MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialuithe Oifigiúla bunaítear an creat le haghaidh rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile chun cur i bhfeidhm ceart reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia a fhíorú. Áirítear leis sin rialuithe oifigiúla a dhéantar ar ainmhithe agus ar earraí a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha.
Le hAirteagal 48, pointí (d) agus (h) den Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla déantar foráil i dtaca le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1) den Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla a thagann ó thríú tíortha, go bhféadfadh na hainmhithe agus na hearraí sin a bheith díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais maidir le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha, rinneadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún a aisghairm ón 15 Nollaig 2022. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá tagairt a dhéanamh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 d’Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292, lena leagtar síos ceanglais maidir le táirgí ilchodacha a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó réigiúin sna tíortha sin.
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún díolmhaítear táirgí ilchodacha áirithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. Is é is cuspóir don Rialachán seo liosta na dtáirgí ilchodacha sin a mbaineann riosca íseal leo, ar táirgí fadré iad atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 a leathnú trí na táirgí seo a leanas a áireamh: leatháin agus ullmhóidí chun deochanna a dhéanamh ina bhfuil cócó, táirgí a fhaightear ó ghránaigh, táirgí gránach, cístí ullmhaithe, sceallóga agus criospaí , táirgí ríse ullmhaithe, agus miso agus anlann soighe ina bhfuil méid beag stoic anraith éisc. Ba cheart do na húdaráis inniúla na táirgí ilchodacha sin a rialú ag an gceann scríbe, ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht san Aontas, nó ag trádstórais nó áitreabh an oibreora atá freagrach as an gcoinsíneacht.
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ón gCoimisiún, leagtar síos na cásanna agus na coinníollacha faoina bhfuil earraí áirithe, ar cuid de bhagáiste pearsanta paisinéirí iad, díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. Maidir le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha fadré amhail aráin, cácaí, cístí ullmhaithe, brioscaí (lena n‑áirítear craicir), vaiféil agus abhlanna, roscaí, arán tóstáilte agus táirgí tóstáilte comhchosúla, sceallóga agus criospaí, pasta, núdail agus cúscús, miso agus anlann soighe ina bhfuil méid beag stoic anraith éisc, stoic anraith agus blastáin, agus forbhianna, ó tharla na coinsíneachtaí sin a bheith díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630, na táirgí ilchodacha fadré sin lena mbaineann riosca íseal do shláinte ainmhithe agus do shláinte an duine nach bhfuil feoil iontu, ba cheart na táirgí sin a dhíolmhú freisin ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcás gur cuid de bhagáiste pearsanta paisinéirí iad.
I ngach pointe iontrála san Aontas, ní mór don údarás inniúil faisnéis faoi tháirgí ainmhithe, lena n‑áirítear táirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla, a thaispeáint trí na póstaeir i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122. Ós rud é go leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 chun táirgí ilchodacha nua atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann a áireamh, ba cheart pointe 7 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 a leasú dá réir freisin.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Chuathas i gcomhairle roinnt uaireanta le Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin ‘rialuithe oifigiúla’ (E00911).
Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair. Níl coinne leis go mbeidh aon tionchar suntasach ag an Rialachán seo mar cuireann sé le liosta na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe cheana ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.
Sular ghlac an Coimisiún an Rialachán Tarmligthe seo, d’fhoilsigh sé an dréacht‑Rialachán le haghaidh aiseolas ó pháirtithe leasmhara ón 15 Feabhra 2023 go dtí an 15 Márta 2023. Thug páirtithe leasmhara aiseolas dearfach maidir le leathnú raon feidhme an Rialacháin. Cuireadh barúlacha ó pháirtithe leasmhara san áireamh. Moladh cineál breise táirge ilchodaigh amháin a liostú mar tháirge atá díolmhaithe ó sheiceálacha ag poist rialaithe teorann. Níor thacaigh an measúnú riosca leis an moladh sin, áfach, agus dá bhrí sin ní fhéadfaí é a áireamh sa Rialachán ag an gcéim seo.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Is é Airteagal 48, pointí (d) agus (h), agus Airteagal 77(1), pointe (k), de Rialachán (AE) 2017/625 an bunús dlí.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 19.6.2023
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 a mhéid a bhaineann le leatháin agus ullmhóidí áirithe chun deochanna ina bhfuil cócó, bianna ullmhaithe áirithe a fhaightear ó ghránaigh nó ó tháirgí gránach, bianna ullmhaithe áirithe a fhaightear ó rís agus ó ghránaigh eile, sceallóga agus criospaí áirithe, agus anlainn agus tarsainn áirithe a áireamh i liosta na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh 1 1 51/2012, (AE) Uimh 6 5 2/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla), agus go háirithe Airteagal 48, pointí (d) agus (h), agus Airteagal 77(1), pointe (k) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún bunaítear liosta na dtáirgí ilchodacha fadré a mbaineann riosca íseal leo atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.
(2)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún, leagadh síos ceanglais áirithe maidir le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó réigiúin sna tíortha sin. Maidir le táirgí ilchodacha fadré atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, bhí orthu na ceanglais sin a chomhlíonadh. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún, aisghaireadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón 15 Nollaig 2022. Ós rud é go dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá an tagairt d’Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292, lena leagtar síos ceanglais le haghaidh táirgí ilchodacha a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó réigiúin sna tíortha sin, a chur in ionad na tagartha i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 d’Airteagal 12(2) a aisghaireadh de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 .
(3)Ós rud é go bhfuil riosca íseal do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe ag baint leis na táirgí ilchodacha fadré faoi chóid AC 1806 90 60, 1806 90 70, 1904 10, 1904 20, 1904 90, 1905 90, 2005 20 20 agus 2103 i bhfoirm leathán agus ullmhóidí áirithe chun deochanna ina bhfuil cócó a dhéanamh, bianna ullmhaithe áirithe a fhaightear ó ghránaigh, táirgí gránach, bianna ullmhaithe áirithe a fhaightear ó rís, sceallóga agus criospaí áirithe, agus miso ina bhfuil stoc anraith éisc agus anlann soighe ina bhfuil stoc anraith éisc, ba cheart na táirgí sin a dhíolmhú freisin ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. Meastar gur cineál brioscaí iad craicir agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a dhíolmhú freisin ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.
(4)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ón gCoimisiún, leagtar síos rialacha maidir leis na cásanna agus na coinníollacha faoina bhfuil catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí ar cuid de bhagáiste pearsanta paisinéirí iad díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.
(5)Ós rud é, de bhua an Rialacháin seo, go bhfuil táirgí ilchodacha fadré áirithe a bhfuil riosca íseal ag baint leo agus nach bhfuil feoil iontu díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630, ba cheart tagairt a dhéanamh do na táirgí ilchodacha sin freisin i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 mar tháirgí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. Ós rud é gur iarmhairt dhíreach ar an gcéad leasú iad na leasuithe deireanacha, is iomchuí na leasuithe sin a dhéanamh in aon ghníomh amháin.
(6)I liosta na dtáirgí díolmhaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122, tagraítear do na hearraí céanna leis na hearraí atá ar liosta na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630. Ós rud é, de bhua an Rialacháin seo, go n‑áirítear táirgí ilchodacha fadré áirithe lena mbaineann riosca íseal nach bhfuil feoil iontu san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630, is gá pointe 7 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 a leasú freisin agus liostaí na dtáirgí ilchodacha díolmhaithe sa dá Rialachán Tarmligthe a ailíniú. Toisc go bhfuil an dá liosta nasctha go substaintiúil agus go bhfuil sé beartaithe iad a chur i bhfeidhm in éineacht le chéile, is iomchuí na leasuithe ar na liostaí sin a dhéanamh in aon ghníomh amháin.
(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2122 agus (AE) 2021/630 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 mar a leanas:
1.in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):
‘(i)na ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas a leagtar síos in Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún(*);
----------------
(*)Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 304, 24.11.2022, lch. 1).’;
2.cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne.
Airteagal 2
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 mar a leanas:
1.in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 2:
‘CUID 2
An liosta earraí nach bhfuil díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann dá bhforáiltear in Airteagal 7, pointe (c)
|
Cód Ainmníochta Comhcheangailte (*)
|
Tuairisc
|
Cáilíocht agus míniú
|
|
ex Caibidil 2
(0201-0210)
|
Feoil agus scairteach feola inite
|
Uile, seachas cosa froganna (cód AC 0208 90 70)
|
|
0401-0406
|
Táirgí déiríochta
|
Uile
|
|
ex 0504 00 00
|
Putóga, lamhnáin agus goilí ainmhithe (seachas éisc), ina n‑iomláine agus codanna díobh, atá úr, fuaraithe, reoite, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe
|
Uile, seachas cásálacha
|
|
ex 0511
|
Táirgí ainmhithe nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile; ainmhithe marbha de Chuid 2, Roinn 1, Caibidil 1 nó 3, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, atá mí‑oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine
|
Bia peataí amháin
|
|
1501 00
|
Saill muice (lena n‑áirítear blonag) agus saill éanlaithe clóis, seachas í sin faoi cheannteideal 0209 nó 1503
|
Uile
|
|
1502 00
|
Saillte ó bhó‑ainmhithe, ó chaoirigh nó ó ghabhair, seachas iad sin faoi cheannteideal 1503
|
Uile
|
|
1503 00
|
Stéirin bhlonaige, ola bhlonaige, oiléistéirin, ola-oilé agus ola gheire, nach bhfuil eiblithe, measctha ná ullmhaithe ar bhealach eile
|
Uile
|
|
1506 00 00
|
Saillte agus olaí ainmhíocha eile agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach ndearnadh modhnú ceimiceach orthu
|
Uile
|
|
1601 00
|
Ispíní agus táirgí comhchosúla, ó fheoil, scairteach feola, fuil nó feithidí; ullmhóidí bia atá bunaithe ar na táirgí sin
|
Uile, seachas feithidí
|
|
1602
|
Feoil, scairteach feola, fuil nó feithidí atá ullmhaithe nó leasaithe
|
Uile, seachas feithidí
|
|
1702 11 00
1702 19 00
|
Lachtós agus síoróip lachtóis
|
Uile
|
|
ex 1901
|
Eastóscán braiche; ullmhóidí bia de phlúr, piocuaran, min, stáirse nó eastóscán braiche, nach bhfuil cócó iontu nó nach mó ná 40 % a gcion cócó de réir meáchain arna ríomh ar bhonn lán‑díshaillte, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile; ullmhóidí bia d’earraí faoi cheannteidil 0401 go 0404, nach bhfuil cócó iontu nó nach mó ná 5 % a gcion cócó de réir meáchain arna ríomh ar bhonn lán‑díshaillte, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile
|
Na hullmhóidí sin ina bhfuil feoil nó bainne, nó an dá rud, agus na hullmhóidí sin amháin
|
|
ex 1902
|
Pasta, bíodh sé cócaráilte nó líonta le búiste (le feoil nó substaintí eile) nó ná bíodh, nó ullmhaithe ar bhealach eile, amhail spaigití, macarón, núdail, lasáinne, gnocchi, raiviólaí, canalóiní; cúscús, bíodh sé ullmhaithe nó ná bíodh
|
Ullmhóidí ina bhfuil feoil nó bainne, nó an dá rud, seachas pasta, núdail agus cúscús fadré nach bhfuil feoil iontu (**)
|
|
ex 1905
|
Arán, taosrán, cácaí, brioscaí agus táirgí eile báicéirí, bíodh cócó iontu nó ná bíodh; abhlanna, capsúil fholmha de chineál atá oiriúnach d’úsáid chógaisíochta, sliseoga séalaithe, ríspháipéar agus táirgí comhchosúla
|
Ullmhóidí ina bhfuil feoil nó bainne, nó an dá rud, seachas aráin, cácaí, cístí ullmhaithe, brioscaí (lena n‑áirítear craicir), vaiféil agus abhlanna, roscaí, arán tósta agus táirgí tósta comhchosúla fadré, agus sceallóga agus criospaí nach bhfuil feoil iontu (***)
|
|
ex 2004
|
Glasraí eile ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, atá reoite, seachas táirgí atá faoi cheannteideal 2006 (****)
|
Na hullmhóidí sin ina bhfuil feoil nó bainne, nó an dá rud, agus na hullmhóidí sin amháin
|
|
ex 2005
|
Glasraí eile atá ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi theideal 2006
|
Ullmhóidí ina bhfuil feoil nó bainne, nó an dá rud, seachas sceallóga prátaí agus criospaí fadré atá oiriúnach lena gcaitheamh láithreach agus nach bhfuil feoil iontu (*****)
|
|
ex 2103
|
Anlainn agus ullmhóidí díobh; tarsainn mheasctha agus blastanais mheasctha; plúr mustaird agus min mhustaird agus mustard ullmhaithe
|
Ullmhóidí ina bhfuil feoil nó bainne, nó an dá rud, agus iad sin amháin
|
|
ex 2104
|
Anraithí agus bratanna agus ullmhóidí lena n‑aghaidh; ullmhóidí bia ilchodacha homaiginithe
|
Ullmhóidí ina bhfuil feoil nó bainne, nó an dá rud, seachas stoic anraith fhadré agus blastáin atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóra deiridh agus nach bhfuil feoil iontu (******)
|
|
ex 2105 00
|
Uachtar reoite agus oighear inite eile, bíodh cócó iontu nó ná bíodh
|
Na hullmhóidí sin ina bhfuil bainne, agus iad sin amháin
|
|
ex 2106
|
Ullmhóidí bia nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile
|
Ullmhóidí ina bhfuil feoil nó bainne, nó an dá rud, seachas forbhianna fadré atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóra deiridh, ina bhfuil táirgí ainmhíocha próiseáilte (lena n‑áirítear glúcósaimín, condróitin nó ciotósán) agus nach bhfuil feoil iontu (*******)
|
|
ex 2309
|
Ullmhóidí de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe
|
Bia peataí, ábhar coganta do mhadraí agus meascáin mine ina bhfuil feoil nó bainne nó an dá rud, agus na nithe sin amháin
|
Nótaí:
1.Colún 1: I gcás nach gá scrúdú a dhéanamh ach ar tháirgí áirithe a bhfuil an cód céanna acu agus nach bhfuil foroinnt bhreise déanta ar an gcód sin san ainmníocht táirge, marcáiltear an cód AC ‘ex’ (e.g. ex 19 01: níor cheart ach na hullmhóidí sin ina bhfuil feoil nó bainne, nó an dá rud, a áireamh).
2.Colún 2: Tá an tuairisc ar na hearraí mar atá leagtha síos i gcolún na tuairisce d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.
3.Colún 3: Leis an gcolún seo tugtar mionsonraí ar na táirgí a chumhdaítear.
___________
(*)Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.).
(**)I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (IO L 132, 19.4.2021, lch. 17).
(***)I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630.
(****)Is mar seo a leanas a bheidh ceannteideal 2006: ‘glasraí, torthaí, cnónna, craiceann torthaí agus codanna eile de phlandaí, iad leasaithe i siúcra (draenáilte, glacé nó criostalaithe)’.
(*****)I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630.
(******)I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630.
(*******)I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630.’;
2.in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:
‘
Tá na táirgí seo a leanas díolmhaithe ó na rialacha a leagtar amach i bpointí 1 go 6 ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630:
–milseogra (lena n‑áirítear milseáin), seacláid bhán agus ullmhóidí bia eile, nach bhfuil cócó iontu, agus milseogra (lena n‑áirítear milseáin), seacláid agus ullmhóidí bia eile, leatháin, agus ullmhóidí chun deochanna a dhéanamh, ina bhfuil cócó;
–pasta, núdail agus cúscús;
–bianna ullmhaithe a fhaightear trí ghránaigh nó trí tháirgí gránach a bhorradh nó a róstadh, bianna ullmhaithe a fhaightear ó chalóga gránaigh neamhrósta nó ó mheascáin de chalóga gránaigh neamhrósta agus calóga gránaigh rósta nó gránaigh bhorrtha (e.g. gránaigh bhricfeasta, múslaí, gránóla) agus bianna ullmhaithe a fhaightear ó rís agus ó ghránaigh eile;
–aráin, cácaí, cístí ullmhaithe, brioscaí (lena n‑áirítear craicir), vaiféil agus abhlanna, roscaí, arán tóstáilte agus táirgí tóstáilte comhchosúla, agus sceallóga agus criospaí (lena n‑áirítear sceallóga prátaí agus criospaí);
–ológa líonta le hiasc;
–úisc, úscraí agus dlútháin, de chaife, de thae nó de mhaité agus ullmhóidí de bhunús na dtáirgí sin nó de bhunús caife, tae nó maité;
–siocaire rósta agus ionadaigh rósta eile chaife, agus úisc, úscraí agus dlútháin díobh;
–miso ina bhfuil méid beag stoic anraith éisc agus anlann soighe ina bhfuil méid beag stoic anraith éisc;
–stoic anraith agus blastáin atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóra deiridh;
–forbhianna atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóra deiridh, ina bhfuil táirgí ainmhithe próiseáilte (lena n‑áirítear glúcósaimín, condróitin nó ciotósán);
–licéir agus coirdiail.
Táirgí ilchodacha nach bhfuil iontu ach einsímí, blastáin, breiseáin nó vitimín D3 ina gcomhdhéanamh mar tháirgí de bhunadh ainmhíoch, tá na táirgí sin díolmhaithe ó na rialacha a leagtar amach i bpointí 1 go 6 ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais Airteagal 3(1), pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630.’.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19.6.2023
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN