Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D1997

Cinneadh (AE) 2025/1997 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2025 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar, a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú

ST/12859/2025/INIT

IO L, 2025/1997, 1.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1997/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1997/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1997

1.10.2025

CINNEADH (AE) 2025/1997 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Meán Fómhair 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar, a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Shínigh an tAontas an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (1) (‘an Comhaontú’) an 29 Meitheamh 2022, agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ón dáta sin, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/1158 ón gComhairle (2). Tháinig sé i bhfeidhm an 5 Nollaig 2022.

(2)

Le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste chun maoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmiú an Chomhaontaithe i bhfianaise a chuid cuspóirí. De bhun Airteagal 7(2) den Chomhaontú, táthar leis an gComhchoiste a thionól 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá le leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin.

(3)

Le Cinneadh Uimh. 2/2023 ón gComhchoiste (3), cuireadh síneadh leis an gComhaontú go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(4)

An 20 Meitheamh 2024, shínigh an tAontas an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú (4) (‘an Comhaontú Leasaitheach’), agus tá sé á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón dáta sin, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/1876 ón gComhairle (5). Leis an gComhaontú Leasaitheach, cuireadh síneadh leis an gComhaontú go dtí an 30 Meitheamh 2025, agus an fhéidearthacht ann athnuachan intuigthe a dhéanamh air go ceann tréimhse amháin 6 mhí. Rinneadh an Comhaontú a athnuachan go hintuigthe go dtí an 31 Nollaig 2025.

(5)

Chun go leanfar leis an tairbhe a bhaineann an tAontas agus an Úcráin araon as éifeachtaí dearfacha an Chomhaontaithe, trí iompar lasta de bhóthar a éascú idir an tAontas agus an Úcráin agus tríd an Aontas agus an Úcráin agus trí tacú le feidhmiú éifeachtach na Lánaí Dlúthpháirtíochta i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ba cheart leanúint leis an gComhaontú a go dtí an 31 Márta 2027.

(6)

Le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aige, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir leis an ngá atá le leanúint leis an gComhaontú. Beidh an cinneadh sin ina cheangal ar an Aontas.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú.

(8)

Mar gheall ar ábhair imní agus éiginnteachtaí a chuir roinnt Ballstát in iúl maidir le tionchar diúltach an Chomhaontaithe, seolfaidh an Coimisiún staidéar ar thionchar an Chomhaontaithe ar thionscal an iompair de bhóthar ina bhféachfar freisin ar ábhair imní maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

(9)

Ba cheart aon leanúint bhreise den Chomhaontú a bheith faoi réir dul chun cinn sásúil arna dhéanamh maidir le reachtaíocht na hÚcráine a ailíniú le acquis an Aontais i réimse an iompair lasta de bhóthar nár trasuíodh go fóill agus ba cheart torthaí an staidéir ar thionchar an Chomhaontaithe ar thionscal an iompair de bhóthar a chur san áireamh ann.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (‘an Comhaontú’), a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Chomhchoiste mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú sa Chomhchoiste gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO L 179, 6.7.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/1158/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2022/1158 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (IO L 179, 6.7.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1158/oj).

(3)   IO L 123, 8.5.2023, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/929/oj.

(4)   IO L 2024, 1878, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1878/oj.

(5)  Cinneadh (AE) 2024/1876 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar an 29 Meitheamh 2022 (IO L, 2024/1876, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1876/oj).


DRÉACHT

CINNEADH UIMH. 3/2025 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ÚCRÁIN MAIDIR LE hIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR

an …

a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (1) agus go háirithe Airteagal 7(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (‘an Comhaontú’), cuireadh síneadh leis an gComhaontú go dtí an 30 Meitheamh 2024. An 20 Meitheamh 2024, leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin lena leasaítear an Comhaontú (2), modhnaíodh agus cuireadh síneadh breise leis an gComhaontú go dtí an 30 Meitheamh 2025, agus an fhéidearthacht ann athnuachan intuigthe a dhéanamh a dhéanamh air ar feadh tréimhse eile 6 mhí. Rinneadh an Comhaontú a athnuachan go hintuigthe go dtí an 31 Nollaig 2025.

(2)

De bhun Airteagal 7(2) den Chomhaontú, táthar leis an gComhchoiste a thionól 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá ann le leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin.

(3)

Leanann an tAontas agus an Úcráin de thairbhe a bhaint as éifeachtaí dearfacha an Chomhaontaithe, trí iompar lasta de bhóthar a éascú idir an tAontas agus an Úcráin agus tríd an Úcráin. Is tacaíocht bhunriachtanach anois é an Comhaontú do fheidhmiú éifeachtach na Lánaí Dlúthpháirtíochta.

(4)

Ba cheart leanúint leis Chomhaontaithe a thuiscint mar bheart a rannchuidíonn freisin le hatógáil na hÚcráine tar éis chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

(5)

Is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint leis an gComhaontú go dtí an 31 Márta 2027.

(6)

Seolfaidh an Coimisiún Eorpach staidéar ar thionchar an Chomhaontaithe ar thionscal an iompair de bhóthar ina bhféachfar freisin ar ábhair imní maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, atá le cur i gcrích faoin 30 Samhain 2026.

(7)

Ba cheart aon leanúint breise a bheith faoi réir dul chun cinn sásúil a bheith déanta maidir le reachtaíocht na hÚcráine a ailíniú le acquis an Aontais i réimse an iompair lasta de bhóthar faoin 30 Samhain 2026. Ba cheart ailíniú reachtaíocht na hÚcráin dea-fheidhmiú an iompair lasta de bhóthar a éascú faoin gComhaontú seo agus ba cheart é a dhéanamh i gcomhthéacs na caibidlíochta aontachais atá ar siúl faoi láthair, ar cuireadh tús léi an 14 Nollaig 2023,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leanúint leis an gComhaontú

1.   Leis seo, leantar leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar go dtí an 31 Márta 2027.

2.   Ba cheart aon fhadú breise a bheith faoi réir dul chun cinn sásúil a bheith déanta maidir le reachtaíocht na hÚcráine a ailíniú le acquis an Aontais i réimse an iompair lasta de bhóthar mar a leagtar amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in/sa …

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO AE L 179, 6.7.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/1158/oj.

(2)   IO AE L, 2024/1878, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1878/oj.

Foscríbhinn

Cinneadh Uimh. 3/2025 ón gComhchoiste

a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar

an …

a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú

Acquis AE le bheith trasuite ag an Úcráin (*1)

Bunús dlí an Aontais

Cur chun feidhme dlíthiúil

Nótaí

Clár leictreonach náisiúnta de ghnóthais iompair de bhóthar a bhunú a chomhlíonann sonraíochtaí an Aontais

Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009

Cinneadh 2009/992/AE ón gCoimisiún.

Reachtaíocht na hÚcráine

Cinneadh féideartha ón gComhchoiste maidir le mórsháruithe

 

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta

Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009

Reachtaíocht na hÚcráine

 

Coinníollacha a bhaineann le ceanglais maidir le dea-cháil

Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009

Reachtaíocht na hÚcráine

 

Feithiclí nuachláraithe san Úcráin ón 1 Iúil 2026 amach agus a oibríonn faoin gComhaontú chun tacagraf cliste leagan 2 a fheistiú orthu

Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014.

Reachtaíocht na hÚcráine

Cinneadh féideartha ón gComhchoiste

Le Cinneadh 2/2025 ón gComhchoiste, déantar formhór an acquis tacagraif a thrasuí cheana féin.

Iarfheistiú tacagraif chliste leagan 2 ar chabhlach na hÚcráine a oibríonn faoin gComhaontú agus nach bhfuil faoi réir an cheanglais a bhí ann roimhe sin

Airteagal 3(4) agus Airteagal 3(4a) de Rialachán (AE) Uimh. Uimh. 165/2014.

Reachtaíocht na hÚcráine

Le Cinneadh 2/2025 ón gComhchoiste, trasuitear formhór an acquis maidir le tacagraif cheana féin.

Cuirfear infhaighteacht agus acmhainneacht na gceardlann agus na hoiliúna pearsanra san áireamh sa mheasúnú ar an mbeart seo.

Ailíniú le forálacha an Aontais maidir le tréimhsí tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe

Airteagail 6 go 9 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 arna leasú le Rialachán (AE) 2020/1054

Reachtaíocht na hÚcráine

Ní áireofar leis sin an nasc le modúl sóisialta IMI.

Ailíniú le forálacha an Aontais maidir le hamanna oibre

Treoir 2002/15/CE

Reachtaíocht na hÚcráine

Ní áireofar leis sin an nasc le modúl sóisialta IMI.


(*1)  Chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas faoi bhráid na meithle ad hoc arna bhunú le hAirteagal 7A den Chomhaontú:

tuarascáil tosaigh maidir le stádas an chur chun feidhme faoin 30 Eanáir 2026;

measúnú ar dhul chun cinn an ailínithe faoin 31 Bealtaine 2026;

measúnú breise ar dhul chun cinn an ailínithe faoin 30 Samhain 2026.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1997/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top