Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Coinbhinsiún maidir leis an Réin a Chosaint

An Coinbhinsiún maidir leis an Réin a Chosaint

ACHOIMRE AR:

An Coinbhinsiún maidir leis an Réin a Chosaint — Prótacal Síniúcháin

Cinneadh 2000/706/CE maidir le tabhairt chun críche, thart cheann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin maidir leis an Réin a Chosaint

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Tá an coinbhinsiún ceaptha lena áirithiú go n–oibreoidh tíortha sínithe i dtreo fhorbairt inbhuanaithe éiceachóras na Réine ar bhonn cur chuige cuimsitheach ina gcuirtear flúirse nádúrtha na habhann, a bruach agus a tuilemhánna san áireamh.
  • Leis an gcinneadh cuirtear an coinbhinsiún i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois).
  • Aisghairtear iad seo a leanas leis an gcoinbhinsiún agus cuirtear in ionad iad seo a leanas é.
    • Comhaontú 1963 maidir leis an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint na Réine ar Thruailliú,
    • Comhaontú Breise 1976 le Comhaontú Aibreán 1963 i ndáil leis an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint na Réine ar Thruailliú, agus
    • Coinbhinsiún 1976 maidir leis an Réin a chosaint ar thruailliú ceimiceach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas na haidhmeanna leis an gcoinbhinsiún:

  • forbartha inbhuanaithe éiceachóras na Réine trí:
    • cáilíocht uiscí na Réine, agus a feidhm nádúrtha, a chothabháil agus a fheabhsú;
    • éagsúlacht speiceas a chosaint;
    • éilliú a laghdú;
    • gnáthóga nádúrtha le haghaidh fánaí agus flóra fiáine a chaomhnú agus a fheabhsú;
    • bainistíocht acmhainní uisce atá fónta ó thaobh an chomhshaoil a áirithiú;
    • ceanglais éiceolaíocha a chur san áireamh agus an t-uiscebhealach á fhorbairt;
  • táirgeadh uisce óil;
  • feabhas ar cháilíocht dríodair;
  • cosaint ar thuilte;
  • comhordú le bearta chun an Muir Thuaidh a chosaint.

Geallann na tíortha bruachánacha (na tíortha trína shreabhann an Réin) go ndéanfaidh siad an méid seo a leanas:

  • oibriú i gcomhar chun bearta a dhéanamh chun an Réin a chosaint;
  • cláir agus staidéir maidir leis an abhainn a chur chun feidhme;
  • na cúiseanna leis an truailliú agus na páirtithe atá freagrach as a shainaithint;
  • a áirithiú go mbeidh bearta teicniúla a bhféadfadh tionchar tromchúiseach a bheith acu ar an éiceachóras, chomh maith le sceitheadh fuíolluisce agus substaintí guaiseacha, faoi réir údarú roimhe ré;
  • rioscaí na dteagmhas comhshaoil a laghdú.

Tá an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint na Réine ar Thruailliú comhdhéanta d’ionadaithe ó na stáit chonarthacha. Déanann na stáit sin cathaoirleacht air ar a seala. Déanann sé cinntí agus cuireann sé in iúl do na páirtithe conarthacha iad. Is iad seo a leanas na sainchúraimí atá air:

  • staidéir agus cláir maidir le héiceachóras na Réine a ullmhú;
  • tograí maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh;
  • éifeachtúlacht na ngníomhaíochtaí a dhéantar a mheas;
  • rabhaidh agus foláirimh a chomhordú;
  • bail na Réine agus torthaí a chuid oibre a chur in iúl don phobal.

Gach bliain, dréachtaíonn an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint na Réine ar Thruailliú tuarascáil ar ghníomhaíochtaí agus cuireann sé faoi bhráid na páirtithe conarthacha í.

Tuairiscíonn na páirtithe conarthacha go rialta don Choimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint na Réine ar Thruailliú maidir leis na bearta reachtacha, rialála agus bearta eile atá déanta acu chun an coinbhinsiún a chur chun feidhme agus maidir le torthaí na mbeart sin.

I mí Feabhra 2020, ag Comhdháil Airí in Amstardam, tháinig na stáit bhruachánacha le chéile chun machnamh a dhéanamh ar chur chun feidhme chlár um “Réin 2020” an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chosaint na Réine ar Thruailliú. Ghlac siad leis an gClár úr um “Réin 2040” don tréimhse 20 bliain ina dhiaidh sin chomh maith.

TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an .

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

An Coinbhinsiún maidir leis an Réin a Chosaint — Prótacal Síniúcháin (IO L 289, , lgh. 31-37)

Cinneadh 2000/706/CE ón gComhairle an maidir le thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin maidir leis an Réin a Chosaint (IO L 289, , lch. 30)

nuashonrú is deireanaí

Top