This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU enterprise policy
Beartas fiontraíochta AE
Beartas fiontraíochta AE
Tá sé mar aidhm le beartas fiontraíochta AE timpeallacht a sholáthar atá fabhrach do chruthú agus d’fhorbairt gnólachtaí, agus go háirithe cruthú agus forbairt fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), arb ionann iad agus formhór na gcuideachtaí san Aontas Eorpach agus thart ar dhá thrian de na poist.
Tá gnólachtaí, pé méid iad, tábhachtach d’iomaíochas agus do rachmas an Aontais Eorpaigh. In Airteagal 173 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, shocraigh an tAontas Eorpach an sprioc dó féin na dálaí is fearr agus is féidir a chruthú d’iomaíochas.
Féachtar le beartas fiontraíochta AE tacú le gnólachtaí ar roinnt bealaí, lena n–áirítear: