This document is an excerpt from the EUR-Lex website
European Securities and Markets Authority (ESMA)
An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)
An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)
Is údarás neamhspleách de chuid an Aontais é an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) atá lonnaithe i bPáras agus a fhéachann le cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais a chosaint. Cuireann ESMA é sin i gcrích trí shláine, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí urrús a áirithiú, agus trí chosaint bhreise a chur ar fáil d’infheisteoirí.
Tar éis ghéarchéim airgeadais dhomhanda na bliana 2008, aontaíodh gur cheart socruithe maoirseachta an Aontais a neartú ar mhaithe le cosaint níos fearr a thabhairt dá shaoránaigh, chomh maith le muinín sa chóras airgeadais a athchothú. Bheadh na socruithe dírithe ar ghnólachtaí aonair (e.g. bainc agus cuideachtaí árachais), agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine.
Mar thoradh air sin, cuireadh an córas Eorpach um maoirseacht airgeadais ar bun in 2011. Cuimsítear ann:
In 2019, mar thoradh ar an athbhreithniú ar an gcóras Eorpach maoirseoireachta airgeadais rinneadh nuashonrú ar an reachtaíocht a bhí ann cheana féin, lena ndéantar an méid seo a leanas:
FÉACH FREISIN