Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha Nós imeachta Pharlaimint na hEorpa

Rialacha Nós imeachta Pharlaimint na hEorpa

 

ACHOIMRE AR:

Rialacha Nós Imeachta — an 9ú téarma parlaiminteach

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHA?

  • Bunaítear leo eagrú agus oibriú inmheánach na haon institiúide dírthofa uile-Eorpaí amháin de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). Faoi Airteagal 232 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá an chumhacht ag Parlaimint na hEorpa a Rialacha Nós Imeachta féin a ghlacadh.
  • Cumhdaítear sa doiciméad gach gné nós imeachta d’oibreacha na Parlaiminte.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaítear sna rialacha na gnéithe seo a leanas den saol parlaiminteach:

Ní mór d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna):

Oifigigh pharlaiminteacha

Toghann na FPEnna an tUachtarán, 14 Leas-Uachtarán agus 5 Chaestóir trí bhallóid rúnda ar feadh téarma 2.5 bliain.

  • Maidir leis an Uachtarán:
    • tá an treoir iomlán aige nó aici ar an bParlaimint agus a hoibríochtaí éagsúla;
    • déanann sé nó sí ionadaíocht ar son na Parlaiminte;
    • cinntíonn sé nó sí go gcloítear leis na rialacha agus go gcoinnítear ord;
    • osclaíonn agus dúnann sé nó sí suíonna nó cuireann sé nó sí suíonna ar fionraí, déanann sé nó sí cathaoirleacht ar dhíospóireachtaí agus maoirseacht ar vótáil;
    • rialaíonn sé nó sí inghlacthacht leasuithe, téacsanna eile a chuirtear chun vóta agus ceisteanna parlaiminteacha; agus
    • cuireann sé nó sí ábhar chuig na coistí parlaiminteacha a bhaineann leo.
  • Tá freagrachtaí faoi leith ag Leas–Uachtaráin agus tagann siad in ionad an Uachtaráin más gá.
  • Caestóirí freagrach as cúrsaí riaracháin agus airgeadais a bhaineann go díreach le FPEnna.
  • Tá an Biúró comhdhéanta den Uachtarán agus 14 Leas–Uachtarán. Déanann sé cinntí maidir le cúrsaí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin a bhaineann leis an bParlaimint.
  • Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta den Uachtarán agus Cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla (féach thíos). Eagraíonn sí obair pholaitiúil na Parlaiminte agus cinneann sí pleanáil reachtach.
  • Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí comhdhéanta de chathaoirligh na mbuanchoistí parlaiminteacha agus na gcoistí speisialta parlaiminteacha uile. Féadfaidh sí moltaí a dhéanamh ar chláir oibre maidir le hobair agus seisiúin iomlánacha coistí.
  • Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí comhdhéanta de chathaoirligh na dtoscaireachtaí Parlaiminteacha go léir chuig parlaimintí in áiteanna eile ar fud an domhain. Féadfaidh sí moltaí a dhéanamh ar obair na dtoscaireachtaí.
  • Bunaíonn FPEnna grúpaí polaitiúla ar bhonn a gcleamhnachtaí polaitiúla. Teastaíonn 23 FPE ar a laghad, a thoghtar i gceathrú de chuid Bhallstáit AE ar a laghad, chun grúpa a bhunú. Faigheann siad tacaíocht airgeadais agus riaracháin ag brath ar a méid.
    • Tá roinnt FPEnna ann nach bhfuil baint acu le grúpa polaitiúil ar bith. Faigheann siad tacaíocht dá ngníomhaíochtaí parlaiminteacha.
    • Féadfaidh FPEnna aonair ó ghrúpaí polaitiúla éagsúla idirghrúpa traspháirtí a bhunú maidir le saincheisteanna amhail leas ainmhithe nó an tsláinte phoiblí.

Nósanna imeachta reachtacha

Le linn na nósanna imeachta reachtacha sin, tugann an Pharlaimint aird faoi leith ar cheisteanna amhail an urraim do chearta bunúsacha, don bhonn dlíthiúil, do tharmligean na gcumhachtaí reachtacha, don chomhoiriúnacht airgeadais agus an urraim do choimhdeacht.

Nósanna imeachta féintionscnaimh

I gcás tuarascálacha féintionscnaimh reachtacha, iarrann an Pharlaimint ar an gCoimisiún Eorpach tograí a chur isteach (Riail 47) nó cuireann sí tograí isteach i gcásanna a ndéantar foráil sna Conarthaí ina leith (Riail 46).

Tuarascálacha neamhreachtacha

Féadfaidh an Pharlaimint tuarascálacha féintionscnaimh neamhreachtacha maidir le cúrsaí ábhair faoi leith a ullmhú freisin:

  • Cúrsaí bunreachtúla, ina gcumhdaítear sna rialacha ról na Parlaiminte i gcás go leasaítear conarthaí AE, go nglacann tír úr ballraíocht in AE nó go gcinneann tír an tAontas Eorpach a fhágáil.
  • Nósanna imeachta buiséadacha, ina gcumhdaítear sna rialacha breithniú bhuiséad bliantúil AE agus a chreat airgeadais ilbhliantúil.
  • Comhaontuithe idirnáisiúnta, i gcás go dteastaíonn faomhadh nó tuairim na Parlaiminte le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta. Féadfar dul i gcomhairle leo maidir le gnéithe chomhbeartas eachtrach agus slándála AE.

Caidreamh le hinstitiúidí agus comhlachtaí AE eile

Maidir leis an bParlaimint:

Ceisteanna parlaiminteacha

Féadfaidh FPEnna ceisteanna i scríbhinn a chur orthu seo a leanas:

Féadfaidh siad ceisteanna béil, a chur ar an gComhairle nó ar an gCoimisiúin a mbeidh díospóireacht ina ndiaidh chomh maith.

Caidreamh le parlaimintí náisiúnta

  • Coinníonn an Pharlaimint parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoina gníomhaíochtaí ar bhonn rialta. Tagann FPEnna agus Feisirí náisiúnta le chéile ó am go chéile ag an gComhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais.

Seisiúin na Parlaiminte

  • Tionólann an Pharlaimint páirt-seisiúin iomlánacha 4 lá 12 uair in aghaidh na bliana in Strasbourg agus páirt-seisiúin bhreise sa Bhruiséil.
  • Cumhdaítear ceisteanna i rialacha mionsonraithe amhail:
    • am labhartha;
    • úsáid as teangacha;
    • leithdháileadh doiciméad;
    • vótáil.

Coistí

  • Ullmhaíonn buanchoistí cinntí na Parlaiminte ar an leibhéal iomlánach trí thuarascálacha agus trí dhoiciméid eile ina réimse sainiúil inniúlachta a chur isteach.
  • Is féidir coistí speisialta a bhunú ar feadh téarma faoi leith agus le aghaidh réimse ábhair faoi leith.
  • Is féidir coistí fiosrúcháin a bhunú chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar dhlí AE nó ar dhrochriarachán féideartha.

Toscaireachtaí idirpharlaiminteacha

Bunaíonn an Pharlaimint comhchoistí le parlaimintí náisiúnta ar fud an domhain agus comhoibríonn sí le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa.

Achainíocha

Féadfaidh saoránach ar bith de chuid AE achainí a chur chuig an bParlaimint maidir le hábhar a thagann laistigh de réimsí gníomhaíochta de chuid AE agus a bhaineann go díreach leis an achainí.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig siad i bhfeidhm an 2 Iúil 2019.

CÚLRA

Chun an leagan is déanaí de na rialacha nós imeachta a fháil, féach:

Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialacha Nós Imeachta — an 9ú téarma parlaiminteach — Iúil 2019 (IO L 302, 22.11.2019, lgh. 1-128)

Rialacha Nós imeachta Pharlaimint na hEorpa an 9ú téarma parlaiminteach — Meitheamh 2020

Nuashonraithe 03.07.2020

Top