Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2026)3151

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiolraitheoirí marthanachta a leagan amach le haghaidh truailleáin ghásacha ó fheithiclí tromshaothair de chatagóirí M3, N2 agus N3

C/2026/3151 final



MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Leis an Rialachán seo, leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 chun an dul chun cinn teicniúil is déanaí a chur san áireamh, agus bunaithe ar shonraí a bailíodh le linn tástáil a dhéanamh ar astaíochtaí sceite feithiclí de chatagóirí N2, M3 agus N3, agus ar thuarascáil maidir le marthanacht feithiclí tromshaothair arna cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle 1

Moltar sa tuarascáil iolraitheoirí marthanachta le haghaidh feithiclí tromshaothair Euro 7, bunaithe ar thuarascáil theicniúil 2 ina ndéantar anailís ar mharthanacht feithiclí tromshaothair bunaithe ar na sonraí atá ar fáil maidir le meathlú fheidhmíocht astaíochtaí fheithiclí Euro VI. Déantar breithniú sa mheasúnú ar fhaisnéis faoi astaíochtaí, ar an gcéad dul síos, le haghaidh feithiclí de chatagóirí N2 agus N3 suas le huasmhais 16 t agus feithiclí de chatagóir M3 suas le huasmhais 7,5 t, agus, ar an dara dul síos, le haghaidh feithiclí de chatagóir N3 ag a bhfuil uasmhais atá níos airde ná 16 t agus de chatagóir M3 ag a bhfuil uasmhais atá níos airde ná 7,5 t. Déantar breithniú ann comhpháirteanna éagsúla astaíochtaí, lena n‑áirítear NOx, arb í an chomhpháirt astaíochta is criticiúla i ndáil le meathlú feidhmíochta astaíochtaí thar an tsaolré. Ar bhonn na faisnéise sin, moltar sa tuarascáil iolraitheoir marthanachta de 1,2 atá i gcomhréir leis an iolraitheoir marthanachta le haghaidh feithiclí saothair éadroim. Meastar go mbeidh feidhmíocht níos fearr ag feithiclí tromshaothair Euro 7 ná ag feithiclí tromshaothair Euro VI i dtéarmaí meathlaithe, toisc go bhfuil teicneolaíocht níos nuaí feistithe orthu.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Agus an gníomh seo á ullmhú, rinne an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le páirtithe leasmhara agus leis na Ballstáit i gcruinniú den Mheitheal um Mótarfheithiclí a tionóladh an 25 Márta 2026, agus inar tacaíodh go ginearálta leis an dréacht. D’fhormhuinigh ionadaithe na mBallstát an dréachtghníomh le linn chruinniú Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát - Mótarfheithiclí a tionóladh an 28 Aibreán 2026.

I gcomhréir leis na rialacha maidir le Rialáil Níos Fearr, foilsíodh an gníomh tarmligthe ar an tairseach ‘Cloisimis uait’ ar feadh tréimhse aiseolais 4 seachtaine idir an 24 Feabhra 2026 agus an 24 Márta 2026. Thug 4 pháirtí leasmhara aiseolas ar an iomlán. Bhreithnigh an Coimisiún go cúramach na barúlacha uile a fuarthas agus thug sé dá aire iad.

3.EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Is é Airteagal 15(1)(f) de Rialachán (AE) 2024/1257 an bunús dlí atá leis an ngníomh tarmligthe seo.

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 9.6.2026

lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiolraitheoirí marthanachta a leagan amach le haghaidh truailleáin ghásacha ó fheithiclí tromshaothair de chatagóirí M3, N2 agus N3 

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1257 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, i ndáil lena n‑astaíochtaí agus le marthanacht a gceallraí (Euro 7), lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún 3 , agus go háirithe Airteagal 15(1), pointe (f), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2024/1257, ceanglaítear ar fheithiclí na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach ann a urramú ní hamháin le linn na príomh-shaolré, ach le linn na tréimhse saolré breise a mhaireann ar feadh tréimhse 25 % thar phríomh-shaolré na feithicle freisin. I gcás na saolré breise sin, leagtar amach iolraitheoirí marthanachta i dTábla 2 d’Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) 2024/1257 chun meathlú na gcóras laghdaithe astaíochtaí tar éis na príomhthréimhse saolré a chur san áireamh. Chun soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh monaróirí feithiclí roimh dháta chur i bhfeidhm Rialachán(AE) 2024/1257 a mhéid a bhaineann le feithiclí tromshaothair de chatagóirí M3, N2 agus N3, is gá iolraitheoirí marthanachta a leagan amach le haghaidh truailleáin ghásacha ó fheithiclí tromshaothair de chatagóirí M3, N2 agus N3 i dTábla 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán(AE) 2024/1257.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) 2024/1257, d’ullmhaigh an Coimisiún tuarascáil ina ndéantar measúnú ar fheidhmíocht mharthanachta feithiclí tromshaothair a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí 4 agus chuir sé an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(3)I gcás (i) feithiclí de chatagóirí N2 agus N3 suas le huasmhais 16 t agus de chatagóir M3 suas le huasmhais 7,5 t agus (ii) feithiclí de chatagóir N3 ag a bhfuil uasmhais atá níos airde ná 16 t agus de chatagóir 3 ag a bhfuil uasmhais atá níos airde ná 7,5 t, léiríodh sa mheasúnú sin gnáthluach iolraitheora marthanachta de 1,2 le haghaidh innill díosail ag a bhfuil caighdeán astaíochta Euro VI céimeanna D agus E. Ar bhonn an mheasúnaithe theicniúil sin, agus ós rud é gurb iad sin, ó thaobh na teicneolaíochta de, na hinnill is inchomparáide le hinnill Euro 7, is iomchuí iolraitheoirí marthanachta de 1,2 a leagan amach le haghaidh truailleáin ghásacha ó fheithiclí tromshaothair Euro 7 de chatagóirí M3, N2 agus N3, agus na luachanna sin á n‑ailíniú leis na ceanglais le haghaidh feithiclí de chatagóirí M1, N1 agus M2.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán(AE) 2024/1257 a leasú dá réir sin i dTábla 2 d’Iarscríbhinn IV.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9.6.2026

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an measúnú ar fheidhmíocht mharthanachta feithiclí tromshaothair maidir le hastaíochtaí, COM/2026/108 final.
(2)    An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Plakolmer, B., Hausberger, S. agus Weller, K., Durability of Euro 7 heavy-duty vehicle emissions – Technical report – LOT2 [Marthanacht astaíochtaí fheithiclí tromshaothair Euro 7 – Tuarascáil theicniúil – LOT2], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2873/7305552
(3)    IO L, 2024/1257, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1257/oj .
(4)    An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Plakolmer, B., Hausberger, S. agus Weller, K., Durability of Euro 7 heavy-duty vehicle emissions – Technical report – LOT2 [Marthanacht astaíochtaí fheithiclí tromshaothair Euro 7 – Tuarascáil theicniúil – LOT2], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025,  https://data.europa.eu/doi/10.2873/7305552
Top

IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1257:

‘Tábla 2: Iolraitheoirí marthanachta is infheidhme chun teorainneacha astaíochtaí sceite a choigeartú faoi Iarscríbhinn 1 agus feithiclí, innill agus feistí rialaithe truaillithe athsholáthair a thástáil le linn saolré breise

Iolraitheoirí marthanachta

M1, N1 agus M2 

N2, N3≤16 t (*2) , M3≤7,5 t (*2)

N3>16 t (*2) , M3>7,5 t  (*2)

Iolraitheoir marthanachta le haghaidh saolré breise

1,2 i gcás truailleáin ghásacha

1,2 i gcás truailleáin ghásacha

1,2 i gcás truailleáin ghásacha

(*1)  Uasmhais.

(*2)  Uasmhais.’.

Top