Atlasiet eksperimentālās funkcijas, kuras vēlaties izmēģināt!

Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.

Fógra a thabhairt i leith galair ainmhithe

Dokumenta juridiskais statuss Šis kopsavilkums ir arhivēts un netiks atjaunināts. Jaunāko informāciju par šo tematu varat atrast te: 'Dlí AE maidir le sláinte ainmhithe' .

Fógra a thabhairt i leith galair ainmhithe

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 82/894/CE — Fógra a thabhairt i leith galair ainmhithe laistigh den Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar síos liosta léi de ghalair thógálacha ainmhithe (ainmhithe talún agus dobharshaothraithe*) ar gá iad a fhógairt i ngeall ar an gcontúirt go leathfaidh siad mar thoradh ar thrádáil idir tíortha an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Leagtar síos léi an modh chun na galair sin a fhógairt go tapa ionas go bhféadfar monatóireacht a dhéanamh ar a bhforbairt.
  • Cumasaíonn an fógra sin na bearta éagsúla cosanta atá leagtha síos i reachtaíocht AE a chur i bhfeidhm go tapa.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Chun leathadh galar tógálach áirithe ainmhithe a chosc, ní mór do thíortha AE fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach i leith:
    • ráig* de ghalar ar bith atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir;
    • deireadh a chur le srianta i dtaca le ráig ar bith de na galair sin, i ndiaidh dhíothú na ráige deireanaí.
  • Ní mór do thíortha AE:
    • laistigh de 24 uair, fógra a thabhairt don Choimisiún agus do thíortha AE eile i leith ráig phríomhúil* agus deireadh a chur leis na srianta a forchuireadh i ndiaidh dhíothú na ráige deireanaí; agus
    • fógra a thabhairt don Choimisiún i leith ráigeanna tánaisteacha* ar bith a dearbhaíodh ina gcríoch ar an gcéad lá oibre de gach seachtain. Déanann an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur ansin chuig an gceanncheathrú tréidliachta i ngach tír AE.
  • Cuidíonn an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha leis an gCoimisiún ina chuid oibre.

Aisghairm

Déanfar an treoir a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/429 agus cuirfear ina hionad é ón 21 Aibreán 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí í bhfeidhm ón 23 Nollaig 1982. Bhí sí le hioncorprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 1 Eanáir 1984.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Dobharshaothrú: saothrú éisc, sliogéisc, plandaí uisceacha, feamainne, etc.

Ráig: an fheirm nó an áit, lonnaithe i gcríoch AE, ina gcoinnítear ainmhithe le chéile agus sa chás gur dearbhaíodh go hoifigiúil cás amháin nó níos mó.

Ráig phríomhúil: ráig ar bith nach bhfuil baint aici le ráig a bhí ann roimhe sin sa réigiún céanna i dtír AE, nó an chéad ráig i réigiún eile den tír AE chéanna.

Ráig thánaisteach: ráig ar bith i ndiaidh ráig phríomhúil i réigiún atá ionfhabhtaithe cheana.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 82/894/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1982 maidir le fógra a thabhairt i leith galair ainmhithe laistigh den Chomhphobal (IO L 378, 31.12.1982, lgh. 58-62)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 82/894/CEE a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2007/142/CE ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2007 lena mbunaítear Foireann Éigeandála Tréidliachta an Chomhphobail chun cuidiú leis an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus do thríú tíortha i gcúrsaí tréidliachta a bhaineann le galair áirithe ainmhithe (IO L 62, 1.3.2007, lgh. 27-29)

Cinneadh 2005/176/CE ón gCoimisiún an 1 Márta 2005 lena leagtar síos an fhoirm chódaithe agus na cóid maidir le fógra a thabhairt i leith galair ainmhithe de bhun Threoir 82/894/CEE ón gComhairle (IO L 59, 5.3.2005, lgh. 40-41)

Nuashonraithe 06.12.2016

Augša