Atlasiet eksperimentālās funkcijas, kuras vēlaties izmēģināt!

Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.

Ceallraí caite a chur de láimh

Ceallraí caite a chur de láimh

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/66/CE maidir le ceallraí agus taisc–cheallraí agus ceallraídramhaíola agus taisc–cheallraí dramhaíola

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Cuirtear toirmeasc léi ar cheallraí (nó taisc–cheallraí)* áirithe ina bhfuil cion mearcair nó caidmiam os cionn tairseach shocraithe a chur ar an margadh.
  • Cuirtear chun cinn léi ardráta bailithe agus athchúrsála ceallraí dramhaíola agus feabhas ar fheidhmíocht chomhshaoil gach aon rud a bhaineann le saolré ceallraí, lena n–áirítear a n–athchúrsáil agus a ndiúscairt.
  • Is é an aidhm méid na substaintí guaiseacha — go háirithe mearcair, caidmiam agus luaidhe — a dhumpáiltear sa timpeallacht a laghdú; ba cheart é sin a dhéanamh trí úsáid na substaintí sin i gceallraí a laghdú agus trí na méideanna substaintí a úsáidtear a chóireáil agus a athúsáid.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá feidhm ag an treoir maidir le gach cineál ceallra, seachas na cinn a úsáidtear i dtrealamh chun slándáil thíortha AE a chosaint nó chun críocha míleata, nó i dtrealamh a dearadh lena chur isteach sa spás. Clúdaítear inti, dá réir sin, réimse níos leithne táirgí ná mar a chlúdaítear i dTreoir 91/157/CEE, nár bhain ach le ceallraí ina bhfuil mearcair, luaidhe nó caidmiam, agus nach raibh “ceallraí cnapchillell” san áireamh inti agus lena n-aisghairtear í..
  • Maidir le mearcair a bheith iontu, cuirtear toirmeasc leis an treoir ar cheallraí, cé acu an bhfuil siad corpraithe i bhfearais nó nach bhfuil, ina bhfuil níos mó ná 0.0005% de réir mheáchan an mhearcair. Bhí ceallraí cnapchillell ina raibh cion mearcair nach mó ná 2% de réir an mheáchain díolmhaithe ón toirmeasc sin go dtí Deireadh Fómhair 2015 (i gcás ceallraí cnapchille d’áiseanna éisteacha, bhí athbhreithniú fós le déanamh ag an gCoimisiún Eorpach, áfach, ar an toirmeasc sin).
  • Maidir le caidmiam, tá toirmeasc ar cheallraí iniompartha, lena n–áirítear na cinn a chorpraítear i bhfearais, ina bhfuil cion caidmiam de réir an mheáchain de níos mó ná 0.002% (seachas ceallraí iniomparthaa úsáidtear i gcórais éigeandála agus aláraim nó i dtrealamh leighis). Bhí díolúine ann ón toirmeasc sin maidir le ceallraí iniompartha le haghaidh uirlisí cumhachta gan sreang go dtí an 31 Nollaig 2016, rud a d’éascaigh an tionscal athchúrsála agus tomhaltóirí feadh an slabhra luacha iomláin maidir le dul in oiriúint do na teicneolaíochtaí ionadacha ábhartha..
  • Lena áirithiú go ndéanfar cion ard ceallraí caite a athchúrsáil, ní mór do thíortha AE cibé bearta is gá a dhéanamh (lena n–áirítear ionstraimí eacnamaíocha) chun bailiúcháin deighilte dramhaíola a chur chun cinn agus cosc a chur ar cheallraí a chaitheamh amach mar dhramhaíl bhardasach neamhshórtáilte. Ní mór dóibh socruithe a dhéanamh lena mbeidh úsáideoirí deiridh ábalta fáil réidh le ceallraí caite ag pointí bailiúcháin ina ngaireacht agus go nglacfaidh na táirgeoirí iad ar ais uathu saor in aisce. B’éigean rátaí bailiúcháin 25% ar a laghad a bhaint amach faoin 26 Meán Fómhair 2012 agus 45% faoin 26 Meán Fómhair 2016 faoi seach.
  • De réir Threoir 2006/66/CE arna leasú le Treoir 2013/56/AE, caithfear bheith ábalta ceallraí a bhaint go héasca agus go sábháilte. Dá réir sin, ní mór treoracha bheith ag gabháil le fearais ina gcorpraítear ceallraí maidir le conas is féidir leis an úsáideoir deiridh nó le gairmithe cáilithe neamhspleácha iad a bhaint go sábháilte.
  • Ní mór do thíortha AE a áirithiú chomh maith go ndearnadh na ceallraí a bailíodh a chóireáil agus a athchúrsáil ag baint úsáid as na teicnicí is fearr atá ar fáil. Meastar nach próiseas athchúrsála é an gnóthú fuinnimh.
  • Ní mór baint gach leachta agus gach aigéid ar a laghad bheith i gceist leis an gcóireáil. Ní mór ceallraí a chóireáil agus a stóráil (fiú más é ar bhonn sealadach amháin) i láithreáin ina bhfuil dromchlaí neamhscagacha agus clúdach síondíonach, nó i gcoimeádáin oiriúnacha. Bunaítear leis an treoir chomh maith oibleagáidí i ndáil leis na héifeachtúlachtaí a bhaineann leis na próisis athchúrsála a dhéantar ar cheallraí, ag brath ar a gcomhshuíomh ceimiceach.
  • Féadfaidh tíortha AE ceallraí iniompartha dramhaíola ina bhfuil caidmiam, mearcair nó luaidhe a dhiúscairt i líonadh talún nó i stóras faoi thalamh mura bhfuil margadh deiridh inmharthana ar bith ann le haghaidh na dtáirgí athchúrsála, nó má chinntear le measúnú mionsonraithe maidir leis an tionchar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta nach é athchúrsáil an réiteach is fearr. Lena chois sin, ní ceadmhach ceallraí tionsclaíocha agus carranna dramhaíola a chur isteach i líonadh talún nó iad a dhó. Féadfar iarmhair ceallraí ar bith ar a ndearnadh cóireáil nó a athchúrsáladh a dhiúscairt i líonadh talún nó a dhó, áfach.
  • Féadtar cóireáil agus athchúrsáil a dhéanamh taobh amuigh den tír AE lena mbaineann nó fiú taobh amuigh de AE, ar choinníoll go gcloífear le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 maidir le seoladh dramhaíola (féach an achoimre).
  • Caithfidh na táirgeoirí (nó tríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann) an glanchostas a bhaineann le ceallraí tionsclaíocha, carranna agus iniompartha a bhailiú, a chóireáil agus a athchúrsáil. Caithfidh táirgeoirí ceallraí iniompartha an costas a thiocfadh as feachtais faisnéise poiblí maidir le bailiú, cóireáil agus athchúrsáil na gceallraí iniompartha dramhaíola a mhaoiniú. B’fhéidir nach mbeidh ar mhion–táirgeoirí amhlaidh a dhéanamh mura gcuireann sé sin isteach ar fheidhmiú ceart na scéimeanna bailiúcháin agus athchúrsála. Ní mór do gach táirgeoir ceallraí a bheith cláraithe.
  • Caithfidh úsáideoirí deiridh faisnéis a fháil ar ábhair éagsúla agus trí bhealaí difriúla:
    • maidir leis na tionchair fhéideartha ar an chomhshaol agus ar shláinte an duine ó na substaintí a úsáidtear i gceallraí agus i dtaisc–cheallraí, agus ar na socruithe bailiúcháin agus athchúrsála atá ar fáil dóibh, trí fheachtais nó go díreach ó na dáileoirí;
    • maidir le acmhainn an cheallra iniompartha nó maidir leis na ceimiceáin os cionn tairseach áirithe, cuirfear faisnéis ar fáil ag úsáid marcanna sofheicthe, inléite agus doscriosta ar na ceallraí, ar na taisc–cheallraí agus ar na pacaí ceallraí;
    • Maidir leis an ngá atá ann chun a áirithiú go mbeidh bailiúcháin deighilte ann do cheallraí, ba cheart an tsiombail den araid rothaí scriosta amach a úsáid.
  • Ní mór do thíortha AE tuarascáil a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na treorach agus na bearta atá á dhéanamh acu chun forbairtí a théann i gcion ar thionchar na gceallraí ar an gcomhshaol a spreagadh (lena n–áirítear teicnicí úra athchúrsála agus cóireála). Rinneadh roinnt gnéithe den Treoir a athbhreithniú in 2013 (féach Treoir leasaitheach 2013/56/AE).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

  • Tá feidhm ag Treoir 2006/66/CE ón 26 Meán Fómhair 2006 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 26 Meán Fómhair 2008.
  • Tá feidhm le Treoir leasaitheach 2013/56/AE ón 30 Nollaig 2013 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Iúil 2015.

CÚLRA

  • Cuirtear cúpla céad míle tonna ceallraí tionsclaíocha agus iniompartha ar mhargadh an Aontais gach bliain. Úsáidtear raon leathan miotal, lena n–áirítear mearcair, luaidhe, caidmiam, nicil, copar, sinc, mangainéis agus litiam.
  • Nuair a dhéantar dramhaíl na dtáirgí sin a dhiúscairt truaillítear an t–atmaisféar (i gcás loiscthe) agus déantar éilliú ar bhrat talún agus ar uisce (i gcás líonadh talún nó adhlactha). Le rialacha cuí, is féidir truailliú an chomhshaoil ón dramhaíl sin a laghdú. Chomh maith leis sin, nuair a dhéantar athchúrsáil ar an dramhaíl, féadfar na mílte tonna miotal a aisghabháil, miotail lómhara mar nicil, cóbalt agus airgead san áireamh.
  • Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ceallraí nó Taisc–cheallra: aon fhoinse fuinnimh leictrigh a ghintear trí thiontú díreach fuinnimh cheimicigh agus ina bhfuil ceall phríomhúil ceallra amháin nó níos mó (neamh–in–athluchtaithe) nó ina bhfuil cill–stóras ceallra amháin nó níos nó (in–athluchtaithe). I gcomhthéacs na treorach seo, is ionann ceallraí agus taisc–cheallraí, nach n–úsáidtear ach an focal “ceallraí” ina leith.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc–cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc–cheallraí dramhaíola agus lena n–aisghairtear Treoir 91/157/CEE ón gComhairle (IO L 266, 26.9.2006, lgh. 1-14)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2006/66/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2008/763/CE ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear, de bhun Threoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, modheolaíocht chomhchoiteann chun díolacháin bhliantúla ceallraí iniompartha agus taisc–cheallraí a ríomh d’úsáideoirí deiridh (IO L 262, 1.10.2008, lch. 39)

Nuashonraithe 09.06.2020

Augša