Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinbhinsiún Bheirn

Coinbhinsiún Bheirn

 

ACHOIMRE AR:

Coinbhinsiún maidir le fiadhúlra agus gnáthóga nádúrtha na hEorpa a chaomhnú

Cinneadh 82/72/CEE — tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le fiadhúlra agus gnáthóga nádúrtha na hEorpa a chaomhnú

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Is é is aidhm leis an gCoinbhinsiún, ar glacadh leis i mBeirn ar an 19 Meán Fómhair 1979, comhar idir tíortha a shínithe chun flora agus fauna fiáine agus a ngnáthóga nádúrtha a chaomhnú agus chun speicis imirceacha atá i mbaol a chosaint.
  • Cuirtear an comhaontú i gcrích leis an gcinneadh thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (AE anois).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is páirtí conarthach é an tAontas Eorpach sa Choinbhinsiún maidir le fiadhúlra agus gnáthóga nádúrtha na hEorpa a chaomhnú.
  • Tá flora agus fauna fiáine ina n–oidhreacht náisiúnta, baineann ardluach leo agus ní mór iad a chaomhnú agus a thabhairt do na glúnta amach anseo. I dteannta cláir chosanta náisiúnta, measann páirtithe an Choinbhinsiúin gur cheart comhar a chur ar bun ar leibhéal Eorpach.
  • Tá na páirtithe tiomanta don méid seo a leanas:
    • beartais náisiúnta do chaomhnú flora agus fauna fiáine agus gnáthóga nádúrtha a chur chun cinn;
    • caomhnú flora agus fauna fiáine a chomhtháthú i mbeartais náisiúnta a bhaineann le pleanáil, le forbairt agus leis an gcomhshaol;
    • oideachas a chur chun cinn agus faisnéis a scaipeadh faoin ngá atá ann le speicis fauna agus flora agus a ngnáthóga nádúrtha a chaomhnú.
  • Aontaíonn na páirtithe go dtógfaidh siad bearta reachtacha agus riaracháin cuí chun na speicis flora fiáine a shonraítear in Aguisín I (Speicis flora atá faoi dhianchosaint) a chosaint. Leis an gcoinbhinsiún cuirtear toirmeasc ar na plandaí seo a bhaint, a bhailiú, a ghearradh nó a bhaint ó fhréamh d’aon ghnó.
  • Ní mór bearta reachtacha agus riaracháin cuí a ghlacadh freisin chun na speicis fauna fiáine a liostaítear in Aguisín II (Speicis fauna atá faoi dhianchosaint) a chaomhnú. Tá toirmeasc ar na gníomhaíochtaí seo a leanas:
    • gach cineál gabhála agus coinneála d’aon ghnó, agus gach cineál maraithe d’aon ghnó;
    • damáiste nó scrios a dhéantar d’aon ghnó ar shuíomhanna síolraithe nó scíthe;
    • díshocrú d’aon ghnó ar fauna fiáin, go háirithe le linn na tréimhse pórúcháin, tógála, geimhriúcháin agus imirce;
    • uibheacha atá san fhiántas a scriosadh nó a thógáil d’aon ghnó nó na huibheacha sin a choinneáil;
    • seilbh nó trádáil inmheánach na n–ainmhithe sin, agus iad beo nó marbh, lena n–áirítear ainmhithe stuáilte, agus aon chuid nó díorthach de na hainmhithe sin.
  • Ní mór aon saothrú a dhéantar ar fauna fiáin a shonraítear in Aguisín III (Speicis fauna atá faoi chosaint) a rialú chun na líonta a choinneáil ó bhaol (toirmeasc sealadach nó áitiúil ar shaothrú, rialú iompair nó díolacháin, etc.). Tá toirmeasc ar na páirtithe aon mhodh gabhála agus maraithe neamh-idirdhealaitheach a úsáid a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le himeacht na speiceas nó suaitheadh tromchúiseach ar na speicis.
  • Liostaítear roinnt eisceachtaí ar an méid thuasluaite sa choinbhinsiún:
    • d’fhonn flora agus fauna a chosaint;
    • chun damáiste tromchúiseach ar bharra, beostoc, foraois, iascach, uisce agus aon chineál eile áitribh a chosc;
    • ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht an phobail, le haershábháilteacht, nó le leasanna sáraitheacha poiblí eile;
    • chun críocha taighde agus oideachais, athphobalaithe nó iad a thabhairt isteach an athuair nó ar mhaithe leis an bpórúchán is gá;
    • chun a cheadú, faoi dhálaí dianmhaoirsithe, líon beag d’ainmhithe agus de phlandaí fiáine áirithe a ghabháil, a choimeád nó a shaothrú ar shlí tomhaiste.
  • Gabhann na páirtithe conarthacha orthu féin a n–iarrachtaí ar son chaomhnú na speiceas imirceach a shonraítear in Aguisín II agus Aguisín III a leathnaíonn a raon isteach ina gcríocha féin a chomhordú.
  • Bunaítear buanchoiste atá freagrach as an gcoinbhinsiún a chur i bhfeidhm.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig Coinbhinsiún Bheirn i bhfeidhm ar an 6 Meitheamh 1982.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Coinbhinsiún maidir le fiadhúlra na hEorpa a chaomhnú (IO L 38, 10.2.1982, lgh. 3-32)

Cinneadh 82/72/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1981 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le fiadhúlra agus gnáthóga nádúrtha na hEorpa a chaomhnú (Coinbhinsiún Bheirn) (IO L 38, 10.2.1982, lgh. 1-2)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 98/746/CE ón gComhairle an 21 Nollaig 1998 maidir le faomhadh, thar ceann an Chomhphobail, leasuithe ar Aguisín II agus Aguisín III a ghabhann le Coinbhinsiún Bheirn maidir le fiadhúlra agus gnáthóga nádúrtha na hEorpa a chaomhnú arna ghlacadh ag an 17ú cruinniú de Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin (IO L 358, 31.12.1998. lch. 114)

Nuashonraithe 15.05.2020

Top