Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2025)3218

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na rialacha a shonrú maidir le táirgeoirí údaraithe ola agus gáis a shainaithint a gceanglaítear orthu rannchuidiú leis an gcuspóir sprioc an Aontais maidir leis an acmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a bhaint amach faoi 2030, maidir lena rannchuidithe faoi seach a ríomh, agus maidir lena n oibleagáidí tuairiscithe

C/2025/3218 final

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

An 29 Meitheamh 2024, tháinig Rialachán (AE) 2024/1735 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an ‘Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta’) i bhfeidhm 1 . Inter alia, is é is aidhm don Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta rannchuidiú le margadh de chuid an Aontais a chruthú le haghaidh seirbhísí stórála CO2.

Leagtar síos leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta an cuspóir ar leibhéal an Aontais acmhainneacht insteallta 50 milliún tona CO2 a bhaint amach in aghaidh na bliana. Dearfar gach láithreán stórála chun oibriú ar feadh 5 bliana ar a laghad, chun prionsabail na rochtana córa agus oscailte a chomhlíonadh, agus chun nach ndéanfar iad a chomhcheangal le Gnóthú Hidreacharbón faoi Spreagadh.

Chun an cuspóir sin 2030 a bhaint amach, ceanglaítear leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta ar tháirgeoirí ola agus gáis atá bunaithe san Aontas rannchuidiú le láithreáin stórála CO2 gheolaíocha oibríochtúla a fhorbairt san Aontas i gcomhréir leis na méideanna a tháirg siad le linn na tréimhse 2020-2023.

Faoin 30 Meán Fómhair 2024, bhí ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na heintitis a raibh údarú acu de réir bhrí Airteagal 1, pointe 3, de Threoir 94/22/CE, agus faoi na méideanna ola agus gáis a táirgeadh faoi na húdaruithe sin idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2023.

Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, sonróidh sé rannchuidiú gach eintitis faoi oibleagáid le cuspóir 2030 an Aontais maidir leis an acmhainneacht insteallta CO2.

Leis an Rialachán Tarmligthe seo, sainítear na rialacha maidir le heintitis atá faoi réir oibleagáid rannchuidithe a shainaithint, lena n‑áirítear an tairseach táirgeachta ar faoina bun a eisiatar eintitis ó rannchuidiú a dhéanamh.

Faoin 30 Meitheamh 2025, na heintitis faoi oibleagáid, cuirfidh siad plean faoi bhráid an Choimisiúin ina sonrófar go mionsonraithe an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu a rannchuidiú le cuspóir an Aontais maidir leis an acmhainneacht insteallta CO2 a bhaint amach faoi 2030 i dtéarmaí spriocmhéid na hacmhainneachta nua stórála agus insteallta CO2 arna choimisiúnú faoi 2030, ina sonrófar na modhanna agus na garspriocanna chun an spriocmhéid a bhaint amach.

I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2024, ‘I dtreo Bainistiú Carbóin Tionsclaíoch uaillmhianach don Aontas Eorpach’ 2 luaitear, ar bhonn shamhaltú an mheasúnaithe tionchair le haghaidh sprioc aeráide 2040, go bhfuil gá le méadú ar an acmhainneacht insteallta CO2 bhliantúil le haghaidh stóráil gheolaíoch go dtí 2040 sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Leis an réamh-mheastachán sin, leagtar béim ar a phráinní atá sé é a chur ar a chumas don Aontas faoi 2030 an acmhainneacht insteallta 50 milliún tona CO2 a stóráil go buan faoi thalamh chun tacú le tionscail a dhícharbónú chun astaíochtaí a bhfuil sé deacair srian a chur leo a laghdú.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Bhí an Coimisiún ag brath ar chúnamh ón nGrúpa Saineolaithe um Stóráil Gheolaíoch Dé-Ocsaíde Carbóin (an ‘CCSEG’) chun an dréacht-Rialachán Tarmligthe seo a ullmhú.

I mí Mheán Fómhair 2024, phléigh an Coimisiún leis na Ballstáit in CCSEG an cur chuige atá beartaithe maidir leis an modheolaíocht agus na chéad chéimeanna eile chun fógra a thabhairt faoi shonraí táirgeachta.

I mí na Samhna 2024, chuir an Coimisiún torthaí na bhfógraí maidir le sonraí táirgeachta agus an cur chuige chun eintitis faoi oibleagáid in CCSEG a shainaithint faoi bhráid na mBallstát agus d’iarr sé aiseolas i scríbhinn i bhfianaise dhréachtú an Rialacháin Tharmligthe. Ansin rinne an Coimisiún an t‑aiseolas a fuarthas a phróiseáil agus a chomhtháthú.

D’iarr an Coimisiún tuairimí geallsealbhóirí freisin, lena n‑áirítear páirtithe leasmhara, maidir le togra le haghaidh Rialachán Tarmligthe i gcomhairliúchán poiblí a bhí ar oscailt ón 19 Márta go dtí an 16 Aibreán 2025. Fuair an Coimisiún 37 dtairiscint aonair, 60 % díobh ba ó chuideachtaí agus ó chomhlachais ghnó iad a bhfuil leasanna díreacha acu sna gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin dréacht-Rialachán Tarmligthe, chomh maith le 10 % ó eagraíochtaí neamhrialtasacha. Mhol formhór na dtairiscintí soiléirithe agus athruithe foclaíochta ar an dréacht-téacs, agus cuireadh iad sin san áireamh.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Is é is cuspóir don ghníomh tarmligthe an tairseach íosta a shainiú, ríomh pro rata an rannchuidithe acmhainneachta insteallta aonair leis na heintitis a shoiléiriú agus inneachar na dtuarascálacha bliantúla ó na heintitis faoi oibleagáid a shainiú.

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 21.5.2025

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na rialacha a shonrú maidir le táirgeoirí údaraithe ola agus gáis a shainaithint a gceanglaítear orthu rannchuidiú leis an gcuspóir sprioc an Aontais maidir leis an acmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a bhaint amach faoi 2030, maidir lena rannchuidithe faoi seach a ríomh, agus maidir lena n‑oibleagáidí tuairiscithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 3 , agus go háirithe Airteagal 23(12) pointí (a) agus (c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Foráiltear le hAirteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2024/1735 go rannchuideoidh eintitis a bhfuil údarú acu mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 3, de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 leis an sprioc uile-Aontais maidir leis an acmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil faoi 2030 i gcomhréir leis na méideanna gáis nádúrtha agus amhola a tháirg siad san Aontas idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2023.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (AE) 2024/1735, ar bhonn na faisnéise a chuir na Ballstáit in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 23(2) den Rialachán sin faoin 30 Meán Fómhair 2024, sonróidh an Coimisiún na rannchuidithe aonair le cuspóir an Aontais maidir leis an acmhainneacht insteallta CO2 faoi 2030 ó eintitis a bhfuil údarú acu.

(3)Chuige sin, is gá ar dtús na rialacha a fhorlíonadh ar ar a mbonn ba cheart sealbhóirí an údaraithe atá faoi réir na hoibleagáide rannchuidithe a shainaithint, agus a rannchuidithe aonair a ríomh.

(4)I gcomhréir le hAirteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2024/1735, sonróidh an Coimisiún tairseach táirgeachta ar faoina bun a eisiatar sealbhóir an údaraithe ón oibleagáid rannchuidithe. Is é is cuspóir don tairseach sin an iarracht riaracháin le haghaidh na n‑údarás náisiúnta agus le haghaidh na n‑eintiteas faoi oibleagáid a dhíriú ar na heintitis sin a bhfuil na hacmhainní airgeadais agus teicniúla acu, mar gheall ar a ngníomhaíochtaí suntasacha sa táirgeadh hidreacarbón, chun infheistíocht a dhéanamh in imscaradh láithreán stórála geolaíoch CO2. I gcomhréir le hAirteagal 23(5), chun a spriocmhéideanna acmhainneachta insteallta atá ar fáil a chomhlíonadh, féadfaidh na heintitis faoi oibleagáid infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail stórála CO2, nó iad a fhorbairt ina n‑aonar nó i gcomhar, féadfaidh siad comhaontuithe a dhéanamh le heintitis eile faoi oibleagáid agus féadfaidh siad comhaontuithe a dhéanamh le forbróirí tionscadail stórála tríú páirtí nó le hinfheisteoirí chun a rannchuidiú a chomhlíonadh.

(5)Is gá freisin, agus an tairseach táirgeachta á sonrú, aird ar leith a thabhairt ar FBManna agus cothroime a áirithiú i ndáileadh na hacmhainneachta insteallta eisiata i measc eintitis faoi oibleagáid.

(6)Is iomchuí, dá bhrí sin, sealbhóirí an údaraithe a eisiamh ar sealbhóirí an údaraithe iad a tháirg níos lú ná 610 míle coibhéis tona ola de ghás nádúrtha agus d’amhola ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus ar táirgeadh iomlán gáis nádúrtha agus amhola is lú ná 5 % de tháirgeadh iomlán gáis nádúrtha agus amhola an Aontais é le linn na tréimhse lena mbaineann.

(7)Ba cheart méid gach rannchuidithe a ríomh pro rata trí na méideanna arna dtáirgeadh ag gach eintiteas faoi oibleagáid a roinnt ar shuim tháirgeacht na n‑eintiteas faoi oibleagáid uile. Ba cheart an cóimheas sin a iolrú ansin faoin sprioc uile-Aontais maidir leis an acmhainneacht insteallta CO2 faoi 2030, is é sin 50 milliún tona in aghaidh na bliana.

(8)Ceadaíonn roinnt Ballstát do níos mó ná eintiteas amháin an t‑údarú céanna a shealbhú. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann méideanna táirgeachta gach sealbhóir an údaraithe comhpháirteach a léiriú ionas gur féidir leis an gCoimisiún a shainaithint an bhfuil siad faoi réir na hoibleagáide rannchuidithe, agus méid a rannchuidithe a shonrú, nó an bhfuil siad le heisiamh.

(9)D’fhéadfadh sé gur aistríodh údaruithe ó eintiteas dlítheanach amháin go heintiteas dlítheanach eile idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2023. Chun na méideanna táirgeachta a roinnt go cruinn idir an t‑eintiteas is aistreoir agus an t‑eintiteas is aistrí, is iomchuí an pointe ama ábhartha a chinneadh chun an táirgeadh agus an oibleagáid rannchuidithe chomhfhreagrach a roinnt idir sealbhóirí an údaraithe.

(10)D’fhonn go n‑aistreofar an táirgeadh uile ar chríoch an Aontais idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2023 ina oibleagáid rannchuidiú le hacmhainneacht insteallta CO2 a fhorbairt, ba cheart foráil maidir le sealbhóirí an údaraithe nach ann dóibh go dlíthiúil a thuilleadh le linn na tréimhse sin agus faoin 31 Nollaig 2030.

(11)Chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo an sprioc uile-Aontais maidir leis an acmhainneacht insteallta CO2 a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 42(7) de Rialachán (AE) 2024/1735, is gá foráil a dhéanamh maidir le tacar caighdeánach faisnéise is gá le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2024/1735 ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na heintitis faoi oibleagáid ina n‑aonar nó i gcomhar, má chomhoibríonn siad i gcomhréir le hAirteagal 23(5) de Rialachán (AE) 2024/1735.

(12)I gcomhréir le hAirteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2024/1735, faoin 30 Meitheamh 2025, cuirfidh sealbhóirí an údaraithe plean faoi bhráid an Choimisiúin ina sonrófar go mionsonraithe an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu a rannchuidiú le cuspóir an Aontais maidir leis an acmhainneacht insteallta CO2 a bhaint amach faoi 2030. Chun am a thabhairt do shealbhóirí an údaraithe an plean sin a ullmhú agus a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2025, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

 

(1)ciallaíonn ‘sealbhóir an údaraithe’ eintiteas dlítheanach, ar thug na Ballstáit fógra ina leith don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2024/1735 mar shealbhóir an údaraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 3, de Threoir 94/22/CE, a raibh an t‑údarú ábhartha aige le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023, nó an sealbhóir reatha, má tá difríocht eatarthu;

(2)ciallaíonn ‘eintiteas faoi oibleagáid’ sealbhóir an údaraithe atá faoi réir rannchuidiú aonair leis an sprioc uile-Aontais maidir leis an acmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a leagtar amach in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2024/1735;

(3)ciallaíonn ‘eintiteas eisiata’ sealbhóir an údaraithe nach bhfuil faoi réir rannchuidiú aonair leis an sprioc uile-Aontais maidir leis an acmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a leagtar amach in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2024/1735;

Airteagal 2

Rialacha breise chun eintitis faoi oibleagáid a shainaithint

1.I gcás ina bhfuil údarú á shealbhú go comhpháirteach ag níos mó ná eintiteas amháin, cuirfidh an Ballstát ábhartha méideanna táirgeachta gach sealbhóra an údaraithe comhpháirteach in iúl don Choimisiún.

2.Más rud é, le linn na tréimhse táirgeachta ábhartha, gur aistríodh údarú idir eintitis faoi oibleagáid, is é an dáta aistrithe an pointe ama ábhartha chun an táirgeadh a roinnt agus an oibleagáid rannchuidithe chomhfhreagrach idir sealbhóirí an údaraithe.

3.I gcás ina scoirfidh sealbhóir an údaraithe de bheith ann go dlíthiúil faoin 31 Nollaig 2030 nó má aistrítear an t‑údarú ábhartha chuig eintiteas dlítheanach nua, is faoi shealbhóir an údaraithe ina dhiaidh sin a bheidh an oibleagáid rannchuidithe a chomhfhreagraíonn do na gníomhaíochtaí ábhartha táirgthe amhola agus gáis nádúrtha idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2023.

Airteagal 3

Eintitis eisiata a shainaithint

1.Sealbhóirí an údaraithe a tháirg níos lú ná 610 míle coibhéis tona ola de ghás nádúrtha agus d’amhola san Aontas ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus ar táirgeadh iomlán gáis nádúrtha agus amhola is lú ná 5 % de tháirgeadh iomlán gáis nádúrtha agus amhola an Aontais é le linn na tréimhse lena mbaineann, measfar gur eintitis eisiata iad.

2.Chun críoch Airteagal 23(5) de Rialachán (AE) 2024/1735, measfar eintitis eisiata a oibríonn láithreáin stórála CO2 a bheith ina bhforbróirí tionscadail stórála tríú páirtí nó ina n‑infheisteoirí i gcomhréir le hAirteagal 23(5), pointe (c), den Rialachán sin.

Airteagal 4

Modheolaíocht chun rannchuidiú pro rata aonair na n‑eintiteas faoi oibleagáid a ríomh

1.I gcomhréir le hAirteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2024/1735 agus chun críoch an ríomha pro rata, déantar táirgeadh amhola agus gáis nádúrtha a normalú i gcoibhéis ola i gcileathonaí.

2.Déantar sciar an rannchuidithe pro rata aonair gach eintitis faoi oibleagáid a ríomh ar bhonn na foirmle seo a leanas i gcoibhéis ola i gcileathonaí:

(Táirgeadh iomlán an eintitis faoi oibleagáid ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023) / (táirgeacht iomlán na n‑eintiteas uile faoi oibleagáid ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023) x 100 = % de 50 milliún tona d’acmhainneacht insteallta bhliantúil CO2.

Airteagal 5

Tuairisciú bliantúil ar dhul chun cinn ag eintitis faoi oibleagáid

1.Sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2024/1735 beidh an tacar faisnéise seo a leanas ar a laghad maidir leis na tionscadail stórála CO2 atá á bhforbairt ag na heintitis, a mhionsonraithe is féidir, ar staid na forbartha:

(a)an oibleagáid/na hoibleagáidí rannchuidithe ábhartha maidir leis an acmhainneacht insteallta agus suíomh an láithreáin stórála CO2 ábhartha nó na láithreán stórála CO2 ábhartha ag a bhfuil comhordanáidí i bhformáid chomhaid córais faisnéise geografaí a úsáidtear go coitianta;

(b)céannacht an bhainisteora imscartha fhreagraigh agus faisnéis teagmhála chorparáideach, go háirithe i gcás custaiméirí stórála ionchasacha;

(c)an foirmiú geolaíoch spriocdhírithe agus an acmhainneacht stórála iomlán a bhfuil coinne léi (in aghaidh an mhilliúin tona CO2) in aghaidh an láithreáin stórála

(d)an acmhainneacht insteallta bhliantúil a bhfuil coinne léi (in aghaidh an mhilliúin tona CO2 in aghaidh na bliana) in aghaidh an láithreáin stórála mar a shonraítear sa chead stórála ábhartha, chomh maith le dáta deiridh an insteallta a bhfuil coinne leis, agus an leathnú féideartha tar éis 2030, más ann dó;

(e)an modh iompair nó na modhanna iompair CO2 atá beartaithe agus an bonneagar iompair lena mbaineann a bheidh ag teastáil ón bpointe aistrithe 5 go dtí an láithreán insteallta;

(f)na bonneagair iompair CO2 beartaithe a mbeidh gá leo chun CO2 a iompar go dtí an pointe aistrithe, lena n‑áirítear an dáta tosaigh a bhfuil coinne lena n‑oibriú, chomh maith leis na ceanglais cháilíochta CO2 is infheidhme;

(g)na foinsí CO2 beartaithe atá lena stóráil, lena n‑áirítear soláthraithe CO2 gafa ar thángthas ar chomhaontuithe tráchtála leo chun an acmhainneacht insteallta ábhartha a úsáid le linn na chéad 5 bliana oibríochta;

(h)dátaí an Chinnidh Infheistíochta Deiridh (FID) a bhfuil coinne leo, agus an acmhainneacht insteallta a bhfuil coinne léi a chuirfear ar fáil go hoibríochtúil faoi dheireadh 2030 nó níos luaithe;

(i)tuarascáil mhionsonraithe ar a ngníomhaíochtaí rannpháirtíochta le geallsealbhóirí, lena n‑áirítear go sonrach maidir le rannpháirtíocht pobal áitiúil agus geallsealbhóirí ábhartha eile i bpróiseas forbartha an tionscadail stórála CO2;

(j)roinn thiomnaithe ina leagtar amach na tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus aeráide a bhfuil coinne leo mar thoradh ar ghníomhaíochtaí gabhála agus stórála carbóin sa tír nó sa réigiún ina bhforbrófar an láithreán stórála CO2.

2.Déanfar an fhaisnéis a sholáthrófar sa tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1 a choinneáil cothrom le dáta idir na tuarascálacha bliantúla, maidir le hathruithe ábhartha a dhéanann difear do na hacmhainneachtaí stórála oibríochtúla nó d’amlíne na dtionscadal ábhartha. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn freisin tuairisc mhionsonraithe ar an láithreán stórála, de réir mar is gá chun iarratas a dhéanamh ar chead stórála i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 agus na hamlínte agus na coinníollacha faoina gcuirfear acmhainneacht insteallta an láithreáin stórála ar an margadh chun an oibleagáid rannchuidithe a chomhlíonadh. Áireofar san fhaisnéis sin treochlár mionsonraithe de na príomh-gharspriocanna ullmhachta teicniúla agus tráchtála agus de na príomhphointí cinnteoireachta, chomh maith le rioscaí, neamhchinnteachtaí agus straitéisí maolaithe, ar ghá do chustaiméirí tráchtála ionchasacha a bheith ar an eolas fúthu chun a gcinntí infheistíochta féin a chur chun cinn.

3.I gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2024/1735, eisiafar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair rúnda agus rúnaicmithe eile atá ábhartha don tuairisciú faoi mhír 1 den Airteagal seo ón leagan foilsithe den tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21.5.2025

    Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724.
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, I dtreo Bainistiú Carbóin Tionsclaíoch uaillmhianach don Aontas Eorpach, COM(2024) 62 final.
(3)    IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj .
(4)    Treoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid i ndáil le sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón (IO L 164, 30.6.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1994/22/oj ).
(5)    Sainmhínítear é mar theorainn shuiteáil CTA i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE.
(6)    Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/31/oj ).
Top