háirithe maidir le rialacha an tsoláthair, leis an rialú inmheánach, leis an gcuntasaíocht agus leis an iniúchadh seachtrach. Ní dhéanfar aon chistiúchán seachas táillí bainistíochta nó costais a bhaineann le bunú agus cur chun feidhme na saoráide a chur ar fáil do na hidirghabhálaithe airgeadais sin.

Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha mionsonraithe maidir le bunú agus creatchoinníollacha na saoráide, lena n-áirítear faireachán agus rialú, a leagan síos i gcomhaontú amháin nó níos mó idir an Coimisiún agus na hidirghabhálaithe airgeadais.

2.   Faisnéis a bheith ar fáil

Déanfaidh an tsaoráid an fhaisnéis uile maidir le bainistiú cláir, ar faisnéis í atá ábhartha do pháirtithe leasmhara, a chur ar fáil ar líne. Áireofar san fhaisnéis sin, go háirithe, nósanna imeachta maidir le hiarratais, faisnéis maidir leis na cleachtais is fearr agus forléargas ar thionscadail agus ar thuarascálacha.

C.   Coinníollacha maidir le cistiúchán agus critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú

1.   Raon feidhme an mhaoinithe

I gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, beidh an tsaoráid teoranta do mhaoiniú le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

tionscadal infheistíochta ag a mbeidh tionchar tapa, intomhaiste, substaintiúil ar an téarnamh eacnamaíoch laistigh den Aontas, ar shlándáil mhéadaithe fuinnimh agus ar laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus

(b)

cúnamh teicniúil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite;

2.   Fachtóirí a bheidh le cur san áireamh

Maidir le roghnú na dtionscadal, tabharfar aird ar leith ar an gcothromaíocht gheoghrafach.

Maidir le maoiniú tionscadal infheistíochta, tabharfar aird chuí ar fhachtóir suntasach giarála a bhaint amach idir an infheistíocht iomlán agus cistiúchán an Aontais chun infheistíochtaí suntasacha a chruinniú san Aontas. D’fhéadfadh, áfach, an fachtóir giarála do thionscadail infheistíochta aonair athrú, ag brath ar roinnt fachtóirí amhail méid iarbhír agus cineál iarbhír an tionscadail agus ar dhálaí áitiúla lena n-áirítear méid agus acmhainneacht airgeadais an tairbhí.

3.   Coinníollacha a bhaineann le rochtain ag údaráis phoiblí ar mhaoiniú faoin tsaoráid

Déanfaidh údaráis phoiblí a iarrfaidh maoiniú le haghaidh tionscadal infheistíochta nó cúnamh teicniúil le haghaidh tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

tá gealltanas polaitiúil déanta acu nó á dhéanamh acu chun athrú aeráide a mhaolú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cuspóirí coincréiteacha, mar shampla cuspóirí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus/nó le húsáid a bhaint as fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;

(b)

tá siad ag obair i dtreo straitéisí ilbhliantúla a fhorbairt chun athrú aeráide a mhaolú agus, i gcás inarb iomchuí, chun a gcuspóirí a bhaint amach nó tá siad rannpháirteach i straitéis ilbhliantúil ar leibhéal áitiúil, ar leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal náisiúnta chun athrú aeráide a mhaolú;

(c)

comhaontaíonn siad a bheith cuntasach go poiblí as an dul chun cinn i ndáil lena straitéis fhoriomlán.

4.   Critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú le haghaidh tionscadal infheistíochta arna maoiniú faoin tsaoráid

Comhlíonfaidh na tionscadail infheistíochta arna maoiniú faoin tsaoráid na critéir seo a leanas maidir le cáilitheacht agus roghnú:

(a)

fóntacht agus dóthanacht theicniúil an chur chuige;

(b)

fóntacht agus cost-éifeachtúlacht an mhaoinithe le haghaidh chéim infheistíochta iomlán na gníomhaíochta;

(c)

cothromaíocht gheografach na dtionscadal uile atá clúdaithe leis an Rialachán seo;

(d)

aibíocht, a shainmhínítear mar chéim na hinfheistíochta a bhaint amach, agus caiteachas suntasach caipitiúil a thabhú chomh luath agus is féidir;

(e)

a mhéad atá easpa rochtana ar mhaoiniú ag cur moille ar chur chun feidhme na gníomhaíochta;

(f)

a mhéad a spreagfaidh cistiúchán ón tsaoráid maoiniú poiblí agus maoiniú príobháideach;

(g)

tionchair chainníochtaithe socheacnamaíocha;

(h)

tionchair chainníochtaithe ar an gcomhshaol.

5.   Critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú le haghaidh tionscadal cúnaimh theicniúil arna maoiniú faoin tsaoráid.

Comhlíonfaidh tionscadail chúnaimh theicniúil arna maoiniú faoin tsaoráid seo na critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú dá dtagraítear i bpointe 4(a), (c), (e), (f) agus (g).”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Nollaig 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  Tuairim an 15 Meán Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Nollaig 2010.

(3)  IO L 200, 31.7.2009, lch. 31.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 397/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa i ndáil le hincháilitheacht infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh inathnuaite san earnáil tithíochta (IO L 126, 21.5.2009, lch. 3).

(5)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.


Top