Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár spáis AE (2021–2027) — Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis

Clár spáis AE (2021–2027) — Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/696 lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis

Cinneadh (CBES) 2021/698 maidir le slándáil na gcóras agus na seirbhísí arna n-imscaradh, arna n-oibriú agus arna n-úsáid faoi chlár spáis an Aontais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Is iad príomhaidhmeanna chlár spáis AE:

  • sonraí, faisnéis agus seirbhísí ardchaighdeáin gan bhriseadh maidir leis an spás atá cothrom le dáta, agus más cuí, atá slán a sholáthar, nó cur lena soláthar, ar féidir leo freastal ar na riachtanais atá ann cheana agus riachtanais a bheidh ann amach anseo agus a thacaíonn le tosaíochtaí polaitiúla AE;
  • tairbhí eacnamaíocha a uasmhéadú chun fás agus cruthú post a éascú, agus an glacadh agus an úsáid is leithne agus is féidir a chur chun cinn i ndáil leis na sonraí, leis an bhfaisnéis agus leis na seirbhísí a sholáthraítear le comhpháirteanna an chláir laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach a chur chun cinn, agus sineirgí agus comhlántacht maidir le clár Fís Eorpach á n–áirithiú (Rialachán (AE) 2021/695 — féach an achoimre);
  • sábháilteacht agus slándáil AE agus Bhallstáit AE a fheabhsú agus uathriail AE a neartú, go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta de;
  • ról an Aontais Eorpaigh in earnáil an spáis dhomhanda a chur chun cinn, comhar idirnáisiúnta a spreagadh, taidhleoireacht spáis AE a neartú agus a ról a neartú maidir le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, tacú le tionscnaimh dhomhanda agus feasacht a mhúscailt faoin spás mar oidhreacht choiteann an chine daonna;
  • feabhas a chur ar shábháilteacht, ar shlándáil agus ar inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí spáis lasmuigh go léir a bhaineann le réada spáis agus iomadú smionagar spáis, mar aon leis an timpeallacht spáis.

Leagtar amach sa rialachán freisin roinnt cuspóirí sonracha, lena n-áirítear:

  • seirbhísí fadtéarmacha, úrscothacha agus slána um shuíomh, loingseoireacht agus uainiú a sholáthar, agus leanúnachas agus stóinseacht na seirbhíse á n–áirithiú, trí Galileo agus trí bhreis–seirbhís na hEorpa um loingseoireacht gheochobhsaí;
  • sonraí, faisnéis agus seirbhísí cruinne iontaofa maidir le breathnóireacht na Cruinne a sholáthar lena gcomhtháthaítear foinsí sonraí eile ar bhonn fadtéarmach inbhuanaithe trí Copernicus, chun tacú le beartais agus gníomhaíocht AE agus a Bhallstát a fhoirmliú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu bunaithe ar cheanglais úsáideoirí;
  • feabhas a chur ar chumais chun faireachán a dhéanamh ar spásréada agus ar smionagar spáis agus iad a rianú agus a shainaithint trí fhaireachas agus feasacht spáis, lena n–áirítear trí fho–chomhpháirt:
    • faireachas agus rianú spásréad,
    • feiniméin aimsire spáis, agus
    • réada neasdomhanda;
  • a áirithiú go mbeidh fáil fhadtéarmach ar sheirbhísí cumarsáide satailíte atá iontaofa, slán agus costéifeachtach d’úsáideoirí chlár cumarsáide satailíte rialtais AE;
  • tacú le cumas uathrialach, slán agus costéifeachtach chun rochtain a fháil ar an spás, agus leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais Eorpaigh á gcur san áireamh;
  • forbairt gheilleagar spáis láidir an Aontais a chothú trí, i measc nithe eile, iomaíochas, nuálaíocht, fiontraíocht, scileanna agus fothú acmhainní a threisiú sna Ballstáit uile agus i réigiúin an Aontais, go háirithe maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta.

Rialachas

Bunaítear leis an rialachán EUSPA, a chuirtear in ionad Ghníomhaireacht Eorpach na gCóras Domhanda um Loingseoireacht Satailíte agus lena méadaítear an Ghníomhaireacht sin. Cuíchóirítear an rialachas leis freisin trí chúraimí soiléire a shannadh do na hinstitiúidí agus do na gníomhaireachtaí éagsúla lena mbaineann:

  • an Coimisiún Eorpach (an institiúid atá i bhfeighil an chláir go príomha);
  • EUSPA (bainisteoir oibríochtúil Galileo agus seirbhís forleagan na hEorpa um loingseoireacht gheochobhsaí, agus atá freagrach as slándáil agus forbairt feidhmchlár iartheachtach do gach comhpháirt den chlár spáis); agus
  • an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (freagrach as taighde agus as forbairt).

Maoiniú

  • Mairfidh an clár ar feadh thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021–2027.
  • Tá buiséad iomlán de €14.8 billiún leis.
  • Leagtar síos leis an rialachán na cineálacha maoinithe AE, na rialacha maidir le maoiniú den sórt sin a dheonú agus na rialacha chun an clár a chur chun feidhme.

Rannpháirtíocht sa Chomhpháirtíocht um Fhaireachas agus Rianú Spáis (SST)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1245 leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le rannpháirtíocht na mBallstát i gComhpháirtíocht SST. Ba cheart don Chomhpháirtíocht SST dá dtagraítear in Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2021/696 na gníomhaíochtaí a dhéanann an Cuibhreannas SST maidir le soláthar seirbhísí SST ar leibhéal AE a ghlacadh ar láimh, agus aistriú rianúil agus leanúnachas seirbhísí á áirithiú.

Is ionann córas SST agus líonra braiteoirí talún agus spáis atá ábalta spásréada a iniúchadh agus a rianú, mar aon le cumais phróiseála chun sonraí, faisnéis agus seirbhísí maidir le spásréada atá ar fithis timpeall an domhain a sholáthar.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN AGUS AN CHINNIDH?

Tá feidhm ag an rialachán agus ag an gcinneadh ón 01 Eanáir 2021.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 69–148).

Cinneadh (CBES) 2021/698 an 30 Aibreán 2021 ón gComhairle maidir le slándáil córas agus seirbhísí arna n-imscaradh, arna n-oibriú agus arna n-úsáid faoi Chlár Spáis an Aontais agus faoi Chlár Nascachta Slán an Aontais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/496/CBES (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 178–182).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh (CBES) 2021/698. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (IO L 79, 17.3.2023, lgh. 1–39)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1245 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na mBallstát i bhfo-chomhpháirt SST, bunú na Comhpháirtíochta SST agus an fhorbairt ar na heochairtháscairí feidhmíochta tosaigh (IO L 190, 19.7.2022, lgh. 166–190).

Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha rannpháirtíochta agus scaipthe, agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 1–68).

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lgh. 11–22).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 22.03.2023

Top