|
TUAIRIM
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
|
Athbhreithniú ar an Treoir
maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh
|
|
_____________
|
|
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú)
[COM(2021) 558 final – 2021/0203 (COD)]
|
|
|
|
TEN/749
|
|
|
|
Rapóirtéir: Alena MASTANTUONO
|
|
Comhairliúchán
|
Parlaimint na hEorpa, 13/09/2021
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 20/09/2021
|
|
Bunús dlí
|
Airteagal 194(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
Rannóg atá freagrach
|
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise
|
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach
|
09/12/2021
|
|
Seisiún iomlánach Uimh.
|
565
|
|
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)
|
118/1/3
|
1.Conclúidí agus moltaí
1.1Is díol sásaimh do CESE an togra chun athmhúnlú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, ós rud é go dtugtar aghaidh ann ar réimse gníomhaíochta atá ríthábhachtach ó thaobh dícharbónú iomlán an gheilleagair agus na sochaí a bhaint amach san Aontas.
1.2Is díol sásaimh do CESE nádúr ceangailteach sprioc nua an Aontais. Tuigeann CESE a dhúshlánaí agus a uaillmhianaí agus atá spriocanna éifeachtúlacha fuinnimh an Aontais atá ag éirí níos déine fós de réir a chéile, agus ceangal ar na Ballstáit tomhaltas fuinnimh a laghdú faoi 9 % faoi 2030 i gcomparáid leis na réamh‑mheastacháin ó chás tagartha 2020. De réir Thuarascáil 2020 ar Dhul Chun Cinn, níor éirigh ach le 12 Bhallstát na spriocanna táscacha náisiúnta do 2020 a bhaint amach, a bheag nó a mhór.
1.3Bhain paindéim COVID-19 an bonn ó iarrachtaí comhchoiteanna an Aontais agus is cinnte go n-imreoidh sí níos mó tionchair fós maidir le spriocanna níos airde a bhaint amach. Chun na spriocanna táscacha náisiúnta a bhaint amach, beidh ar na Ballstáit go léir iarracht níos mó a dhéanamh, agus ba cheart cúinsí difriúla gach Ballstáit a chur san áireamh.
1.4Athdhearbhaíonn CESE a sheasamh a leagadh amach sa Tuairim uaidh maidir leis an Dlí Aeráide Eorpach gur cheart gurbh é an aidhm a bheadh ann an laghdú is mó is féidir a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar an gcostas socheacnamaíoch is ísle is féidir. Molann CESE ionstraimí atá comhoiriúnach do mhargadh dea‑rialáilte agus bearta rialála a úsáid i dteannta a chéile nuair is gá, lena n‑áirítear ionstraimí airgeadais a bhfuil tacaíocht acu ón gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus ó NextGenerationEU chun cuidiú le timpeallacht fuinnimh níos éifeachtúla a bhaint amach.
1.5Is díol sásaimh do CESE an ról ceannasach a leagtar amach don earnáil phoiblí, lena n‑áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, sa Treoir athmhúnlaithe atá beartaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, agus cuireann sé i bhfios go mbeidh cúnamh leordhóthanach airgeadais agus teicniúil ag teastáil chuige sin, mar aon le foireann oilte. Formhuiníonn an Coiste na bearta atá le glacadh ag an earnáil phoiblí maidir leis an athchóiriú agus maidir leis an tomhaltas fuinnimh a laghdú, agus measann sé go gcuideoidh siad le hearnáil na tógála, le FBManna go háirithe, agus gur dreasachtaí iad chun teicneolaíochtaí nua a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun poist a chruthú mar chuid de thionscnamh an ‘rabharta athchóiriúcháin’.
1.6Is mór ag CESE freisin go leagtar béim níos mó sa Treoir ar na tomhaltóirí a chur ar an eolas agus cumhacht a thabhairt dóibh, mar shampla i gcás na rialacha a bhaineann le conarthaí nó le teanga shimplí shothuigthe a úsáid. Leagtar béim inti ar ról tábhachtach na sochaí sibhialta sna feachtais faisnéise maidir buntáistí na héifeachtúlachta fuinnimh.
1.7Léirítear sa mhéadú atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh cé chomh tapa géire agus is féidir leis an tsaincheist sin difear a dhéanamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Léiríodh, ní ba luaithe ná mar a bhíothas ag súil leis, a thábhachtaí agus atá sé bearta a bheith ann chun na costais sin a mhaolú. I ndáil leis an méid sin, tacaíonn CESE leis na dreasachtaí agus leis na huirlisí chun an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a chur chun feidhme chun cabhrú le custaiméirí agus le teaghlaigh leochaileacha, agus cuireann sé in iúl go bhféadfadh spriocanna uaillmhianacha maidir le téamh/fuarú ceantair drochthionchar a imirt ar dhálaí na tithíochta sóisialta. Is díol sásaimh do CESE, dá bhrí sin, an moladh an Ciste Aeráide Sóisialta a chruthú agus iarrann sé prionsabal an ‘aistrithe chóir’ a chomhlíonadh ionas go gcuirfí san áireamh dálaí difriúla na mBallstát go léir.
1.8Tuigeann CESE cúis agus fiúntas an phrionsabail gur cheart tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh. Mar sin féin, ní réiteach costéifeachtúil é sin i gcónaí. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé a bheith ní b’éifeachtúla gan fuinneamh a choigilt ach é a tháirgeadh ó fhoinsí ísealcharbóin atá sábháilte agus inbhuanaithe.
1.9Iarrann CESE ar na hinstitiúidí Eorpacha a áirithiú gur ann do shineirgí idir na tionscnaimh a bhaineann leis an bpacáiste Fit for 55. I gcás leasuithe substainteacha ar an bpacáiste, iarrann CESE ar institiúidí an Aontais measúnú tionchair a dhréachtú.
2.Cúlra agus fíricí
2.1Is réimse ríthábhachtach gníomhaíochta í an éifeachtúlacht fuinnimh san obair chun geilleagar an Aontais a dhícharbónú ina iomláine. Tá an Treoir athmhúnlaithe atá beartaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ina cuid thábhachtach den phacáiste Fit for 55, lena gcuirtear chun feidhme prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Aontas agus lena leagtar amach an bealach chun spriocanna nua an Aontais a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoi 2030.
2.2Is cuid den bheartas níos leithne sin an togra agus ba cheart dó a bheith go hiomlán i gcomhréir le tionscnaimh eile de chuid phacáiste Fit for 55 (amhail athruithe ar Scéim an Aontais i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS); coigeartú ar an sásra airgeadais chun tacú le cur chun feidhme an phacáiste; an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill; an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite; caighdeáin astaíochta níos déine le haghaidh mótarfheithicilí; agus an Treoir athbhreithnithe maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha) chun an fhorbairt inbhuanaithe atá ag teastáil san Aontas a áirithiú.
2.3Is é príomhchúis an togra ná an úsáid fhoriomlán fuinnimh agus líon na n-astaíochtaí a laghdú. Is iad seo a leanas na bunchuspóirí a bhaineann leis: leas a bhaint as acmhainneacht coigilte fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud an gheilleagair agus nár baineadh tairbhe aisti fós; spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh níos airde an Phlean um Sprioc Aeráide 2030 a léiriú; bearta a leagan amach do na Ballstáit a bheidh comhoiriúnach don sprioc aeráide níos uaillmhianaí atá ann do 2030 laghdú 55 % ar astaíochtaí a bhaint amach. Ní mór an méid sin a dhéanamh agus aird chuí á tabhairt ar thosca sóisialta na hinbhuanaitheachta ach rannchuidiú leis an tomhaltas fuinnimh inacmhainne cuimsitheach mar a comhaontaíodh le Gealltanas Sóisialta Comhpháirteach Porto agus, san am céanna, seasamh go hiomlán le prionsabal an ‘aistrithe chóir’.
2.4Cuireann an méid sin leis an treoirphrionsabal gur cheart tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh, rud ba cheart a chur san áireamh i ngach earnáil, ar bhonn níos leithne ná an córas fuinnimh amháin agus leis an earnáil airgeadais san áireamh.
2.5Moltar sa Treoir athmhúnlaithe sprioc bhliantúil cheangailteach níos uaillmhianaí a leagan síos chun úsáid an fhuinnimh a laghdú ar leibhéal an Aontais. Tá sé d’aidhm aige freisin socrú an rannchuidithe náisiúnta a threorú, rud a mhéadóidh faoi dhó beagnach oibleagáidí coigilte fuinnimh bliantúla na mBallstát.
2.6D’fhonn spreagadh agus dea-shampla a thabhairt do na hearnálacha eile, ceanglófar ar an earnáil phoiblí 3 % dá stoc foirgneamh a athchóiriú gach bliain chun dlús a chur le tionscnamh an ‘rabharta athchóirithe’ agus beidh ar an earnáil an éifeachtúlacht fuinnimh a chur san áireamh sa soláthar poiblí earraí, seribhísí, oibreacha agus foirgneamh. D’fhéadfadh sé go gcruthódh an dá thionscnamh poist inbhuanaithe nua agus go laghdóidís an caiteachas poiblí ar úsáid an fhuinnimh agus ar na costais a bhaineann léi.
3.Barúlacha ginearálta
3.1Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, ós rud é go dtabharfar aghaidh leis sin ar réimse gníomhaíochta atá ríthábhachtach ó thaobh dícharbónú iomlán gheilleagar agus shochaí an Aontais a bhaint amach. Ar an iomlán, má táthar chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, ní mór na beartais aeráide agus fuinnimh ar fad a athmhúnlú. Cabhrófar leis an infheistíocht is gá a thabhairt le chéile le haghaidh an aistrithe ach creat beartais na héifeachtúlachta fuinnimh a neartú trí bhíthin meascán beart beartais ar leith. Creideann CESE, dá bhrí sin, gur cheart dea‑shampla a thabhairt maidir leis an athchóiriú sin leis an athbhreithniú ar an Treoir, lena n‑áirítear sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.
3.2Aithníonn CESE an méid a baineadh amach leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Mar sin féin, is maith is eol don Choiste gur ann d’easnaimh in iarrachtaí comhchoiteanna an Aontais an tomhaltas fuinnimh a laghdú.
3.3Bhain paindéim COVID-19 an bonn ó iarrachtaí comhchoiteanna an Aontais agus is cinnte go n-imreoidh sí tuilleadh tionchair fós ó thaobh spriocanna níos airde a bhaint amach. Má táthar chun an rannchuidiú náisiúnta tascach a bhaint amach, beidh iarracht níos mó ag teastáil ó na Ballstáit go léir. Molann CESE ionstraimí atá comhoiriúnach do mhargadh dea‑rialáilte amhail cánacha, dleachtanna máil agus cearta teoranta ar cearta intrádála iad, e.g. córas trádála astaíochtaí, agus bearta rialála a úsáid i dteannta a chéile nuair is gá.
3.4Athdhearbhaíonn CESE an méid a chuir sé in iúl sa Tuairim uaidh maidir leis an Dlí Aeráide Eorpach, is é sin gur cheart é a bheith d’aidhm ann an laghdú is mó is féidir a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar an gcostas socheacnamaíoch is ísle is féidir. Caithfear an chothromaíocht cheart a bhaint amach chun spriocanna an Aontais a bhaint amach ar an gcostas iomlán is ísle. Is iondúil go dtagann laghdú ar chostéifeachtúlacht na mbeart coigilte fuinnimh de réir mar a théann toirt an fhuinnimh a choiglítear i méid: is éasca na bearta tosaigh a chur i bhfeidhm, ach baineann costas níos mó agus toradh níos lú leis na bearta ina dhiaidh sin. Ba cheart don togra cothromaíocht a bhaint amach agus a áirithiú nach iad na tomhaltóirí fuinnimh a íocfaidh as an gcostas iomarcach sa deireadh.
3.5Tacaíonn CESE le dreasachtaí agus le huirlisí chun an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a chur chun feidhme chun drochthionchar sóisialta an togra a mhaolú agus chun cabhrú leis na custaiméirí agus na teaghlaigh leochaileacha siúd arb iad is mó atá thíos le paindéim COVID-19. Is díol sásaimh don Choiste, dá bhrí sin, thar aon rud eile, an moladh Ciste Aeráide Sóisialta a chruthú, rud lenar cheart acmhainní airgeadais breise a sholáthar ar mhaithe le méadú ar an mbochtaineacht fuinnimh a sheachaint, agus iarrann sé go gcomhlíonfaí prionsabal an ‘aistrithe chóir’ ionas go gcuirfí san áireamh dálaí difriúla na mBallstát go léir.
3.6Iarrann CESE ar na hinstitiúidí Eorpacha a áirithiú gur ann do shineirgí idir na tionscnaimh a bhaineann leis an bpacáiste Fit for 55. I gcás leasuithe substainteacha ar an bpacáiste, iarrann CESE ar institiúidí an Aontais measúnú tionchair a dhréachtú.
3.7Is díol sásaimh do CESE an ról ceannasach a leagtar amach sa Treoir don earnáil phoiblí, earnáil ar cheart obair a dhéanamh inti chun an tomhaltas fuinnimh i seirbhísí agus i bhfoirgnimh a laghdú. Tuigeann CESE an dúshlán a bhaineann le dul chun cinn a dhéanamh sna hearnálacha ábhartha go léir, thar aon rud eile, san iompar, foirgnimh phoiblí, an teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide, an phleanáil spásúlachta, agus an bainistiú uisce agus dramhaíola. Is cúis áthais do CESE go leathnaítear le hAirteagal 6 den Treoir an raon feidhme a bhaineann le hoibleagáid an athchóiriúcháin agus go gcuirtear san áireamh ann anois na comhlachtaí poiblí go léir ar gach leibhéal riaracháin agus gach gné dá gcuid gníomhaíochtaí. Cuireann CESE i bhfios go mbeidh gá le cúnamh leordhóthanach airgeadais agus teicniúil chomh maith le foireann oilte chun an méid sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, i gcomhréir lena thuairim maidir le creat fioscach an Aontais a athmhúnlú, molann CESE an ‘riail órga’ a chur i bhfeidhm maidir leis an infheistíocht phoiblí chun an bonn sóisialta agus éiceolaíoch a chosaint ar mhaithe le folláine na nglún atá le teacht. Molann CESE do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha oibriú i gcomhar leis na rialtais lárnacha agus le gach cuid d’earnáil na tógála chun sineirgí a bhaint amach agus chun deireadh a chur le bacainní ar chur chun feidhme na spriocanna athchóiriúcháin ar bacainní iad nach bhfuil gá leo.
3.8Tagann an Coiste leis na bearta atá le glacadh ag an earnáil phoiblí d’fhonn tacú leis an earnáil tógála, leis na FBManna go háirithe, agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt agus a chur chun feidhme mar chuid de thionscnamh an ‘rabharta athchóiriucháin’. Ba cheart critéir amhail cost-éifeachtúlacht agus indéantacht eacnamaíoch chomh maith le critéir cháilíochta agus shóisialta a chur i bhfeidhm sa soláthar poiblí agus ba cheart leanúint de ról a bheith acu i réimsí eile chun cothroime iomaíochta a áirithiú.
3.9Is díol sásaimh do CESE nádúr ceangailteach sprioc nua an Aontais agus molann sé, dá bhrí sin, go gcuirfí san áireamh le spriocanna táscacha náisiúnta na túsphointí difriúla agus cúinsí náisiúnta sonracha agus a oiread agus a d’fhéadfaí astaíochtaí a laghdú, lena n‑áirítear cás na mBallstát oileánach agus na n‑oileán, chomh maith leis na hiarrachtaí a rinneadh i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle ó mhí na Nollag 2020.
3.10Cuireann CESE béim ar an dlúthnasc idir an iarracht chun an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach agus misean agus spriocanna NextGenerationEU, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go háirithe. Iarrann CESE sciar suntasach den 37 % den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá curtha i leataobh le haghaidh tionscadail ghlasa a leithdháileadh ar thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh de réir an fhíoréilimh atá ann agus an fhíorghá atá leis i ngach Ballstát.
4.Barúlacha sonracha
4.1Tuigeann CESE cúis agus fiúntas an phrionsabail gur cheart tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh. Mar sin féin, ní réiteach costéifeachtúil é sin i gcónaí agus níor cheart caitheamh leis mar dhogma. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé a bheith níos éifeachtúla gan fuinneamh a choigilt ach é a tháirgeadh ó fhoinsí ísealcharbóin atá sábháilte agus inbhuanaithe.
4.2Molann CESE na difríochtaí náisiúnta a chur san áireamh nuair a bheidh na céatadáin in Airteagal 8 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh á n-oiriúnú: níor cheart aon bhunráta amháin a bheith ann do na Ballstáit go léir ach ráta difreáilte a bheadh curtha in oiriúint do na dálaí in gach tír faoi seach. Maidir leis an bhfoirmle lena ríomhfar an méid a rannchuideoidh gach Ballstát ar leith leis na spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh, má tá sí le bunú go pointe áirithe ar dhéine fuinnimh na holltáirgeachta intíre (OTI), ba cheart í sin a choigeartú chun cion na tionsclaíochta de OTI a chur san áireamh, ionas nach mbeidh na tíortha is mó tionscail faoi mhíbhuntáiste.
4.3Is díol sásaimh do CESE an ceanglas gur gá do na Ballstáit tuarascáil a thabhairt ar ionstraimí éifeachtúlachta fuinnimh, agus feidhmíocht na n-ionstraimí sin mar chuid di. Lena chois sin, tá CESE féin, mar aon leis na heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta atá gníomhach sna Ballstáit, na comhpháirtithe sóisialta ina measc, réidh chun ról tacaíochta a imirt maidir le sásraí cúnaimh a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil. Cuireann CESE i bhfios go mór a thábhachtaí atá sé na geallsealbhóirí go léir (táirgeoirí, soláthraithe, bainisteoirí saoráidí, úsáideoirí agus tomhaltóirí) a chur ar an eolas i gceart faoi na ceanglais bhreise ionas go gcuirfear leis an méid atáthar ag dul i muinín na héifeachtúlachta fuinnimh agus na conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh. Tá CESE ag súil go nglacfaidh an Coimisiún Eorpach ról gníomhach ceannródaíoch san obair sin agus cuireann sé béim arís ar an tábhacht a bhaineann leis an tsochaí shibhialta, grúpa a bhfuil an-fhonn air páirt a ghlacadh sna feachtais chun feasacht a mhúscailt agus eolas a roinnt agus chun cláir oiliúna a chur chun cinn.
4.4Is díol sásaimh do CESE nár chuir an Coimisiún oibleagáidí éigeantacha maidir le hiniúchtaí sa Treoir, mar go bhforchuirfí leis sin coinníollacha ar phleananna infheistíochta cuideachtaí. Bíonn cuideachtaí toilteanach i gcónaí feabhas a chur ar a gcuid éifeachtúlachta fuinnimh, agus léiríodh gur rogha chostéifeachtúil ar iniúchtaí iad na córais bainistithe fuinnimh.
4.5Is mór ag CESE freisin go leagtar béim níos mó sa Treoir ar na tomhaltóirí a chur ar an eolas agus cumhacht a thabhairt dóibh ó thaobh an mhéid a iarrtar orthu i gconarthaí agus ó thaobh teanga shimplí shothuigthe a úsáid. Leagtar béim inti ar ról tábhachtach na rialtóirí sa réimse sin, i margaí ina bhfuil líon teoranta oibreoirí eacnamaíocha go háirithe.
4.6Dar le CESE, tá sé ríthábhachtach go mbeadh an oiliúint chuí faighte ag gach gairmí a rannchuidíonn leis an gcur chuige nua i leith an bheartais éifeachtúlachta fuinnimh ionas go mbeadh na scileanna agus na cáilíochtaí is gá acu, cé go dtuigeann sé go bhfuil ganntanas oibrithe cáilithe san earnáil sin.
4.7Mar a rinne sé sa Tuairim uaidh maidir le Rabharta athchóirithe don Eoraip, cuireann an Coiste i bhfios go láidir gurb iad an t-insliú cuasbhallaí agus an t-insliú urláir na bearta coigilte CO2 is éifeachtúla dá bhfuil ann, agus gurb iad is simplí agus is lú costas ina theannta sin. Mar sin féin, cé gur bearta réasúnta saor na bearta sin, tá siad róchostasach fós do chuid mhaith úinéirí tí, in ainneoin gur lú na costais fuinnimh a bhíonn ann dá dtoradh. Dá bhrí sin, molann CESE do na rialtais náisiúnta scéim fóirdheontais a thabhairt isteach le haghaidh na mbeart sin mar d’fhéadfaí fostaíocht a chruthú leo sin freisin. Léirítear i staidéar de chuid Renovate Europe go gcruthaítear ar an meán 18 bpost san Aontas de réir gach EUR 1 mhilliún a infheistítear in athchóiriú fuinnimh foirgneamh.
4.8Cé go gcreideann CESE gur táscaire an-úsáideach í uasteorainn tomhaltais fuinnimh i gcás saincheisteanna mar an tomhaltas teaghlaigh, tá amhras air nach leor ná cuí a leithéid de tháscaire leis féin don earnáil tionsclaíochta. Is minic na teicneolaíochtaí nuálacha le haghaidh dícharbónaithe a bheith níos déine ó thaobh fuinnimh de ná gnáthroghanna malartacha (cé gur mó an truailliú a bhaineann leo siúd). Dá bhrí sin, dá gcuirfí uasteorainn tomhaltais ar thionscal áirithe, d’fhéadfadh sé sin cosc a chur ar an tionscal sin a chuid próiseas a dhícharbónú, agus d’fhéadfadh sé an t-aschur tionsclaíoch a chur i mbaol san am céanna.
4.9Cuireann CESE i bhfios go bhféadfadh spriocanna uaillmhianacha maidir le téamh/fuarú ceantair cur le méadú ar an mbochtaineacht fuinnimh ós rud é go mbíonn cónaí ar líon mór teaghlaigh ar ioncam íseal i dtithíocht shóisialta, áit a ndéantar bainistiú lárnach ar na cúrsaí sin. Is gá nach leasuithe cúlghabhálacha a bheidh sna leasuithe ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, agus níor cheart go mbeadh feidhm ag an athrú ar an sainmhíniú ar théamh lárnach/fuarú lárnach éifeachtúil (Airteagal 24) maidir le córais atá i bhfeidhm cheana féin, ach amháin maidir le córais nua nó athchóirithe.
An Bhruiséil, 9 Nollaig 2021
Christa SCHWENG
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
_____________