Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2021)2563

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú i mótarfheithiclí agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin

C/2021/2563 final

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.    COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Cuireann córais chomhghlasála i gcás meisce feabhas ar shábháilteacht na tráchta trí thiománaithe a bhfuil tiúchan alcóil thar theorainneacha áirithe iontu a chosc ó thiomáint. Níl gairis den sórt sin éigeantach i gcás mótarfheithiclí san Aontas, ach is don mhargadh iardhíola a ceapadh iad den chuid is mó. Chun a chinntiú nach gcuirfidh siad isteach ar fheidhmíocht na feithicle agus ar shábháilteacht agus slándáil na feithicle nuair a shuiteáiltear iad, is gá go gceanglófaí ar mhonaróirí feithiclí na sonraí riachtanacha a chur ar fáil do na teicneoirí a shuiteálann córas comhghlasála i gcás meisce i ndéanamh áirithe feithicle. Éascóidh sé sin suiteáil gaireas den sórt sin go mór agus fágfaidh sé go mbeidh siad sábháilte.

Foráiltear in Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú i mótarfheithiclí chatagóir M agus chatagóir N ón 6 Iúil 2022 i gcás cineálacha nua feithiclí agus ón 7 Iúil 2024 i gcás gach feithicle nua.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún ceanglais theicniúla shonracha a leagan síos maidir le ceadú mótarfheithiclí i ndáil le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú. Déanann an Rialachán Tarmligthe seo ón gCoimisiún forlíonadh ar Rialachán (AE) 2019/2144 trí na ceanglais theicniúla cuí a leagan síos. Cuirtear d’iallach, go háirithe, ar mhonaróirí feithiclí doiciméad suiteála a sholáthar leis na sonraí is gá le haghaidh na suiteála. Na forálacha atá beartaithe, is ar chaighdeán EN 50436 atá siad bunaithe, caighdeán atá ann cheana.

Leis an Rialachán Tarmligthe seo ón gCoimisiún, leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 freisin trí thagairt don Rialachán seo a chur leis, rialachán arb é an gníomh rialála lena mbunaítear na ceanglais shonracha i ndáil le suiteáil an chórais comhghlasáil i gcás meisce a éascú i mótarfheithiclí.

2.    COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Le linn ullmhú an ghnímh seo, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le saineolaithe agus le geallsealbhóirí na mBallstát, saineolaithe agus geallsealbhóirí a dheimhnigh a dtacaíocht ghinearálta.

3.    EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Is iad Airteagal 4(6) agus Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an bunús dlí don ghníomh tarmligthe seo.

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 19.4.2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú i mótarfheithiclí agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus na leantóirí a ghabhann leo, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus le cosaint na ndaoine atá sna feithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún 2 , agus go háirithe Airteagal 4(6) agus Airteagal 6(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is éard a cheanglaítear le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go bhfeisteofar mótarfheithiclí chatagóir M agus chatagóir N le hardchórais feithicle áirithe, lena n‑áirítear suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú. In Iarscríbhinn II, leagtar síos na buncheanglais maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú sna feithiclí sin.

(2)Cuireann na córais chomhghlasála i gcás meisce feabhas ar shábháilteacht na tráchta trí dhaoine a bhfuil tiúchan alcóil thar luach teorann socraithe ina gcolainn a chosc ó mhótarfheithicil a thiomáint.

(3)Tá gá le rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais shonracha chun feithiclí a cheadú i ndáil le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú. 

(4)Sa tsraith Chaighdeán Eorpach EN 50436, sonraítear modhanna tástála agus ceanglais feidhmíochta riachtanacha le haghaidh na gcóras comhghlasála i gcás meisce, agus tá treoir ann d’údaráis, do chinnteoirí, do cheannaitheoirí agus d’úsáideoirí. Áirítear forálacha sonracha sna caighdeáin freisin, forálacha maidir le mótarfheithiclí sa tsraith sin chun suiteáil chórais chomhghlasála i gcás meisce a éascú.

(5)Is le haghaidh suiteáil iardhíola a cheaptar córais chomhghlasála i gcás meisce den chuid is mó. Chun na críche sin, bíonn siad nasctha le ciorcaid leictreacha agus rialaithe na feithicle. Níor cheart go gcuirfeadh suiteáil den sórt sin isteach ar fheidhmiú ná ar chothabháil chuí na feithicle, níor cheart go ndéanfadh sé dochar do shábháilteacht ná do shlándáil na feithicle, ach ba cheart go mbeadh sé chomh simplí agus is féidir do shuiteálaithe speisialaithe agus oilte.

(6)Dá bhrí sin, is gá ceangal a chur ar mhonaróirí feithiclí doiciméad a chur ar fáil ar a gcuid suíomhanna gréasáin ina mbeidh treoracha soiléire maidir le suiteáil na gcóras comhghlasála i gcás meisce (‘doiciméad suiteála’) chun go mbeidh na teicneoirí in ann córas comhghlasála i gcás meisce a shuiteáil i gceart i ndéanamh áirithe feithicle.

(7)Ós rud é go bhféadfadh baint a bheith ag cuid den fhaisnéis atá sa doiciméad suiteála le seirbhísí faisnéise slándála faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, níor cheart go mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil ach amháin d’oibreoirí neamhspleácha arna n‑údarú ag eintitis chreidiúnaithe i gcomhréir le Foscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 3 .

(8)Níl aon tagairt do ghníomhartha rialála maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú sa tábla ina bhfuil an liosta ceanglas in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144. Dá bhrí sin, is gá tagairt don Rialachán seo a chur isteach san Iarscríbhinn sin.

(9)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/2144 a leasú dá réir.

(10)Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/2144 ón 6 Iúil 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceanglais maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú

Maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil le suiteáil córas comhghlasála i gcás meisce a éascú, is rud é a bheidh faoi réir ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2144

Is i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 6 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19.4.2021

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.
(2)    IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.
(3)    IO L 151, 14.6.2018, lch. 1.
Top

IARSCRÍBHINN I

Ceanglais theicniúla

1.

Le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú, féadfar córas comhghlasála i gcás meisce a fheistiú nó a aisfheistiú a chomhlíonfaidh Caighdeáin Eorpacha EN 50436-1:2014 nó EN 50436-2:2014+A1:2015.

2.

Maidir leis an gcóras feithicle a mhéid a bhaineann le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú i ngach mótarfheithicil chatagóir M agus chatagóir N, beidh sé i gcomhréir leis an ndéanamh feithicle ábhartha arna leagan síos i ndoiciméad suiteála an chórais comhghlasála i gcás meisce (‘doiciméad suiteála’) a chomhlíonfaidh Caighdeán Eorpach EN 50436-7:2016. Chun na críche seo, cumhdóidh an doiciméad suiteála ar a laghad ceann amháin de na roghanna atá in EN 50436-7:2016 Iarscríbhinn C 3a, 3b nó 3c. Féadfaidh an monaróir feithicle an doiciméad suiteála a sholáthar, doiciméad a chomhlíonfaidh athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar an gCaighdeán Eorpach, i gcomhaontú leis an údarás formheasa agus leis an tseirbhís theicniúil.

3.

Doiciméad suiteála

3.1.

Beidh tuairisc mhionsonraithe, léaráidí agus íomhánna lena dtugtar míniú ar shuiteáil córas comhghlasála i gcás meisce sa dhoiciméad suiteála, doiciméad lena gcumhdaítear aon cheann de na tacair faisnéise seo a leanas:

(a)an fhaisnéis maidir le fotha ceallra, talmhú, réiteach na feithicle agus cumasóir tosaithe;

(b) an fhaisnéis maidir le fotha ceallra, talmhú, réiteach na feithicle agus líne ionchuir agus aschuir a cheadaíonn tosú nó a dhéanann é a chosc, agus brath roghnach acmhainn tiomána (e.g. feidhmiú an innill) nó líne comhartha feithicle atá faoi ghluaiseacht; nó

(c)an fhaisnéis maidir le fotha ceallra, talmhú agus nasc an bhus sonraí leis an ríomhaire.

3.2.

Aithneofar aon bhogearra, crua-earraí nó nós imeachta breise is gá chun suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce i bhfeithicil chaighdeánach a cheadú, agus sonrófar é sa dhoiciméad suiteála.

3.3.

An gnathshocrú ar an gcóras comhghlasála i gcás meisce, is é an socrú é a chuireann bac ar an tiomáint. Bainfear amach socrú ar an gcóras comhghlasála i gcás meisce, is é an é socrú é a chuireann bac ar an tiomáint, trí athsheachadán aschuir oscailte, comhartha aschuir comhfhreagrach nó trí theachtaireacht an bhus dhigitigh chomhfhreagraigh. Beidh dúnadh an athsheachadáin seo nó athrú an chomhartha aschuir bhacainneach ina chomhartha aschuir neamhbhacainneach ón teachtaireacht bus sonraí neamhbhacainneach comhfhreagrach nuair a ghlactar le sampla anála a bhfuil tiúchan alcóil ann atá faoin teorainn a bhí socraithe roimh ré.

3.4.

Ní dhéanfaidh córas comhghlasála i gcás meisce atá suiteáilte idirdhealú ach amháin i bpróiseas tosaithe an innill nó maidir le ligint don fheithicil gluaiseacht faoina cumhacht féin tar éis gníomhú máistirlasc rialaithe na feithicle agus ní bheidh tionchar ag an gcóras comhghlasála i gcás meisce ar inneall atá ag feidhmiú nó ar fheithicil atá faoi ghluaiseacht.

4.

Rochtain ar fhaisnéis maidir le córas comhghlasála i gcás meisce a éascú

4.1.

Cuirfidh monaróirí feithicle na socruithe agus na nósanna imeachta is gá i bhfeidhm lena n‑áirithítear go bhfuil fáil ar fhaisnéis suiteála an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú, i bhfoirm na sonraí ábhartha den doiciméad suiteála caighdeánach, i gcomhréir le hIarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. Ós rud é go bhféadfadh baint a bheith ag cuid den fhaisnéis le seirbhísí faisnéise slándála faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, tá rochtain ar fhaisnéis éascaithe na gcóras comhghlasála i gcás meisce srianta d’oibreoirí neamhspleácha a chomhlíonann an nós imeachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn 3 a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin.

5.

Cuirfidh an monaróir feithicle dearbhú in iarscríbhinn sa doiciméad suiteála trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.



Foscríbhinn

 
Dearbhú an mhonaróra

(Monaróir):

...............................................................................................................................................

(Seoladh an mhonaróra):

..............................................................................................................................................

lena ndeimhnítear

Tugann sé rochtain ar dhoiciméad suiteála an chórais comhghlasála i gcás meisce i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) .../... ón gCoimisiún (1) [PO: an Rialachán seo] maidir leis an déanamh agus leis an gcineál feithicle seo a leanas: …

Liostaítear an/na príomhshuíomh(anna) gréasáin, áit ar féidir doiciméad suiteála an chórais comhghlasála i gcás meisce a rochtain, in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an dearbhú seo. Leagtar amach sonraí teagmhála ionadaí an mhonaróra fhreagraigh a shínigh an dearbhú seo in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an dearbhú seo.

Arna dhéanamh i/sa …[Ionad]

An …[Dáta]

[Síniú] [Post][]

Iarscríbhinn A: suíomh(anna) gréasáin

Iarscríbhinn B: sonraí teagmhála

___________

(1) [PO: cuir isteach teideal iomlán agus tagairt don IO.]

IARSCRÍBHINN II

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2144

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró maidir le ceanglas E1:

‘E1 Suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/... ón gCoimisiún (*)

B

B

B

B

B

B

___________________

(*) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/[... - uimhir agus teideal iomlán/tagairt don IO le cur isteach sula bhfoilseofar é] ón gCoimisiún’.

Top