EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2021)8957

TREOIR THARMLIGTHE (AE) /... ÓN gCOIMISIÚN lena leasaítear, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha

C/2021/8957 final

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, leasaítear leis an Treoir Tharmligthe seo ón gCoimisiún Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le srian le substaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (athmhúnlú) 1 (Treoir RoHS). Baineann an leasú le díolúine i gcomhair feidhmeanna sonracha ina bhfuil mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha.

Le Treoir RoHS, cuirtear srian le substaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL), mar a shonraítear in Airteagal 4. Tá srian le 10 substaint faoi láthair agus liostaítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir: luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinilí polabróimínithe (PBB), éitir défheinile polabróimínithe (PBDE), bios (2-eitilheicsil) taláit (DEHP), taláit bhúitilbeinsile (BBP), taláit débhúitile (DBP) agus taláit dé-iseabúitile (DIBP). Liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV ábhair agus comhpháirteanna trealaimh leictrigh agus leictreonaigh le haghaidh feidhmeanna sonracha atá díolmhaithe ó na srianta maidir le substaintí a leagtar síos in Airteagal 4(1).

Le hAirteagal 5 den Treoir, déantar foráil maidir le hIarscríbhinní III agus IV a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, lena bhféadtar deonú díolúintí, athnuachan díolúintí agus cúlghairm díolúintí a áireamh.

De bhun Airteagal 5(1)(a), níltear le díolúintí a áireamh in Iarscríbhinní III agus IV ach amháin mura lagóidh an t‑áireamh sin an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (REACH) 2 agus i gcás ina gcomhlíontar leo aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, agus sa chás sin amháin: (i) gur dodhéanta ó thaobh na heolaíochta de nó ar bhonn teicniúil an tsubstaint a dhíothú nó a ionadú trí athruithe ar an dearadh, nó trí ábhair agus comhpháirteanna nach bhfuil aon cheann de na hábhair nó substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn II ag teastáil lena n‑aghaidh; (ii) nach n‑áirithítear iontaofacht na n‑ionadach; (iii) gur dócha gur mó na tionchair dhiúltacha iomlána don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra mar thoradh ar an tsubstaint a ionadú ná na tairbhí iomlána don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra.

Ní mór infhaighteacht na n‑ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe a chur san áireamh sna cinntí maidir le díolúintí, agus fad na ndíolúintí sin. Ní mór aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an nuálaíocht a chur san áireamh sna cinntí maidir le fad na ndíolúintí. Ní mór smaointeoireacht saolré ar thionchair fhoriomlána na díolúine a chur i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha.

Sonraítear le hAirteagal 5(1)(a) nach mór don Choimisiún gníomhartha tarmligthe aonair a ghlacadh chun ábhair agus comhpháirteanna trealaimh leictrigh agus leictreonaigh le haghaidh feidhmeanna sonracha a liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV a chur san áireamh. Le hAirteagal 5(3) agus Iarscríbhinn V, tugtar tuairisc ar an nós imeachta um iarratais a bhaineann le díolúine a chur isteach.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Fuair an Coimisiún iarrataí 3 ó oibreoirí eacnamaíocha maidir le díolúintí a dheonú nó a athnuachan faoi Airteagal 5(3) agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir RoHS.

Le díolúine 1(f) d’Iarscríbhinn III atá i bhfeidhm faoi láthair, ceadaítear úsáid cion mearcair nach mó ná na luachanna seo a leanas (de réir an dóire) a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha: sainchuspóireacha: 5 mg.

Fuair an Coimisiún dhá iarratas maidir leis an díolúine sin a athnuachan i mí na Nollag 2014 agus i mí Eanáir 2015. Rinneadh ceann de na hiarratais a athnuachan le faisnéis bhreise sna hiontrálacha i mí Eanáir 2020. Is amhlaidh a mhaígh na hiarratasóirí nach raibh ionadaigh ar fáil i gcomhair na bhfeidhmeanna a chumhdaítear leis an díolúine sin agus mhínigh siad nárbh fhéidir laghdú breise a dhéanamh ar an tairseach mhearcair a shonraítear sa díolúine 4 . I gcomhréir leis na ceanglais i dTreoir RoHS (Airteagal 5(5), (an dara fomhír)), fanann díolúine bailí go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarratas ar athnuachan.

Chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais maidir leis an díolúine sin a athnuachan, sheol an Coimisiún staidéar i mí an Mheithimh 2015 5 , staidéar a tugadh i gcrích in 2016, chun an measúnú teicniúil agus eolaíoch is gá a dhéanamh, lenar áiríodh comhairliúchán 8 seachtaine ar líne le páirtithe leasmhara 6 . Mar thoradh ar an staidéar sin ina ndearnadh measúnú ar na sonraí agus ionchuir fhairsinge theicniúla agus eolaíocha a fuarthas, mar a doiciméadaíodh sa tuarascáil staidéir, rinne an Coimisiún dhá staidéar/nuashonrú chomhlántacha, lenar áiríodh rannpháirtíocht páirtithe leasmhara. Díríodh ar an measúnú socheacnamaíoch agus ar infhaighteacht na n‑ionadach sa staidéar a foilsíodh in 2019 7 , agus rinneadh nuashonrú bunaithe ar fhigiúirí agus ar shamhaltú nua in 2020 8 . Foilsíodh tuarascálacha deiridh an staidéir agus na nuashonruithe ar an measúnú socheacnamaíoch 9 ; tugadh fógra do na páirtithe leasmhara.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le grúpa saineolaithe na mBallstát maidir le gníomhartha tarmligthe faoi Threoir RoHS le linn cruinnithe saineolaithe an 1 Meán Fómhair 2016, an 29 Deireadh Fómhair 2018 agus an 21 Deireadh Fómhair 2019 chun tuairimí na mBallstát ar chur chuige atá beartaithe a fháil i gcomhréir le conclúidí na meastóireachtaí. Rinne sé gach céim nós imeachta ba ghá a bhaineann le díolúintí ón srian maidir le substaintí faoi Airteagal 5(3) go 5(7) 10 . Tugadh fógra don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa faoi gach gníomhaíocht.

Leagadh béim sa staidéar tacaíochta ar an méid seo a leanas:

·go gcumhdaítear raon an-leathan lampaí, lampaí il-saintréithe, le dlúthshoilse fluaraiseacha (DSF) sainchuspóireacha, toisc a speisialta atá an dearadh, na hábhair agus an próiseas monaraíochta a bhaineann leo;

·maidir le dlúthshoilse fluaraiseacha sainchuspóireacha atá ceaptha chun solas den speictream ultraivialait a astú, go bhfuil faisnéis leordhóthanach ann nach féidir, ar bhonn teicniúil, mearcair a ionadú i dtaca leis na feidhmeanna lena mbaineann, agus dá bhrí sin moladh sa staidéar an díolúine a athnuachan go ceann uastréimhse 5 bliana breise;

·maidir le dlúthshoilse fluaraiseacha sainchuspóireacha eile, gur cheart an díolúine a shíneadh go ceann 3 bliana i gcás easpa faisnéise faoi mhearcair a ionadú sa raon leathan feidhmeanna lena mbaineann, chun údar a thabhairt leis an díolúine, de dhroim faisnéis atá níos mionsonraithe, i gcomhair cineálacha eile lampaí a thuigtear a bheith cumhdaithe ag an téarma ‘sainchuspóireach’, más rud é go ndéantar iarratais nua.

Mar chríoch, sonraíodh sna measúnuithe eolaíocha agus teicniúla, lena n‑áirítear comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, go gcomhlíontar fós na critéir dhíolúine maidir le díolúine 1(f) toisc gan ionadaigh iontaofa a bheith ar fáil go fóill. Léirítear freisin i dtorthaí na meastóireachta nach lagófaí leis an díolúine shonrach an chosaint don chomhshaoil agus don tsláinte a thugtar le Rialachán REACH, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2011/65/AE.

I gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, foilsíodh an dréacht-Treoir Tharmligthe ar an Tairseach um Rialáil Níos Fearr ar feadh tréimhse 4 seachtaine le haghaidh aiseolas poiblí. Le linn an chomhairliúcháin ar an dréachtghníomh, fuarthas dhá aighneacht. Cuireadh na pointí a ardaíodh san áireamh agus measadh nár ghá aon leasú ar an dréacht.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Leis an treoir tharmligthe athnuaitear díolúine 1(f) a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, chun mearcair a úsáid le haghaidh feidhmeanna sonracha.

Cinneadh i measúnú an Choimisiúin, bunaithe ar na staidéir thacaíochta agus na comhairliúcháin tacaíochta, go gcomhlíontar leis an iarraidh ar dhíolúine ceann amháin ar a laghad de na critéir a leagtar síos in Airteagal 5(1)(a) de Threoir RoHS lena dtugtar údar leis an díolúine a shíneadh: ní féidir mearcair a ionadú go hiontaofa sna catagóirí lampa a chumhdaítear leis an díolúine seo.

Go hachomair, comhlíontar na coinníollacha maidir leis an díolúine, agus tá iontráil díolúine 1(f) le hathnuachan. Cinneadh sa mheasúnú freisin gur cheart cúngú a dhéanamh ar raon feidhme na díolúine, ar thaobh amháin, maidir le feidhmeanna sonraithe breise agus, ar an taobh eile, gur féidir fad na díolúine leithne reatha a ghiorrú mar a leanas:

I.go 5 bliana i gcás lampaí sainchuspóireacha atá ceaptha chun solas den speictream ultraivialait a astú toisc gan aon rogha iontaofa mhalartach a bheith ar fáil faoi láthair;

II.go 3 bliana i gcás gach lampa shainchuspóirigh eile chun ligean don tionscal faisnéis mhionsonraithe a ullmhú chun údar a thabhairt leis na díolúintí a choinneáil i gcomhair catagóirí sonracha lampaí sainchuspóireacha.

Socraítear dátaí éaga na díolúine sin i gcomhréir le hAirteagal 5(2) (an chéad fhomhír). Ní mheastar go mbeidh drochthionchair ag na tréimhsí bailíochta ar an nuálaíocht.

Is ionstraim dlí an treoir tharmligthe, dá bhforáiltear i dTreoir 2011/65/AE, go háirithe chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(1)(a) di a chomhlíonadh.

Is é is cuspóir don treoir tharmligthe cuidiú le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint agus na forálacha maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i réimse an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a ailíniú, trí úsáid substaintí a mbeadh toirmeasc orthu seachas sin a cheadú i gcomhair feidhmeanna sonracha, le forálacha Threoir RoHS agus faoi choinníollacha Threoir RoHS agus leis an nós imeachta chun Iarscríbhinní III agus IV a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Níl aon impleacht ag an treoir tharmligthe maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.

TREOIR THARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 13.12.2021

lena leasaítear, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian le substaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach 11 , agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL) a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)Is substaint shrianta é mearcair a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)Le Cinneadh 2010/571/AE 12 , dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine maidir le húsáid mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha (‘an díolúine’), a liostaítear anois mar dhíolúine 1(f) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)Úsáidtear mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha chun solas ultraivialait a tháirgeadh, solas a thiontaítear ansin ina sholas infheicthe ag an mbratú fluaraiseach ar an mbolgán lampa.

(6)An 19 Nollaig 2014 agus an 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine (‘na hiarratais ar athnuachan’) laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, agus rinneadh iarratas amháin acu sin a thabhairt cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 20 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Threoir 2011/65/AE, fanann díolúine bailí go dtí go ndéanfar cinneadh ar an iarratas ar athnuachan.

(7)Cinneadh sa mheastóireacht ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n‑ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil sé dodhéanta faoi láthair ar bhonn teicniúil mearcair a dhíothú i dtaca leis na feidhmeanna lena mbaineann nó substaint inchomparáide ó thaobh feidhmíochta de a chur ina ionad. Mar chuid den mheastóireacht, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)Ba cheart do raon feidhme agus fad na ndíolúintí ón srian le hábhair nó comhábhair shonracha áirithe a bheith teoranta, chun substaintí guaiseacha i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chéimniú amach de réir a chéile. Cinneadh sa mheasúnú freisin gur cheart, ar thaobh amháin, cúngú a dhéanamh ar raon feidhme na díolúine maidir le feidhmeanna sonraithe breise agus, ar an taobh eile, gur féidir fad na díolúine leithne reatha a ghiorrú

(9)Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 , agus ar an ábhar sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(10)Is iomchuí, dá bhrí sin, athnuachan na díolúine a dheonú go ceann uastréimhse 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE, i gcomhair dlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha atá ceaptha chun solas den speictream ultraivialait a astú, toisc gan aon rogha mhalartach iontaofa a bheith ar fáil faoi láthair. Maidir le gach cineál eile dlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha a thagann faoi chatagóir dlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha, ba cheart an díolúine a athnuachan go ceann 3 bliana, chun ligean don tionscal faisnéis mhionsonraithe a ullmhú chun údar a thabhairt le leanúint leis an díolúine sin i gcomhair catagóirí sonraithe lampaí speisialta, i gcomhréir le haidhm na Treorach gur cheart do raon feidhme agus fad díolúintí a bheith teoranta. I bhfianaise thorthaí na n‑iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag fad na díolúine ar an nuálaíocht.

(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [lá deireanach den séú mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [lá deireanach den séú mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo + 1 lá].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13.12.2021

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
(2)    IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(3)    Tá an liosta le fáil ag: https://ec.europa.eu/environment/waste/rohs_eee/adaptation_en.htm .
(4)    http://rohs.exemptions.oeko.info/fileadmin/user_upload/RoHS_Pack_9/Exemption_1_f/Lighting_Europe/ 1f_LE_RoHS_Exemption_Req_Final.pdf and http://rohs.exemptions.oeko.info/fileadmin/user_upload/RoHS_Pack_9/Exemption_1_ae_/NARVA/01_02_a__2b3_4a.pdf
(5)    Tá tuarascáil deiridh an staidéir le fáil ag https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/a3fdcc8c-4273-11e6-af30-01aa75ed71a1 .
(6)    An tréimhse chomhairliúcháin: an 21 Lúnasa 2015 go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2015, http://rohs.exemptions.oeko.info .
(7)     https://rohs.exemptions.oeko.info/fileadmin/user_upload/reports/FWCW_RoHS_Lamps_ SEA_20190729_Final.pdf
(8)     https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/f44f2383-dd0a-11ea-adf7-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-146144383 , ag tosú ar leathanach 92.
(9)     https://ec.europa.eu/environment/waste/rohs_eee/studies_rohs1_en.htm .
(10)    Tá liosta de na céimeanna riaracháin is gá le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin . Is féidir féachaint ar chéim reatha an nós imeachta maidir le gach dréachtghníomh tarmligthe i gClárlann Idirinstitiúideach na nGníomhartha Tarmligthe ag https://webgate.ec.europa.eu/regdel/#/home .
(11)    IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
(12)    Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí i gcomhair feidhmeanna ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinilí polabróimínithe nó éitir défheinilí polabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).
(13)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
Top

IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1(f) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE:

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

ʻ1

Mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha nach mó (de réir an dóire):

1(f) - I

I gcomhair lampaí a cheaptar chun solas den speictream ultraivialait a astú ná: 5 mg

In éag an [Oifig na bhFoilseachán: 5 bliana tar éis fhoilsiú na Treorach Tarmligthe san Iris Oifigiúil]

1(f) - II

Sainchuspóireach: 5 mg

In éag an [Oifig na bhFoilseachán: 3 bliana tar éis fhoilsiú na Treorach Tarmligthe san Iris Oifigiúil]’

Top