RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN
an 23.7.2025
maidir leis na socruithe chun liostaí na n‑oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí agus an fhaisnéis fíor-riachtanach a bhaineann leis an deimhniú a sholáthraítear d’oibreoirí agus do ghrúpaí oibreoirí a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 34(9), pointe (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le hAirteagal 34(6) de Rialachán (AE) 2018/848, ba cheart do na Ballstáit liostaí nuashonraithe a choinneáil ar a bhfuil ainmneacha agus seoltaí oibreoirí agus grúpaí oibreoirí a thug fógra faoina ngníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 34(1) den Rialachán sin. Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/848 freisin nach mór do na Ballstáit liosta cuimsitheach de na sonraí sin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach iomchuí, lena n‑áirítear trí naisc chuig suíomh gréasáin idirlín aonair, mar aon leis an bhfaisnéis a bhaineann leis na deimhnithe a sholáthraítear do na hoibreoirí agus do na grúpaí oibreoirí sin i gcomhréir le hAirteagal 35(1) den Rialachán sin.
(2)Ón 1 Eanáir 2023, d’eisigh údaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 i bhfoirm leictreonach, trí úsáid a bhaint as an gCóras leictreonach um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (36) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún 2 . Le forbairt TRACES agus eisiúint leictreonach deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 ón gCoimisiún 3 , ba cheart do TRACES na deimhnithe sin a ghiniúint agus a chur ar fáil go poiblí go huathoibríoch chun trédhearcacht an chórais rialaithe i dtáirgeadh orgánach a mhéadú, chomh maith leis an bhfaisnéis faoi oibreoirí agus grúpaí oibreoirí a thug fógra faoina ngníomhaíochtaí faoin gcóras sin.
(3)Ós rud é gur cheart do na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n‑oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí a thug fógra faoina ngníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2018/848 a chur ar fáil go poiblí freisin, ba cheart do na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n‑oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí atá díolmhaithe ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu i gcomhréir le hAirteagal 35(8) de Rialachán (AE) 2018/848 a chur ar fáil go poiblí freisin ar bhealach iomchuí, lena n‑áirítear trí naisc chuig suíomh gréasáin aonair. Agus é sin á dhéanamh ag na Ballstáit, ba cheart dóibh na ceanglais maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 a chomhlíonadh.
(4)Ag féachaint do na struchtúir eagrúcháin dhifriúla laistigh de na Ballstáit, ba cheart do na Ballstáit a chinneadh cén comhlacht atá freagrach as suíomh gréasáin aonair a bhunú agus a choinneáil ar bun agus cé atá freagrach as na sonraí a fhoilsiú. Ba cheart don Choimisiún suíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin a bhunú agus a chur ar fáil go poiblí freisin ar a mbeidh naisc chuig suíomhanna gréasáin na mBallstát maidir le hainmneacha agus seoltaí na n‑oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí atá díolmhaithe ón oibleagáid deimhniú a bheith ina seilbh acu i gcomhréir le hAirteagal 35(8) de Rialachán (AE) 2018/848. Chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a thugtar ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin cruinn, ba cheart an comhar a shainiú idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun an suíomh gréasáin a bhunú agus a nuashonrú a thabhairt cothrom le dáta.
(5)Chun an t‑ualach riaracháin ar oibreoirí a laghdú maidir le taifid atá á gcoinneáil acu, i gcomhréir le hAirteagal 35(6) de Rialachán (AE) 2018/848, chun a léiriú go gcomhlíonann siad a n‑oibleagáid fíorú a dhéanamh, maidir le deimhnithe na n‑oibreoirí arb iad a soláthróirí iad, ba cheart faisnéis fhíor-riachtanach ar gach deimhniú oibreora a bheith ar fáil go poiblí in TRACES ar feadh tréimhse 5 bliana ó eisiúint na ndeimhnithe, gan beann ar a dtréimhse bhailíochta, athnuachan, dul in éag, fionraí nó tarraingt siar.
(6)Ba cheart a áireamh san fhaisnéis fhíor-riachtanach sin uimhir dhoiciméad an deimhnithe, ainm agus seoladh an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí, ainm an údaráis inniúil, nó, i gcás inarb iomchuí, ainm údarás rialaithe nó chomhlacht rialaithe an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí, an códuimhir i gcás údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe, gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí, an chatagóir nó na catagóirí táirgí dá dtagraítear in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848, an dáta eisiúna, an tréimhse bhailíochta, más infheidhme, an dáta athnuachana, éaga, fionraí nó aistarraingthe agus, i gcás ina mbeidh fáil air, eolaire na dtáirgí agus/nó cainníocht na dtáirgí.
(7)Tá gá le tréimhse 5 bliana le go mbeidh oibreoirí agus grúpaí oibreoirí in ann a léiriú go bhfuil siad údaraithe chun táirgí orgánacha a dhíol, lena n‑áirítear táirgí a bhfuil seilfré fhada acu. Le tréimhse 5 bliana, méadófar trédhearcacht freisin agus cuirfear é ar a gcumas do na húdaráis inniúla, nó, i gcás inarb iomchuí, do na húdaráis rialaithe nó do na comhlachtaí rialaithe rialuithe oifigiúla, imscrúduithe oifigiúla agus cleachtaí inrianaitheachta a dhéanamh go héifeachtach. Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 agus thug sé barúlacha foirmiúla an 14 Eanáir 2025.
(8)Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deimhnithe a eisíodh roimhe seo a bheith ar fáil go poiblí
1.Faisnéis fhíor-riachtanach maidir le deimhnithe oibreoirí arna n‑eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Rialachán 2018/848, beidh sí ar fáil go poiblí in TRACES ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta eisiúna na ndeimhnithe sin.