This document is an excerpt from the EUR-Lex website
2020 European semester: country-specific recommendations
Seimeastar Eorpach 2020: moltaí tírshonracha
Seimeastar Eorpach 2020: moltaí tírshonracha
This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.
Teachtaireacht ón gCoimisiún — seimeastar Eorpach 2020: moltaí tírshonracha
An seimeastar Eorpach: moltaí comhtháite tírshonracha
Agus réaltacht shocheacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 á léiriú, tá moltaí Sheimeastar Eorpach 2020 an Choimisiúin Eorpaigh deartha timpeall ar dhá réimse chun na Ballstáit a spreagadh chun athléimneacht a ngeilleagar a neartú, go háirithe maidir leis an méid a leanas:
Inbhuanaitheacht iomaíoch
Dírítear leis an straitéis bhliantúil fáis inbhuanaithe, a ghlac an Coimisiún i mí na Nollag 2019, ar inbhuanaitheacht iomaíoch a chur chun cinn chun geilleagar a fhorbairt a oibríonn do dhaoine agus don phláinéad. Forbraítear na moltaí tírshonracha a eisítear chuig Ballstáit an Aontais Eorpaigh ar an sprioc sin agus dírítear iad ar na ceithre cholún maidir le hinbhuanaitheacht iomaíoch:
Nochtadh le paindéim COVID-19 cé chomh idirnasctha atá na gnéithe sin agus an chaoi ar gá nach mór é sin a shainaithint in aon straitéis athshlánaithe.
Léirítear leis na moltaí tiomantas an Choimisiúin freisin chun spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chomhtháthú isteach sa seimeastar Eorpach dá gcreat comhtháite ina gcumhdaítear ábhair imní maidir le sláinte phoiblí, ábhair imní shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha.
Cobhsaíocht
Cuirtear san áireamh i moltaí 2021 an gá atá le haghaidh a thabhairt ar an bpaindéim agus téarnamh eacnamaíoch a éascú mar chéim thábhachtach chun cosc a chur ar theacht chun cinn míchothromaíochtaí nua sa todhchaí. Ní mór cead a thabhairt do na Ballstáit imeacht go sealadach ó ghealltanais bhuiséadacha chun poist a chaomhnú, cabhrú le cuideachtaí agus tacú le téarnamh láidir. Éascóidh córas fioscach tacúil téarnamh tomhaltais, infheistíochta agus fáis.
I measc na moltaí tá:
Cothroime
Tá sé tábhachtach poist a chaomhnú agus sochair dhífhostaíochta leordhóthanacha agus athsholáthar ioncaim a sholáthar do gach oibrí. Is príomhthosaíochtaí iad sláinte agus sábháilteacht cheirde a chinntiú agus an ceart chun scileanna a fhorbairt, go háirithe scileanna digiteacha. Dírítear freisin ar aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus ar an mbochtaineacht, agus grúpaí leochaileacha a chosaint.
I measc na moltaí tá:
Inbhuanaitheacht chomhshaoil
Cruthaítear le hinfheistíocht téarnaimh an deis chun geilleagar an Aontais Eorpaigh a athmhúnlú agus é a dhéanamh níos inbhuanaithe. Ba cheart d’údaráis náisiúnta tionscadail a shainaithint ar féidir leo neodracht aeráide a threisiú, go háirithe sna earnálacha tionsclaíocha agus iompair. Ba cheart go dtreorófaí infheistíocht leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide.
I measc na moltaí tá:
Táirgiúlacht agus iomaíochas
Tá fás táirgiúlachta agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh ríthábhachtach i dtéarnamh láidir. Ba cheart go gcuirfí nuálaíocht, infheistíocht i ndigitiú, san oideachas, i scileanna agus san oiliúint, timpeallacht infheistíochta thacúil agus margaí saothair a fheidhmíonn go maith chun cinn i mbeartais.
Clúdaítear sna moltaí:
Cúram sláinte:
Áiríodh leis an bhfreagairt láithreach ar phaindéim COVID-19 bearta chun soláthar táirgí criticiúla míochaine a mhéadú, acmhainn saotharlainne agus aonaid dianchúraim a leathnú agus oibrithe sláinte breise a earcú. I measc na mbeart a rinne an Coimisiún chun tacú go díreach le córais sláinte náisiúnta tá an méid seo a leanas:
Moltaí ón gComhairle
Ar an 20 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle moltaí tírshonracha agus d’iarr sí ar na Ballstáit iad a chur chun feidhme go hiomlán agus go tráthúil.
Féach chomh maith:
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta — Seimeastar Eorpach 2020: moltaí tírshonracha (COM(2020) 500 críochnaitheach, 20.5.2020)
Seimeastar na hEorpa: moltaí comhtháite tírshonracha, Comhairle an Aontais Eorpaigh, 24.6.2020
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Beilge agus tuairim ón gComhairle a thabhairt ar chlár cobhsaíochta 2020 na Beilge (COM(2020) 501 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Bulgáire agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cóineasaithe 2020 na Bulgáire (COM(2020) 502 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Seice agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cóineasaithe 2020 na Seice (COM(2020) 503 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Danmhairge agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cóineasaithe 2020 na Danmhairge (COM(2020) 504 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Gearmáine agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cobhsaíochta 2020 na Gearmáine (COM(2020) 505 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na hEastóine agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cobhsaíochta 2020 na hEastóine (COM(2020) 506 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta na hÉireann 2020 agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cobhsaíochta 2020 na hÉireann (COM(2020) 507 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Gréige agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cobhsaíochta 2020 na Gréige (COM(2020) 508 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Spáinne agus tuairim ón gComhairle a thabhairt ar chlár cobhsaíochta 2020 na Spáinne (COM(2020) 509 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaihd moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Fraince agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cobhsaíochta 2020 na Fraince (COM(2020) 510 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Cróite agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cóineasaithe 2020 na Cróite (COM(2020) 511 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na hIodáile agus tuairim ón gComhairle a thabhairt ar chlár cobhsaíochta 2020 na hIodáile (COM(2020) 512 final, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta na Cipire 2020 agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cobhsaíochta 2020 na Cipire (COM(2020) 513 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Laitvia agus tuairim ón gComhairle a thabhairt ar chlár cobhsaíochta 2020 na Laitvia (COM(2020) 514 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Liotuáine agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cobhsaíochta 2020 na Liotuáine (COM(2020) 515 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 i Lucsamburg agus tuairim ón gComhairle a thabhairt ar chlár cobhsaíochta 2020 i Lucsamburg (COM(2020) 516 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na hUngáire agus tuairim ón gComhairle a thabhairt ar chlár cóineasaithe 2020 na hUngáire (COM(2020) 517 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 i Málta agus tuairim ón gComhairle a thabhairt ar chlár cobhsaíochta 2020 Mhálta (COM(2020) 518 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na hÍsiltíre agus tuairim ón gComhairle a thabhairt ar chlár cobhsaíochta 2020 na hÍsiltíre (COM(2020) 519 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na hOstaire agus tuairim na Comhairle a thabhairt ar chlár cobhsaíochta 2020 na hOstaire (COM(2020) 520 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Polainne agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cóineasaithe 2020 na Polainne (COM(2020) 521 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Portaingéile agus tuairim ón gComhairle a thabhairt ar chlár cobhsaíochta 2020 na Portaingéile (COM(2020) 522 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Rómáine agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cóineasaithe 2020 na Rómáine (COM(2020) 523 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Slóivéine agus tuairim na Comhairle a thabhairt ar chlár cobhsaíochta 2020 na Slóivéine (COM(2020) 524 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Slóvaice agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cobhsaíochta 2020 na Slóvaice (COM(2020) 525 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Fionlainne agus tuairim ón gComhairle a sholáthar ar chlár cobhsaíochta 2020 na Fionlainne (COM(2020) 526 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Sualainne agus tuairim ón gComhairle a thabhairt ar chlár cobhsaíochta 2020 na Sualainne (COM(2020) 527 críochnaitheach, 20.5.2020)
Moladh le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le clár athchóirithe náisiúnta 2020 na Ríochta Aontaithe agus tuairim ón gComhairle a thabhairt ar chlár cóineasaithe 2020 na Ríochta Aontaithe (COM(2020) 528 críochnaitheach, 20.5.2020)
Nuashonraithe 30.07.2020