Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú Eatramhach Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Páirtí na hAfraice Láir

Comhaontú Eatramhach Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Páirtí na hAfraice Láir

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú Eatramhach ar mhaithe le Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile

Cinneadh 2009/152/CE — maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe eatramhaigh ar mhaithe le Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Cruthaítear leis an gcomhaontú bunús tosaigh le haghaidh Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE) iomlán idir an tAontas Eorpach agus Comhphobal Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta na hAfraice Láir (CEMAC).
  • Cuimsítear leis tiomantais nithiúla, infheidhmithe ar shaincheisteanna áirithe (amhail trádáil in earraí, cosaint trádála, bacainní teicniúla ar thrádáil, bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta agus éascú trádála) agus bunús le haghaidh caibidlíochta ar ghnéithe breise.
  • Is é atá sa chinneadh ná síniú an chomhaontaithe thar ceann an Aontais agus a chur i bhfeidhm sealadach. Chuir an tAontas Eorpach agus Camarún caibidlíocht i gcrích maidir le CCE eatramhach in 2007. D’fhormheas Parlaimint na hEorpa an comhaontú i mí an Mheithimh 2013 agus dhaingnigh Camarún é i mí Iúil 2014. Tháinig an cur i bhfeidhm sealadach i bhfeidhm ón 4 Lúnasa 2014.

PRÍOMHPHOINTÍ

Páirtí na hAfraice Láir

  • Seoladh caibidlíochtaí maidir le CCE cuimsitheach le réigiún iomlán na hAfraice Láir (Camarún, Poblacht na hAfraice Láir, Sead, an Congó, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an Ghuine Mheánchiorclach, an Ghabúin, São Tomé agus Príncipe) in 2003. Is céim i dtreo an chomhaontaithe réigiúnaigh iomlán sin é CCE a cuireadh i bhfeidhm idir an tAontas Eorpach agus Camarún. Go deimhin, tugann sé an deis an chomhpháirtíocht a éagsúlú agus a neartú de réir riachtanais agus chuspóirí a thairbhithe. Tá a ghairm réigiúnach, tá sé oscailte d’aon tír nó grúpa tíortha sa réigiún ar spéis leo aontú leis.
  • Leis an gcomhaontú eatramhach féadfaidh Camarún, mura bhfuil CCE réigiúnach ann, leanúint le leas a bhaint as roghanna tráchtála a mbeadh sé i mbaol iad a chailleadh, de réir rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT).

Cuspóirí

Mar aon le roinnt aidhmeanna ginearálta, leagtar amach sa chomhaontú roinnt cuspóirí sonracha.

  • Bunús a bhunú chun caibidlíocht a dhéanamh ar CCE lena ndéanfar an méid seo a leanas:
    • cabhrú le bochtaineacht a laghdú;
    • comhtháthú réigiúnach, comhar eacnamaíoch agus dea–rialachas a chur chun cinn san Afraic Láir;
    • cumais táirgeachta, onnmhairithe agus soláthair na hAfraice Láir a mhéadú; feabhas a chur ar chumas na hAfraice Láir infheistíocht eachtrach a mhealladh; agus
    • a chumais a mhéadú i gcomhthéacs beartas trádála agus saincheisteanna eile a bhaineann le trádáil.
  • Comhtháthú rianúil agus de réir a chéile na hAfraice Láir a chothú i ngeilleagar na mór–roinne chomh maith leis an ngeilleagar domhanda, de réir a roghanna polaitiúla agus a tosaíochtaí forbartha.
  • A onnmhairí chuig an Aontas Eorpach a éagsúlú agus an caidreamh atá ann cheana idir na páirtithe a neartú ar bhonn dlúthpháirtíochta agus leas frithpháirteach.
  • Teacht ar chomhaontú a bheidh ar comhréir le rialacha EDT.
  • Bunús a bhunú chun bonn dlí éifeachtach, intuartha agus trédhearcach a chaibidliú agus a chur chun feidhme le haghaidh trádála, infheistíochta, iomaíochta, maoin intleachtúil, soláthar poiblí agus forbairt inbhuanaithe i réigiún na hAfraice Láir.
  • Treochlár a bhunú chun caibidlíocht a chur i gcrích i réimsí áirithe a luaitear thuas nár tugadh chun críche nuair a cuireadh an comhaontú seo i gcrích.

Raon feidhme

Cumhdaítear sa chomhaontú roinnt gnéithe polatiúla agus eacnamaíocha, lena n–áirítear na nithe seo a leanas.

  • Comhar forbartha chun cabhrú leis an Afraic Láir cuspóirí CCE a bhaint amach, go sonrach trí fhothú acmhainneachta agus nuachóiriú i réimsí amhail:
    • bonneagar réigiúnach bunúsach a fhorbairt;
    • talmhaíocht agus slándáil bia;
    • tionscal, éagsúlú agus iomaíochas na ngeilleagar;
    • lánpháirtiú réigiúnach a neartú;
    • an timpeallacht ghnó a fheabhsú; agus
    • tacú le cur chun feidhme rialacha a bhaineann le trádáil.
  • Córas trádála maidir le hearraí, lena n–áirítear rialacha maidir le dleacht chustaim, éascú trádála agus bearta cosanta trádála amhail bearta frithdhumpála, bacainní teicniúla ar thrádáil, bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta agus rialachas foraoiseachta.
  • Bunaíocht, trádáil i seirbhísí agus ríomhthráchtáil.
  • tiomantas chun leanúint den chaibidlíocht ar rialacha a bhaineann le trádáil, lena n–áirítear maoin intleachtúil, soláthar poiblí agus forbairt inbhuanaithe.
  • Seachaint agus réiteach díospóidí.
  • Rialacha institiúideacha, lena n–áirítear coiste CCE a bhunú chun gach gné den chomhaontú a riar.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tá an comhaontú i bhfeidhm go sealadach ón 4 Lúnasa 2014.

CÚLRA

Rialaítear caidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch an Aontais leis na tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) ag Comhaontú Cotonou (féach an achoimre). Tá Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE nua i mbun caibidlíochta faoi láthair. Bhí an comhaontú atá ann le dul in éag in 2020 ach tá cur i bhfeidhm a fhorálacha sínte go dtí an 30 Samhain 2021.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú Eatramhach ar mhaithe le Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile — Prótacal (IO L 57, 28.2.2009, lgh. 2-360)

Rinneadh leasuithe comhleanúnach ar an gcomhaontú a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 2009/152/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2008 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontuithe eatramhaigh ar mhaithe le Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile (IO L 57, 28.2.2009, lch. 1)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — I dtreo Straitéis chuimsitheach leis an Afraic (JOIN(2020) 4 final, 9.3.2020)

Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eactramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir den pháirt eile (IO L 254, 28.8.2014, lch. 1)

Comhaontú comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 — Prótacail — Ionstraim Chríochnaitheach — Dearbhuithe (IO L 317, 15.12.2000, lgh. 3-353)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 21.01.2021

Top