This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0152
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/152 of 22 January 2026 amending Implementing Regulation (EU) 2018/2019 as regards certain plants for planting of Berberis thunbergii originating in the United Kingdom, and amending Implementing Regulation (EU) 2020/1213 as regards the phytosanitary measures for the introduction of those plants for planting into the Union territory and correcting Implementing Regulation (EU) 2020/1213 as regards certain plants for planting of Alnus cordata, Alnus glutinosa and Alnus incana originating in the United Kingdom
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/152 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Berberis thunbergii le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/152 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Berberis thunbergii le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe
C/2026/323
IO L, 2026/152, 23.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/152/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32018R2019 | Athchur | iarscríbhinn pointe 1 colún tábla 2 Téacs | 12/02/2026 | |
| Modifies | 32020R1213 | Scriosadh | iarscríbhinn tábla Téacs | 12/02/2026 | |
| Modifies | 32020R1213 | Cur le | iarscríbhinn tábla Téacs | 12/02/2026 | |
| Modifies | 32020R1213 | Athchur | iarscríbhinn tábla colún tábla 1 Téacs | 12/02/2026 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/152 |
23.1.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/152 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Eanáir 2026
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Berberis thunbergii le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha in aghaidh lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo. |
|
(2) |
Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, cuireadh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha ar an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 go sealadach mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Tá an géineas Berberis L. ar an liosta sin. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach gcuimsítear go fóill sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go gcuimseofaí iad sa liosta sin tar éis measúnú riosca iomlán breise. |
|
(4) |
An 20 Deireadh Fómhair 2023, chuir an Ríocht Aontaithe (5) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le plandaí Berberis thunbergii le haghaidh plandú atá suas le 3 bliana d’aois, iad fréamhlom agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, agus plandaí Berberis thunbergii le haghaidh plandú atá suas le 4 bliana d’aois, iad i ndamhnaí fáis agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (‘na plandaí ábhartha’), a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh na sainchomhaid theicniúla ábhartha isteach leis an iarraidh sin. |
|
(5) |
An 22 Bealtaine 2025 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir le measúnú riosca na bplandaí ábhartha (6). Shainaithin an tÚdarás Bemisia tabaci (daonraí Eorpacha), Phytophthora kernoviae agus Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a thuairiscítear sna sainchomhaid theicniúla agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht go mbeadh na plandaí ábhartha saor ó na lotnaidí sin. |
|
(6) |
Liostaítear Bemisia tabaci (daonraí Eorpacha) mar lotnaid choraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus liostaítear Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(7) |
Níl Phytophthora kernoviae ar an liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais go fóill. Ní mór measúnú riosca lotnaide iomlán a chur ar fáil chun a chinneadh an bhfuil an lotnaid le liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an bhfuil na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, chomh maith leis na ceanglais shonracha ábhartha, le liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin mar thoradh air sin. |
|
(8) |
Ar bhonn na tuairime ón Údarás, meastar go laghdaítear an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis na plandaí lena mbaineann a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais go dtí leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin. Dá thoradh sin, plandaí Berberis thunbergii plandú atá suas le 3 bliana d’aois, iad fréamhlom agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, agus plandaí Berberis thunbergii le haghaidh plandú atá suas le 4 bliana d’aois, iad i ndamhnaí fáis agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, níor cheart iad a mheas mar phlandaí ardriosca a thuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart iad a bhaint den liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sna sainchomhaid, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a eascraíonn as na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a ghlacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais a áirithiú. |
|
(11) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1088 ón gCoimisiún (7), leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana le haghaidh plandú ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad, agus leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais. |
|
(12) |
Leis an leasú sin, san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, Alnus Mill. seachas beangán nódaithe as Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana atá suas le 2 bhliain d’aois, nach mó ná 12 mm an trastomhas acu, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus plandaí Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, agus atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, liostaíodh iad go hearráideach mar phlandaí faoi réir beart a mbaineann le Phytophthora siskiyouensis. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart foclaíocht an leasaithe ar an liosta a cheartú ionas nach gcumhdófar ach beangán nódaithe as Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana atá suas le 2 bhliain d’aois, nach mó ná 12 mm an trastomhas acu, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus plandaí Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, agus atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, mar phlandaí faoi réir beart a mbaineann le Phytophthora siskiyouensis, ós rud é go raibh na plandaí sin faoi réir an tsainchomhaid ábhartha arna chur isteach ag an Ríocht Aontaithe. |
|
(14) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, áiríodh an iontráil a bhaineann le Cornus alba agus Cornus sanguinea de thionscnamh na Ríochta Aontaithe go hearráideach roimh an iontráil a bhaineann le Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus, dá bhrí sin, níl sí san ord aibítre ceart. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann le Cornus alba agus Cornus sanguinea de thionscnamh na Ríochta Aontaithe a bhogadh i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe. |
|
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2019/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 maidir leis na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1213/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(5) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha an Rialacháin seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.
(6) Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí (2025). Commodity risk assessment of Berberis thunbergii plants from the UK. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9496.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1088 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana le haghaidh plandú ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais (IO L, 2025/1088, 3.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1088/oj).
IARSCRÍBHINN I
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘ Berberis L., seachas plandaí Berberis thunbergii le haghaidh plandú atá suas le 3 bliana d’aois, i ndamhna fáis, ar airde uasta 40 cm, de thionscnamh na Tuirce.’:
" Berberis L., seachas:
|
— |
plandaí Berberis thunbergii le haghaidh plandú i ndamhna fáis, atá suas le 3 bliana d’aois agus nach mó ná 40 cm an trastomhas acu, de thionscnamh na Tuirce; |
|
— |
plandaí Berberis thunbergii le haghaidh plandú atá suas le 3 bliana d’aois, iad fréamhlom agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; |
|
— |
plandaí Berberis thunbergii le haghaidh plandú i ndamhna fáis, atá suas le 4 bliana d’aois, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’ |
IARSCRÍBHINN II
1.
Sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, sa chéad cholún, an iontráil seo a leanas:‘ Alnus Mill., seachas:
|
— |
beangán nódaithe Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana atá suas le 2 bhliain d’aois, nach mó ná 12 mm an trastomhas aige, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe |
|
— |
plandaí Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana le haghaidh plandú, atá suas le 7 mbliain d’aois, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, agus atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe’ |
cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:
‘ Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana,
|
— |
beangán nódaithe atá suas le 2 bhliain d’aois, nach mó ná 12 mm a thrastomhas; |
|
— |
plandaí atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú, iad fréamhlom, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais.’ |
2.
Sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, scriostar an ró ina bhfuil an iontráil seo a leanas:‘ Cornus alba agus Cornus sanguinea,
|
— |
plandaí le haghaidh plandú atá suas le 2 bhliain d’aois, nach mó ná 10 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; |
|
— |
plandaí le haghaidh plandú i ndamhna fáis, atá suas le 5 bliana d’aois, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; agus |
|
— |
plandaí le haghaidh plandú atá fréamhlom agus suas le 7 mbliana d’aois, agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais.’ |
3.
Sa tábla den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear isteach na rónna seo a leanas idir an iontráil ‘Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana,|
— |
beangán nódaithe atá suas le 2 bhliain d’aois, nach mó ná 12 mm a thrastomhas; |
|
— |
plandaí atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú, iad fréamhlom, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais.’ |
agus an iontráil ‘plandaí Fagus sylvatica, atá suas le 15 bliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 80 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais.’:
|
Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile |
Cód CN |
Tríú tíortha tionscnaimh |
Bearta |
||||||||||||||||||||||
|
‘Berberis thunbergii,
|
ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 ex 0602 90 47 ex 0602 90 48 |
an Ríocht Aontaithe |
|
||||||||||||||||||||||
|
Cornus alba agus Cornus sanguinea,
|
ex 0602 10 90 Cásanna práis ex 0602 90 45 Cásanna práis ex 0602 90 46 Cásanna práis ex 0602 90 48 Cásanna práis |
an Ríocht Aontaithe |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/152/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)