Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú le Poblacht na Cóiré

Comhaontú le Poblacht na Cóiré

ACHOIMRE AR:

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim

Cinneadh 97/291/CE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Faoin gcomhaontú, aontaíonn na páirtithe cabhrú lena chéile lena áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht chustaim1 chun feidhme mar is ceart.

Cuirtear an comhaontú leis an gCóiré Theas i gcrích leis an gcinneadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois).

PRÍOMHPHOINTÍ

Déantar foráil sa chomhaontú i leith comhar i réimsí éagsúla ó thaighde, nósanna imeachta nua custaim a fhorbairt agus a thástáil go simpliú, comhchuibhiú agus ríomhairiú na nósanna imeachta sin.

Cabhróidh an dá pháirtí lena chéile chun sáruithe ar reachtaíocht chustaim a chosc agus a iniúchadh.

Comhar custaim

Comhaontaíonn an dá pháirtí comhoibriú sna réimsí seo a leanas:

  • taighde, forbairt agus tástáil nósanna imeachta nua custaim;
  • oiliúint agus malartú foirne;
  • nósanna imeachta custaim a shimpliú, a chomhchuibhiú agus a ríomhairiú;
  • malartú sonraí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla a bhaineann le reachtaíocht chustaim;
  • malartú faisnéise ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh teicniúil a dhéantar le tíortha eile.

Cúnamh riaracháin frithpháirteach

Leis an gcomhaontú, foráiltear i leith 2 chineál cúnaimh:

  • cúnamh spontáineach: féadfaidh na páirtithe cuidiú a thabhairt dá chéile dá dtionscnamh féin má cheapann siad gur gá sin chun reachtaíocht chustaim a chur i bhfeidhm mar is ceart;
  • cúnamh ar iarratas: ní mór don údarás iarrtha2 gach faisnéis ábhartha a chur ar fáil don údarás is iarratasóir3 ionas go mbeidh sé ábalta a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht chustaim i bhfeidhm mar is ceart. Féadfaidh go mbeidh baint ag an bhfaisnéis le sáruithe ar reachtaíocht chustaim agus le nósanna imeachta neamhrialta maidir le honnmhairiú agus le hallmhairiú idir an dá pháirtí. Féadfar faireachas speisialta a iarraidh i gcásanna amhrasta. Féadfar faireachas den sórt sin a chur i bhfeidhm ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach, ar aon áit, ar aon ghluaiseacht earraí nó ar aon mhodh iompair atá nasctha nó a d’fhéadfadh a bheith nasctha, nó a úsáidtear nó a d’fhéadfaí a úsáid, chun reachtaíocht chustaim a shárú.

Gnéithe foirmiúla agus eisceachtaí maidir le cúnamh

Ní mór na hiarratais ar chúnamh:

  • a dhéanamh i scríbhinn, ach amháin i gcásanna práinneacha nuair is féidir iarratais ó bhéal a dhéanamh, arna ndearbhú i scríbhinn ina dhiaidh sin;
  • a chur isteach leis an bhfaisnéis go léir a theastaíonn chun iad a chur i ngnímh, lena n–áirítear: an t–údarás is iarratasóir iarratas, an beart arna iarraidh, cuspóir an iarratais agus an chúis leis, an reachtaíocht lena mbaineann agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina n–ábhar den imscrúdú.

Maidir leis an údarás iarrtha:

  • cuireann sé faisnéis atá aige cheana féin ar fáil agus tugann sé faoi fhiosrúcháin chuí;
  • féadfaidh leis diúltú do chúnamh a sholáthar dá mbeadh dóchúlacht ann go mbeadh sé ina thoradh ar sholáthar an chúnaimh go ndéanfaí dochar do cheannas, do bheartas poiblí, do shlándáil nó do leas ríthábhachtach eile ceann de na páirtithe.

Féadfar diúltú d’iarratas chun cúnamh a sholáthar sna cásanna seo a leanas:

  • i gcás go sáródh sé rún tionsclaíoch, tráchtála nó gairmiúil; nó
  • i gcás go mbaineann sé le hairgeadra nó le rialacháin chánacha eile seachas reachtaíocht chustaim.

Maidir leis an gcomhaontú:

  • clásail rúndachta ann maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil. Tugtar ardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta;
  • éascaítear leis Comhchoiste um Chomhoibriú Custam a bhunú a áirithíonn maoirseacht ar fheidhmiú ceart an chomhaontaithe agus a dhéanann imscrúdú ar na saincheisteanna uile a eascraíonn óna chur i bhfeidhm.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an .

Cuireadh Prótacal maidir le Cúnamh Riaracháin Frithpháirteach i gCúrsaí Custaim an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré in áit na gclásal sa chomhaontú a bhaineann le cúnamh riaracháin frithpháirteach.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Reachtaíocht chustaim: cuimsítear ann na rialacha dlí uile a ghlacann AE nó an Chóiré lena rialaítear allmhairiú, onnmhairiú agus iompar earraí agus á gcur faoi aon nós imeachta custaim eile, lena n–áirítear bearta toirmisc, srianta agus rialaithe.
  2. An t–údarás iarrtha: an t–údarás custaim inniúil a fhaigheann iarratas ar chúnamh.
  3. An t–údarás is iarratasóir: an t–údarás custaim inniúil a dhéanann an t–iarratas ar chúnamh.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Cóiré i ndáil le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim (IO L 121, , lgh. 14-18)

Cinneadh 97/291/CE ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim (IO L 121, , lch. 13)

nuashonrú is deireanaí

Top