|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
Imirce dhleathach – An Pacáiste Scileanna agus Tallainne
|
|
_____________
|
|
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (athmhúnlú)
[COM(2022) 650 – final]
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun dul i mbun cónaithe agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dleathach i mBallstát (athmhúnlú)
[COM(2022) 655 – final]
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún
Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach
[COM(2022) 657 – final]
|
|
|
|
SOC/733
|
|
|
|
Rapóirtéir: José Antonio MORENO DÍAZ
|
|
Comhrapóirtéir: Milena ANGELOVA
|
|
Comhairliúchán
|
An Coimisiún Eorpach, 26/7/2022
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht
|
|
Dáta a glactha sa rannóg
|
29/09/2022
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
26/10/2022
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
573
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
179/0/6
|
1.Réamhrá
1.1I mí Aibreáin 2022, thíolaic an Coimisiún an Pacáiste Scileanna agus Tallainne mar obair leantach ar chlár oibre an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann a glacadh i Meán Fómhair 2020. Is é is aidhm don phacáiste nua imirce dhleathach chuig an Aontas a chur chun cinn, agus an mealladh tallainne agus scileanna a spreagadh ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don tír thionscnaimh agus don tír is ceann scríbe araon. Féachann na hathbhreithnithe freisin le córas níos éifeachtúla agus níos comhleanúnaí a chur chun cinn maidir le cearta agus deiseanna fostaíochta le haghaidh náisiúnaigh neamh‑AE a chónaíonn san Aontas Eorpach, agus cabhrú san am céanna leis an Aontas a dhéanamh níos tarraingtí mar cheann scríbe le haghaidh náisiúnaigh oilte ó thríú tíortha.
1.2Is díol sásaimh do CESE an pacáiste sin lena nglactar cur chuige cuiditheach agus comhleanúnach i leith na himirce agus lena dtugtar aghaidh ar an ngá atá le feabhas a chur ar ionstraimí an Aontais don imirce rialta. Ós rud é go bhfuil an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas ag teacht chun cinn agus ó tharla ganntanas saothair agus scileanna le feiceáil i ngach earnáil den ghníomhaíocht eacnamaíoch, tá béim á leagan ag CESE ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an imirce dhleathach chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna i réimsí inar léir gur gá sin.
1.3Chuir CESE in iúl cheana féin gur ábhar imní dó an Comhshocrú nua maidir le hImirce agus Tearmann a bheith ag díriú ar bhainistiú teorainneacha agus rialú na himirce, agus measann sé ar an ábhar sin, gur rud dearfach an dul chun cinn a rinneadh i dtaca le rialachas na hinimirce eagraithe agus rialta.
1.4Is mór ag CESE go n-aithníonn an Coimisiún a ríthábhachtaí atá ról na n-imirceach cheana féin i ngeilleagar agus sochaí na hEorpa, an chaoi a gcabhraíonn siad le freastal ar riachtanais athraitheacha an mhargaidh saothair agus, de réir mar is gá, leis na ganntanais lucht saothair agus scileanna a réiteach: beidh athrú peirspictíochta agus dioscúrsa normalaithe agus dearfach an-tábhachtach.
1.5Tá sé á chur in iúl ag CESE gur díol sásaimh dó, ar an ábhar sin, go n‑éascaítear insreabhadh tallainne ó thríú tíortha chun freastal ar na riachtanais sin atá ag dul i méid, go háirithe in earnálacha a bhfuil ganntanais struchtúracha iontu.
1.6Cé go bhfuil tábhacht ag baint leis, molann CESE scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a nasctar teacht na n‑oibrithe neamh‑AE le riachtanais mhargaí saothair na mBallstát, chun an tearcfhostaíocht agus droch‑choinníollacha oibre a sheachaint do na hoibrithe neamh-AE sin nach bhfuil ach díreach tagtha chuig an Aontas.
1.7Measann CESE gur den riachtanas é dul chun cinn a dhéanamh ar bhealaí nua chun tallann a mhealladh chuig an Aontas, ach tá sé á thabhairt le fios freisin go bhfuil riachtanais eile i margaí saothair na mBallstát; ní mór bearta a cheapadh chun freastal ar na riachtanais sin in éineacht leo siúd dá bhforáiltear sa phacáiste atá beartaithe. Go sonrach, is den tábhacht é treisiú le hiarrachtaí a thabharfaidh tacaíocht chun iad siúd atá neamhghníomhach agus dífhostaithe a lánpháirtiú sa mhargadh saothair trí bhearta tacaíochta spriocdhírithe.
1.8Tá CESE den tuairim gur cheart don Choimisiún a bheith níos uaillmhianaí agus bealaí dleathacha agus eagraithe maidir le himirce lucht saothair á lorg aige, bealaí lena gcuirfear san áireamh go bhfuil daoine ann a mbíonn cosaint idirnáisiúnta uathu.
1.9Tá sé á chur in iúl ag CESE gur díol sásaimh dó an teachtaireacht maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas, óir feictear dó gur céim chun cinn é i réimse imirce lucht saothair, ar réimse é a bhfuil ionstraimí de dhíth air a bheidh iomchuí, réalaíoch agus éifeachtach sna comhthéacsanna nua.
1.10Measann CESE gur gá dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an Linn Tallann, leis an gclár píolótach mar thús agus le seoladh an leagain iomláin an bhliain seo chugainn, agus é á chur in iúl aige go mbeidh rath agus for‑rochtain na Linne Tallann ag brath ar imscaradh acmhainní leordhóthanacha chun go mbeidh an uirlis inrochtana agus oibríochtúil. Is díol sásaimh dó na Comhpháirtíochtaí Tallainne freisin agus é á mheas nach mór iad a fhorbairt i gcomhar le tríú tíortha. Tá CESE á iarraidh go ndéanfar sásraí meastóireachta leordhóthanacha a chur ar bun lena n-áiritheofar infheictheacht agus trédhearcacht i gcur chun feidhme na gComhpháirtíochtaí Tallainne, ní hamháin i gcás na n-ionstraimí féin, ach chun na tíortha ar cheart comhar a dhéanamh leo a shainaithint freisin: ní mór urraim a thabhairt i gcónaí don smacht reachta agus do chearta an duine i gcaidreamh seachtrach maidir le beartas inimirce agus tearmainn an Aontais.
1.11Cé go bhfuil ionadaíocht an-mhaith ag mná i roinnt earnálacha ríthábhachtacha, fós féin, d’fhéadfadh mná taistil agus mná imirceacha a bheith thíos le héiginnteacht fostaíochta agus leis an ngeilleagar neamhfhoirmiúil. Is minic freisin go mbíonn siad i mbaol an idirdhealaithe agus an eisiaimh shóisialta, go mbíonn siad thíos le heaspa deiseanna fostaíochta agus oiliúna, agus go mbíonn siad neamhchosanta ar mhí-úsáid, ar fhoréigean agus ar chiapadh. Tá CESE den tuairim nach mór cosaint chearta na mban agus gné na hinscne a phríomhshruthú tuilleadh.
1.12Is díol sásaimh do CESE gur beartaíodh an Treoir maidir le cónaí fadtéarmach san Aontas Eorpach a athbhreithniú. Is cúis áthais do CESE go n-éascaítear leis an togra an próiseas chun an stádas sin a bhaint amach trí líon iomlán na mblianta cáilitheacha ó thréimhsí ama a caitheadh i mBallstáit éagsúla a charnadh, go gcothaítear soghluaisteacht laistigh den Aontas agus go bhféachtar le rochtain chomhionann ar an gcosaint shóisialta a chur ar fáil le haghaidh náisiúnaigh AE ar cónaitheoirí fadtéarmacha de Bhallstát eile iad.
1.13Is díol sásaimh do CESE an t‑athbhreithniú ar an Treoir um Chead Aonair, lena n-áirítear an aidhm chun an próiseas iarratais a éascú agus a shimpliú agus chun a áirithiú nach le haon fhostaitheoir amháin a bhainfidh an cead aonair. Mar sin féin, tá sé den tuairim go bhféadfaí iarracht a dhéanamh chun tacar na gceart a leathnú, i gcomhréir le hábhar an chéad togra le haghaidh treoir a tíolacadh in 2011.
1.14Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go leagfaí béim san athbhreithniú ar an ngá atá le cóir chomhionann a neartú d’oibrithe ar náisiúnaigh tríú tír iad, go háirithe i ndáil le dálaí oibre, saoirse comhlachais agus cleamhnachta agus sochair slándála sóisialta.
1.15Tá sé á chur i dtreis ag CESE freisin a thábhachtaí atá sé go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile rannpháirteach sa phlé maidir le feabhas a chur ar rialachas imirce lucht oibre ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, is díol sásaimh dó gur cruthaíodh ardán atá beartaithe don idirphlé ar leibhéal an Aontais.
2.Barúlacha ginearálta
2.1I mí Aibreáin 2022, thíolaic an Coimisiún an Pacáiste Scileanna agus Tallainne mar obair leantach ar chlár oibre an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann, a glacadh i Meán Fómhair 2020. Cuimsítear sa phacáiste an t-athbhreithniú ar Threoir 2003/109/CE maidir le cónaí fadtéarmach (COM(2022) 650), an t-athbhreithniú ar Threoir 2011/98/AE maidir leis an gcead aonair (COM(2022) 655) agus COM(2022) 657 maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas.
2.2Is é is aidhm don phacáiste nua imirce eagraithe chuig an Aontas a chur chun cinn, agus an mealladh tallainne agus scileanna a spreagadh ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don tír thionscnaimh agus don tír is ceann scríbe araon. Tá sé d’aidhm ag na hathbhreithnithe freisin córas níos éifeachtúla agus níos comhleanúnaí a chur chun cinn maidir le cearta agus deiseanna fostaíochta le haghaidh náisiúnaigh neamh‑AE a chónaíonn san Aontas Eorpach, agus cabhrú san am céanna leis an Aontas a dhéanamh níos tarraingtí mar cheann scríbe le haghaidh náisiúnaigh oilte ó thríú tíortha.
2.3Sa Teachtaireacht maidir le tallann agus scileanna a mhealladh is iad na prionsabail lena rialaítear imirce dhleathach go dtí an tAontas, ar chúiseanna eacnamaíocha, a fhéachtar a chur in ord. Léirítear toil inti chun an colún reachtaíochta a fheabhsú leis an dá thogra um athbhreithniú, chun Comhpháirtíochtaí Tallainne agus Linn Tallann an Aontais a fhorbairt, agus chun an beartas um imirce dhleathach i réimsí an chúraim, na hóige agus na nuálaíochta a chur ar aghaidh.
2.4Tá sé á thabhairt le fios ag CESE nach bhfuil aon chleachtadh anailíse agus meastóireachta sa togra lena bhféadfaí plé a dhéanamh ar na treoracha reatha maidir le cead aonair nó údaruithe fadtéarmacha ná ar an gcúis nach n‑oibríonn siad go hiomchuí. Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an mífheidhmiú sin agus na cúiseanna sin a chomhroinnt, agus a shainaithint cibé an é easpa tola na mBallstát iad a chur chun feidhme atá i gceist, nó an é an rómhaorlathas i measc cúiseanna eile atá i gceist, chun cosc a chur ar fhadhbanna dá leithéid amach anseo.
2.5Leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir um chead aonair tugtar deis an rochtain ar an ionstraim sin a leathnú agus rannpháirtíocht oibrithe neamh-AE sa mhargadh saothair a éascú, agus na cearta is gné dhílis di á ndlúthpháirtiú san am céanna, agus dul chun cinn á dhéanamh maidir lena cur i bhfeidhm a chomhchuibhiú i measc na mBallstát.
2.6Tá sé d’aidhm freisin ag an athbhreithniú atá beartaithe ar Threoir an Aontais maidir le Cónaí Fadtéarmach go ndéanfaí a cur i bhfeidhm sna Ballstáit éagsúla a fheabhsú, agus soghluaisteacht laistigh den Aontas á héascú san am céanna tríd an bpróiseas a shimpliú agus trí laghdú a dhéanamh ar na ceanglais ama chun ceadanna cónaithe fadtéarmacha a fháil.
2.7I dtéarmaí ginearálta, is díol sásaimh do CESE an pacáiste sin lena nglactar cur chuige cuiditheach agus comhleanúnach i leith na himirce agus lena dtugtar aghaidh ar an ngá atá le feabhas a chur ar ionstraimí an Aontais don imirce rialta; agus tá sé á chur i dtreis aige go bhféadfadh an imirce dhleathach cabhrú go mór le dul i ngleic le ganntanais lucht saothair agus oibrithe oilte – i réimsí inar léir gur gá sin. Tá sé curtha in iúl cheana féin ag CESE gur ábhar imní dó gur ar bhainistiú teorainneacha agus rialú na himirce atá fócas an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus ar an ábhar sin gur díol sásaimh dó an dul chun cinn atá déanta maidir le rialachas imirce eagraithe agus rialta.
2.8Is mór ag CESE an ról ríthábhachtach atá á imirt ag imircigh i ngeilleagar agus i sochaí na hEorpa cheana féin, iad ag cabhrú le freastal ar riachtanais mhargadh an tsaothair, agus le ganntanais lucht saothair agus scileanna a shárú nuair is gá sin. Is geal le CESE, mar sin, insreabhadh tallainne ó thríú tíortha a bheith á éascú chun cabhrú le freastal ar na riachtanais sin atá ag dul i méid, in earnálacha ina bhfuil ganntanais struchtúracha go háirithe. Is díol sásaimh do CESE freisin na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun gnólachtaí nuálacha agus inscálaithe a mhealladh a thabharfaidh breisluach suntasach chuig geilleagar agus sochaí an Aontais Eorpaigh. Is bealach éifeachtach eile iad tionscadail taighde idirnáisiúnta chun tallann den chéad scoth a chur chun cinn, a mhealladh agus a choinneáil. Chuige sin is gá rochtain ar mhargadh saothair an Aontais a luasú agus a shimpliú le haghaidh gairmithe ó thríú tíortha a bhfuil éileamh orthu, chun an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí do chodanna eile an domhain. Molann CESE uirlisí praiticiúla a fhorbairt agus a chur chun feidhme freisin, agus is díol sásaimh dó an méid sin, chun gur fusa tallann ó thríú tíortha a nascadh agus a mheaitseáil le fostaitheoirí féideartha sna Ballstáit.
2.9Ní mór machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a nasctar an t-insreabhadh lucht saothair eachtrach le riachtanais mhargaí saothair na mBallstát. I dtíortha áirithe den Aontas Eorpach, tá dífhostaíocht struchtúrach i gcuid de na hearnálacha fostaíochta agus ceirdeanna arbh fhéidir a bheith ann mar thoradh ar neamhréireanna scileanna, easpa tarraingteachta ag baint le hearnálacha/ceirdeanna áirithe agus na dálaí oibre a bheith ina n-ábhar imní. Sna tíortha sin, beidh sé tábhachtach iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar tharraingteacht earnálacha agus ceirdeanna den sórt sin d’oibrithe sna margaí intíre (náisiúnaigh na tíre sin, oibrithe AE agus oibrithe tríú tír a bhfuil ceadanna oibre acu) chun an tearcfhostaíocht agus drochdhálaí oibre a sheachaint do na hoibrithe neamh-AE sin nach bhfuil ach díreach tagtha chuig an Aontas. Go comhthreomhar, d’fhéadfadh Linn Tallann an Aontais cabhrú le hoibrithe neamh‑AE a mheaitseáil go spriocdhírithe le fostaíocht san Aontas chun nach mbeidh na hoibrithe sin tearcfhostaithe.
2.10Cé go measann CESE go bhfuil sé riachtanach dul chun cinn a dhéanamh ar bhealaí nua chun tallann a mhealladh chuig an Aontas, tá sé á thabhairt le fios aige freisin go bhfuil riachtanais eile i margaí saothair na mBallstát agus gur gá bearta a cheapadh chun freastal ar na riachtanais sin in éineacht leo siúd dá bhforáiltear sa phacáiste atá beartaithe.
2.11I ndáil leis sin, tá súil ag CESE go bhféadfar dul chun cinn a dhéanamh (faoi mar a beartaíodh leis na tuarascálacha leantacha) maidir le feabhas a chur ar an Treoir maidir le hOibrithe Séasúracha agus an Treoir maidir le hAistrí Ionchorparáideach, atá beartaithe do 2023. I ndáil leis sin, tá sé á chur i bhfáth ag CESE, i gcomhréir leis na rúin ó Pharlaimint na hEorpa agus lena rúin féin, a riachtanaí a bheidh sé oibriú chun cosaint oibrithe séasúracha a áirithiú agus, go sonrach, chun an teacht i dtír ar lucht saothair a chomhrac, i gcás ina mbraitear é. Chuige sin, déanfar cigireachtaí saothair a threisiú agus a mhéadú i gcomhréir le hobair an Údaráis Eorpaigh Saothair.
2.12I bhfianaise ghlacadh an Clár Oibre Scileanna don Eoraip an 1 Iúil 2020, creideann CESE gur cheart caitheamh go cothrom le himircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta, beag beann ar leibhéal a scileanna ná a gcáilíochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart do gach oibrí a bheith in ann a scileanna agus a n-inniúlachtaí a bhailíochtú agus páirt a ghlacadh i bprintíseachtaí, in athsciliú agus in uas-sciliú éifeachtach atá ar ardcháilíocht, ionas gur féidir iad a chomhtháthú i margadh an tsaothair bunaithe ar chonairí foghlama solúbtha a fhreagraíonn dá riachtanais shonracha agus aird chuí á tabhairt ar na haois‑ghrúpaí éagsúla.
2.13Tá CESE den tuairim gur cheart don Choimisiún a bheith níos uaillmhianaí agus bealaí dleathacha agus eagraithe maidir le himirce lucht saothair á lorg aige, bealaí lena gcuirfear san áireamh go bhfuil daoine ann a mbíonn cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.
2.14Maidir le mic léinn ó thríú tíortha a thagann chuig an Aontas Eorpach chun críoch staidéir, ba cheart aird chuí a thabhairt ar iad a chomhtháthú go rianúil i margadh saothair an Aontais agus imirce daoine oilte á maolú san am céanna: rud dearfach a bheadh ann bearta coisctheacha a ionchorprú amhail clásail earcaíochta eiticiúla, sásraí um fhilleadh cuidithe chuig a dtíortha tionscnaimh agus ath-lánpháirtiú ina dtíortha tionscnaimh nó clásail shonracha a thabhairt isteach ina leith sin i gcomhaontuithe déthaobhacha maidir le himirce lucht saothair.
3.Maidir leis an Teachtaireacht maidir le scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas
3.1Sa Teachtaireacht a cuireadh i láthair i mí Aibreáin 2022 glactar leis na moltaí i dtaca leis an imirce dhleathach atá sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, agus í ag féachaint le tionscnaimh reachtaíochta agus oibritheacha a chur chun cinn sa réimse sin.
3.2Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht sin. Feictear dó gur céim chun cinn í i réimse imirce lucht saothair a éilíonn ionstraimí iomchuí sna comhthéacsanna nua. I ndáil leis sin, measann CESE gur tráthúil an ní é sraith beart sonrach a chur san áireamh do dhídeanaithe ón Úcráin ach is oth leis nár cuireadh na bearta sin chun feidhme níos túisce ar mhaithe le daoine a raibh cosaint idirnáisiúnta uathu go ginearálta, go háirithe le linn na géarchéime a bhí mar thoradh ar an gcogadh sa tSiria in 2015. Tá CESE suite de gur cor cinniúnach é an ghníomhaíocht agus an tionscnamh a rinneadh agus daoine ag teitheadh ón Úcráin agus gur cheart gurb é sin an caighdeán a bheidh ann amach anseo i leith ghníomhaíocht an Aontais i gcásanna comhchosúla .
3.3Measann CESE gur den riachtanas é dul chun cinn a dhéanamh maidir le Comhpháirtíochtaí Tallainne i gcomhar le tríú tíortha. Mar sin féin, tá sé á iarraidh go ndéanfar sásraí meastóireachta leordhóthanacha a chur ar bun, ní le haghaidh na n-ionstraimí féin amháin, ach chun na tíortha ar cheart comhar a dhéanamh leo a shainaithint freisin. Ní mór urraim a thabhairt i gcónaí don smacht reachta agus do chearta an duine i gcaidreamh seachtrach maidir le beartas inimirce agus tearmainn an Aontais. Tá CESE den tuairim freisin gur gá seiceáil agus meastóireacht a dhéanamh ar nósanna imeachta agus ar thorthaí na dtreoirthionscadal atá tugtha chun críche cheana féin, agus go gcuirfear san áireamh iad agus go mbainfear leas astu tráth a bheidh tionscadail nua á seoladh.
3.4Beidh sé tábhachtach agus an togra maidir le Linn Tallann an Aontais á thíolacadh, go n‑oibreoidh an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta chun an linn a fhorbairt ar bhealach lena ndéanfar an maorlathas a íoslaghdú agus lena seachnófar castacht nach bhfuil gá léi, chun go mbeidh sí faoi lánseol a luaithe agus is féidir. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an linn cabhrú le freastal ar na riachtanais scileanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; ba cheart di leas a bhaint as féidearthachtaí IS agus as ardteicneolaíochtaí eile ar bhealach ina mbainfear lánúsáid as scileanna agus tallanna na náisiúnach tríú tíortha agus ina ndéanfar an ról atá ag náisiúnaigh na mBallstát agus soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas a chomhlánú.
3.5Agus an géarghanntanas saothair agus scileanna a mbíonn na fostóirí thíos leis á chur san áireamh, ar ganntanas struchtúrach é cuid mhaith den am, ba mhaith an smaoineamh é cur chuige spriocdhírithe maidir le socrúcháin poist a fhorbairt bunaithe ar liostaí gairmeacha ganna sula dtabharfaí isteach leagan iomlán na linne. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfuil liostaí gairmeacha ganna náisiúnta cothrom le dáta, ba cheart don Choimisiún deiseanna foghlama frithpháirtí agus athbhreithnithe piaraí ar an ábhar seo a shainaithint.
3.6De bhreis ar choincheap na Linne Tallann a fhorbairt, ní mór tuilleadh forbartha a dhéanamh le rannpháirtíocht na bhfostóirí agus na gceardchumann, maidir le faisnéis fíor-ama a chur ar fáil i dtaca le margadh an tsaothair agus scileanna, rud lena gcumasófar feidhmiú rathúil na linne. San am céanna, is den tábhacht feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais sonraí inchomparáide inchreidte maidir leis an ngá le himirce ó thríú tíortha a bhailiú agus a léirmhíniú.
3.7Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach uirlis lena ndéanfar na naisc idir an soláthar agus an t‑éileamh a mheaitseáil. Tá sé den tuairim go mbeidh na céimeanna sin riachtanach ar mhaithe le tallann a earcú, ach é á athdhearbhú aige go bhfuil géarghá le haghaidh a thabhairt, san am céanna, ar earnálacha eile de mhargaí saothair na mBallstát.
3.8Tá CESE ar aon intinn leis an gCoimisiún go mbeidh comhar agus rannpháirtíocht na ngníomhaithe sóisialta agus eacnamaíocha ag teastáil má tá rath le bheith ar na tionscnaimh sin, agus tá sé den tuairim gur bunriachtanas é dul chun cinn a dhéanamh maidir le deiseanna a chruthú le haghaidh idirphlé eatarthu ar an leibhéal Eorpach. Is fóram faoi phribhléid é CESE inar féidir plé a dhéanamh ar shaincheisteanna oibríochtúla agus praiticiúla a bhaineann le himirce lucht saothair. Chuige sin, ba cheart do CESE a bheith rannpháirteach sa chomhdháil ardleibhéil maidir leis an ardán nua d’imirce lucht saothair atá beartaithe ag an gCoimisiún le haghaidh dheireadh 2022. Tá sé á chur i dtreis ag CESE freisin a thábhachtaí atá sé go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile rannpháirteach sa phlé maidir le feabhas a chur ar rialachas imirce lucht oibre ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, is díol sásaimh dó gur cruthaíodh ardán atá beartaithe don idirphlé ar leibhéal an Aontais.
3.9Measann CESE gur céim chun cinn é féachaint ar bhealaí le haghaidh imirce lucht saothair sa todhchaí in earnáil amhail earnáil an chúraim. Tá sé á chur in iúl, mar sin féin, gurb oth leis go bhfuil an dul chun cinn maidir leis na saincheisteanna sin bunaithe ar nósanna imeachta sonracha lena ndéantar sláine an bheartais chomhchoitinn Eorpaigh maidir le hinimirce agus tearmann a mhaolú, rud atá ina bhac ar an bhfís lárnach. Ar aon nós, aontaíonn CESE nach mór dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin trí shaincheisteanna a ardú, amhail na caighdeáin a bhaineann le hearcaíocht eiticiúil agus cosaint chearta an lucht saothair.
3.10Cé go bhfuil ionadaíocht an-mhaith ag mná i bhformhór na n‑earnálacha ríthábhachtacha, fós féin, d’fhéadfadh mná taistil agus mná imirceacha a bheith faoi réir éiginnteacht fostaíochta agus an gheilleagair neamhfhoirmiúil. Is minic freisin go mbíonn siad i mbaol an idirdhealaithe agus an eisiaimh shóisialta, go mbíonn siad thíos le heaspa deiseanna fostaíochta agus oiliúna, agus go mbíonn siad neamhchosanta ar mhí-úsáid, ar fhoréigean agus ar chiapadh. Tá CESE den tuairim nach mór cosaint chearta na mban agus gné na hinscne a phríomhshruthú tuilleadh.
3.11Is díol sásaimh do CESE freisin go bhfuil scéimeanna soghluaisteachta á gcur chun cinn le haghaidh daoine óga, ach tá sé á thabhairt le fios aige an athuair nach mór soghluaisteacht agus comhtháthú i margadh an tsaothair a áirithiú chun go dtabharfar cosaint do chearta saothair oibrithe níos óige, ar oibrithe iad a mbíonn dálaí oibre níos measa (fostaíocht shealadach, tuarastal íseal, etc) rompu ar uairibh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart bearta sonracha a bhunú d’oibrithe faoi mhíchumas chun a lánpháirtiú cuí a éascú.
3.12Tá sé á chur in iúl ag CESE gur díol sásaimh dó an tionscnamh chun iniúchadh a dhéanamh ar scéimeanna um ligean isteach le haghaidh fiontraíocht nuálach neamh-AE. I ndáil leis sin, measann CESE gur rud dearfach é iniúchadh a dhéanamh ar na scéimeanna sin um ligean isteach i gcomhthéacs an gheilleagair dhigitigh agus inbhuanaithe, cé go bhfuil sé den tuairim go bhféadfadh raon feidhme leathan a bheith ag baint leo maidir le cead isteach i dtíortha an Aontais Eorpaigh a éascú i gcás próifílí gairmiúla éagsúla eile freisin, ach struchtúrú iomchuí a dhéanamh ar na scéimeanna sin.
4.Maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le cónaí fadtéarmach san Aontas
4.1Is cúis áthais do CESE an togra seo le haghaidh treoir a bhfuil sé d’aidhm aici stádas mar chónaitheoir fadtéarmach san Aontas a neartú trí fheabhas a chur ar an gcaoi ina bhfaightear an stádas sin, go háirithe i gcás cónaí sa dara Ballstát. Is díol sásaimh dó freisin go bhféachann an togra le rochtain chomhionann ar chosaint shóisialta a leathnú i gcás náisiúnaigh AE ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad i mBallstát eile. Is díol sásaimh do CESE freisin, i ndáil leis an treoir seo, an iarracht a dhéantar chun cóir chomhionann a áirithiú agus chun an rochtain ar fhaisnéis maidir le hathaontú teaghlaigh a éascú.
4.2Tá an cónaí fadtéarmach san Aontas ar cheann de phríomhionstraimí bheartas imirce agus tearmainn na hEorpa. Ba mhíchothrom na forbairtí a rinneadh ar fud an Aontais i dtaca leis na nósanna imeachta, a glacadh in 2003, maidir le cónaí fadtéarmach san Aontas, agus leis an athbhreithniú atá á mholadh ag an gCoimisiún táthar ag féachaint le córas níos comhleanúnaí a chruthú.
4.3Bíonn náisiúnaigh Aontais i dteideal cur isteach ar chónaí fadtéarmach tar éis dóibh cónaí ar feadh cúig bliana sa dara Ballstát, foráil a choinneofar sa Treoir athbhreithnithe atá beartaithe. Féachann an togra leis an tsoghluaisteacht laistigh den Aontas a éascú le haghaidh daoine a bhfuil cead cónaithe den sórt sin acu tríd an gceanglas maidir leis an tréimhse chónaithe a laghdú go trí bliana. Ina theannta sin, cuimsítear tréimhsí cónaithe carnacha i mBallstáit éagsúla sa togra freisin.
4.4Measann CESE gur céim chun cinn é deis a thabhairt d’iarratasóirí tréimhsí cónaithe i mBallstáit éagsúla a charnadh chun na ceanglais le haghaidh cónaí fadtéarmach san Aontas a chomhlíonadh, cé go bhfuil sé den tuairim nach mór feabhas a chur ar na sásraí maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhforáil sin agus í a chomhordú sna Ballstáit éagsúla.
4.5Is díol sásaimh do CESE cineálacha difriúla cónaithe a bheith san áireamh, amhail cónaí chun críoch staidéir, cosaint idirnáisiúnta agus cónaí sealadach. Tá víosaí gearrthéarmacha díolmhaithe, cé go bhféadfaí iad a chur san áireamh faoin bhforáil dá bhféadfadh an t-iarratasóir caidreamh fostaíochta rialta nó a leithéid a chruthú.
4.6Is geal le CESE freisin neartú na gceart a bhaineann le cónaí fadtéarmach san Aontas agus cearta baill teaghlaigh, lena n-áirítear an ceart chun obair a dhéanamh agus aistriú chuig Ballstát eile, nó chun poist a athrú agus aistriú chuig Ballstát eile. Measann CESE go bhfuil sé thar a bheith suimiúil, faoin airteagal nua atá beartaithe, nach gá staid náisiúnta an mhargaidh saothair a chur san áireamh i gcás iarratais le haghaidh cónaí fadtéarmach sa dara Ballstát (i.e. i gcás ina bhfuil cónaí fadtéarmach san Aontas faighte cheana féin) d’oibrithe ná do dhaoine féinfhostaithe ach oiread.
4.7Is díol sásaimh do CESE gur fusa an fhéidearthacht obair agus staidéar a dhéanamh laistigh de 30 lá tar éis iarratas ar chónaí fadtéarmach sa dara Ballstát a chur isteach. Is geal leis freisin go dtugtar aitheantas don cheart (atá ag cónaitheoir fadtéarmach sa dara Ballstát) gairm rialta a chleachtadh faoi na dálaí céanna agus a bheadh ag saoránaigh an Aontais.
4.8Aithníonn CESE a thábhachtaí atá sé go ráthódh na Ballstáit na saoirsí agus na cearta céanna do chónaitheoirí fadtéarmacha san Aontas (agus dá mbaill teaghlaigh) is a ráthaítear dóibh siúd a bhfuil teidlíocht ar bhuanchónaí náisiúnta acu. Thairis sin, ba rud dearfach é dá n‑áiritheodh na Ballstáit freisin nach mbeadh ar iarratasóirí ar chead cónaithe fadtéarmach san Aontas táillí níos airde a íoc chun a n‑iarratais a phróiseáil ná mar a bheadh le híoc ag iarratasóirí ar cheadanna cónaithe náisiúnta.
4.9Measann CESE gur saincheist bhunúsach é an ceart chun cónaí mar theaghlach lena n-éascaítear an lánpháirtiú sóisialta. Is díol sásaimh dó, dá bhrí sin, deireadh a chur le bacainní riaracháin agus maorlathacha, go háirithe na coinníollacha maidir le lánpháirtiú i gcás cónaitheoirí fadtéarmacha. Is díol sásaimh dó freisin go mbronnfar stádas cónaitheora fhadtéarmaigh go huathoibríoch ar leanaí a rugadh (nó a uchtaíodh) san Aontas do chónaitheoirí fadtéarmacha.
5.Maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir um Chead Aonair
5.1Is cúis áthais do CESE an t-athbhreithniú ar an Treoir um Chead Aonair, lena gcuirtear feabhsuithe éagsúla ar an Treoir reatha:
·laghdú go ceithre mhí ar an tréimhse don nós imeachta um cheadú;
·an fhéidearthacht an nós imeachta a thionscnamh ón tír thionscnaimh nó ó Bhallstát is ceann scríbe;
·náisiúnaigh eachtracha atá ag obair trí ghníomhaireachtaí fostaíochta sealadacha cumhdaithe faoin Treoir freisin;
·an fhéidearthacht athrú fostóra a dhéanamh le linn thréimhse bhailíochta an cheada, cé gur féidir go fóill go ndiúltódh an rialtas dó;
·ní féidir an cead aonair a aistarraingt go ceann trí mhí ar a laghad tar éis do shealbhóir an cheada a bheith dífhostaithe, rud a fheabhsaíonn cáilíocht dhálaí fostaíochta agus maireachtála na n-oibrithe imirceacha agus a thugann cobhsaíocht dóibh;
·leathnú na Treorach um Chead Aonair chuig na daoine sin atá faoi chosaint shealadach;
·bealaí á lorg chun faisnéis a chur ar fáil maidir leis na cearta a ghabhann leis an gcead aonair.
5.2Ina ainneoin sin, tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nár tapaíodh an deis chun an tacar ceart a leathnú i gcomhréir le hábhar an chéad togra le haghaidh treoir a tíolacadh in 2011. Baineann an méid sin le saincheisteanna amhail rochtain ar shochair dhífhostaíochta, cé go bhfuil sé á chur i dtreis ag CESE a thábhachtaí atá sé solúbthacht áirithe a fhágáil ag na Ballstáit maidir leis sin, mar a fhoráiltear sa Treoir atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, is cúis aiféala do CESE nár scrúdaíodh an fhéidearthacht an Treoir a leathnú chuig imircigh a dhéanann obair shealadach.
5.3Measann CESE gur den ríthábhacht é go leagfar béim san athbhreithniú ar an ngá atá le cóir chomhionann a neartú d’oibrithe ar náisiúnaigh tríú tíortha iad, go háirithe i ndáil le comhairle a chur orthu maidir le cearta sóisialta agus dálaí oibre, saoirse comhlachais agus cleamhnachta agus sochair slándála sóisialta d’fhonn comhtháthú i margadh an tsaothair a éascú faoi choinníollacha comhionanna.
5.4Tacaíonn CESE leis an iarraidh go bhforbródh na Ballstáit sásraí iomchuí le haghaidh measúnú riosca, cigireachtaí agus smachtbhannaí agus chun faireachán a dhéanamh ar fhostóirí. Tá sé á thabhairt dá aire, mar sin féin, ós rud é gur inniúlacht náisiúnta iad na cigireachtaí saothair, gur cheart na huirlisí teachtaireachtaí agus faireacháin a d’fhéadfaí a fhorbairt ar leibhéal an Aontais a neartú i gcomhréir le sainordú an Údaráis Eorpaigh Saothair.
5.5Tá CESE den tuairim gur cheart dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le cosaint a thabhairt d’oibrithe imirceacha a bhaineann leas as sásraí gearán na cigireachta saothair. D’uireasa sásraí a chinnteodh nach mbainfí leas as gearáin ón lucht saothair chun críche rialú na himirce, bheadh an baol ann go ngearrfadh fostóirí pionós orthu siúd a thuairiscíonn dálaí oibre dúshaothraithe, agus go mbeadh iarmhairtí diúltacha ann dá stádas cónaithe. I ndáil leis sin, ní mór forbairt bhreise a dhéanamh ar bhearta chun an dúshaothrú saothair a chomhrac agus na bearta sin a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.
An Bhruiséil, 26 Deireadh Fómhair 2022
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________