Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ciste Eorpach Cosanta (2021-2027)

An Ciste Eorpach Cosanta (2021-2027)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/697 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear an Ciste Eorpach Cosanta 2021-2027 leis. Tá sé mar aidhm leis an gciste iomaíochas, éifeachtúlacht agus cumas nuálaíochta bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a chothú ar fud an Aontais Eorpaigh (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ina theachtaireacht 2016 maidir leis an bplean gníomhaíochta Eorpach um chosaint gheall an Coimisiún Eorpach go ndéanfad sé iarrachtaí Bhallstáit AE maidir le cumais theicneolaíocha agus thionsclaíocha cosanta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála agus chun tionscal cosanta Eorpach atá iomaíoch, nuálach agus éifeachtach a chothú ar fud AE agus níos faide i gcéin a chomhlánú, a ghiaráil agus a dhaingniú.
  • Comhlánaítear leis an rialachán tionscnaimh AE atá ann faoi láthair chun bogadh i dtreo mhargadh trealaimh cosanta Eorpach atá níos comhtháite, agus go háirithe Treoir 2009/43/CE (féach achoimre) agus Treoir 2009/81/CE (féach achoimre) maidir le haistrithe AE agus soláthar san earnáil chosanta.

Cuspóirí

Ba cheart don chiste tacú le hiarrachtaí comhpháirteacha agus comhar trasteorann idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha AE amhail cuideachtaí (lena n–áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide), ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta. Tá dhá chuspóir shonracha leis an gclár:

  • tacú le taighde comhoibríoch lena n–uasmhéadófaí nuálaíocht agus thabharfaí isteach táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta nua, lena n–áirítear teicneolaíochtaí bunathraitheacha don chosaint, agus lena mbainfí an úsáid is éifeachtaí as caiteachas ar thaighde cosanta in AE;
  • tacú le forbairt chomhoibríoch táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta, agus dá réir sin cur le héifeachtúlacht níos fearr i leith caiteachas cosanta laistigh de AE agus rud a bheidh ina gcúis le méadú i gcaighdeánú córas cosanta sa deireadh agus idir–inoibritheacht níos fearr dá bharr sin.

Buiséad

  • Beidh an ciste i bhfeidhm ar feadh thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
  • Tá buiséad foriomlán de €7.953 bhilliún leis don tréimhse 2021-2027.

Incháilitheacht agus dámhachtana

Leagtar amach leis an rialachán sraith rialacha maidir le dámhachtain na gcistí, lena n–áirítear:

  • incháilitheacht eintiteas
  • incháilitheacht gníomhaíochtaí
  • an nós imeachta roghnúcháin agus dámhachtana
  • na critéir dámhachtana.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 149–177)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha rannpháirtíochta agus scaipthe, agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh.1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 1-68)

Rialachán (AE) Uimh. 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lgh. 30-89)

Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Athléimneacht, bacadh agus cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don AE (JOIN(2017) 450 críochnaitheach, 13.9.2017)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint (COM(2016) 950 final, 30.11.2016)

Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú ar nósanna imeachta chun conarthaí oibre, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse áirithe arna ndámhachtain ag údaráis nó eintitis chonarthachta i réimsí na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, Igh. 76-136)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/81/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le haistrithe táirgí atá gaolmhar don chosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lgh. 1-36)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 29.06.2021

Top