Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus dliteanas comhshaoil

An prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus dliteanas comhshaoil

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2004/35/CE maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos rialacha inti atá bunaithe ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Ciallaíonn sé sin go mbeidh cuideachta a dhéanfaidh damáiste don chomhshaol dlite ina leith agus ní mór di an gníomh coisctheach nó leigheasta is gá a dhéanamh agus íoc as na costais ghaolmhara go léir.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainítear damáiste don chomhshaol sa treoir mar:

Áirítear leis an sainmhíniú scaoileadh truailleán isteach san aer (toisc go dtéann sé sin i gcion ar dhálaí talún agus uisce), uisce dromchla agus screamhuisce intíre, agus aon scaoileadh d’aon turas isteach sa chomhshaol d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe mar atá sainithe le Treoir 2001/18/CE.

Raon feidhme

dhá chás ina dtarlaíonn dliteanas:

  • 1.

    Damáiste don chomhshaol de bharr aon cheann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn III den treoir, amhail:

    • tionscail fuinnimh
    • táirgeadh agus próiseáil miotal
    • tionscail mhianraí
    • tionscail cheimiceán
    • bainistíocht dramhaíola
    • táirgeadh laíon, páipéir agus clár ar mhórscála, ruaimneoireacht agus teanúis teicstíle
    • táirgeadh feola, déiríochta agus bia ar mhórscála.
  • 2.

    Damáiste comhshaoil do speicis faoi chosaint agus do ghnáthóga nádúrtha (nó garbhagairt dóibh) de bharr gníomhaíochtaí ceirde seachas iad sin atá liostaithe in Iarscríbhinn III, agus má tá locht ar an gcuideachta nó má dhéanann sí faillí.

Eisceachtaí

I measc na n–eisceachtaí, tá coimhlint armtha, tubaiste nádúrtha, dliteanas as cineálacha damáiste comhshaoil atá cumhdaithe i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta (e.g. truailliú muirí), agus riosca núicléacha, atá cumhdaithe i gConradh Euratom.

Gníomhaíochtaí coisctheacha agus leigheasta

  • Má bhíonn garbhagairt ann go ndéanfar damáiste, ní mór don chuideachta, gan mhoill, na bearta coisctheacha is gá a dhéanamh.
  • Má bhíonn damáiste déanta cheana féin ní mór don chuideachta na húdaráis a chur ar an eolas láithreach agus bearta a dhéanamh chun an cás a bhainistiú d’fhonn aon damáiste eile don chomhshaol agus bagairtí ar shláinte an duine a chosc, agus gníomh leigheasta iomchuí a dhéanamh.

Ní mór don chuideachta íoc as bearta coisctheacha agus bearta leigheasta, seachas i gcásanna áirithe, e.g. má rinne tríú páirtí an damáiste in ainneoin na mbeart sábháilteachta iomchuí, nó má tharla sé mar thoradh ar threoir oifigiúil a chomhlíonadh.

Cur chun feidhme

  • Féachadh i dtuarascáil maidir le cur chun feidhme in 2016 ar an méid a bhain leis an treoir a chur chun feidhme idir 2007 agus 2013, lena n–áirítear measúnú a rinneadh faoi REFIT, clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin Eorpaigh.
  • Deimhnítear sa tuarascáil cé nach bhfuil acmhainn iomlán na treorach bainte amach go fóill, go raibh sí éifeachtach ó thaobh damáiste don chomhshaol a leigheas agus cosc a dhreasú.

Rialachán Leasaitheach (AE) 2019/1010

Leasaíodh an treoir in 2019 le Rialachán (AE) 2019/1010 lena n–ailínítear agus lena gcuíchóirítear oibleagáidí tuairiscithe i réimse an dlí comhshaoil. Is iad seo a leanas na rialacha úra a tugadh isteach, agus atá i bhfeidhm ón 26 Meitheamh 2019.

  • Soláthróidh gach tír AE tuarascáil don Choimisiún maidir leis an taithí a fuair siad agus an treoir seo á cur chun feidhme. Tá an fhaisnéis nach mór dóibh a sholáthar in Iarscríbhinn VI leis an treoir agus ní mór í a bhailiú faoin 30 Aibreán 2022 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.
  • Faoin 30 Aibreán 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún meastóireacht a bheidh déanta aige maidir leis an treoir seo bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh tíortha AE.
  • Faoin 31 Nollaig 2020, ní mór don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt ina soláthrófar comhthuiscint ar an téarma “damáiste don chomhshaol” mar atá sainithe sa treoir seo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 30 Aibreán 2004 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 30 Aibreán 2007.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lgh. 56-75)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2004/35/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa faoi Alt 18(2) de Threoir 2004/35/CE maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas (COM(2016) 204 final, 14.4.2016)

Doiciméad Inmheánacha Oibre an Choimisiúin: Meastóireacht REFIT ar an Treoir um Dhliteanas Comhshaoil a ghabhann leis an doiciméad Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 18(2) de Threoir 2004/35/CE maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas (SWD(2016) 121 final, 14.4.2016)

Nuashonraithe 17.06.2020

Top