Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí

Samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar síos leis na bunphrionsabail agus na rialacha riachtanacha nach mór do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí* (comhlachtaí CPP) atá clúdaithe in Airteagal 71 den rialachán airgeadais (féach an achoimre) cloí leo agus a socruithe airgeadais sonracha féin á nglacadh acu.
  • Is é is aidhm leis an rialachán tarmligthe bainistíocht fhónta airgeadais chistí an Aontais Eorpaigh (AE) a thugtar do na comhlachtaí sin a áirithiú.
  • Glacann gach comhlacht CPP a rialacha airgeadais féin i gcomhréir leis an rialachán tarmligthe. Ní fhéadfaidh comhlachtaí CPP imeacht óna rialacha, mar gheall ar riachtanais shonracha, ach le toiliú roimh ré ón gCoimisiún Eorpach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Caithfear gach ioncam agus caiteachas a thuar agus a údarú le buiséad bliantúil an chomhlachta CPP. Clúdaítear ann an méid seo a leanas:

  • ranníocaíochtaí airgeadais comhaltaí leis na costais riaracháin agus oibríochta;
  • ioncam a chuirtear ar leataobh i gcomhair caiteachas sonrach;
  • ioncam a ghineann an comhlacht CPP;
  • caiteachas, lena n–áirítear ar chúrsaí riaracháin.

Ní mór don chomhlacht CPP cloí leis na prionsabail bhuiséadacha seo a leanas:

  • Aontacht agus cruinneas buiséid
    • Caithfear an t–ioncam agus an caiteachas uile a eagrú de réir líne bhuiséid.
    • Ní féidir le haon chaiteachas a bheith níos mó ná an méid a údaraítear sa bhuiséad.
  • Bliantúlacht
    • Maireann bliain airgeadais an bhuiséid ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig.
    • Clúdaítear sna leithreasuithe faoi chomhair gealltanas* na costais iomlána ar iontráladh iontu go dlíthiúil le linn na bliana airgeadais.
    • Clúdaítear i leithreasuithe íocaíochta* caiteachas chun na gealltanais dhlíthiúla a rinneadh sna blianta airgeadais reatha nó roimhe seo a urramú.
  • Comhardú
    • Ní mór an t–ioncam agus na leithreasuithe íocaíochta a bheith ar comhardú.
    • Ní ardóidh CPP iasachtaí laistigh dá bhuiséad.
  • Aonad cuntais
    • Déantar an buiséad a dhréachtú agus a chur chun feidhme in euro.
    • Féadfaidh an t–oifigeach cuntasaíochta, chun críoch sreabhadh airgid, oibriú in airgeadraí eile.
  • Uilíocht
    • Ní mór go gclúdófar íocaíochtaí iomlána san ioncam iomlán.
    • Ní mór ioncam a cuireadh ar leataobh chun críche áirithe, amhail ioncam ó fhondúireachtaí, ó fhóirdheontais, ó bhronntanais agus ó thiomnachtaí, a úsáid chun na críche sonraí sin.
  • Sonraíocht
    • Cuirtear leithreasuithe ar leataobh chun críocha sonracha de réir teidil agus caibidle.
    • Féadfaidh an stiúrthóir leithreasuithe a aistriú ó líne agus caibidil bhuiséid amháin go dtí ceann eile, faoi réir coinníollacha áirithe.
  • Bainistíocht agus feidhmíocht fhónta airgeadais
    • Ní mór d’íocaíochtaí cloí le prionsabail an gheilleagair, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta.
    • Dírítear íocaíochtaí ar fheidhmíocht, bunaithe ar chuspóirí agus ar tháscairí chun an dul chun cinn a dhéantar a thomhas.
  • Rialú inmheánach chur chun feidhme an bhuiséid
    • Tá sé i bhfeidhm ar gach leibhéal bainistíochta.
    • Tá sé mar aidhm leis dearbhú réasúnach na nithe seo a leanas a bhaint amach:
      • éifeachtúlacht, éifeachtacht agus barainneacht oibríochtaí;
      • iontaofacht tuairiscithe;
      • cosaint sócmhainní agus faisnéise;
      • cosc, brath, ceartú agus fiosrú calaoise agus neamhrialtachtaí;
      • bainistíocht leordhóthanach ar rioscaí bun–idirbheart.
  • Trédhearcacht
    • Ní mór don chomhlacht CPP a bhuiséad, faighteoirí íocaíochtaí agus faisnéis ábhartha eile a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar bhealach inrochtana, trédhearcach agus cuimsitheach.
    • Maidir le coinbhleachtaí leasa, foilsíonn an comhlacht CPP dearbhú leasa chomhaltaí an bhoird rialaithe ar a shuíomh gréasáin gach bliain.

Le pleanáil airgeadais:

  • éilítear ar an gcomhlacht CPP meastachán mionsonraithe a sheoladh chuig an gCoimisiún agus chuig comhaltaí eile ar ioncam agus ar chaiteachas na bliana dar gcionn agus dréachtchlár oibre bliantúil tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir;
  • éilítear ar bhord rialaithe an chomhlachta CPP buiséad agus plean bunaithe foirne an chomhlachta CPP a ghlacadh.

Déantar na ráitis seo a leanas sa rialachán:

  • dualgais an oifigigh údaraithe agus an oifigigh cuntasaíochta leithscartha agus comheisiatach ar a chéile.
  • Comhlíonann an stiúrthóir dualgais an oifigigh údaraithe. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:
    • cloí le rialacha airgeadais an chomhlachta CPP agus prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais;
    • seiceálacha a chur i bhfeidhm sula ndéanfar íocaíochtaí agus ina dhiaidh sin b’fhéidir;
    • tuairisciú go bliantúil don bhord rialaithe trí thuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a chur isteach;
    • gníomhú, nuair is gá, chun leasanna airgeadais AE a chosaint.
  • Ceapann an bord rialaithe oifigeach cuntasaíochta a bheidh freagrach as an méid seo a leanas:
    • íocaíochtaí a chur chun feidhme i gceart, ioncam a bhailiú agus méideanna atá dlite a aisghabháil;
    • na cuntais a choimeád, a ullmhú agus a chur i láthair;
    • na rialacha cuntasaíochta agus an chairt cuntas a chur chun feidhme;
    • na córais chuntasaíochta a leagan síos agus a bhailíochtú;
    • an státchiste a bhainistiú.
  • Ní mór d’oifigigh údaraithe agus chuntasaíochta, baill den bhord rialaithe agus daoine eile a bhfuil baint acu le buiséad a chur chun feidhme agus a bhainistiú coinbhleachtaí leasa ar bith a sheachaint.

Ní mór feidhm iniúchóireachta inmheánaí a bheith ag comhlachtaí CPP. Déanann iniúchóir inmheánach an Choimisiúin an ról seo trí:

  • comhairle a thabhairt maidir le rioscaí, cáilíocht na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus feabhsuithe féideartha;
  • leas a bhaint as neamhspleáchas iomlán ina gcuid oibre.

Le hoibríochtaí ioncaim agus caiteachais teastaíonn:

  • ioncam: meastacháin a dhréachtú ar mhéideanna infhaighte, teidlíochtaí a bhunú atá le haisghabháil agus méideanna míchuí a aisghabháil;
  • caiteachas: gach earra atá á dhéanamh, á bhailíochtú, á údarú agus á íoc.

Ní foláir go gcuideoidh ranníocaíochtaí airgeadais an chomhlachta CPP le cuspóir beartais AE a bhaint amach le torthaí ar leith. D’fhéadfadh aon rud idir aisíocaíocht costas incháilithe agus maoiniú ar ráta comhréidh a bheith i gceist leo.

Ní mór don chomhlacht CPP an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chásanna maidir le calaois cheaptha nó neamhrialtachtaí airgeadais eile gan mhoill.

Ceanglaítear le rialacha cuntasaíochta ar an gcomhlacht CPP:

  • córas cuntasaíochta a chur ar bun lena soláthraítear faisnéis chruinn, iomlán agus iontaofa go tráthúil;
  • nósanna imeachta caighdeánacha a leanúint agus doiciméid tacaíochta, ráitis airgeadais, tuarascálacha maidir le cur chun feidhme buiséid, cuntais shealadacha agus deiridh agus tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais á soláthar.

Deimhníonn iniúchóir seachtrach neamhspleách cuntais bhliantúla an chomhlachta CPP agus tá Parlaimint na hEorpa freagrach as conas a cuireadh an buiséad chun feidhme a fhaomhadh (an “nós imeachta um urscaoileadh”).

Tá rochtain ag foireann an Choimisiúin agus ag an gCúirt Iniúchóirí ar shuíomhanna agus áitribh an chomhlachta CPP chun iniúchtaí a dhéanamh, agus féadfaidh an Oifig Eorpach Frith–Chalaoise (OLAF) imscrúduithe, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 30 Bealtaine 2019, seachas na rialacha maidir leis an tuarascáil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí (Airteagal 23) agus maidir leis an gclár oibre bliantúil (Airteagal 33(4)) a bhfuil feidhm acu ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhlacht comhpháirtíochta príobháidí poiblí. Comhlachtaí ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach a cuireadh ar bun le bunghníomh agus a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus cláir eile de chuid AE, dá dtagraítear in Airteagal 71 den rialachán airgeadais. Baineann na comhlachtaí sin leas as na hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon chun earraí agus seirbhísí a sholáthraíonn an earnáil phoiblí de ghnáth a sholáthar. Cuireann siad freagrachtaí agus rioscaí éagsúla ar an gcomhpháirtí príobháideach, agus srianta buiséadacha déine ar chaiteachas poiblí á maolú acu.

Féadfar iad a leagan amach ar bhealaí éagsúla chun réimse leathan cuspóirí a bhaint amach in earnálacha amhail iompar nó sláinte.

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas. Gealltanais go ndéanfar íocaíocht, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.
Leithreasuithe íocaíochta. Caiteachas ó ghealltanais sna blianta airgeadais reatha nó roimhe sin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais do na comhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 142, 29.5.2019, lgh. 16–42).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra ón gCoimisiún — Treoir maidir le coinbhleachtaí leasa faoin Rialachán Airgeadais a sheachaint agus a bhainistiú (IO C 121, 9.4.2021, lgh. 1–43).

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1–222).

Nuashonraithe 05.11.2021

Top