Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár Erasmus+ an Aontais Eorpaigh um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt

Clár Erasmus+ an Aontais Eorpaigh um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/817 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an rialachán an clár Erasmus+ arb é an aidhm leis tacú, trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil, le forbairt oideachasúil, ghairmiúil agus phearsanta daoine i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, san Eoraip agus níos faide i gcéin, agus ar an tslí sin, cur le fás inbhuanaithe, poist ardchaighdeáin agus comhtháthú sóisialta, le nuálaíocht a chur chun cinn agus le cuidiú le féiniúlacht Eorpach agus saoránacht ghníomhach a neartú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí agus gníomhartha

Is é an cuspóir ginearálta leis an gclár tacú, trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil, le forbairt oideachasúil, ghairmiúil agus phearsanta daoine i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, san Eoraip agus níos faide i gcéin. Beidh an clár ina phríomhuirlis chun limistéar Eorpach oideachais a fhorbairt, tacú le comhar straitéiseach Eorpach a chur chun feidhme i réimse an oideachais agus na hoiliúna, lena n–áirítear a bhunchláir oibre earnála, comhar beartais na hóige a chur chun cinn faoi straitéis óige an Aontais Eorpaigh 2019–2027 agus an Ghné Eorpach sa spórt a fhorbairt.

Is iad na cuspóirí sonracha le clár Erasmus+ an méid seo a leanas a chur chun cinn:

  • soghluaisteacht foghlama daoine aonair agus grúpaí, agus comhar, cáilíocht, cuimsiú agus cothromas, sármhaitheas, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna;
  • soghluaisteacht sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil foghlama agus rannpháirtíocht ghníomhach i measc daoine óga, agus comhar, cáilíocht, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse na hóige;
  • soghluaisteacht foghlama ball foirne spóirt, agus comhar, cáilíocht, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal na n–eagraíochtaí spóirt agus na mbeartas spóirt.

Tabharfar faoi na cuspóirí sin trí thrí phríomhghníomhaíocht:

  • 1.

    soghluaisteacht foghlama;

  • 2.

    comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí;

  • 3.

    tacaíocht d’fhorbairt beartas agus do chomhar.

Cáilitheacht

Lasmuigh den Aontas Eorpach (AE) agus Ballstáit AE, tá an clár ar oscailt do rannpháirtíocht chomhaltaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa atá ina mbaill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, mar aon le tíortha eile nach tíortha den Aontas Eorpach iad, lena n–áirítear tíortha is iarrthóirí AE, faoi théarmaí agus coinníollacha áirithe. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí áirithe an chláir a bheith oscailte d’eintitis ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad nach bhfuil baint acu leis an gclár.

Buiséad

  • Beidh an clár ar siúl ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, tréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil.
  • Tá buiséad €24.574 billiún leis i bpraghsanna reatha, agus €1.7 billiún breise i bpraghsanna tairiseacha 2018.
  • Leithdháiltear 83 % den bhuiséad ar oideachas agus ar oiliúint agus 10.3 % ar réimse na hóige, agus leithdháiltear 1.9 % ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le spórt.
  • Cuimsítear sa rialachán na cineálacha maoinithe AE atá ar fáil agus na rialacha maidir leis an maoiniú sin dheonú de réir Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, an rialachán airgeadais (féach an achoimre).

Bearta um chuimsiú

In 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach gníomh cur chun feidhme a dhírítear ar rannpháirtíocht níos cuimsithí agus níos éagsúla i gclár Erasmus+ don tréimhse 2021–2027. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1877 beidh níos mó daoine ábalta rochtain a fháil ar na deiseanna a sholáthraítear leis an gclár trí fhreastal ar bhealach níos fearr ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, rud a fheabhsóidh cothromas agus cuimsiú sa limistéar Eorpach oideachais. Áirítear iad seo a leanas ar na bearta a leagtar amach leis an aidhm sin:

  • méadú ar thacaíocht airgeadais do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, chun aon chostais nó riachtanais bhreise a chlúdach;
  • tacaíocht shaincheaptha do rannpháirtithe (amhail tacaíocht teanga, cuairteanna ullmhúcháin nó meantóireacht threisithe) i ngach céim dá dtionscadal;
  • cúnamh breise d’eagraíochtaí atá páirteach i dtionscadail chuimsitheacha;
  • réimse níos leithne deiseanna tionscadail agus soghluaisteachta d’fhaid agus d’fhormáidí éagsúla chun deis a tabhairt do rannpháirtithe teacht ar pé rud is fearr a oireann dá riachtanais;
  • sásraí chun tús áite a thabhairt do thionscadail cháilíochta a bhfuil rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu páirteach iontu agus ina dtugtar aghaidh ar théamaí an chuimsithe agus na héagsúlachta; agus
  • infhaighteacht doiciméad agus ábhar atá níos éasca le húsáid, níos inrochtana, agus atá ilteangach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (OJ L 189, 28.5.2021, lgh. 1–33)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1877 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an gcreat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú de chuid chlár Erasmus+ agus chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021–2027 (IO L 378, 26.10.2021, lgh. 15–21)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (COM(2020) 625 final, 30.9.2020)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An plean gníomhaíochta don oideachas digiteach 2021–2027 — Oideachas agus oiliúint a athshocrú don ré dhigiteach (COM(2020) 624 final, 30.9.2020)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An clár oibre Eorpach le haghaidh iomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneacht (COM(2020) 274 final, 1.7.2020)

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (OJ L 193, 30.7.2018, lgh. 1–222)

Nuashonraithe 15.03.2022

Top