TUAIRIM
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
Maímh Ghlasa
|
_____________
|
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunús
a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl
(an Treoir maidir le Maímh Ghlasa)
[COM(2023) 166 final – 2023/0085 (COD)]
|
|
INT/969
|
|
Rapóirtéir:Angelo PAGLIARA
|
|
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 01/06/2023
An Chomhairle, 02/06/2023
|
Bunús dlí
|
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
Rannóg atá freagrach
|
Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
02/06/2023
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
14/06/2023
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
579
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
205/2/3
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Creideann CESE go daingean go bhfuil an inbhuanaitheacht ar cheann de na colúin lenar féidir an tAontas Eorpach a thabhairt chun cinn amach anseo agus gur deis atá sa togra nua seo cur le ról gníomhach na n‑údarás poiblí agus na sochaí d’fhonn luas a dhéanamh leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach agus le cothú an chultúir chiorclaigh.
1.2Molann CESE don Choimisiún leanúint de ról seasta sa phróiseas sin a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe na cumainn tomhaltóirí, ionas gur féidir idir thomhaltóirí agus chuideachtaí a chosaint ar an snas glas.
1.3Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfeidhmeoidh na ceanglais a leagtar amach sa Treoir maidir le Maímh Ghlasa mar a bheadh eiseamláir ann le haghaidh íosleibhéal cosanta i gcoinne an tsnasa ghlais, rud a léireofar sa chuid de reachtaíocht na hearnála nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, agus éilimh dheonacha áirithe agus lipéadú áirithe á gcumhdach. Níor cheart dul i muinín reachtaíocht a thabhairt isteach san earnáil seo mar dhia gur leithscéal atá ansin chun droim láimhe a thabhairt le forálacha na Treorach maidir le Maímh Ghlasa, chun lúba ar lár a chruthú nó chun córas cosanta na dtomhaltóirí a lagú.
1.4Tugann CESE le fios gur cúis imní, murab ionann is riamh, é iomadú na maíomh comhshaoil atá bunaithe ar chúiteamh de thoradh úsáid a bhaint as creidmheasanna fritháirimh agus iarrann sé ar an gCoimisiún toirmeasc glan a chur ar éilimh atá bunaithe ar nós an fhritháirimh.
1.5Is díol sásaimh do CESE gur rún don Choimisiún, mar atá fógartha aige, deimhneacht dhlíthiúil na maíomh comhshaoil a mhéadú agus iarrann sé air a áirithiú go bhfuil na dálaí cearta i bhfeidhm chun cur le hiomaíochas an Mhargaidh Aonair, go háirithe trí mhodheolaíochtaí comhchoiteanna a thabhairt isteach chun gur féidir bunús a thabhairt le cineálacha éagsúla maímh.
1.6Tugann CESE dá aire go dtugtar de rogha do mhicrifhiontair a bheith páirteach agus iarrann sé ar an gCoimisiún na bearta uile is gá a chur i bhfeidhm d’fhonn iad a áireamh sna seiceálacha a dhéanann na Ballstáit. Ina theannta sin, is díol sásaimh do CESE go bhfuil aird á tabhairt ar fhorfheidhmiú an mhargaidh agus tá sé á thabhairt chun suntais aige gur gá a áirithiú go ndéanfar an treoir a fhorfheidhmiú sa tslánchruinne.
1.7Is mian le CESE aird a tharraingt ar an bhfeasacht mhéadaitheach ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcomhshaol agus molann sé don Choimisiún uirlisí sonracha a fhorbairt chun tacú le hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil sé ar intinn acu cur le hinbhuanaitheacht comhshaoil agus shóisialta a modhanna táirgthe agus a dtáirgí.
2.Éirim an doiciméid ón gCoimisiún
2.1Is éard is aidhm don togra seo le haghaidh treorach cur leis an gcreat rialála is taca don tomhaltas inbhuanaithe trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sonracha agus ceanglais shonracha a bhaineann le maímh chomhshaoil shainráite maidir le bunús a thabhairt leo agus maidir lena gcur in iúl, agus maidir lena bhfíorú.
2.2Tá an togra ar cheann de na tionscnaimh atá liostaithe ag an gCoimisiún arb é is aidhm dóibh an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme, lena bhforlíontar an creat rialála maidir le maímh chomhshaoil, rud a chinntíonn go bhfuil faisnéis iontaofa inchomparáide infhíoraithe ar fáil do cheannaitheoirí ionas gur féidir leo cinntí inbhuanaithe a dhéanamh. Leagtar béim freisin sa Phlean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach agus sa Chlár Oibre Nua do Thomhaltóirí ar an gcaoi ar gá aghaidh a thabhairt ar an snas glas.
2.3Comhlánú é an togra seo ar an Togra le haghaidh Treoir a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas, lena leasaítear Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ar iad a thógáil le chéile, bunaítear leo córas soiléir maidir le maímh chomhshaoil, ar a n‑áirítear lipéid chomhshaoil.
2.4Áirítear sa togra tacair íosta critéar maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil agus maidir lena gcur in iúl; forálacha nua maidir le lipéid chomhshaoil agus scéimeanna lipéadaithe; fíorú ex-ante ar mhaímh chomhshaoil agus ar scéimeanna lipéadaithe a thabhairt isteach; agus bearta forfheidhmiúcháin, cuir i gcás seiceálacha rialta ar chomhlíonadh agus smachtbhannaí.
2.5Os a choinne sin, níl aon mhodheolaíochtaí comhchuibhithe san áireamh sa treoir. A bhuí léi, cruthaítear an deis gníomhartha tarmligthe nó leasuithe a ghlacadh lá is faide anonn chun ceanglais bhreise a sholáthar maidir le saincheisteanna sonracha, mar shampla maímh aeráide, marthanacht, in‑athúsáidteacht, indeisitheacht, in‑athchúrsáilteacht, ábhar athchúrsáilte, ábhar nádúrtha, ar a n‑áirítear snáithíní, feidhmíocht chomhshaoil agus inbhuanaitheacht, eilimintí bithbhunaithe, in‑bhithdhíghrádaitheacht, bithéagsúlacht, cosc agus laghdú dramhaíola.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach ionstraimí sonracha a cheapadh d’fhonn cultúr an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn agus go háirithe feachtais faisnéise a chur ar bun chun ‘cultúr ciorclach’ a scaipeadh, go mór mór i measc an aosa óig. Ina theannta sin, molann CESE don Choimisiún na dea-chleachtais sa réimse sin atá forbartha ag na Ballstáit ina gcuid gníomhaíochtaí a thiomsú agus smaoineamh ar iad a scaipeadh.
3.2Tá an pobal i gcoitinne, go háirithe an ghlúin óg, níos airdeallaí anois ná riamh ar shaincheisteanna comhshaoil agus, ar an ábhar sin, tá úsáid á baint as margaíocht ghlas, murab ionann is riamh, le buntáiste iomaíoch a fháil.
3.3Tá méadú ag teacht ar ionchais na dtomhaltóirí agus na bpáirtithe leasmhara i leith inbhuanaitheacht agus chosaint an chomhshaoil, ach is beag muinín atá acu go fóill as maímh chomhshaoil. Gan ceist na muiníne a bhacadh, tá míthuiscint fhorleathan ann faoina bhfuil i gceist leis na maímh sin. Tugadh sin chun solais i staidéir éagsúla, idir staidéir a rinne an Coimisiún Eorpach agus chinn a rinne gníomhaireachtaí náisiúnta, go háirithe maidir le saincheist na maíomh aeráide. Is fíorthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí ar a gcumas do thomhaltóirí anois cinntí eolasacha ceannaigh a dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis bharántúil.
3.4Sainaithníodh sa mheasúnú tionchair sraith fadhbanna is ábhar méadaitheach imní do thomhaltóirí, cuir i gcás cleachtais tráchtála mhíthreoracha a bhaineann le hinbhuanaitheacht táirgí; maímh chomhshaoil dhoiléire nó nach dtugtar bunús maith leo; agus lipéid inbhuanaitheachta nach mbíonn trédhearcach ná inchreidte i gcónaí. I bhfianaise na dtorthaí a bhí ar an measúnú tionchair, tá CESE i bhfách leis an tionscnamh ón gCoimisiún agus creideann sé go bhfuil gá le gníomhaíocht dhiongbháilte sa réimse seo.
3.5Creideann CESE gur féidir le tomhaltóirí, má chuirtear iad ar an eolas mar is ceart, ról gníomhach ríthábhachtach a bheith acu san aistriú glas, agus ba chuidiú sin le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú gur mó an ról a bheidh ag an inbhuanaitheacht i bpróisis chinnteoireachta na dtomhaltóirí ionas go mbeidh tionchar aici orthu tráth ceannaithe an táirge dóibh agus ina dhiaidh sin (mar shampla, roghnóidh siad an táirge a chur á dheisiú, nuair is gá agus nuair is féidir sin, in ionad ceann nua a cheannach). Ar an gcaoi sin, comhlánófar na ceanglais nua maidir le faisnéis chomhshaoil a chur ar tháirgí, rud a eascraíonn as tionscnaimh ar nós an Rialacháin maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe. Áiritheofar dá réir go mbeidh rialacha comhchoiteanna ann maidir le lipéid thar a bhfuil sa reachtaíocht reatha amhail Rialachán Éicilipéad an Aontais Eorpaigh, an Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) agus rialacháin maidir leis an lipéad feirmeoireachta orgánaí, lipéadú fuinnimh agus marcáil CE.
3.6In Airteagal 1 den togra, déantar cuid mhór den reachtaíocht earnála a eisiamh ó raon feidhme na treorach, i gcás ina n‑áirítear sa reachtaíocht lena mbaineann ceanglais dá cuid féin maidir le maímh agus scéimeanna lipéadaithe. Molann CESE go léireofaí an leibhéal céanna cosanta, ar a laghad, i gcoinne an tsnasa ghlais sa reachtaíocht earnáilsonrach seo. Ba cheart a áireamh air sin, ar a laghad, a chothrom sin de chruthúnas, de chumarsáid (doiciméid tacaíochta) agus d’fhíorú (tríú páirtí). Ina theannta sin, ní mór a shoiléiriú nach n‑eisiatar ach na maímh a chumhdaítear sna píosaí reachtaíochta sin, seachas maíomh ar bith i dtaca leis na táirgí a ndírítear orthu leis an reachtaíocht earnálach. I gcás maímh ar leith nach bhfuil faoi réir ceanglais áirithe, ba cheart iad a theacht faoi raon feidhme na Treorach maidir le Maímh Ghlasa. Mar shampla, eisiatar in Airteagal 1 an reachtaíocht maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, agus ní chumhdaítear leis an reachtaíocht sin ach maímh i dtaca le hin-athchúrsáilteacht agus ábhair athchúrsáilte. Dá bhrí sin, ba cheart maímh eile (an tionchar saolré atá ag pacáistíocht áirithe, cuir i gcás) a theacht faoi raon feidhme na Treorach maidir le Maímh Ghlasa.
3.7Aithníonn CESE gur cúis imní, murab ionann is riamh, é iomadú na maíomh comhshaoil atá bunaithe ar chúiteamh de thoradh úsáid a bhaint as creidmheasanna fritháirimh (‘neodrach ó thaobh na haeráide de’, ‘cúiteamh le haghaidh plaisteach’, etc.), ar maímh iad atá aitheanta ag roinnt údaráis tomhaltóirí (agus i roinnt cásanna cúirte) a bheith mícheart ó thaobh na heolaíochta de agus míthreorach i gcónaí do thomhaltóirí. Dá bhrí sin, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún na ceachtanna sin a thabhairt leis go hiomlán agus toirmeasc glan a chur ar mhaímh atá bunaithe ar nós an fhritháirimh, sa bhreis ar cheanglais maidir leis an gcaoi a gcuireann cuideachtaí a rannchuidiú féin le tionscadail inbhuanaitheachta in iúl seachas cúiteamh a éileamh. Go háirithe, ní mór an Treoir maidir le Maímh Ghlasa a chur i gcomhréir go hiomlán leis an Treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas.
3.8Tugann CESE dá aire gur cinneadh micrifhiontair a eisiamh ó chuid d’fhorálacha na reachtaíochta ar an ábhar go gceanglaíonn na nósanna imeachta ar na cuideachtaí a dhéanann na maímh am agus acmhainní a chaitheamh chun an fhaisnéis is gá a bhailiú agus an próiseas fíorúcháin a chur díobh. Tugann CESE dá uídh go dtugtar de rogha do mhicrifhiontair a bheith páirteach, rud a fhágann gur féidir leo leas a bhaint as na tairbhí a ghabhann le deimhnithe comhréireachta, i gcás ina gcinneann siad acmhainní a infheistiú iontu sin de bhíthinn an nós imeachta fíorúcháin. Ar a mhuin sin, tugann CESE dá aire na forálacha maidir le tacaíocht a thabhairt do FBManna i gcoitinne, agus na ceanglais a eascraíonn as an reachtaíocht á gcur i bhfeidhm. Mar sin féin, aithníonn CESE gur gá a áirithiú nach síleann aon chuideachta go bhfuil sé de chead acu tomhaltóirí a chur ar míthreoir; tacaíonn sé go hiomlán leis nach bhfágann an rogha a bheith páirteach sa Treoir maidir le Maímh Ghlasa a leithéid chéanna de rogha a bheith ann i gcás na Treorach maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha. Ba cheart don Choimisiún ceanglais shonracha a thabhairt isteach chun a áirithiú go n-áirítear na micrifhiontair, mar is ceart, sna seiceálacha a dhéanann na Ballstáit, toisc nach bhfuil siad díolmhaithe de facto ón reachtaíocht uile eile maidir le cleachtais tráchtála éagóracha.
3.9Molann CESE don Choimisiún cromadh ar na rialacha comhchoiteanna a ghlacadh maidir le bunús a thabhairt le maímh, mar a mholtar in Airteagal 3, rud a thugann deis don Choimisiún modheolaíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt agus a ghlacadh maidir le bunús a thabhairt le héilimh shonracha, bunaithe ar thorthaí an fhaireacháin rialta. Creideann CESE gur cheart don Choimisiún de bhun na faisnéise atá ar fáil faoi láthair liosta tosaíochta éileamh a tharraingt suas gan mhoill, ar maímh iad a bhfuil gá le rialacha comhchoiteanna ina leith. Ba cheart dó freisin tús a chur le modheolaíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt de bhreis ar an measúnú saolré. Tá gá leo sin chun cur chun feidhme comhchuibhithe a áirithiú ar fud na hEorpa agus tá gá le rialacha soiléire d’fhíoraitheoirí maidir le conas measúnú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta a chuireann cuideachtaí ar fáil. D’fhágfadh sin nár bhaol go roghnódh cuideachtaí a maímh a fhíorú i dtíortha inar eol dóibh seans níos fearr a bheith ann go ndéanfaí na maímh sin a dheimhniú. Thabharfadh sin soiléireacht dhlíthiúil freisin do chuideachtaí agus ní chruthófaí neamhshiméadracht idir, ar thaobh amháin, na cuideachtaí sin atá in ann modhanna inmheánacha a thabhairt chun cinn nó rochtain a fháil ar sheirbhísí seachtracha chun modheolaíochtaí a chur in oiriúint dá straitéisí margaíochta agus, ar an taobh eile, cuideachtaí nach bhfuil sé d’acmhainn acu na nithe sin a dhéanamh.
3.10Tugann CESE dá aire an cinneadh ón gCoimisiún gan na modhanna maidir le Lorg Comhshaoil Táirge agus Eagraíochtaí a thabhairt isteach mar cheanglais le haghaidh bunús a thabhairt le maímh. Sna cásanna inarb ábhartha sin, áfach, mholfadh CESE an úsáid is fearr a bhaint as na modhanna sin agus modhanna comhchoiteanna á sainiú le haghaidh bunús a thabhairt leo. I dtaca le hAirteagal 3.1(c) maidir leis an gceanglas a léiriú go bhfuil gnéithe den mhaíomh suntasach ó thaobh saolré de, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún tuilleadh eolais a thabhairt faoi conas ba cheart an tábhacht sin a mheas.
3.11Molann CESE go tréan don Choimisiún tuilleadh eolais a thabhairt faoi na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5.4. maidir le maímh faoi fheidhmíocht chomhshaoil táirge nó trádálaí amach anseo. Ar an gcéad dul síos, ba cheart na ceanglais a chur i gcomhréir go hiomlán le forálacha na Treorach maidir le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas. Ar an dara dul síos, ba cheart a shonrú sna ceanglais nach nglacfar le maímh den sórt sin ach amháin más amhlaidh nach i dtortaobh le nós an fhritháirimh atá siad agus más amhlaidh atá faisnéis fhorlíontach shoiléir shothuigthe arna soláthar ag an trádálaí ag gabháil leo mar thaca. Ba cheart a leagan amach iontu gealltanais agus spriocanna atá soiléir, oibiachtúil, eolaíochtbhunaithe agus infhíoraithe, chomh maith le plean cur chun feidhme ar leibhéal an trádálaí ar a n‑áirítear bearta cur chun feidhme agus spriocanna eatramhacha nithiúla infhíoraithe nach mbraitheann ar fhritháirimh agus atá in iomchuibheas le gealltanas fadtéarmach a bhaint amach. Ba cheart buiséad leordhóthanach a leithdháileadh ar an bplean cur chun feidhme agus ba cheart é a bheith bunaithe ar theicneolaíochtaí atá inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil, agus orthu sin amháin. Ba cheart an plean cur chun feidhme, chomh maith le faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta, a chur ar fáil go poiblí agus a áireamh sa mhaíomh mar fhaisnéis fhorlíontach, agus ba cheart tuarascálacha rialta ina leith sin a sholáthar. Ba cheart é a bheith i gceist freisin faireachán neamhspleách a dhéanamh ar mhaímh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo i dtreo is gur féidir na maímh a fhíorú agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn trádálaithe i ndáil lena ngealltanais agus lena spriocanna, sa bhreis ar an bpróiseas deimhniúcháin a leagtar amach in Airteagal 10. Níor cheart maímh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo a cheadú ach amháin ar leibhéal an trádálaí seachas ar leibhéal an táirge; murach sin, d’fhéadfadh na maímh chomhshaoil lena mbaineann tomhaltóirí a chur ar míthreoir.
3.12Is díol sásaimh do CESE an toirmeasc a leagtar amach in Airteagal 7, toirmeasc ar rátálacha agus scóir bunaithe ar tháscaire comhiomlánaithe maidir le tionchair ar an gcomhshaol, mura rud é go dtugtar rátálacha nó scóir den sórt sin isteach i reachtaíocht an Aontais. Cé go bhfuil an chumarsáid shoiléir a ghabhann leo tarraingteach do thomhaltóirí, is ábhar mearbhaill agus míthuisceana an easpa soiléireachta a ghabhann leis na modheolaíochtaí atá taobh thiar de na scóir, gan trácht ar an líon méadaitheach díobh atá ann. Molann CESE don Choimisiún soiléiriú a thabhairt ar a gcumhdaítear faoi raon feidhme an toirmisc sin, agus go háirithe ar a dtuigtear le ‘tionchar ar an gcomhshaol’. Mar shampla, tá sé le baint as nach n-áirítear scóir indeisitheachta sa raon feidhme. Ba cheart é sin a thabhairt chun soiléireachta tuilleadh eile d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú.
3.13Is díol sásaimh do CESE na bearta a mholtar in Airteagal 8 chun deireadh a chur le hiomadú na maíomh agus na lipéad a thugtar isteach. Is mó an tsoiléireacht a bheidh ann do thomhaltóirí agus áiritheoidh siad nach gcuirfear ach faisnéis luachmhar iontaofa in iúl.
3.14Is díol sásaimh do CESE an tábhacht a bhaineann le taobh an fhorfheidhmiúcháin. Más céim shoiléir chun tosaigh iad na ceanglais mhionsonraithe maidir le bunús a thabhairt le maímh, ceann de na príomhfhadhbanna leanúnacha a bhíonn le sárú ag tomhaltóirí i gcónaí is ea an easpa forfheidhmithe a dhéantar ar rialacháin, nuair ba cheart iad a bheith in ann talamh slán a dhéanamh de sin. A bhuí leis an gcóras fíorúcháin, b’fhéidir líon na maíomh bréagach ar an margadh a laghdú, ach ní éireoidh leis sin ach amháin má leithdháiltear dóthain acmhainní ar na húdaráis faireacháin margaidh chun gur féidir dóibh tabhairt faoin obair sin. Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún féachaint ar na bealaí féideartha uile atá ann chun tacú leis na húdaráis náisiúnta agus chun na Ballstáit a spreagadh leis na hacmhainní is gá a chur ar fáil le haghaidh an fhaireacháin. Is díol sásaimh do CESE an oibleagáid atá á moladh maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmithe a thuairisciú.
3.15Is díol sásaimh do CESE freisin forálacha Airteagal 16 maidir le rochtain ar cheartas a thabhairt do thomhaltóirí agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Bealach éifeachtach chun tacú leis an bhforfheidhmiú is ea a áirithiú gur féidir le cumainn tomhaltóirí caingean dlí a thabhairt i gcoinne maímh mhíthreoracha gan bhunús ar mhaithe le comhleasanna tomhaltóirí a chosaint.
3.16Is díol sásaimh do CESE forálacha Airteagal 17, lena sonraítear na pionóis ba cheart do na Ballstáit a thabhairt isteach. Ba cheart don Choimisiún a mhachnamh a dhéanamh faoi dhea‑chleachtais áirithe sa réimse seo a chur chun cinn.
3.17Molann CESE don Choimisiún gach beart is gá a ghlacadh, ar a n-áirítear ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta sa phróiseas, ar mhaithe le tomhaltóirí agus cuideachtaí a chosaint ar an snas glas. Thar aon rud eile, molann CESE go ndéanfaí foráil maidir le cros-seiceálacha rialta idir na húdaráis náisiúnta, ar thaobh amháin, agus na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta ar an leibhéal náisiúnta, ar an taobh eile. Maidir le bearta ar an leibhéal Eorpach, is díol sásaimh do CESE an nós imeachta coiste dá bhforáiltear in Airteagal 19 agus tá sé ag iarraidh go ligfí dó páirt a ghlacadh sa choiste mar ionadaí Eorpach na sochaí sibhialta. Amach ón nós imeachta coiste sin, is gá páirt dháiríre a thabhairt do na páirtithe leasmhara, go háirithe sa phlé maidir le modhanna comhchoiteanna lenar féidir bunús a thabhairt. Molann CESE ról a thabhairt do na fóraim rannpháirtíochta, cuir i gcás an Fóram Comhairliúcháin Éicidhearthóireachta agus Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéid, nó cruinniú comhchéime nua a bhunú a bheidh dírithe ar an reachtaíocht sin go sonrach.
An Bhruiséil, 14 Meitheamh 2023
Oliver RÖPKE
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________