|
GLAO AR FHIANAISE LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair) |
|
|
Teideal an tionscnaimh |
Rialacha maidir le táirgeadh orgánach – leasú spriocdhírithe (Rialachán (AE) 2018/848) |
|
Príomh-AS – an taonad atá freagrach |
Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe – Aonad B.4 – Ábhair orgánacha |
|
An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann |
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE |
|
Amchlár táscach |
R4 2025 |
|
Eolas breise |
Feirmeoireacht orgánach – An Coimisiún Eorpach |
|
Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh. |
|
|
A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta |
|
An comhthéacs polaitiúil |
|
Is cuid lárnach de Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) an Aontais Eorpaigh (AE) í an fheirmeoireacht orgánach. Agus sainmhíniú uirthi ar leibhéal an Aontais ó bhí 1992 ann, tá sciar na talún a shaothraítear go horgánach ag fás go seasta go 11 % sa lá atá inniu ann. Tá méadú ag teacht ar líon na dtomhaltóirí a cheannaíonn bia orgánach, bia atá inaitheanta a bhuí le lógó de chuid an Aontais agus lipéad coiteann. Chun an earnáil orgánach a chur chun cinn, chomh maith le tacaíocht airgeadais a thabhairt don earnáil trí CBT, tá Plean Gníomhaíochta an Aontais um Tháirgeadh Orgánach a Fhorbairt curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún, rud a spreag na Ballstáit chun a straitéisí feirmeoireachta orgánaí náisiúnta féin a fhorbairt. Le déanaí, cuireadh béim bhreise ar phríomhról na feirmeoireachta orgánaí san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia ón gCoimisiún, a glacadh in 2025, lena n‑athdhearbhaítear freisin a thábhachtaí atá sé leanúint de thacaíocht a thabhairt don earnáil sin faoi CBT. Rialaítear táirgeadh agus lipéadú táirgí orgánacha le Rialachán (AE) 2018/848, lena mbunaítear na rialacha mionsonraithe atá mar bhonn taca faoin táirgeadh orgánach mar an caighdeán is airde de tháirgeadh talmhaíochta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san Aontas. Leagtar amach ardchaighdeáin sa rialachán sin maidir le táirgeadh orgánach san Aontas agus ní mór na caighdeáin sin a choinneáil ar bun. Mar sin féin, chun fás agus iomaíochas na hearnála orgánaí a éascú, agus i gcomhréir leis an gcuspóir an creat rialála a dhéanann difear d’fheirmeoirí agus don slabhra luacha agraibhia ina iomláine a shimpliú mar a chuirtear i dtábhacht san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia, tá sé ríthábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar líon teoranta gnéithe den reachtaíocht atá ann cheana. |
|
An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi |
|
Chun táirgeadh orgánach an Aontais a dhéanamh níos iomaíche agus chun rialacha cobhsaí a chinntiú maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha, is gá coigeartú spriocdhírithe a dhéanamh ar na forálacha don earnáil atá i bhfeidhm ó 2022 (faoi Rialachán (AE) 2018/848) chun creat rialála a chruthú atá níos éifeachtúla agus níos éasca a chur chun feidhme. Ar an gcéad dul síos, tá sé tábhachtach soiléireacht agus cinnteacht a sholáthar d’oibreoirí maidir leis na rialacha atá i bhfeidhm i dtaca le hallmhairiú táirgí orgánacha faoin scéim coibhéise tar éis Chás cúirte Herbaria II. Tá gá leis sin freisin chun a chinntiú go gcuirfidh lógó orgánach an Aontais tomhaltóirí ar an eolas go hiontaofa faoi na rialacha agus faoin modh táirgthe le haghaidh táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Ar an dara dul síos, tá sé tábhachtach aon chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ar thrádáil táirgí orgánacha le 11 thír choibhéiseacha nach Ballstáit den Aontas iad a sheachaint, tíortha a rachaidh an sprioc-am aitheantais atá acu in éag an 31 Nollaig 2026. Go deimhin, ní mór scor na gcóras aitheantais faoi seach a mbaineann earnáil orgánach iomlán an Aontais tairbhe astu a sheachaint trí shíneadh a chur leis an sprioc-am sin. Ar deireadh, cé go n‑aithnítear go gcuireann Rialachán (AE) 2018/848 bonn fónta ar fáil d’earnáil orgánach iontaofa atá ag fás san Aontas, chuir na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara in iúl go mion minic go bhfuil castacht áirithe nach bhfuil gá léi ag baint leis an gcreat rialála atá ann faoi láthair. Ach deireadh a chur leis na castachtaí sin ar bhealach spriocdhírithe, tá sé i gceist táirgeadh orgánach an Aontais a dhéanamh níos iomaíche agus an t‑ualach rialála a laghdú. Sainaithníodh castachtaí cheana féin i ndáil leis an méid seo a leanas: ·rialacha maidir le táirgeadh beostoic i ndáil le gearga, maidir leis an tréimhse aistarraingthe tar éis cóireáil íocshláinte tréidliachta allapatach, maidir le tithe éanlaithe clóis lena ramhrú agus maidir le rochtain ar limistéir faoin aer d’éanlaith chlóis go dtí aois áirithe; ·maidir le táirgí agus substaintí le haghaidh glantacháin agus maidir le díghalrú i saoráidí próiseála agus stórála; ·agus maidir le critéir incháilitheachta le haghaidh grúpaí oibreoirí agus díoltóirí beaga táirgí orgánacha neamhphacáilte. |
|
An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta) |
|
Bunús dlí |
|
Is é Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá ag an gCoimisiún chun togra a thíolacadh le haghaidh an leasaithe seo ar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de bhun a chirt tionscnaimh mar a leagtar síos in Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
|
An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE |
|
Bunaítear na rialacha lena rialaítear táirgeadh agus lipéadú orgánach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi inniúlacht chomhroinnte idir an tAontas agus a Bhallstáit. Tá scéim orgánach aontaithe ar fud an Aontais ríthábhachtach d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh aonair, cinntítear léi rochtain thomhaltóirí na hEorpa ar fhíorbhianna orgánacha a tháirgtear ar fud an Aontais de réir na gcaighdeán céanna agus cuireann sí ar a chumas don Aontas comhsheasamh a ghlacadh sa chaibidlíocht trádála. Éilíonn cuspóirí Rialachán (AE) 2018/848 go mbeadh cur chuige comhchuibhithe de chuid an Aontais ann, rud atá níos éifeachtaí ná 27 scéim náisiúnta. Mar a luaitear in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is maith is féidir leis an Aontas creat aontaithe den sórt sin a chur ar fáil. Cinnteofar leis sin cothrom iomaíochta d’oibreoirí, éascófar saorghluaiseacht táirgí orgánacha, agus neartófar seasamh an Aontais sa trádáil idirnáisiúnta. |
|
B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í |
|
Is é is aidhm don tionscnamh cinnteacht a sholáthar maidir le hearraí orgánacha a allmhairítear faoin scéim coibhéise, rud a chinnteoidh rialacha soiléire maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus muinín as lógó orgánach an Aontais. Beidh sé d’aidhm ag na leasuithe spriocdhírithe deireadh a chur le hualaí nach bhfuil gá leo agus roinnt rialacha táirgthe atá róshriantach a shimpliú i ndáil leis na réimsí seo a leanas, mar shampla: réimsí a bhaineann le táirgeadh beostoic, saoráidí próiseála agus stórála a ghlanadh agus a dhíghalrú, comhdhéanamh grúpaí oibreoirí agus rialacha do dhíoltóirí beaga a leagtar amach thuas. Féachann an tionscnamh le caighdeáin an-ard fheirmeoireacht orgánach an Aontais a choinneáil ar bun trína forbairt a spreagadh. |
|
Na tionchair is dócha a bheidh ann |
|
Meastar go mbeidh tionchar spriocdhírithe ag an tionscnamh ar an earnáil orgánach, rud a rachaidh chun tairbhe d’fheirmeoirí, do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí. Chomh maith leis an gcinnteacht is gá a sholáthar le haghaidh earraí orgánacha a allmhairítear faoi scéimeanna coibhéise agus síneadh a chur leis an sprioc-am chun aitheantas a thabhairt do thíortha coibhéiseacha nach Ballstáit den Aontas iad, meastar go rachaidh an tionscnamh chun tairbhe don earnáil orgánach agus go laghdóidh sé costais, chomh maith leis an ualach riaracháin a laghdú. Féadfaidh an tionscnamh infheistíochtaí a éascú freisin agus deiseanna fostaíochta a chruthú san earnáil orgánach, go háirithe i gceantair thuaithe, agus rannchuidiú le cleachtais talmhaíochta atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt. Ag an am céanna, is beag tionchar a bheidh aige ar chomhpháirtithe trádála an Aontais. Ní mheastar go mbeidh tionchair shuntasacha ag an tionscnamh seo ar chearta bunúsacha ná ar chomhionannas. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé cur leis an rochtain atá ag tomhaltóirí ar tháirgí orgánacha. Rannchuideoidh sé freisin le roinnt Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a bhaint amach, cuir i gcás SFI 2: Díothú an Ocrais, SFI 8: Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch, SFI 12: Patrún Freagrach Tomhaltais agus Táirgeachta, agus SFI 13: Gníomhaíocht ar son na hAeráide. |
|
An faireachán a dhéanfar amach anseo |
|
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn na hearnála agus ar fhorbairtí san earnáil i ndáil leis na leasuithe spriocdhírithe ina chruinnithe rialta leis na Ballstáit agus le hionadaithe na bpáirtithe leasmhara (an Grúpa Saineolaithe agus an Grúpa Idirphlé Shibhialta maidir leis an táirgeadh orgánach). I ndáil le coibhéisí le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag cinntiú go ndéanfar maoirseacht iomchuí orthu mar a leagtar amach cheana féin in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/848. |
|
C. Rialáil níos fearr |
|
Measúnú tionchair |
|
Ós rud é go bhfuil géarghá le beart a dhéanamh, foilseofar Doiciméad Inmheánach Oibre agus beidh sé ag gabháil leis an togra. Tabharfar tuairisc sa doiciméad seo ar na bearta atá beartaithe agus ar a dtionchar agus cuirfear i láthair ann an fhianaise lena dtugtar údar leis na bearta bunaithe ar an aiseolas fairsing a bailíodh trí chomhairliúcháin spriocdhírithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, agus ar an aiseolas maidir leis an nglao seo ar fhianaise. Beidh na bearta atá beartaithe spriocdhírithe agus ní athróidh siad feidhmiú foriomlán na reachtaíochta ná ní dhéanfaidh siad difear do chuspóirí na reachtaíochta orgánaí ná do chuspóirí CBT. Cinntítear leis an gcur chuige sin próiseas cinnteoireachta comhréireach agus éifeachtúil, agus trédhearcacht agus cuntasacht á soláthar ag an am céanna. |
|
An straitéis chomhairliúcháin |
|
Déanann an Coimisiún faisnéis a mhalartú go rialta leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara agus bailíonn sé a dtuairimí freisin maidir le gnéithe a d’fhéadfaí a athrú sa reachtaíocht orgánach. Thug an tArdán ‘Réidh don Todhchaí’ (Fit for Future – F4F) tuairim uaidh freisin in 2024 maidir leis an reachtaíocht orgánach a shimpliú. Mar obair leantach, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit (an Grúpa Saineolaithe maidir le Táirgeadh Orgánach (GREX)) agus le páirtithe leasmhara (an Grúpa Idirphlé Sibhialta maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach (CDG)) in R1-R2 2025 maidir leis an ábhar sin, chun aiseolas praiticiúil a fháil. An 24 Meán Fómhair 2025, tionóladh cruinniú comhcheangailte GREX-CDG chun tástáil struis a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2018/848. Tá sé beartaithe idirphlé cur chun feidhme a dhéanamh maidir leis an mbeartas orgánach, faoi chathaoirleacht an Choimisinéara um Thalmhaíocht agus Bia Christophe Hansen, i mí na Samhna 2025. Ar deireadh, rinneadh comhairliúcháin leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach freisin. Dhírigh siad sin ar ghnéithe den fheirmeoireacht orgánach a shimpliú i gcomhthéacs an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT). Tá an tionscnamh seo bunaithe ar ábharthacht, comhréireacht agus oiriúnacht don fheidhm. Iarrtar ar fhreagróirí an ghlao seo ar fhianaise faisnéis fhíorasach agus fianaise dhoiciméadach (cainníochtúil nó cáilíochtúil) a chomhroinnt maidir leis an laghdú ualaigh agus maidir leis na costais agus na tairbhí a thomhas i ndáil leis na gnéithe a luaitear thuas. Iarrtar orthu freisin a dtuairimí a chur in iúl maidir le gnéithe eile den chreat reachtach orgánach a d’fhéadfaí a shimpliú. Déanfar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin uile, agus freagraí ar an nglao seo ar fhianaise san áireamh, a chomhdhlúthú sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra dlí ón gCoimisiún. |