Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document Ares(2025)1574756

Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on the European Internal Security Strategy

GLAO AR FHIANAISE

LE hAGHAIDH TIONSCNAIMH (gan measúnú tionchair)

Teideal an tionscnaimh

An Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach

Príomh‑AS – an t‑aonad atá freagrach

DG HOME.D5

An cineál tionscnaimh is dócha a bheidh ann

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

Amchlár táscach

Q1 2025

Eolas breise

-

Is ar mhaithe le heolas a thabhairt atá an doiciméad seo ann, agus ar mhaithe leis sin amháin. Tá sé gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choimisiúin faoi leanúint ar aghaidh leis an tionscnamh seo nó faoin ábhar a bheidh ann ar deireadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar aon ghné den tionscnamh a bhfuil tuairisc air sa doiciméad seo, an t‑amchlár san áireamh.

A. An comhthéacs polaitiúil, sainiú na faidhbe agus seiceáil coimhdeachta

An comhthéacs polaitiúil

Mar thoradh ar bhlianta fada comhair agus lánpháirtithe, cruthaíodh Aontas Eorpach láidir ina bhfuil sochaí shaor, oscailte agus dhaonlathach atá bunaithe ar an smacht reachta, agus ina bhfuil margadh rathúil aonair an Aontais. Mar sin féin, tá dúshláin gheopholaitiúla nua phráinneacha roimh an Eoraip sa lá atá inniu ann — agus tá réimse mór bagairtí slándála ón gcoireacht eagraithe, ón sceimhlitheoireacht, agus ó ghníomhairí naimhdeacha stáit agus neamhstáit. Ina theannta sin, de réir mar a athraíonn sochaithe ar bhonn níos tapúla agus de réir mar a éiríonn siad níos casta, méadaíonn castacht na mbagairtí slándála chomh maith: i gcás gach nuála teicneolaíochta, bíonn an dream ann a bhainfeadh leas aisti chun críoch mailíseach.

Leis an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, tionscnamh a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen sna Treoirlínte Polaitiúla 1 don Choimisiún nua, leagfar amach freagairt chuimsitheach ón Aontas lena gcumhdófar gach bagairt ar an tslándáil inmheánach, ar líne agus as líne. Áiritheofar léi go ndéanfar saincheisteanna slándála a phríomhshruthú i reachtaíocht agus beartais an Aontais. Leis an Straitéis seo, cuirfear le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála 2020-2025 agus comhlánófar léi tionscnaimh eile de chuid an Choimisiúin, go háirithe an Straitéis um Aontas na hUllmhachta, an Páipéar Bán maidir leis an gCosaint agus an Sciath don Daonlathas.

An fhadhb arb aidhm don tionscnamh dul i ngleic léi

Le linn théarma oifige an Choimisiúin roimhe seo (2019-2024), le Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála, cuireadh creat láidir ar fáil chun neart a chur le hinniúlacht an Aontais chun déileáil le bagairtí. D’fhág sé sin go raibh an tAontas ní b’ullmhaithe aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála ná mar a bhí sé nuair a glacadh an straitéis.

Mar sin féin, mar a taispeánadh sa tuarascáil ar dhul chun cinn a glacadh i Mí na Bealtaine 2024 2 , tá athruithe doimhne buana tagtha ar an gcomhthéacs geopholaitiúil, eacnamaíoch agus slándála san Aontas agus sna ceantair máguaird. Ní mór don Aontas a bheith réidh bagairtí isteach a réamhmheas agus a chomhrac laistigh de chomhthéacs geopholaitiúil atá ag síorathrú. Feidhmíonn líonraí coiriúla, antoiscigh fhoréigneacha, sceimhlitheoirí agus gníomhairí naimhdeacha go hidirnáisiúnta agus freastalaíonn siad an saol digiteach agus an saol fisiceach araon go héasca. Baineann siad úsáid as ábhair chasaoide shóisialta agus neamhionannais eacnamaíocha chun tairbhe dóibh féin, agus líonraí coiriúla ag baint úsáid as an bhforéigean míchuibheasach chun brabúis a mhéadú agus as an éilliú chun dul i gcion ar institiúidí poiblí, ar phobail áitiúla agus ar an ngeilleagar dleathach. Leis sin, baintear an bonn ó mhuinín na ndaoine as institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta. Tá rabharta idé-eolaíochtaí nua hibrideacha agus antoiscigh atá in aghaidh an chórais agus in aghaidh an rialtais tagtha chun cinn a bhfuil sé d’aidhm acu an tord dlíthiúil daonlathach a iompar bunoscionn, taobh le méadú ar bhagairtí sceimhlitheoireachta tar éis teannais agus coinbhleachtaí geopholaitiúla idirnáisiúnta.

Bíonn tionchar mór ag forbairtí domhanda ar an tslándáil inmheánach. Bíonn ar an Aontas Eorpach déileáil le héifeachtaí seach‑iarmharta a eascraíonn as dinimicí cumhachta geopholaitiúla agus míshocracht sheachtrach – san Úcráin tar éis chogadh foghach na Rúise, sa Mheánoirthear agus sa réigiún Fo-Shahárach. Tá tionchar ar shlándáil an Aontais freisin ag a spleáchas ar thíortha nach Ballstáit den Aontas iad le haghaidh an fhuinnimh, na teicneolaíochta agus TF, agus trealamh teileachumarsáide, mar shampla. Sa timpeallacht dhúshlánach seo, tá bagairtí hibrideacha roimh an Aontas ó ghníomhairí stáit agus neamhstáit araon (rialtais agus gníomhairí eile). Is é an bonneagar criticiúil, lena gcuimsítear eangacha fuinnimh agus córais iompair, atá mar sprioc ag na cibirionsaithe agus an tsabaitéireacht, a nochtann leochaileachtaí maidir le soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha agus a imríonn tionchar tromchúiseach ar shlándáil eacnamaíoch an Aontais.

Ina theannta sin, tá an teicneolaíocht dhigiteach tagtha chun cinn mar chuid bhunúsach de gach gné de chúrsaí slándála, agus tá cibireilimintí san áireamh i bhformhór na mbagairtí slándála, mar aon le bréagaisnéis atá dírithe ar easaontas, polarú agus mímhuinín i rialtais agus institiúidí Eorpacha a mhéadú. Ar deireadh, is minic nach mbíonn na huirlisí cuí ag údaráis forfheidhmithe dlí chun imscrúdú a dhéanamh ar shreafaí airgeadais aindleathacha agus ar ionsaithe atá i mbun a n‑ullmhaithe, ná chun cur isteach ar líonraí coiriúla náisiúnta agus trasnáisiúnta atá ag iarraidh rochtain a fháil ar na sonraí a theastaíonn ó na húdaráis. Dá bharr sin, is gá sásraí comhair trasteorann agus idirnáisiúnta a neartú chun go mbeidh na Ballstáit in ann dul i ngleic go héifeachtach leis an gcoireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht.

An bunús atá le gníomhaíocht AE (bunús dlí agus seiceáil coimhdeachta)

An bunús dlí

Na forálacha lena gcumhdaítear gníomhaíocht an Aontais níos leithne i dTeideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, is iad sin an bunús dlí substainteach atá leis an tionscnamh.

Is ar an mbunús dlí seo a leanas a bhunaítear rannpháirtíocht le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad maidir leis an tionscnamh:

·comhbheartas eachtrach agus slándála/comhbheartas slándála agus cosanta: CFAE Airteagail 42-43;

·caidreamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad: CFAE, go háirithe Airteagal 220;

·idirphlé slándála: An Conradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 27(2).

Ní mholtar leis an teachtaireacht neamhreachtach seo aon leathnú ar chumhachtaí rialála an Aontais ná aon cheanglas ceangailteach ar na Ballstáit ach tá sé d’aidhm aige gníomhaíochtaí na mBallstát sa réimse beartais sin a chomhlánú agus tacú leo.

An gá praiticiúil atá le gníomhaíocht AE

Nuair a chuirtear san áireamh an timpeallacht idirnasctha dhomhanda ina bhfeidhmíonn líonraí coiriúla, sceimhlitheoirí, grúpaí antoisceacha agus gníomhairí stáit agus neamhstáit, laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon, chomh maith le bagairtí ar an tslándáil, ar an tsábháilteacht, ar an tsochaí agus ar an smacht reachta san Aontas, ní leor í an ghníomhaíocht atá ann cheana ó na Ballstáit agus ón Aontas, maidir leis an tsaoirse, an tslándáil agus an ceartas. Tá gá le tuilleadh gníomhaíochtaí tábhachtacha chun slándáil inmheánach an Aontais a chosaint i láthair na huaire agus amach anseo, agus chun limistéar comhchoiteann saoirse, slándála agus ceartais a choinneáil ar bun atá ag teacht le hinniúlachtaí roinnte an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát.

I bhfianaise an naisc láidir idir gnéithe inmheánacha agus seachtracha an bheartais slándála agus ós rud é go bhfuil bagairtí slándála ann ar fud chríocha na hEorpa agus lasmuigh díobh, táthar ag súil go gcuirfidh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais breisluach inbhraite le gníomhaíocht a dhéanann na Ballstáit astu féin.

B. Aidhm an tionscnaimh agus conas a chuirfear i gcrích í

Leis an tionscnamh, táthar ag súil le plean cuimsitheach uileghabhálach a chur ar fáil chun slándáil inmheánach an Aontais a neartú agus chun gníomhaíochtaí shonracha a fhógairt atá le déanamh le linn théarma oifige an Choimisiúin seo. Leagfar béim sa Straitéis freisin ar an méid atá bainte amach ag an Aontas cheana chun a shlándáil a chosaint, agus an chaoi a gcuirfidh an tAontas leis an méid sin trí ghníomhaíochtaí oibriúcháin agus bearta reachtacha.

Leis an Straitéis seo, féachfar le cúrsaí slándála a phríomhshruthú i mbeartais, reachtaíocht agus cláir an Aontais, agus í dírithe ar an méid seo a leanas:

·an cumas chun bagairtí a réamh‑mheas agus chun gníomhú ina gcoinne;

·an gá atá le díobháil a chosc agus le daoine a chosaint;

·an gá atá le gníomhaíocht ar gach leibhéal (ón leibhéal domhanda go dtí an réimse áitiúil); agus

·an gá atá lena chinntiú go dtéann comhar idirnáisiúnta chun tairbhe do shlándáil inmheánach an Aontais.

Leis an Straitéis seo, féachfar freisin le gach páirtí leasmhar ar féidir leis cur leis an slándáil inmheánach i gcomhthéacs cur chuige uile-shochaí a thabhairt isteach sa phróiseas, ina measc sin comhpháirtithe san earnáil phríobháideach agus sa tsochaí shibhialta.

I dtéarmaí nithiúla, neartófar ollstruchtúr shlándáil inmheánach an Aontais leis an Straitéis, gníomh a theastóidh méadú san acmhainn oibríochtúil, le Europol agus Frontex araon a leathnú, mar aon le plé maidir le ról Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

Thairis sin, beidh ról suntasach ag teicneolaíochtaí digiteacha sa Straitéis. Cuimsítear leis sin, bearta a mheas maidir le rochtain ar shonraí le haghaidh údaráis forfheidhmithe dlí agus coinneáil sonraí, an comhrac in aghaidh cibearchoireachta agus ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, agus borradh a chur faoin gcomhar le hardán teicneolaíochta trí Fhóram Idirlín an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, le teicneolaíochtaí digiteacha agus leis an intleacht shaorga, cuirtear deiseanna nach beag ar fáil chun feabhas a chur ar chumais forfheidhmithe dlí agus chun dul i ngleic go héifeachtach le bagairtí atá ag síorathrú.

Mar chuid den Straitéis, fógróidh an Coimisiún clár oibre nua de chuid an Aontais maidir leis an sceimhlitheoireacht agus antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac, lena gcuimsítear maoiniú na sceimhlitheoireachta agus beartas neartaithe maidir leis an radacú a chosc.

Fógróidh sé plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh gáinneáil ar dhrugaí agus an méid a dhéanfaidh sé amach anseo chun na rialacha maidir leis an gcoireacht eagraithe a athbhreithniú agus chun an gad a theannadh ar líonraí coiriúla.

Chun an ullmhacht a neartú, fógróidh Córas Cumarsáide Criticiúla de chuid an Aontais, chun comhar oibríochtúil laethúil i measc céadfhreagróirí a fheabhsú, mar shampla, i measc póilíní nó comhraiceoirí dóiteán agus iad ag comhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta agus ag sábháil beatha daoine i gcásanna éigeandála.

Ar deireadh, leagfar béim sa Straitéis ar an ngá atá le creat dlíthiúil an Aontais a neartú chun dul i ngleic le dúshláin slándála agus bagairtí hibrideacha atá trasnach, bainistiú teorainneacha, sabaitéireacht agus spiaireacht san áireamh.

Na tionchair is dócha a bheidh ann

Leis na gníomhaíochtaí a fhógrófar sa Straitéis, cuirfear na huirlisí is gá ar fáil d’institiúidí poiblí, údaráis forfheidhmithe dlí, an bhreithiúnacht, agus gníomhairí poiblí agus príobháideacha, chun bagairtí slándála ón gcoireacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht, agus gníomhairí naimhdeacha stáit agus neamhstáit a chosc, a fhreagairt, agus iad féin a chosaint orthu. Cuirfear breis tacaíochta ar fáil léi chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha agus iad ag imscrúdú, ag ionchúiseamh agus ag breithniú na coireachta eagraithe tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta, rud a chinnteoidh cuntasacht agus ceartas ar son na n‑íospartach.

Tríd an tionscnamh, cuirfear le comhlíonadh Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an tsíocháin, an ceartas agus institiúidí láidre, ós rud é go bhfuil sé mar aidhm aige sábháilteacht phoiblí a mhéadú agus an smacht reachta a chumhdach, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha.

An faireachán a dhéanfar amach anseo

Déanfar measúnú agus faireachán ar na tionscnaimh sa Straitéis um an tSlándáil Inmheánach ceann ar cheann.

C. Rialáil níos fearr

Measúnú tionchair

Teachtaireacht is ea an tionscnamh seo agus leagfar amach inti cur chuige ginearálta beartais gan gníomhaíocht reachtach shonrach a chuimsiú inti

An straitéis chomhairliúcháin

I gcás an tionscnaimh seo, iarrann an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha, san Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin, tuairimí agus ionchur a chur ar fáil tríd an nglao seo ar fhianaise. Breathnófar leis an tionscnamh ar thorthaí ó staidéir agus ó thuarascálacha, agus ar an dul chun cinn a rinneadh faoi dhoiciméid straitéiseacha de chuid an Aontais a bhí ann roimhe seo maidir le beartas slándála.

Ar na príomhpháirtithe leasmhara a rachfar i gcomhairle leo, tá:

·Údaráis forfheidhmithe dlí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena gcuimsítear údaráis chánach agus teorann, údaráis bhreithiúnacha, údaráis agus institiúidí poiblí agus comhlachtaí atá freagrach as an gcomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí eagraithe, na sceimhlitheoireachta agus an radacaithe agus as an tslándáil teorann agus an chibearshlándáil a chinntiú;

·eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

·an lucht acadúil;

·agus cuideachtaí príobháideacha, ardáin ar líne san áireamh.

Beifear ag súil le hionchur ó phríomhpháirtithe idirnáisiúnta, cuir i gcás, na Náisiúin Aontaithe, INTERPOL, an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais agus Comhairle na hEorpa.

(1) ‘Rogha na hEorpa: treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024 - 2029’, e6cd4328-673c-4e7a-8683-f63ffb2cf648_en .
(2) COM(2024) 198 final.
Top