Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éifeachtaí trasteorann a leanann as tionóiscí tionsclaíocha

Éifeachtaí trasteorann a leanann as tionóiscí tionsclaíocha

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 98/685/CE i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha

An Coinbhinsiún maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

  • Tugtar i gcrích sa chinneadh, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (an tAontas Eorpach (AE) anois), an Coinbhinsiún maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha.
  • Féachtar sa choinbhinsiún le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint i gcoinne tionóiscí tionsclaíocha a d'fhéadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith acu, agus le comhar idirnáisiúnta gníomhach a chur chun cinn idir na páirtithe conarthacha, roimh thionóiscí den sórt sin, lena linn agus ina ndiaidh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • I Heilsincí ar an , shínigh 26 tír, lena n-áirítear 14 thír de chuid AE, agus AE féin an Coinbhinsiún maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha, faoi chuimsiú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip. Leis an gCinneadh seo ón gComhairle, déantar an coinbhinsiún a fhormheas thar ceann an Chomhphobail.
  • Leagtar síos sa choinbhinsiún sraith beart chun daoine agus an comhshaol a chosaint i gcoinne éifeachtaí trasteorann a leanann as tionóiscí tionsclaíocha, agus chun comhar idirnáisiúnta gníomhach a chur chun cinn idir na páirtithe conarthacha, roimh thionóiscí den sórt sin, lena linn agus ina ndiaidh.
  • Tá feidhm aige maidir le tionóiscí tionsclaíocha a d'fhéadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith acu, lena n-áirítear tionóiscí de dheasca tubaistí nádúrtha, cé is moite díobh seo a leanas:
    • tionóiscí núicléacha nó éigeandálaí raideolaíocha;
    • tionóiscí ag suiteálacha míleata;
    • clistí damba;
    • tionóiscí a bhaineann le hiompar ar talamh;
    • orgánaigh ghéinmhodhnaithe de scaoileadh de thaisme;
    • tionóiscí de bharr gníomhaíochtaí sa mhuirthimpeallacht agus doirteadh substaintí díobhálacha ar muir.
  • Ní mór do na páirtithe conarthacha gníomhaíochtaí guaiseacha laistigh dá ndlínse a shainaithint, agus ní mór dóibh na páirtithe dá ndéantar difear a chur ar aon eolas faoi ghníomhaíocht ar bith den sórt sin atá beartaithe nó atá ar bun cheana. Ar thionscnamh ó aon cheann de na páirtithe, ní mór do na páirtithe eile dul i mbun pléití maidir le sainaithint gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith acu.
  • Ní mór do na stáit shínithe bearta iomchuí a ghlacadh chun tionóiscí tionsclaíocha a chosc. Go háirithe, ní mór dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • oibreoirí a spreagadh le gníomh a ghlacadh d'fhonn baol tionóiscí tionsclaíocha a laghdú;
    • beartais a bhunú maidir le suíomh gníomhaíochtaí guaiseacha nua agus maidir le leasuithe suntasacha ar ghníomhaíochtaí guaiseacha atá ann cheana, d'fhonn an baol don phobal agus don chomhshaol a íoslaghdú;
    • ullmhú i gcomhair éigeandálaí de dheasca tionóiscí tionsclaíocha, agus na bearta is gá a thabhairt isteach, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha, chun éifeachtaí trasteorann a chosc agus a íoslaghdú. Ní mór do na sínitheoirí féachaint lena gcuid pleananna a bheith comhoiriúnach lena chéile.
  • Faoin gcoinbhinsiún, ní mór do na stáit chonarthacha a áirithiú go dtabharfar faisnéis leordhóthanach don phobal sna limistéir a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh de bharr tionóisc thionsclaíoch a eascródh as gníomhaíocht ghuaiseach. Ina theannta sin, ní mór do na stáit chonarthacha, i gcásanna iomchuí, an deis a thabhairt don phobal chun páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta i ndáil le bearta coisctheacha agus ullmhachta.
  • I gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ndéanfar difear dóibh de bharr éifeachtaí trasteorann a leanann as tionóisc thionsclaíoch, nó a bhféadfaidís difear a dhéanamh dóibh, ní mór an rochtain chéanna a thabhairt dóibh ar na himeachtaí riaracháin agus breithiúnacha ábhartha is atá ag náisiúnach den stát lena mbaineann.
  • Ní mór do gach páirtí sa choinbhinsiún córas fógartha a bhunú.
  • Má tharlaíonn tionóisc thionsclaíoch is cúis le héifeachtaí trasteorann, nó a bhféadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith aici, nó má tá garbhaol ann go dtarlódh a leithéid, ní mór don stát tionscnaimh an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • fógra a thabhairt gan mhoill do na stáit a ndearnadh difear dóibh;
    • a áirithiú go ndéanfar na pleananna teagmhasacha a ghníomhachtú;
    • a áirithiú go ndéanfar na bearta freagartha chomh tapa agus is féidir ionas go ndéanfar éifeachtaí na tionóisce a shrianadh agus a íoslaghdú. Ní mór do na stáit chonarthacha féachaint lena gcuid beart freagartha a chomhordú.
  • Féadfaidh an stát tionscnaimh cúnamh a iarraidh ó na sínitheoirí eile.
  • Ní mór do gach páirtí conarthach pointe teagmhála amháin a ainmniú chun críche fógraí faoi thionóiscí tionsclaíocha agus pointe teagmhála amháin a ainmniú chun críche cúnamh frithpháirteach. Ní mór dóibh na sonraí sin a chur in iúl do na sínitheoirí eile laistigh de thrí mhí ón dáta a thiocfaidh an coinbhinsiún i bhfeidhm.
  • Ní mór do na páirtithe conarthacha spreagadh gníomhach a dhéanamh ar chomhar eolaíoch agus teicniúil agus malartú teicneolaíochta a éascú d'fhonn srian a chur le rioscaí agus iarmhairtí tionóiscí tionsclaíocha. Ina theannta sin, ní mór dóibh tacú le hiarrachtaí idirnáisiúnta cuí chun rialacha a dhréachtú faoi fhreagracht agus dliteanas.
  • Ní mór do na páirtithe sa choinbhinsiún teacht le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad.
  • Foráiltear faoin gcoinbhinsiún i leith 3 shásra chun díospóidí idir na sínitheoirí a réiteach:
  • Ní fhéadfar an 2 mhodh deiridh thuasluaite a úsáid ach amháin i gcásanna nár éirigh leis na páirtithe an díospóid eatarthu a réiteach trí chaibidlíocht.
  • Is roghnach agus cómhalartach é úsáid na modheolaíochtaí sin; i ndearbhú i scríbhinn, féadfaidh páirtí glacadh le húsáid éigeantach na modhanna sin, cibé ceann acu nó an dá cheann, ina gcaidreamh le haon pháirtí eile a ghlacfaidh leis an oibleagáid chéanna.
  • Más rud é gur ghlac na páirtithe sa díospóid leis an dá mhodh i dtaobh réiteach díospóide, féadfar an díospóid a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, agus ise amháin, mura gcomhaontóidh na stáit lena mbaineann a mhalairt.
  • Ní mór do na stáit shínithe na páirtithe eile a choinneáil ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an choinbhinsiúin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN CHOINBHINSIÚIN?

  • Tá feidhm ag an gcinneadh ón .
  • Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm don Chomhphobal Eorpach ar an , 90 lá tar éis an dáta ar ar taisceadh an 16ú hionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, formheasa nó aontachais.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh Uimh. 98/685/CE ón gComhairle an i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiún maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha (IO L 326, , lgh. 1–4)

An Coinbhinsiún maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha – Dearbhú ón gComhphobal Eorpach maidir le hinniúlacht (IO L 326, , lgh. 5-33)

nuashonrú is deireanaí

Top