Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2025)9035

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) …/… ÓN gCOIMISIÚN lena nglactar treoirlínte maidir le critéir roghnúcháin áirithe a chur chun feidhme le haghaidh tionscadail straitéiseacha ghlan nialasachta a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2025/9035 final

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) …/… ÓN gCOIMISIÚN

an 23.5.2025

lena nglactar treoirlínte maidir le critéir roghnúcháin áirithe a chur chun feidhme le haghaidh tionscadail straitéiseacha ghlan‑nialasachta a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan‑nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 1 , agus go háirithe Airteagal 13(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2024/1735 bunaítear comhchreat dlíthiúil arb é is aidhm dó an t‑éiceachóras monaraíochta le haghaidh táirgí teicneolaíochta glan‑nialasachta laistigh den Aontas a neartú. Mar chuid den chreat sin, is sásra tábhachtach é ainmniú tionscadal straitéiseach ghlan‑nialasachta. Leagtar amach na critéir roghnúcháin le haghaidh ainmniúchán in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1735, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún freisin gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach treoirlínte lena n‑áiritheofar coinníollacha aonfhoirmeacha maidir leis na critéir sin a chur chun feidhme.

(2)Leis na treoirlínte, soláthrófar ar a laghad treoraíocht shonrach maidir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 13(1), pointí (a)(ii) agus (b) de Rialachán (AE) 2024/1735. Leis na treoirlínte sin, ba cheart go n‑éascófaí measúnú a dhéanamh ar cé acu a bhaineann acmhainneacht mhonaraíochta bhreise a chuirtear le tionscadal straitéiseach glan‑nialasachta le hacmhainneacht mhonaraíochta teicneolaíochta chéaduaire nó le hacmhainneacht mhonaraíochta na teicneolaíochta is fearr dá bhfuil ar fáil; agus cé acu is féidir nó nach féidir a mheas go bhfuil tábhacht ag baint leis an acmhainneacht mhonaraíochta bhreise sin.

(3)Chun cúnamh breise a sholáthar do na húdaráis náisiúnta, áirítear sna treoirlínte freisin breithnithe ginearálta chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/1735. Ba cheart a éascú leis na treoirlínte sin freisin measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal an critéar inbhuanaitheachta comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (c), den Rialachán sin. Ba cheart soiléireacht a chur ar fáil freisin maidir leis an gcaoi ar féidir an tairseach 50 % maidir le spleáchas ar allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (a)(i) den Rialachán sin a chomhlíonadh, agus maidir leis an léirmhíniú ar ‘sciar suntasach den táirgeadh domhanda’ dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (a)(iii), den Rialachán sin.

(4)Tá na bearta sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Coisteolaíochta um Theicneolaíochtaí Glan‑Nialasachta.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na treoirlínte maidir le critéir roghnúcháin áirithe a chur chun feidhme le haghaidh tionscadail straitéiseacha ghlan‑nialasachta a leagtar amach in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23.5.2025

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)     IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj ) .
Top

IARSCRÍBHINN

Treoirlínte maidir le critéir roghnúcháin áirithe a chur chun feidhme le haghaidh tionscadail straitéiseacha ghlan‑nialasachta a leagtar amach in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/1735 1

1.Breithnithe ginearálta

Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas mar thionscadail straitéiseacha ghlan‑nialasachta do thionscadail mhonaraíochta teicneolaíochta glan‑nialasachta atá lonnaithe laistigh den Aontas a rannchuidíonn le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2024/1735, agus a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na critéir a leagtar amach in Airteagal 13(1) den Rialachán sin.

Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2024/1735, féadfaidh na Ballstáit a mheas cé acu atá nó nach bhfuil an tionscadal in ann rannchuidiú le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais, lena n‑áirítear athléimneacht agus inbhuanaitheacht slabhraí soláthair glan‑nialasachta. Ba cheart do na Ballstáit rialú na ngnóthas lena mbaineann agus rannpháirtíocht choibhneasta gach gnóthais sa tionscadal a chur san áireamh, go háirithe i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaithe tríú tír. Ba cheart rialú a léirmhíniú mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle.

Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcritéar a áirithiú, cuirfear iarratais maidir le tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochta ghlan‑nialasachta atá le haithint mar thionscadail straitéiseacha ghlan‑nialasachta faoi bhráid an Bhallstáit ábhartha agus úsáid á baint as an bhfoirm réamhshocraithe a sholáthraítear ar shuíomh gréasáin oifigiúil an Choimisiúin 2 .

Molann an Coimisiún go láidir do na Ballstáit an próiseas iarratais a dtugtar tuairisc air ansin a leanúint. Tá an próiseas sin ceaptha chun ullmhú, tíolacadh slán agus athbhreithniú na n‑iarratas ar stádas tionscadail straitéisigh glan‑nialasachta a éascú. Moltar do na Ballstáit freisin údarás amháin nó níos mó a ainmniú mar phointí teagmhála náisiúnta a bheidh freagrach as iarratais ar stádas tionscadail straitéisigh glan‑nialasachta.

Tá an pointe teagmhála náisiúnta chun an mheastóireacht ar na critéir roghnúcháin a leagtar amach in Airteagal 13 de Rialachán 2024/1735 a chomhordú. Ba cheart dóibh a áirithiú go leanfaidh an próiseas iarratais cur chuige comhleanúnach struchtúrtha, agus cumarsáid phras chruinn idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún á héascú san am céanna. Trí chuid lárnach den nós imeachta um iarratais a dhéanamh den phointe teagmhála, cuidítear leis na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an nós imeachta níos cuíchóirithe agus níos éifeachtúla, rud a fhágann go bhfeabhsófar an comhordú leis an gCoimisiún agus go méadófar trédhearcacht an phróisis meastóireachta.

2.Saoráid mhonaraíochta chéaduaire

An téarma ‘saoráid mhonaraíochta céaduaire’ dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1735, is é an sainmhíniú atá air in Airteagal 3(32) den Rialachán sin saoráid ‘atá nua nó a ndearnadh uasghrádú shuntasach uirthi, lena soláthraítear nuálaíocht i ndáil le próiseas monaraíochta na teicneolaíochta glan‑nialasachta sin nach ann ach do mhéid fíorbheag den teicneolaíocht sin fós nó nach ngealltar í a thógáil laistigh den Aontas’. Dá bhrí sin, is saoráid cheannródaíoch í saoráid (i) ina bhfuil teicneolaíochtaí glan‑nialasachta a liostaítear in Airteagal 4 den Rialachán sin á dtáirgeadh agus (ii) ina bhfuil cumas nuálaíochta maidir le próiseas monaraíochta teicneolaíochta glan‑nialasachta, ar saoráid í nach bhfuil ann go substaintiúil go fóill ná nach bhfuil sé beartaithe í a thógáil san Aontas sa mhéid nár cheart saoráid a bheith ann cheana atá in ann táirge, próiseas nó feidhmíocht inchomparáide a tháirgeadh nó nár cheart gealltanas a dhéanamh maidir le saoráid dá leithéid a thógáil san Aontas. Níor cheart mionathruithe ná mionfheabhsuithe a áireamh leis na cumais nuálaíochta.

An coincheap ‘nuálaíocht’ dá dtagraítear i bpointe (ii), is é cur i bhfeidhm níos leithne an choincheapa sin i gcreat reachtach an Aontais a bheidh á threorú, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 . I gcás ina bhfuil nuálaíocht in úsáid cheana féin i dTaighde agus Forbairt nó i dtáirgeadh ar mionscála san Aontas, féadfar a mheas fós nach ann go fóill do tháirgeadh nua na nuálaíochta sin ar mórscála laistigh den Aontas. Saoráid ina n‑úsáidtear ábhar nuálach den chéad uair san Aontas, d’fhéadfadh sí cáiliú mar shaoráid chéaduaire, fiú má tástáladh an t‑ábhar sin i saoráidí píolótacha laistigh den Aontas. Féadfar tionscadail chomhthreomhara a tharlaíonn an tráth céanna a aithint faoin aicmiú sin freisin.

3.An teicneolaíocht ghlan‑nialasachta is fearr atá ar fáil

An téarma ‘is fearr atá ar fáil’ i gcomhthéacs ‘teicneolaíocht ghlan‑nialasachta’ agus ‘acmhainneacht mhonaraíochta’, tagraítear dó in Airteagal 13(1), pointe (b) agus in Airteagal 13(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1735. Is é an sainmhíniú ar ‘acmhainneacht mhonaraíochta’ in Airteagal 3(33) ‘méid iomlán acmhainneacht aschuir na dteicneolaíochtaí glan‑nialasachta a tháirgtear i dtionscadal monaraíochta nó, i gcás ina dtáirgeann tionscadal monaraíochta comhpháirteanna sonracha nó innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na táirgí sin a tháirgeadh seachas na táirgí deiridh féin, acmhainneacht aschuir na dtáirgí deiridh a bhfuil comhpháirteanna den sórt sin nó innealra sonrach den sórt sin le táirgeadh ina leith’.

Déanfar coincheap na hacmhainneachta monaraíochta teicneolaíochta glan‑nialasachta ‘is fearr atá ar fáil’ a léirmhíniú agus comhthéacs níos leithne Rialachán (AE) 2024/1735 agus chreat reachtach an Aontais á gcur san áireamh, lena n‑áirítear Treoir (AE) 2024/1785 4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena sainmhínítear ‘na teicnící is fearr’ agus ‘na teicnící is fearr atá ar fáil’. Cé go bhfuil feidhm ag an sainmhíniú sin maidir le feidhmíocht chomhshaoil, is féidir é a oiriúnú agus a chur i bhfeidhm i ndáil le cleachtais mhonaraíochta teicneolaíochta glan‑nialasachta. Dá réir sin, le monaraíocht na teicneolaíochta ‘is fearr atá ar fáil’, tugtar le fios na gníomhaíochtaí agus na modhanna oibríochtúla is éifeachtaí agus is forbartha arna bhforbairt, agus béim á leagan ar éifeachtúlacht theicneolaíoch agus ar nuálaíocht na gcleachtas monaraíochta.

Tuigfear teicneolaíocht ‘is fearr atá ar fáil’ dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1735 mar a leanas:

(a)is é atá i gceist leis an acmhainneacht mhonaraíochta ‘is fearr’ an chéim is éifeachtaí agus is forbartha i bhforbairt gníomhaíochtaí monaraíochta agus a modhanna oibriúcháin ag a léirítear oiriúnacht phraiticiúil teicnící áirithe.

(b)is é atá i gceist le ‘teicneolaíocht atá ar fáil’ teicneolaíochtaí glan‑nialasachta a fhorbraítear ar scála lenar féidir iad a chur chun feidhme san earnáil thionsclaíoch ábhartha faoi dhálaí atá inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil, agus na costais agus na tairbhí lena mbaineann á gcur san áireamh, gan beann ar cé acu a tháirgtear nó nach dtáirgtear na teicneolaíochtaí sin laistigh den Aontas nó cé acu a úsáidtear cheana iad san Aontas nó nach n‑úsáidtear, ar choinníoll go bhfuil rochtain réasúnta ag oibreoirí orthu.

De rogha air sin, féadfar monaraíocht na teicneolaíochta glan‑nialasachta ‘is fearr atá ar fáil’ a léirmhíniú mar chumas an tionscadail na táirgí teicneolaíochta glan‑nialasachta is fearr atá ar fáil ar an margadh inmheánach a mhonarú. Dá réir sin, táirgí a bhfuil feidhmíocht níos fearr acu ná táirgí atá ar fáil ar an margadh inmheánach faoi láthair d’fhéadfaidís a bheith san áireamh leis an teicneolaíocht ‘is fearr atá ar fáil’. Ba cheart na measúnuithe a bheith bunaithe ar fhoinsí inchreidte amhail tuarascálacha teicniúla agus faisnéis mhargaidh.

I gcás ina dtagann an teicneolaíocht ghlan‑nialasachta lena mbaineann, cheana féin, faoi raon feidhme reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir le feidhmíocht chomhshaoil, amhail Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6  agus Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 , measfar gurb iad teicneolaíochtaí glan‑nialasachta san aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde nó sa dara haicme éifeachtúlacht fuinnimh is airde na teicneolaíochtaí ‘is fearr atá ar fáil’, má bhaineann siad leis an aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear nó leis an dara haicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear as measc na n‑aicmí feidhmíochta is infheidhme.

4.Acmhainneacht mhonaraíochta shuntasach

Úsáidfear ceann amháin ar a laghad de na modhanna seo a leanas chun a chinneadh cé acu is féidir nó nach féidir a mheas go bhfuil acmhainneacht mhonaraíochta ‘suntasach’ i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (a)(ii), de Rialachán (AE) 2024/1735.

(a)I gcás inar féidir an acmhainneacht táirgeachta atá beartaithe le haghaidh tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan‑nialasachta in aghaidh na bliana a thomhas i ngigeavatanna (GW), measfar, maidir le hacmhainneacht atá cothrom le 1 GW nó níos mó in aghaidh na bliana le haghaidh táirge deiridh amháin, comhpháirt shonrach amháin, nó innealra sonrach amháin ar a laghad a úsáidtear go príomha chun teicneolaíochtaí glan‑nialasachta a tháirgeadh ag láithreán táirgthe aonair, go bhfuil an acmhainneacht sin suntasach.

(b)I gcás nach féidir an acmhainneacht táirgeachta atá beartaithe le haghaidh tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan‑nialasachta in aghaidh na bliana a thomhas in GW, féadfar a mheas go bhfuil a acmhainneacht bheartaithe suntasach má tá sí cothrom le hacmhainneacht táirgeachta, nó má sháraíonn sí acmhainneacht táirgeachta aon cheann de na deich dtionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan‑nialasachta is mó in aghaidh na bliana den chineál céanna nó den chineál coibhéiseach atá ag feidhmiú cheana san Aontas, ar tionscadail iad a ríomhfar a n‑acmhainneacht táirgeachta bhliantúil ar bhonn sonraí margaidh le haghaidh na bliana roimhe sin a dhíorthaítear ó fhoinsí inchreidte amhail tuarascálacha teicniúla agus faisnéis mhargaidh.

(c)I gcás inar láithreáin táirgeachta atá comhtháite go hingearach iad tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochta glan‑nialasachta, féadfar a mheas go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag baint leo má tá níos mó ná táirge deiridh amháin, comhpháirt shonrach amháin, nó innealra sonrach amháin a úsáidtear go príomha chun teicneolaíochtaí glan‑nialasachta a tháirgeadh, le táirgeadh ar an láithreán céanna.

(d)I gcás ina bhfuil acmhainneacht táirgeachta reatha an Aontais maidir le táirge deiridh, comhpháirt shonrach, nó innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun teicneolaíochtaí glan‑nialasachta a tháirgeadh faoi bhun an tagarmhairc 40 % a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1735, féadfar a mheas freisin gur acmhainneacht shuntasach í acmhainneacht táirgeachta atá níos ísle ná an acmhainneacht táirgeachta a bhunaítear i bpointí (a) agus (b) sa roinn seo. An measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir a mheas go bhfuil acmhainneacht táirgeachta níos ísle ina hacmhainneacht shuntasach, féadfar é a dhéanamh ar bhonn fhaireachán an Choimisiúin ar dhul chun cinn an Aontais maidir leis an tagarmharc sin a bhaint amach de bhun Airteagal 42(1), pointe (b), den Rialachán sin. In éagmais faisnéis ábhartha den sórt sin, féadfaidh an t‑iarratasóir ar stádas tionscadail straitéisigh glan‑nialasachta tuarascálacha teicniúla inchreidte agus faisnéis mhargaidh a sholáthar don Bhallstát.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn tionscadal acmhainneacht mhonaraíochta shuntasach i gcomhréir le pointí (a) go (d), féadfaidh na Ballstáit a mheas freisin cé acu atá nó nach bhfuil an tionscadal i gcomhréir le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, le hathléimneacht an tslabhra soláthair agus le hinbhuanaitheacht chomhshaoil.

5.Treoraíocht maidir le critéir eile a leagtar amach in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1735

(a)Inbhuanaitheacht comhshaoil

Chun a chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tionscadal an critéar faoi Airteagal 13(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1735, ba cheart a léiriú leis an tionscadal go laghdaítear astaíochtaí coibhéiseacha CO2 (CO2-eq) go mór agus go buan leis na cleachtais a glacadh, agus san am céanna, go ndéantar na comhthairbhí comhshaoil a bharrfheabhsú maidir le hastaíochtaí truailleán san aer, san uisce agus san ithir agus maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, uisce agus ábhair agus maidir le húsáid substaintí guaiseacha. Bainfidh an méid seo a leanas leis na laghduithe sin:

(i)beidh siad bunaithe ar na tonaí measta de CO2-eq a seachnaíodh, agus úsáid á baint as boinn toimhde agus modheolaíochta a shainítear go soiléir;

(ii)beidh siad ina bpríomhchuspóir de chuid an tionscadail, a rannchuideoidh go substaintiúil le hastaíochtaí a laghdú i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais.

Áiritheoidh an Ballstát a phróiseálann an iarraidh ar stádas tionscadail straitéisigh glan‑nialasachta nach é amháin go n‑aistreofar astaíochtaí chuig earnáil eile, ach go mbeidh laghdú foriomlán ar astaíochtaí CO2-eq mar thoradh orthu. Thairis sin, ceanglaítear ar aon cheann de na cleachtais a liostaítear in Airteagal 13(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1735 rátaí astaíochtaí CO2-eq a laghdú go mór agus go buan.

(b)An tairseach spleáchais 50 % ar allmhairí

Chun críocha Airteagal 13(1), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2024/1735, tuigfear gurb é atá sa tairseach spleáchais 50 % ar allmhairí le haghaidh teicneolaíocht glan‑nialasachta an cóimheas idir na hallmhairí carnacha chuig an Aontas ó gach tríú tír i dteannta a chéile agus soláthar an Aontais sa bhliain chéanna.

An fhaisnéis nuashonraithe atá le soláthar ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 29(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1735, is féidir leis na Ballstáit í a úsáid, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, mar phointe tagartha agus an spleáchas ar allmhairí á chinneadh. In éagmais na faisnéise sin, féadfaidh na Ballstáit an spleáchas ar allmhairí a chinneadh ar bhonn foinsí inchreidte eile amhail tuarascálacha teicniúla agus faisnéis mhargaidh.

(c)Sciar mór den táirgeadh domhanda agus ról ríthábhachtach san athléimneacht

Chun críocha Airteagal 13(1), pointe (a)(iii), de Rialachán (AE) 2024/1735,

(i)tuigfear gurb é atá sa téarma ‘sciar mór den táirgeadh domhanda’ an tionscadal lena dtáirgtear táirge deiridh, comhpháirt shonrach nó innealra sonrach ar mó a acmhainneacht nó a hacmhainneacht mhonaraíochta san Aontas ná 15 % den acmhainneacht mhonaraíochta dhomhanda, a chomhfhreagraíonn don tagarmharc le haghaidh monaraíocht dhomhanda a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1735, agus atá le bunú ar bhonn fhaireachán an Choimisiúin ar dhul chun cinn an Aontais maidir leis an tagarmharc sin a bhaint amach de bhun Airteagal 42(1), pointe (b), den Rialachán sin.

‑‑In éagmais faisnéis ábhartha den sórt sin, féadfaidh an tiarratasóir ar stádas tionscadail straitéisigh glannialasachta tuarascálacha teicniúla inchreidte agus faisnéis mhargaidh a sholáthar don Bhallstát.

(ii) Thairis sin, déanfar an téarma ‘ról ríthábhachtach in athléimneacht an Aontais’ in Airteagal 13(1), pointe (a)(iii), de Rialachán (AE) 2024/1735 a léirmhíniú mar thionchar díreach tionscadail ar shlándáil shlabhra soláthair, neamhspleáchas fuinnimh nó uathriail straitéiseach an Aontais.

(1)    Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan‑nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724, IO L 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj ) .
(2)     https://single-market‑economy.ec.europa.eu/industry/sustainability/net‑zero-industry-act/strategic-projects-under-nzia/strategic-projects-application‑process_ga
(3)    Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh Eorpach um Shliseanna) (IO L 229 18.9.2023, lch 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1781/oj ).
(4)    Treoir (AE) 2024/1785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L, 2024/1785, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1785/OJ).
(5)    Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10, http://data.europa.eu/eli/dir/2009/125/oj ).
(6)    Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).
(7)    Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1369/oj ).
Top